|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/494 |
23.1.2024 |
P9_TA(2023)0244
Imscrúdú maidir le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis an imscrúdaithe ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i bhfeidhmiú dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (2023/2500(RSP))
(C/2024/494)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2, 4, 6 agus 21 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 16, 223, 225 agus 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus go háirithe Airteagail 7, 8, 11, 17, 21, 41, 42 agus 47 di, |
|
— |
ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (1) (‘an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas’), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (2), |
|
— |
ag féachaint do Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (3), |
|
— |
ag féachaint do Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB (4) ón gComhairle (‘Treoir maidir le Cibearshlándáil’). |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (5) (‘an Rialachán maidir le Dé-Úsáid’), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir lebearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit (6) i mbaol, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2021/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 (7), |
|
— |
ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (8), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 06 Márta 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (9), |
|
— |
ag féachaint do Cinneadh (AE) 2022/480 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid earraí spiaireachta faireachais Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha, agus lena sainítear ábhar an fhiosrúcháin, mar aon le freagrachtaí, líon comhaltaí agus téarma oifige an choiste (10), |
|
— |
ag féachaint do Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Treoracha 2009/138/CE agus 2013/36/AE (11) (an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid), |
|
— |
ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 12 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, |
|
— |
ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i gcás C-37/20 (12) maidir leis an treoir i gcoinne sciúradh airgid i ndáil leis an bhforáil trína ndéantar rialú go bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí atá corpraithe laistigh de chríoch na mBallstát neamhbhailí i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 17 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, |
|
— |
ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe agus do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (13), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas ó Michelle Bachelet, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, an 19 Iúil 2022 dar teideal ‘Use of spyware to surveil journalists and human rights defenders’[Úsáid earraí spiaireachta chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a shárú], |
|
— |
ag féachaint do bharúil ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine Dunja Mijatovic an 27 Eanáir 2023 dar teideal ‘Highly intrusive spyware threatens the essence of human rights’[Earraí spiaireachta an-chunórach ag bagairt ar bhunbhrí chearta an duine] (14), |
|
— |
ag féachaint do Réamhbharúlacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le hEarraí Spiaireachta Nua-Aimseartha an 15 Feabhra 2022 (15), |
|
— |
ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus go háirithe Airteagail 8, 10, 13, 14 agus 17 de, agus do na prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, |
|
— |
ag féachaint do Mheasúnú Europol ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) 2021 dar teideal ‘A Corrupting Influence: the Infiltration and Undermining of Europe’s Economy and Society by Organised Crime’ [Tionchar Éillitheach: Geilleagar agus Sochaí na hEorpa a Insíothlú agus An Bonn a Bhaint dóibh trí Choireacht Eagraithe], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil 2017 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) dar teideal ‘Surveillance by intelligence services: fundamental rights safeguards and remedies in the EU’ [Faireachas arna dhéanamh ag seirbhísí faisnéise: coimircí agus leigheasanna maidir le cearta bunúsacha in AE’, agus ar na nuashonruithe a cuireadh faoi bhráid an Choiste Fiosrúcháin an 28 Feabhra 2023 chun úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (PEGA) a imscrúdú, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2014 maidir le clár faireachais Údarás Slándála Náisiúnta SAM, comhlachtaí faireachais i mBallstáit éagsúla agus an tionchar atá acu ar chearta bunúsacha shaoránaigh AE agus ar chomhar trasatlantach i gceartas agus Gnóthaí Baile (16) agus go háirithe do na moltaí atá ann maidir le slándáil TF a neartú in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE, |
|
— |
ag féachaint do thuairim 24/2022 ó MECS an 11 Samhain 2022 maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, |
|
— |
ag féachaint don ghluais maidir le bogearraí mailíseacha agus bogearraí spiaireachta arna tarraingt suas ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an gcaoi a ndearna an Coimisiún Eorpach measúnú ar an tionchar ar chearta an duine sula dtugann sé tacaíocht do thíortha na hAfraice chun cumais faireachais a fhorbairt (cás 1904/2021/MHZ), |
|
— |
ag féachaint do ráiteas an 2 Feabhra 2023 ó Irene Kahn, ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saoirse tuairimíochta agus cainte agus ón Uasal Fernand de Varennes, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna mionlaigh lena n-éilítear imscrúdú ar an gclár spiaireachta líomhnaithe atá dírithe ar cheannairí na Catalóine (17), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach um Dhaonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) maidir le maoirseacht dhaonlathach ar na seirbhísí slándála (18) agus dá thuairim dar teideal ‘Poland – Opinion on the Act of 15 January 2016 amending the Police Act and Certain Other Acts’ [An Pholainn — Tuairim maidir le Gníomh an 15 Eanáir 2016 lena leasaítear an Gníomh Póilíneachta agus Gníomhartha Áirithe Eile] (19), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (A9-0189/2023), |
|
— |
ag féachaint do Riail 208(12) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
A. |
de bhrí, a bhuí le hiarrachtaí CitizenLab agus Amnesty Tech agus le hiliomad iriseoirí iniúchacha, gur léiríodh gur bhain comhlachtaí rialtais i roinnt tíortha, idir Bhallstáit AE agus tíortha nach bhfuil in AE araon, úsáid as Pegasus agus as earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha i gcoinne iriseoirí, polaiteoirí, oifigigh forfheidhmithe dlí, taidhleoirí, dlíodóirí, lucht gnó, gníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eile, chun críocha polaitiúla agus fiú chun críocha coiriúla; de bhrí gur cúis mhór imní iad na cleachtais sin agus go léiríonn siad an baol go mbainfí mí-úsáid as teicneolaíochtaí faireachais chun an bonn a bhaint de chearta bunúsacha an duine, den daonlathas agus de phróisis toghcháin; |
|
B. |
de bhrí, aon uair a luaitear an téarma ‘earra spiaireachta’ sa tuarascáil, go gciallaíonn sé ‘Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais coibhéiseacha’ mar a shainmhínítear i gCinneadh na Parlaiminte Coiste PEGA a chur ar bun; |
|
C. |
de bhrí gur tugadh faoi deara gur bhain gníomhaithe stáit úsáid as earraí spiaireachta d’aon turas ar bhealach míthreorach trí úsáid a bhaint as earraí spiaireachta a d’fhéadfadh é féin a cheilt mar chlár, comhad nó inneachar dlisteanach (‘capall Trojan’), amhail teachtaireachtaí bréige ó institiúidí poiblí; de bhrí, i gcásanna áirithe, gur bhain údaráis phoiblí úsáid as oibreoirí teileafóin chun inneachar mailíseach a tharchur chuig gléas an duine a bhfuiltear ag díriú air; de bhrí gur féidir earraí spiaireachta a imscaradh trí leochaileachtaí nialasacha a shaothrú gan idirghníomhaíocht na sprice le hinneachar ionfhabhtaithe, gur féidir leo gach rian dá láithreacht a bhaint tar éis a dhíshuiteála agus gur féidir leo an nasc idir oibreoirí cianda agus freastalaí a anaithnidiú; |
|
D. |
de bhrí, sna laethanta tosaigh den chumarsáid mhóibíleach, go ndearnadh cúléisteacht trí ghlaonna a idircheapadh agus, ina dhiaidh sin, trí theachtaireachtaí téacs a idircheapadh i bhformáid shimplí; |
|
E. |
de bhrí gur tháinig tionscal na spiaire chun cinn mar thoradh ar theacht chun cinn feidhmchlár cumarsáide soghluaiste criptithe, rud a bhain leas as na leochaileachtaí atá ann cheana i gcórais oibriúcháin fóin chliste chun bogearraí a shuiteáil a dhéanann earraí spiaireachta a iompórtáil ar an bhfón, lena n-áirítear trí ionfhabhtuithe ‘neamh-chliceáil’ gan eolas an úsáideora nó aon ghníomhaíocht a rinne an t-úsáideoir, lenar féidir sonraí a asbhaint roimh chriptiú; de bhrí go bhfágann na hearraí spiaireachta neamh-chliceáil sin, trína dearadh, go bhfuil sé deacair grinnscrúdú éifeachtach agus fóinteach a dhéanamh ar a úsáid; |
|
F. |
de bhrí go ndéantar eolas faoi leochaileachtaí i gcórais bogearraí a thrádáil go díreach idir páirtithe, nó go n-éascaíonn bróicéirí é; de bhrí go n-áirítear gníomhaithe neamhstáit agus eagraíochtaí coiriúla sa trádáil sin; |
|
G. |
de bhrí go mbaintear an bonn ó shláine agus slándáil na cumarsáide agus ó chibearshlándáil shaoránaigh AE ó éadáil, ó thrádáil agus ó thaisceadh leochaileachtaí nialasacha; |
|
H. |
de bhrí gur cheart go leanfadh earraí spiaireachta faireachais de bheith ina eisceacht agus go n-éileodh sé réamhúdarú breithiúnach éifeachtach, ceangailteach agus fóinteach ó údarás breithiúnach neamhchlaonta agus neamhspleách, nach mór dó a áirithiú go bhfuil an beart riachtanach, comhréireach agus teoranta go docht do chásanna a dhéanann difear don tslándáil náisiúnta nó a bhaineann le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach; de bhrí gur dócha go mbainfear mí-úsáid as teicnící faireachais i dtimpeallachtaí gan seiceálacha agus ceartúcháin éifeachtacha; |
|
I. |
de bhrí nach mór d’údarás maoirseachta neamhspleách ex post grinnscrúdú a dhéanamh ar aon earraí spiaireachta faireachais, nach mór dó a áirithiú go ndéanfar aon fhaireachas údaraithe i gcomhréir le cearta bunúsacha agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan amach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) agus ag Coimisiún na Veinéise; de bhrí gur cheart don údarás maoirseachta ex post sin a ordú go gcuirfí deireadh leis anbhfaireachas láithreach má chinnteargo bhfuil sé ar neamhréir leis na cearta agus na coinníollacha thuasluaite; |
|
J. |
de bhrí, i gcás earraí spiaireachta faireachais nach gcomhlíonann ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí-eolaíocht CBAE agus ECtHR, go bhfuil sé contrártha leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt i gceist agus, go háirithe iad siúd in Airteagail 7, 8, 11, 17, 21 agus 47 di, lena n-aithnítear na cearta, na saoirsí agus na prionsabail shonracha amhail urraim don saol príobháideach agus saol teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun maoine, an ceart chun neamh-idirdhealú, mar aon leis an gceart chun leigheas éifeachtach, triail chóir a fháil agus toimhde na neamhchiontachta; |
|
K. |
de bhrí sa Chairt agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta go leagtar síos cearta na ndaoine ar díríodh orthu, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun triail chóir a fháil, agus i rialacha an Aontais maidir le cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe; de bhrí go bhfuil na cearta sin deimhnithe ag cásdlí CBAE agus ECtHR; |
|
L. |
de bhrí go bhféadfadh tionchar an fhaireachais spriocdhírithe ar mhná a bheith thar a bheith díobhálach, ós rud é go bhféadfadh na húdaráis leas a bhaint as an iniúchadh sóisialta méadaithe atá ar mhná chun arm a dhéanamh as sonraí príobháideacha agus dlúthchaidrimh a bhaintear trí earraí spiaireachta le haghaidh feachtais clúmhillte; |
|
M. |
de bhrí gur léir ó teistiméireachtaí na ndaoine ar díríodh orthu fiú má tá leigheas dlí agus cearta sibhialta ar pháipéar, go mbíonn siad den chuid is mó ar neamhní in ainneoin bac a bheith á chur ag comhlachtaí rialtais, easpa nó neamhchur chun feidhme cheart na ndaoine ar díríodh orthu go gcuirfí ar an eolas iad agus an bac riaracháin atá ar dhaoine aonair a chruthú gur díríodh orthu; de bhrí, fiú i gcórais a bhfuil nósanna imeachta tapa agus oscailte acu, go bhfágann nádúr na n-earraí spiaireachta go bhfuil sé an-deacair údar a chruthú agus conas mar a díríodh ar an duine aonair agus a mhéid a díríodh ar an duine sin; |
|
N. |
de bhrí nár ghlac cúirteanna le fianaise fhóiréinseach saineolaithe neamhspleácha ach le fianaise atá bunaithe ar scrúdú a dhéanamh ar na húdaráis, ar an tslándáil nó ar fhorfheidhmiú an dlí a líomhnaítear a bheith taobh thiar d’ionsaí; de bhrí go bhfágann sé sin spriocanna i gcás paradacsúil gan aon rogha inmharthana chun ionfhabhtú earraí spiaireachta a chruthú; |
|
O. |
de bhrí go ndearna rialtas na Polainne coimircí institiúideacha agus dlíthiúla a lagú agus a dhíchur, lena n-áirítear nósanna imeachta maoirseachta agus grinnscrúdaithe cuí, rud a fhágann daoine ar díríodh orthu gan aon leigheas fóinteach; de bhrí gur imscaradh earraí spiaireachta faireachais Pegasus go neamhdhleathach chun críocha polaitiúla chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí, ar pholaiteoirían fhreasúra, ar dhlíodóirí, ar ionchúisitheoirí agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta; |
|
P. |
de bhrí go ndearna rialtas na hUngáire coimircí institiúideacha agus dlíthiúla a lagú agus a dhíchur, lena n-áirítear nósanna imeachta maoirseachta agus grinnscrúdaithe cuí, rud a fhágann go héifeachtach daoine a díríodh orthu gan aon leigheas fóinteach; de bhrí gur imscaradh earraí spiaireachta faireachais Pegasus go neamhdhleathach chun críocha polaitiúla chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí, ar pholaiteoirían fhreasúra, ar dhlíodóirí, ar ionchúisitheoirí agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta; |
|
Q. |
de bhrí gur deimhníodh go hoifigiúil go ndearna Seirbhís Faisnéise Náisiúnta na Gréige (EYP) cúléisteacht ar Fheisire Pharlaimint na hEorpa (FPE) don Ghréig agus ar iriseoir Gréagach araon agus gur díríodh orthu le hearraí spiaireachta Predator; de bhrí go ndearna EYP cúléisteacht ar iarfhostaí de chuid na Stát Aontaithe-na Gréige ag Meta ag an am céanna agus gur díríodh air le hearraí spiaireachta Predtaor, a bhfuil a úsáid neamhdhleathach faoi dhlí na Gréige; de bhrí, de réir tuarascálacha ó na meáin, gur líomhnáiodh gur díríodh ar Fheisirí de chuid pháirtithe an fhreasúra agus de chuid pháirtithe an rialtais sa Ghréig, ar ghníomhaithe páirtí agus ar iriseoirí freisin le hearraí spiaireachta Predator nó le gnáthchineál cúléisteachta nó leis an dá rud ag EYP; de bhrí go séanann rialtas na Gréige gur cheannaigh nó gur úsáid rialtas na Gréige Predator, ach gur dócha go raibh Predator in úsáid ag daoine nó thar ceann daoine atá an-ghar d’oifig an Phríomh-Aire; de bhrí gur admhaigh rialtas na Gréige gur dheonaigh sé ceadúnais onnmhairiúcháin do Intellexa chun earraí spiaireachta Predator a dhíol le rialtais dhiansmachtúla, amhail Madagascar agus an tSúdáin; de bhrí gur fhreagair an rialtas don scannal le leasuithe reachtacha lena laghdaítear tuilleadh cearta daoine a bhfuiltear ag díriú orthu a chur ar an eolas tar éis faireachas a bheith déanta orthu agus go bhfuil sé ag cur bac breise ar obair na n-údarás neamhspleách; |
|
R. |
de bhrí gur sainaithníodh trí nochtadh dhá chatagóir daoine sa Spáinn ar díríodh earraí spiaireachta orthu; de bhrí go n-áirítear ar an gcéad dul síos an Príomh-Aire agus an tAire Cosanta, an tAire Gnóthaí Baile agus Ardoifigigh eile; de bhrí go bhfuil an dara catagóir mar chuid de chatagóir dá ngairtear ‘CatalanGate’ ag an eagraíocht Citizen Lab, agus go n-áirítear ann 65 duine spriocdhírithe, lena n-áirítear daoine polaitiúla ó Rialtas réigiúnach na Catalóine, Feisirí de ghluaiseacht neamhspleáchais pro-Catalan, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, dlíodóirí, acadóirí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta; de bhrí, i mí na Bealtaine 2022, gur thug údaráis na Spáinne cead díriú ar 18nduine a bhfuil údarú cúirte acu, cé nár nocht siad na barántais ná aon fhaisnéis eile go dtí seo, agus iad ag agairt na slándála náisiúnta nuair a bhí siad freagrach as úsáid earraí spiaireachta faireachais sa Spáinn; de bhrí go líomhnaítear gur díríodh ar 47 nduine eile freisin, ach nach bhfuair siad aon fhaisnéis seachas ó Citizen Lab; |
|
S. |
de bhrí nár deimhníodh aon líomhaintí maidir le hionfhabhtuithe earraí spiaireachta sa Chipir; de bhrí gur mol onnmhairiúcháin Eorpach tábhachtach do thionscal an fhaireachais í an Chipir agus gur suíomh tarraingteach do chuideachtaí a dhíolann teicneolaíochtaí faireachais í; |
|
T. |
de bhrí go bhfuil comharthaí láidre ann go bhfuil rialtais Mharacó agus Ruanda, i measc nithe eile, tar éis díriú ar shaoránaigh ardphróifíle de chuid an Aontais a bhfuil earraí spiaireachta acu, lena n-áirítear Uachtarán na Fraince, an Príomh-Aire, an tAire Cosanta agus Aire Gnóthaí Baile na Spáinne, Príomh-Aire na Beilge an tráth sin, iar-Uachtarán an Choimisiúin agus iar-Phríomh-Aire na hIodáile, agus Carine Kanimba, iníon Paul Rusesabagina; |
|
U. |
de bhrí gur féidir glacadh leis go cinnte gur cheannaigh nó gur úsáid na Ballstáit uile córas earraí spiaireachta amháin nó níos mó; de bhrí go staonfaidh formhór na rialtas san Aontas Eorpach ó úsáid neamhdhlisteanach spiaireachta, ach go bhfuil an baol mí-úsáide an-sochreidte in éagmais creata láidir dlí lena n-áirítear coimircí agus maoirseacht, agus i bhfianaise na ndúshlán teicniúil maidir le hionfhabhtuithe a bhrath agus a rianú; |
|
V. |
de bhrí nár chuir formhór de rialtais na mBallstát agus parlaimintí na mBallstát faisnéis fhóinteach ar fáil do Pharlaimint na hEorpa faoina gcreataí dlíthiúla lena rialaítear úsáid spiaireachta thar an méid a bhí ar eolas go poiblí cheana féin, d’ainneoin oibleagáid a bheith ann déanamh amhlaidh de bhun Airteagal 3(4) den Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 6 Márta 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais agus ar na coimircí, an mhaoirseacht agus na modhanna sásaimh lena gcuirtear cosc ar chosaint leormhaith chearta bunúsacha na saoránach; |
|
W. |
de bhrí de réir Airteagal 4(3) CAE, ‘de bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ó na Conarthaí a chur i gcrích’; |
|
X. |
de bhrí go bhfuil saoránacht Mhálta faighte ag roinnt príomhfhigiúirí ó thionscal na n-earraí spiaireachta, rud a éascaíonn a n-oibríochtaí laistigh den Aontas agus uaidh; |
|
Y. |
de bhrí go bhfuil nó go raibh go leor forbróirí agus díoltóiríearraí spiaireachta cláraithe i mBallstát amháin nó níos mó; de bhrí go n-áirítear ar shamplaí Grúpa NSO a bhfuil láithreacht chorparáideach aige i Lucsamburg, sa Chipir, san Ísiltír agus sa Bhulgáir; máthairchuideachta Intellexa, Thalestris Limited, in Éirinn, sa Ghréig, san Eilvéis agus sa Chipir; DSIRF san Ostair; QuaDream sa Chipir; Amesys agus Nexa Technologies sa Fhrainc; Tykelab agus RCS Lab san Iodáil; agus FinFisher (neamhghnóthach anois) sa Ghearmáin; |
|
Z. |
de bhrí nach bhfuil an tAontas Eorpach rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar maidir le Rialuithe Onnmhairiúcháin le haghaidh Gnáth-Arm agus Earraí agus Teicneolaíochtaí Dé-Úsáide; de bhrí go bhfuil na Ballstáit uile, seachas an Chipir, rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar, cé gur thíolaic an Chipir iarraidh ar dhul isteach i gComhshocraíocht Wassenaar i bhfad ó shin; de bhrí go bhfuil an Chipir faoi cheangal ag an Rialachán maidir le Dé-Úsáid |
|
AA. |
de bhrí go bhfuil feidhm i bprionsabal ag córas onnmhairiúcháin Iosrael (20) maidir le saoránaigh uile Iosrael, fiú, agus iad ag oibriú as an Aontas; de bhrí nach tír rannpháirteach é Iosrael i gComhshocraíocht Wassenaar ach go maíonn sé go gcuireann sé an caighdeáin lena mbaineann i bhfeidhm mar sin féin; |
|
AB. |
de bhrí go ndéantar onnmhairiú earraí spiaireachta ón Aontas chuig tíortha nach baill den Aontas iad a rialáil sa Rialachán maidir le Dé-úsáid, a athbhreithníodh in 2021; de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún a chéad tuarascáil cur chun feidhme i mí Mheán Fómhair 2022 (21); |
|
AC. |
de bhrí go mbunaíonn roinnt táirgeoirí earraí spiaireachta a onnmhairíonn chuig tríú tíortha iad féin laistigh den Aontas chun meas a bhaint amach agus iad ag trádáil in earraí spiaireachta le réimis dhiansmachtúla; de bhrí go bhfuil onnmhairí ón Aontas chuig réimis dhiansmachtúla nó gníomhaithe neamhstáit ag tarlú, rud a sháraíonn rialacha onnmhairiúcháin AE; |
|
AD. |
de bhrí go bhfuil Amesys agus Nexa Technologies á n-ionchúiseamh faoi láthair sa Fhrainc as teicneolaíocht faireachais a onnmhairiú chuig an Libia, chuig an Éigipt agus chuig an Araib Shádach; de bhrí gur tuairiscíodh gur onnmhairigh cuideachtaí Intellexa atá lonnaithe sa Ghréig a gcuid táirgí go dtí an Bhanglaidéis, an tSúdáin, Madagascar agus tír Arabach amháin ar a laghad; de bhrí go bhfuil bogearraí FinFisher á n-úsáid ag na scórtha tíortha ar fud an domhain, lena n-áirítear Angóla, Bairéin, an Bhanglaidéis, an Éigipt, an Aetóip, an Ghabúin, an Iordáin, an Chasacstáin, Maenmar, Oman, Catar, an Araib Shádach, an Tuirc agus seirbhísí faisnéise Mharacó, ar cuireadh ina leith go raibh earraí spiaireachta Pegasus á n-úsáid acu i gcoinne iriseoirí, chosantóirí chearta an duine, na sochaí sibhialta agus polaiteoirí ag Amnesty International agus Forbidden Stories; de bhrí nach eol ar deonaíodh ceadúnais onnmhairiúcháin chun earraí spiaireachta a onnmhairiú chuig na tíortha sin go léir; de bhrí gur chúisigh oifig an ionchúisitheora phoiblí in München iarfheidhmeannaigh FinFisher toisc gur onnmhairíodh teicneolaíocht faireachais chuig an Tuirc gan ceadúnas onnmhairiúcháin; |
|
AE. |
de bhrí go léiríonn líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar aontaí arm agus ar ISSWorld a raibh acmhainneachtaí earraí spiaireachta á margú acu leitheadúlacht na soláthraithe earraí spiaireachta agus táirgí agus seirbhísí gaolmhara ó thríú tíortha, a bhfuil ceanncheathrú líon suntasach díobh in Iosrael (e.g. NSO Group, Wintego, Quadream agus Cellebrite), agus go nochtann sé táirgeoirí móra san India (ClearTrail), sa Ríocht Aontaithe (BAe Systems agus Black Cube) agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (DarkMatter), cé go dtugann Liosta Eintiteas na Stát Aontaithe ina ndúliostaítear táirgeoirí earraí spiaireachta atá lonnaithe in Iosrael (NSO Group agus Candiru), sa Rúis (Positive Technologies) agus i Singeapór (Computer Security Initiative Consultancy PTE LTD.) chun suntais tuilleadh éagsúlacht tionscnaimh i measc táirgeoirí earraí spiaireachta; de bhrí go bhfreastalaíonn raon leathan údarás poiblí Eorpach ar an aonach freisin, lena n-áirítear fórsaí póilíneachta áitiúla; |
|
AF. |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4(2) CAE go leanfaidh an tslándáil náisiúnta de bheith ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin; |
|
AG. |
de bhrí, áfach, gur rialaigh CBAE (cás C-623/17) cé gur faoi na Ballstáit atá sé a leasanna slándála bunriachtanacha a shainiú agus bearta iomchuí a ghlacadh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú, díreach ós rud é go ndearnadh beart náisiúnta chun slándáil náisiúnta a chosaint, ní féidir dlí AE a dhéanamh neamh-infheidhme agus na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid atá orthu an dlí sin a chomhlíonadh; |
|
AH. |
de bhrí gur rialaigh CBAE (cás C-203/15) ‘nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú mar chosc a chur ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil, chun críche coireacht a chomhrac, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus suímh uile na suibscríobhaithe agus úsáideoirí cláraithe uile a bhaineann le gach modh cumarsáide leictreonaí; |
|
AI. |
de bhrí gur rialaigh CBAE (cás C-203/15) nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, arna leasú le Treoir 2009/136/CE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú mar chosc a chur ar reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear cosaint agus slándáil sonraí tráchta agus suímh agus, go háirithe, rochtain na n-údarás inniúil náisiúnta ar na sonraí arna gcoinneáil, i gcás nach bhfuil an cuspóir a shaothraítear leis an rochtain sin, i gcomhthéacs na coireachta a chomhrac, srianta go heisiach do choireacht thromchúiseach a chomhrac, i gcás nach bhfuil an rochtain faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách, agus i gcás nach bhfuil aon cheanglas ann gur cheart na sonraí lena mbaineann a choinneáil laistigh den Aontas Eorpach; |
|
AJ. |
de bhrí go soiléirítear i gcásdlí ECtHR nach mór gach faireachas a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí, go bhfónann sé d’aidhm dhlisteanach agus go mbeidh sé riachtanach agus comhréireach: de bhrí, thairis sin, nach mór don chreat dlíthiúil coimircí beachta, éifeachtacha agus cuimsitheacha a sholáthar maidir le deiseanna ordaithe, forghníomhaithe agus sásaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne bearta faireachais, ar coimircí iad nach mór a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach leormhaith agus maoirseacht éifeachtach (22); |
|
AK. |
de bhrí go bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (Coinbhinsiún 108), a nuachóiríodh le déanaí mar Choinbhinsiún 108+, maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha slándála stáit (náisiúnta), lena n-áirítear cosaint; de bhrí gur páirtithe sa choinbhinsiún sin iad na Ballstáit uile; |
|
AL. |
de bhrí go dtagann gnéithe tábhachtacha d’úsáid earraí spiaireachta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, faoi raon feidhme dhlí AE; |
|
AM. |
de bhrí go leagtar síos sa Chairt na coinníollacha maidir le teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach, lena gceanglaítear nach mór foráil a dhéanamh dó leis an dlí, ní mór bunbhrí na gceart agus na saoirsí lena mbaineann a urramú, ní mór dó a bheith faoi réir phrionsabal na comhréireachta, agus ní fhorchuirfear é ach amháin má tá gá leis agus má chomhlíonann sé go fírinneach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; de bhrí, i gcás ina úsáidtear úsáid earraí spiaireachta, go bhfeadfadh an leibhéal trasnaíochta ar an gceart chun príobháideachais a bheith chomh holc sin, is deimhin go bhfuil an ceart á bhaint den duine aonair agus nach féidir a mheas go bhfuil an úsáid comhréireach, gan beann ar cé acu is féidir nó nach féidir a mheas gur gá an beart chun cuspóirí dlisteanacha stáit dhaonlathaigh a ghnóthú; |
|
AN. |
de bhrí go bhforáiltear leis an Treoir maidir le Ríomhphríobháideachas nach mór do na Ballstáit rúndacht na cumarsáide a áirithiú; de bhrí gurb ionann úsáid uirlisí faireachais agus srian ar an gceart chun trealamh teirminéil a chosaint ceart a thugtar leis an Treoir maidir le ríomhphríobháideachas; de bhrí go gcuireann na srianta sin dlíthe náisiúnta maidir le hearraí spiaireachta faoi raon feidhme na Treorach maidir le ríomh-Phríobháideachas ar bhealach atá cosúil leis na dlíthe náisiúnta maidir le coinneáil sonraí; de bhrí nach mbeadh imscaradh rialta na teicneolaíochta earraí spiaireachta ionsaithí comhoiriúnach le dlíchóras an Aontais; |
|
AO. |
de bhrí, faoin dlí idirnáisiúnta, go bhfuil sé de cheart ag stát imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh dá dhlínse agus nach mór dó dul i muinín cúnamh ó stáit eile ina gcaithfear an t-imscrúdú a dhéanamh i stáit eile mura bhfuil bonn ann chun imscrúduithe a dhéanamh i ndlínsí eile faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó i ndlí an Aontais, i gcás na mBallstát; |
|
AP. |
de bhrí go dtarlaíonn ionfhabhtú feiste le hearraí spiaireachta agus bailiú sonraí ina dhiaidh sin trí fhreastalaithe soláthraithe seirbhíse soghluaiste; de bhrí, mar thoradh ar fhánaíocht saor in aisce laistigh den Aontas, go bhfuil conarthaí soghluaiste ag daoine uaireanta ó Bhallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, nach bhfuil aon bhunús dlí faoi láthair i ndlí an Aontais chun sonraí a bhailiú sa Bhallstát eile trí úsáid a bhaint as earraí spiaireachta; |
|
AQ. |
de bhrí gur iarr David Kaye, iar-Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh (23) a chur chun cinn agus a chosaint agus Irene Khan, Rapóirtéir Speisialta reatha na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh (24) a chur chun cinn agus a chosaint, moratóir láithreach ar úsáid, aistriú agus díol uirlisí faireachais go dtí go gcuirfear dianchoimircí maidir le cearta an duine i bhfeidhm chun cleachtais a rialáil agus chun a ráthú go n-úsáidfidh Rialtais agus gníomhaithe neamhstáit na huirlisí sin ar bhealaí dlisteanacha; |
|
AR. |
de bhrí go bhfuil cásanna ann ina bhfuil cuideachtaí earraí spiaireachta, go háirithe Intellexa, tar éis an teicneolaíocht idircheaptha agus eastósctha féin a dhíol, ach an tseirbhís ar fad freisin, dá ngairtear ‘haiceáil mar sheirbhís’ nó ‘cibearfhaisnéis ghníomhach’ freisin, lena gcuirtear pacáiste modhanna teicneolaíochta faireachais agus idircheaptha ar fáil, chomh maith le hoiliúint don fhoireann agus tacaíocht theicniúil, oibríochtúil agus mhodheolaíoch; de bhrí go bhféadfadh an tseirbhís sin ligean don chuideachta smacht a bheith aici ar an oibríocht faireachais ina hiomláine agus na sonraí faireachais a chomhiomlánú; de bhrí go bhfuil beagnach dodhéanta do na húdaráis ábhartha maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar an gcleachtas sin; de bhrí go bhfágann sé sin go bhfuil sé deacair cloí le prionsabail na comhréireachta, an riachtanais, na dlisteanachta, na dlíthiúlachta agus na leormhaitheasa; de bhrí nach bhfuil an tseirbhís sin ceadaithe ag gníomhaireacht onnmhairithe cosanta Iosrael (DECA); de bhrí gur úsáideadh an Chipir chun na teorainneacha atá ann cheana faoi dhlí Iosrael a sheachaint chun haiceáil a chur ar fáil mar sheirbhís; |
|
AS. |
de bhrí nach mór do na Ballstáit Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2009/81/CE maidir le soláthar poiblí agus cosanta a chomhlíonadh, faoi seach; de bhrí nach mór údar leormhaith a thabhairt le maoluithe faoi Airteagal 346(1)(b) CFAE, toisc go gcuirtear san áireamh go sainráite i dTreoir 2009/81/CE saintréithe íogaire an tsoláthair cosanta agus go gcomhlíonann siad Comhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais, arna leasú 30 Márta 2012 (25) má tá siad ina bpáirtí ann; |
|
AT. |
de bhrí gur chuir MECS i bhfios go láidir nach mór do na Ballstáit an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus dlí-eolaíocht ECtHR a urramú, lena leagtar síos teorainneacha do ghníomhaíochtaí faireachais don tslándáil náisiúnta; de bhrí, thairis sin, nuair a úsáidtear é chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, nach mór don fhaireachas dlí AE a chomhlíonadh agus go háirithe Cairt agus treoracha AE amhail an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas agus an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí; |
|
AU. |
de bhrí gur tuairiscíodh go ndearna institiúidí móra airgeadais iarracht táirgeoirí earraí spiaireachta a spreagadh chun staonadh ó chaighdeáin iomchuí maidir le cearta an duine agus le dícheall cuí a chur i bhfeidhm agus leanúint d’earraí spiaireachta a dhíol le réimis dhiansmachtúla; |
|
AV. |
de bhrí, sa chlár Fís 2020, go bhfuil Iosraelrangaithe sa tríú háit i measc Tíortha Comhlachaithe le haghaidh rannpháirtíocht fhoriomlán sa chlár; de bhrígo bhfuil buiséad foriomlán EUR 95,5 billiún ag an gComhaontú Fís Eorpach le hIosrael do 2021-27 (26); de bhrí gur cuireadh roinnt cistí ar fáil do chuideachtaí míleata agus slándála Iosrael trí na Cláir Eorpacha sin (27); |
|
AW. |
de bhrí gurb é Rialachán (AE) 2021/947 (28) (‘an Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda’) an phríomhionstraim reachtach le haghaidh bheartais forbartha an Aontais agus go bhféadfar cistiú ón Aontas a sholáthar trí na cineálacha maoinithe dá bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais; de bhrí gur féidir cúnamh a chur ar fionraí i gcás díghrádú ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta i dtríú tíortha; |
|
1. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé príobháideachas a chosaint, an ceart chun dínite, an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse comhthionóil agus comhlachais, agus an ceart chun triail chóir a fháil, go háirithe i ndomhan atá ag éirí níos digití ina dtarlaíonn níos mó agus níos mó dár ngníomhaíochtaí ar líne; |
|
2. |
á chur in iúl go bhfuil seasamh daingean aici go bhfuil sáruithe ar na cearta agus saoirsí bunúsacha sin ríthábhachtach ó thaobh urraim a thabhairt do na comhphrionsabail dlí a leagtar amach sna Conarthaí agus i bhfoinsí eile, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil an daonlathas féin i dtreis, ós rud é go bhfuil tionchar mór ag úsáid earraí spiaireachta ar pholaiteoirí, ar an tsochaí shibhialta agus ar iriseoirí agus go bhfuil tionchar mór aige ar an gceart chun comhthionóil shíochánta, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar rannpháirtíocht phoiblí; |
|
3. |
ag cáineadh go láidir an úsáid a bhaineann rialtais na mBallstát agus comhaltaí d’údaráis rialtais nó institiúidí stáit as earraí spiaireachta chun críche faireachán, dúmhál, imeaglú, ionramháil agus míchlú a dhéanamh ar chomhaltaí freasúra, léirmheastóiríagus an tsochaí shibhialta, deireadh a chur le grinnscrúdú daonlathach agus leis an saorphreas, toghcháin a ionramháil agus an bonn a bhaint den smacht reachta trí dhíriú ar bhreithiúna, ar ionchúisitheoirí agus ar dhlíodóirí chun críocha polaitiúla; |
|
4. |
á chur i bhfios go ndéanann an úsáid neamhdhlisteanach sin a bhaineann rialtais náisiúnta agus rialtais neamh-AE as earraí spiaireachta difear go díreach agus go hindíreach d’institiúidí an Aontais agus don phróiseas cinnteoireachta, rud a bhaineann an bonn de shláine dhaonlathas an Aontais Eorpaigh; |
|
5. |
á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, an neamh-leordhóthanacht bhunúsach atá ag struchtúr rialachais reatha an Aontais chun freagairt d’ionsaithe ar an daonlathas, ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta laistigh den Aontas, agus an easpa gníomhaíochta a rinne go leor Ballstát; á thabhairt dá haire, nuair a bhíonn siad faoi bhagairt i mBallstát amháin, go gcuirtear an tAontas ina iomláine i mbaol; |
|
6. |
á chur i bhfáth nach mór do chaighdeáin dhigiteacha lena rialaítear forbairtí teicneolaíochta san Aontas cearta bunúsacha a urramú; |
|
7. |
á chur in iúl gurb é a seasamh daingean gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt agus mórshárú ar rialacha onnmhairiúcháin an Aontais é onnmhairiú earraí spiaireachta ón Aontas chuig deachtóireachtaí agus réimis dhiansmachtúla a bhfuil drochthaifid acu ó thaobh chearta an duine de i gcás ina n-úsáidtear na huirlisí sin i gcoinne gníomhaithe ar son chearta an duine, iriseoirí agus lucht cáinte rialtais; |
|
8. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, úsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta agus trádáil aindleathach earraí spiaireachta ag na Ballstáit, rud a fhágann, nuair a chuirtear le chéile é, go bhfuil an tAontas ina cheann scríbe do thionscal na n-earraí spiaireachta; |
|
9. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an spriocdhíriú ar phearsantachtaí ardphróifíle, ar chosantóirí chearta an duine agus ar iriseoirí san Aontas le hearraí spiaireachta, ag tíortha nach baill den AE; |
|
10. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an drogall dealraitheach atá ann mí-úsáid earraí spiaireachta a imscrúdú, i gcásanna inar Ballstát nó comhlacht rialtais de chuid tír nach Ballstát den Aontas éan t-amhrastach a bhfuil amhras faoi; á thabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn an-mhall déanta agus go bhfuil easpa trédhearcachta sna himscrúduithe breithiúnacha maidir le mí-úsáid earraí spiaireachta i gcoinne ceannairí rialtais agus airí Bhallstáit an Aontais agus an Choimisiúin, agus i gcoinne chomhaltaí na sochaí sibhialta, iriseoirí nó lucht freasúra polaitiúil; |
|
11. |
á thabhairt dá haire nach soláthraítear le creat dlíthiúil roinnt Ballstát coimircí beachta, éifeachtacha agus cuimsitheacha maidir le hordú agus forghníomhú na sásraí sásaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne bearta faireachais; á thabhairt dá haire nach mór do na bhearta sin fónamh d’aidhm dhlisteanach, agus a bheith riachtanach agus comhréireach; |
|
12. |
á chur in iúl gurb oth léi gur theip ar rialtais na mBallstát, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún comhoibriú go hiomlán leis an bhfiosrúchán agus an fhaisnéis ábhartha agus fhóinteach uile a chomhroinnt, chun cabhrú leis an gcoiste fiosrúcháin a chúraimí a chomhlíonadh, mar a luaitear ina shainordú; ag aithint go bhféadfadh roinnt den fhaisnéis sin a bheith faoi réir diancheanglais dhlíthiúla sicréideachta agus rúndachta; á mheas go bhfuil freagra comhchoiteann ón gComhairle go hiomlán neamhleor agus contrártha le prionsabal an chomhair dhílis mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE; |
|
13. |
á mheas nach raibh an chuma ar an scéal go raibh suim ag na Ballstáit, ag an gComhairle, ná ag an gCoimisiún an leas is mó is féidir a bhaint as a n-iarrachtaí chun imscrúdú iomlán a dhéanamh armhí-úsáidna n-earraí spiaireachta agus, ar an gcaoi sin, rialtais an Aontais a chosaint go feasach, ar rialtais iad a sháraíonn cearta an duine laistigh den Aontas agus lasmuigh de; |
|
14. |
á mheas gur tharla mórsháruithe agus drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais sa Pholainn; |
|
15. |
á iarraidh ar an bPolainn an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
16. |
ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Acht 2018 na Polainne maidir le cosaint sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis an gcoireacht a chosc agus a chomhrac le Treoir AE maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus, más gá, tús a chur le nós imeachta um shárú; |
|
17. |
á mheas gur tharla mórsháruithe agus drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais san Ungair; |
|
18. |
á iarraidh ar an Ungáir an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
19. |
á chinneadh gur tharla sáruithe agus drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais sa Ghréig; |
|
20. |
á iarraidh ar an nGréig an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
21. |
á mheas, ar an iomlán, go bhfuil an creat rialála sa Spáinn i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna Conarthaí; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil gá le roinnt athchóirithe, agus nach mór don chur chun feidhme iarbhír a bheith i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha agus cosaint rannpháirtíocht an phobail a áirithiú; |
|
22. |
á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Spáinn an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
23. |
á mheas go bhfuil fianaise ann go bhfuil drochriarachán i gcur chun feidhme Rialachán AE maidir le Dé-Úsáid sa Chipir a éilíonn grinnscrúdú; |
|
24. |
á iarraidh ar an gCipir an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
25. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cúis imní í an staid i mBallstáit eile freisin, go háirithe ós rud é gurb ann do thionscal brabúsach agus infhairsingithe earraí spiaireachta a bhaineann tairbhe as dea-cháil, margadh aonair agus saorghluaiseacht an Aontais, rud a chuireann ar chumasroinnt Ballstát amhail an Chipir agus an Bhulgáir a bheith ina mol onnmhairiúcháin le haghaidh earraí spiaireachta chuig réimis neamhdhaonlathacha ar fud an domhain; |
|
26. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go léiríonn mainneachtain nó diúltú roinnt údarás náisiúnta cosaint chuí a áirithiú do shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear bearnaí rialála agus ionstraimí dlíthiúla cuí, leis an tsoiléireacht uile is gá go bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcloítear le litir na gConarthaí agus go n-urramaítear reachtaíocht an Aontais, ionas go mbeidh sé de cheart ag na saoránaigh cónaí i dtimpeallacht shábháilte ina n-urramaítear dínit an duine, an saol príobháideach, sonraí pearsanta agus maoin, mar a cheanglaítear le Treoir 2012/29/AE, ar dá réir a bhfuil sé de cheart ag gach íospartach coireachta tacaíocht agus cosaint a fháil i gcomhréir lena riachtanais aonair; |
|
27. |
á mheas go bhfuil easnaimh thromchúiseacha tagtha ar chur chun feidhme dhlí an Aontais nuair a thug an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tacaíocht do thíortha nach baill den Aontas iad, lena n-áirítear 10 dtír mar sin sa tSaiheil ach gan a bheith teoranta dóibh, chun a chur ar a gcumas cumais faireachais a fhorbairt (29); |
|
28. |
ag glacadh an tseasaimh gur gá trádáil in earraí spiaireachta, agus úsáid earraí spiaireachta sin, a rialú go docht; ag aithint, áfach, go bhféadfadh am a bheith ag baint leis an bpróiseas reachtach, agus nach mór deireadh a chur leis an mí-úsáid láithreach; á iarraidh go nglacfaí coinníollacha maidir le húsáid dhlíthiúil, díol, fáil agus aistriú earraí spiaireachta; ag áitiú, chun earraí spiaireachta a úsáid go leanúnach, go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na coinníollacha uile sin a leanas faoin 31 Nollaig 2023:
|
|
29. |
á mheas nach mór don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollacha sin a mheasúnú faoin 30 Samhain 2023; á mheas, thairis sin, go bhfoilseofar torthaí an mheasúnaithe i dtuarascáil phoiblí; |
|
30. |
á chur i bhfáth, agus an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht á comhrac, agus ag aithint go bhfuil an cumas chun é sin a dhéanamh ríthábhachtach do na Ballstáit, go bhfuil sé bunriachtanach cearta bunúsacha agus an daonlathas a chosaint; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór d’úsáid earraí spiaireachta ag na Ballstáit a bheith comhréireach, gan a bheith treallach, agus nach mór faireachas a údarú ach amháin in imthosca cúnga réamhchinntithe; á mheas go bhfuil sásraí éifeachtacha ex ante chun maoirseacht bhreithiúnach a áirithiú ríthábhachtach chun saoirsí aonair a chosaint; ag athdhearbhú nach féidir cearta aonair a chur i mbaol trí rochtain gan srian ar fhaireachas a cheadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cumas na mbreithiúna maoirseacht ex post fhóinteach agus éifeachtach a dhéanamh i réimse na n-iarrataí ar fhaireachas ar shlándáil náisiúnta tábhachtach freisin, chun a áirithiú gur féidir dúshlán a thabhairt d’úsáid dhíréireach earraí spiaireachta ag rialtais; |
|
31. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart úsáid earraí spiaireachta d’fhorfheidhmiú an dlí a rialú go díreach trí bhearta atá bunaithe ar Chaibidil 4 de Theideal 5 CFAE maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cumraíocht earraí spiaireachta a allmhairítear isteach in AE agus a chuirtear ar an margadh ar shlí eile a rialú trí bhíthin beart atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE; á thabhairt dá haire nach bhféadfar úsáid earraí spiaireachta chun críocha slándála náisiúnta a rialáil go hindíreach ach amháin trí chearta bunúsacha agus rialacha a bhaineann le cosaint sonraí, mar shampla; |
|
32. |
á mheas, mar gheall ar ghné thrasnáisiúnta agus gné AE d’úsáid na spiaireachta, go bhfuil gá le grinnscrúdú comhordaithe agus trédhearcach ar leibhéal AE chun a áirithiú ní hamháin go gcosnófar saoránaigh AE ach freisin bailíocht na fianaise a bhailítear trí earraí spiaireachta i gcásanna trasteorann, agus go bhfuil gá soiléir le caighdeáin choiteanna AE ar bhonn Chaibidil 4 de Theideal 5 CFAE lena rialaítear úsáid earraí spiaireachta ag comhlachtaí na mBallstát, ag tarraingt as caighdeáin arna leagan síos ag CBAE, ECtHR, Coimisiún na Veinéise agus Gníomhaireacht na Veinéise (30); á mheas gur cheart na gnéithe seo a leanas ar a laghad a chumhdach leis na caighdeáin AE sin:
|
|
33. |
á iarraidh ar na Ballstáit dul i mbun comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí, trédhearcacht an phróisis reachtaigh a dhaingniú agus caighdeáin agus coimircí AE a áireamh agus reachtaíocht nua maidir le húsáid agus díol earraí spiaireachta á dréachtú acu; |
|
34. |
ag cur béim ar an bhfíoras nach bhféadfar ach earraí spiaireachta atá deartha ionas go gcumasófar agus go n-éascófar feidhmiúlacht earraí spiaireachta de réir an chreata reachtaigh mar a leagtar amach i mír 32 a chur ar an margadh inmheánach, a fhorbairt nó a úsáid san Aontas; á dhearbhú gur cheart ardleibhéal cosanta a thabhairt do shaoránaigh an Aontais leis an rialachán sin maidir le hearraí spiaireachta a chur ar an margadh lena bhforáiltear do ‘riail an dlí trí dhearadh’ bunaithe ar Airteagal 114 CFAE; á mheas nach bhfuil údar maith leis, cé gur thug an Rialachán maidir le Dé-Úsáid cosaint do shaoránaigh tíortha nach bhfuil san Aontas ar onnmhairí earraí spiaireachta ó AE ó 2021 i leith, nach dtugtar aon chosaint choibhéiseach do shaoránaigh AE; |
|
35. |
á mheas nach bhféadfaidh cuideachtaí in AE ach teicneolaíocht idircheaptha agus eastósctha a dhíol agus a fháil, agus nach féidir le ‘haiceáil mar sheirbhís’, lena n-áirítear tacaíocht theicniúil, oibríochtúil agus mhodheolaíoch a sholáthar do theicneolaíocht faireachais, agus gur féidir leis an soláthraí rochtain a fháil ar mhéid díréireach sonraí atá ar neamhréir le prionsabail na comhréireachta, an riachtanais, na dlisteanachta, na dlíthiúlachta agus na leordhóthanacht; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a mholadh ina leith sin; |
|
36. |
á chur i bhfáth nach bhféadfar earraí spiaireachta a chur ar an margadh ach lena ndíol le húdaráis phoiblí agus lena n-úsáid ag údaráis phoiblí, bunaithe ar liosta iata, a n-áirítear lena dtreoracha imscrúduithe ar choireanna nó cosaint na slándála náisiúnta a bhféadfar úsáid earraí spiaireachta a údarú ina leith; á mheas nár cheart do ghníomhaireachtaí slándála úsáid a bhaint as earraí spiaireachta ach amháin nuair a bheidh na moltaí uile arna leagan amach ag an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha curtha chun feidhme (31); |
|
37. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil oibleagáid ann leagan d’earraí spiaireachta a úsáid atá deartha ar bhealach lena n-íoslaghdaítear an rochtain ar na sonraí uile atá stóráilte ar fheiste, ach ba cheart í a dhearadh sa chaoi go ndéanfar rochtain ar shonraí a theorannú don mhéid is lú is gá chun críche an imscrúdaithe údaraithe; |
|
38. |
á chinneadh, nuair a cheannaíonn Ballstát earraí spiaireachta, nach mór an éadáil a bheith in-iniúchta ag comhlacht iniúchóireachta neamhspleách neamhchlaontaa bhfuil imréiteach iomchuí aige; |
|
39. |
á chur i bhfáth gur cheart do gach eintiteas a chuireann earraí spiaireachta ar an margadh inmheánach ceanglais dhiana díchill chuí a chomhlíonadh, agus gur cheart do chuideachtaí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu i bpróiseas soláthair phoiblí le bheith ina soláthraithe dul faoi phróiseas grinnfhiosrúcháin lena n-áirítear freagairt na cuideachta ar sháruithe ar chearta an duine arna ndéanamh lena mbogearraí agus an mbraitheann an teicneolaíocht ar shonraí a bhailítear i gcleachtais faireachais neamhdhaonlathacha agus mhí-úsáideacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla tuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le comhlíonadh; |
|
40. |
á chur i bhfáth gur cheart do chuideachtaí a thairgeann teicneolaíochtaí nó seirbhísí faireachais do ghníomhaithe stáit cineál na gceadúnas onnmhairiúcháin a nochtadh do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla; |
|
41. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit tréimhse mharana a bhunú, lena gcuirfí cosc sealadach ar iarfhostaithe comhlachtaí nó gníomhaireachtaí rialtais ó bheith ag obair do chuideachtaí earraí spiaireachta; |
An gá atá le teorainneacha leis an tslándáil náisiúnta
|
42. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di cásanna ina ndéantar ‘slándáil náisiúnta’ a agairt gan údar chun údar a thabhairt le himscaradh agus úsáid earraí spiaireachta agus chun rúndacht iomlán agus easpa cuntasachta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ón gCoimisiún, i gcomhréir le dlí-eolaíocht CBAE (32) nach féidir ach tagairt don tslándáil náisiúnta a léirmhíniú mar thagairt neamhtheoranta óchur i bhfeidhm dhlí AE agus gur cheart údar soiléir a bheith ag teastáil ina leith, agus á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh maidir leis an ráiteas sin sna cásanna ina léirítear mí-úsáid; á mheas, i sochaí thrédhearcach dhaonlathach a chloíonn leis an smacht reachta, gur eisceacht seachas an riail a bheidh sna teorainneacha sin in ainm na slándála náisiúnta; |
|
43. |
á mheas nach mór coincheap na slándála náisiúnta a chur i gcodarsnacht leis an raon feidhme níos srianta i leith na slándála inmheánaí, ina bhfuil raon feidhme níos leithne ag an tslándáil inmheánach, lena n-áirítear rioscaí do shaoránaigh a chosc, agus, go háirithe, forfheidhmiú an dlí choiriúil; |
|
44. |
á chur in iúl gur oth léi na deacrachtaí a eascraíonn as an easpa sainmhíniú dlíthiúil comhcoiteann ar shlándáil náisiúnta lena leagtar síos critéir chun a chinneadh cén córas dlí a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm in ábhair a bhaineann le slándáil náisiúnta, chomh maith le teorannú soiléir ar an limistéar ina bhféadfadh feidhm a bheith ag an gcóras speisialta sin; |
|
45. |
á mheas gurb ionann úsáid earraí spiaireachta agus teorannú ar chearta bunúsacha; á mheas, thairis sin, i gcás ina n-úsáidtear coincheap i gcomhthéacs dlíthiúil, lena ngabhann aistriú ceart agus forchur oibleagáidí (agus, go háirithe, teorainneacha le cearta bunúsacha daoine aonair), gur gá an coincheap a bheith soiléir agus intuartha do gach duine a ndéanann sé difear dóibh; á mheabhrú go bhforáiltear sa Chairt nach mór aon teorannú ar chearta bunúsacha de réir Airteagal 52(1) a leagan amach sa dlí; á mheas, dá bhrí sin, gur gá ‘slándáil náisiúnta’ a shainiú go soiléir; á chur i bhfios go láidir, beag beann ar an gcríochú beacht, nach mór réimse na slándála náisiúnta a bheith faoi réir maoirseacht neamhspleách, cheangailteach agus éifeachtach ina iomláine; |
|
46. |
á chur i bhfáth, má dhéanann na húdaráis forais slándála náisiúnta a agairt mar údar le hearraí spiaireachta a úsáid, gur cheart dóibh, sa bhreis ar an gcreat a leagtar síos i mír 29, comhlíonadh dhlí AE a léiriú, lena n-áirítear cloí le prionsabail na comhréireachta, an riachtanais, na dlisteanachta, na dlíthiúlachta agus na leordhóthanachta; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh rochtain éasca ar an údar agus gur cheart é a chur ar fáil do chomhlacht náisiúnta grinnscrúdaithe le haghaidh measúnaithe; |
|
47. |
ag athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur shínigh na Ballstáit uile Coinbhinsiún 108+, lena leagtar síos caighdeáin agus oibleagáidí chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun críocha slándála náisiúnta; á chur i bhfios gur creat ceangailteach Eorpach é Coinbhinsiún 108+ a dhéileálann le próiseáil sonraí ag seirbhísí faisnéise agus slándála; ag tathant ar na Ballstáit uile an coinbhinsiún sin a dhaingniú gan mhoill, a chaighdeáin a chur chun feidhme cheana féin sa dlí náisiúnta agus gníomhú dá réir sin ar an tslándáil náisiúnta; |
|
48. |
ag cur béim ar an bhfíoras nach gceadaítear eisceachtaí agus srianta ar líon teoranta forálacha den choinbhinsiún ach amháin nuair a bhíonn siad i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11 den choinbhinsiún, rud a chiallaíonn nach mór, agus Coinbhinsiún 108+ á chur chun feidhme, foráil a dhéanamh do gach eisceacht shonrach agus srian sonrach de réir an dlí, nach mór dóibh bunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a urramú, agus nach mór údar cuí a thabhairt leis ‘beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach’ ar cheann de na forais dhlisteanacha a liostaítear in Airteagal 11 (33) agus nár cheart d’eisceachtaí agus na srianta sin cur isteach ar ‘athbhreithniú agus maoirseacht neamhspleách agus éifeachtach faoi reachtaíocht intíre an Pháirtí faoi seach’; |
|
49. |
á thabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann Coinbhinsiún 108+ i bhfáth go mbeidh ‘cumhachtaí imscrúdaithe agus idirghabhála’ ag an maoirseacht; á mheas go dtugtar le tuiscint le hathbhreithniú agus maoirseacht éifeachtach cumhachtaí ceangailteacha ina bhfuil an tionchar is mó ar chearta bunúsacha, go háirithe sna céimeanna rochtana, anailíse agus stórála a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil; |
|
50. |
á mheas go bhfuil an easpa cumhachtaí ceangailteacha atá ag comhlachtaí maoirseachta i réimse na slándála náisiúnta ar neamhréir leis an gcritéar a leagtar síos i gCoinbhinsiún 108+ lena mbunaítear ‘beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach’; |
|
51. |
á chur i bhfios go gceadaítear le Coinbhinsiún 108+ líon an-teoranta eisceachtaí i ndáil le hAirteagal 15 de ach nach gceadaítear na heisceachtaí sin leis, go háirithe maidir le mír 2 [dualgais múscailte feasachta], mír 3 [comhairliúchán maidir le bearta reachtacha agus riaracháin], mír 4 [iarrataí agus gearáin ó dhaoine aonair], mír 5 [neamhspleáchas agus neamhchlaontacht], mír 6 [acmhainní riachtanacha chun cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach], mír 7 [tuairisciú tréimhsiúil], mír 8 [rúndacht], mír 9 [d’fhéadfadh achomharc a dhéanamh] agus mír 10 [gan aon chumhacht a bheith acu maidir le comhlachtaí agus iad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach]; |
An reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr
|
52. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil easnaimh i gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus gur gá reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr chun na heasnaimh sin a chomhrac; ag aithint go bhfuil na dlíthe seo a leanas de chuid an Aontais ábhartha ach rómhinic a chuirtear chun feidhme agus/nó a fhorfheidhmítear go míchuí: an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid, an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, rialacha soláthair, an Rialachán maidir le Dé-Úsáid, cásdlí (rialacha maidir le faireachas agus slándáil náisiúnta), agus an Treoir maidir le Sceithirí; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar na heasnaimh i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú agus treochlár a chur ar aghaidh chun iad a cheartú faoin 1 Lúnasa 2023 ar a dhéanaí; |
|
53. |
á mheas go bhfuilsé ríthábhachtach creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur chun feidhme go cuí agus a fhorfheidhmiú go docht, go háirithe an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas; á mheas go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna breithiúnais ábhartha CBAE a chur chun feidhme ina n-iomláine, ar breithiúnais iad atá fós in easnamh i roinnt Ballstát; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag an gCoimisiún maidir le dlí AE a fhorfheidhmiú agus maidir lena chur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais, agus gur cheart dó úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú i gcásanna neamhchomhlíonta leanúnaigh; |
|
54. |
á iarraidh go mbeadh Comhshocrú Wassenaar ina chomhaontú ceangailteach maidir lena rannpháirtithe uile, d’fhonn conradh idirnáisiúnta a dhéanamh de; |
|
55. |
á iarraidh ar an gCipir agus ar Iosrael a bheith ina stáit rannpháirteacha i gComhshocraíocht Wassenaar; á mheabhrú do na Ballstáit nach mór gach iarracht a dhéanamh chun cur ar chumas na Cipire agus Iosrael páirt a ghlacadh i gComhshocraíocht Wassenaar; |
|
56. |
á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí i gComhshocraíocht Wassenaar creat um chearta an duine lena neadaítear ceadúnú teicneolaíochtaí earraí spiaireachta, lena ndéantar measúnú agus athbhreithniú ar chomhlíontacht cuideachtaí a tháirgeann teicneolaíochtaí earraí spiaireachta agus gur cheart do rannpháirtithe cosc a chur ar cheannach teicneolaíochtaí faireachais ó stáit nach cuid den socrú iad; |
|
57. |
á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i bhfianaise an mhéid a tháinig chun solais maidir le hearraí spiaireachta, imscrúdú domhain a dhéanamh ar na ceadúnais onnmhairiúcháin a dheonaítear le haghaidh úsáid spiaireachta faoin Rialachán maidir le Dé-Úsáid agus gur cheart don Choimisiún torthaí an mheasúnaithe sin a roinnt leis an bParlaimint; |
|
58. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinrianaitheacht agus cuntasacht onnmhairí earraí spiaireachta agus á mheabhrú nár cheart go mbeadh cuideachtaí AE in ann earraí spiaireachta a onnmhairiú ach amháin a léiríonn airíonna inrianaitheachta leordhóthanacha chun a áirithiú gur féidir freagracht a shannadh i gcónaí; |
|
59. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Choimisiún an Rialachán athmhúnlaithe maidir le dé-úsáid a sheiceáil go rialta agus a fhorfheidhmiú go cuí chun ‘siopadóireacht córais onnmhairiúcháin’ a sheachaint ar fud an Aontais, mar atá faoi láthair sa Bhulgáir agus sa Chipir, agus gur cheart go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an gCoimisiún don chúram sin; |
|
60. |
á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainneacht leordhóthanach foirne a áirithiú do na haonaid atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin maidir le Dé-Úsáid; |
|
61. |
á iarraidh go ndéanfar leasuithe ar an Rialachán maidir le Dé-Úsáid chun a shoiléiriú in Airteagal 15 nach ceadmhach ceadanna onnmhairiúcháin earraí dé-úsáide a thabhairt i gcás ina bhfuil earraí beartaithe, nó ina bhféadfadh sé go mbeadh sé beartaithe iad a úsáid, i ndáil le brú faoi chois inmheánach agus/nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a dhéanamh; á iarraidh go ndéanfar seiceálacha ar chearta an duine agus ar dhícheall cuí a chur chun feidhme go hiomlán sa phróiseas ceadúnúcháin agus go bhfeabhsófar tuilleadh amhail leigheas ar spriocanna maidir le sáruithe ar chearta an duine agus tuairisciú trédhearcach ar dhícheall cuí a dhéantar; |
|
62. |
á iarraidh go ndéanfar athruithe ar an Rialachán maidir le Dé-Úsáid chun a áirithiú go dtoirmiscfear idirthuras i gcásanna ina bhfuil earraí beartaithe, nó ina bhféadfadh siad a bheith beartaithe, le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus/nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a dhéanamh; |
|
63. |
á chur i bhfáth, i leasú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán maidir le Dé-Úsáid, maidir leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe atá freagrach as ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh earraí dé-úsáide a fhormheas agus a dhiúltú, gur cheart dóibh tuarascálacha mionsonraithe a sholáthar lena n-áirítear faisnéis maidir leis an earra dé-úsáide atá i gceist; líon na gceadúnas a ndearnadh iarratas orthu; ainm na tíre is onnmhaireoir; tuairisc ar an gcuideachta onnmhairiúcháin agus cibé acu an fochuideachta í an chuideachta sin nó nach ea; cur síos ar an úsáideoir deiridh agus ar an gceann scríbe; luach an cheadúnais onnmhairiúcháin; agus an fáth ar formheasadh an ceadúnas onnmhairiúcháin, nó ar diúltaíodh dó; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn ráithiúil; á iarraidh go mbunófaí buanchoiste parlaiminteach tiomnaithe a mbeidh rochtain aige ar fhaisnéis rúnaicmithe ón gCoimisiún, chun críche formhaoirseachta parlaimintí; |
|
64. |
á chur i bhfáth, i leasú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán maidir le Dé-Úsáid, nach mór deireadh a chur leis an eisceacht ón gceanglas faisnéis a sholáthar don Choimisiún ar fhorais íogaireachta tráchtála, beartais cosanta agus eachtraigh nó ar chúiseanna slándála náisiúnta; á mheas, ina ionad sin, chun cosc a chur ar fhaisnéis íogair a bheith ar fáil do thíortha nach baill den Aontas iad, gur féidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh faisnéis áirithe a aicmiú ina thuarascáil bhliantúil; |
|
65. |
á chur i bhfáth nach féidir léirmhíniú sriantach a thabhairt ar an sainmhíniú ar ítimí cibearfhaireachais sa Rialachán athmhúnlaithe maidir le Dé-Úsáid ach gur cheart go n-áireofaí leis na teicneolaíochtaí uile sa réimse sin, amhail trealamh idircheaptha teileachumarsáide móibílí nó trealamh trasnaíochta; bogearraí ionraidh; córais nó trealamh faireachais cumarsáide líonra IP; bogearraí atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun faireachán nó anailís a dhéanamh trí fhorfheidhmiú an dlí; trealamh braite fuaimiúil léasair; uirlisí fóiréinseacha a eastóscann sonraí amha ó fheiste ríomhaireachta nó chumarsáide agus a théann timpeall ar na rialuithe ‘fíordheimhnithe’ nó údaraithe na feiste; córais nó trealamh leictreonach, arna ndearadh chun faireachas agus faireachán a dhéanamh ar an speictream leictreamaighnéadach chun críoch faisnéise míleata nó slándála; agus Aerfheithiclí Gan Foireann atá in ann faireachas a dhéanamh; |
|
66. |
á iarraidh go mbeadh reachtaíocht bhreise Eorpach ann lena gceanglaítear ar ghníomhaithe corparáideacha a tháirgeann agus/nó a onnmhairíonn teicneolaíochtaí faireachais creata um chearta an duine agus um dhícheall cuí a áireamh i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (UNGPanna); |
Comhar idirnáisiúnta chun saoránaigh a chosaint
|
67. |
á iarraidh go mbeadh straitéis chomhpháirteach earraí spiaireachta AE-SAM ann, lena n-áirítear geal-liosta comhpháirteach agus/nó dúliosta de dhíoltóirí earraí spiaireachta ar baineadh mí-úsáid as a n-uirlisí nó a bhfuil baol ann go mbainfear mí-úsáid as a n-uirlisí chun díriú go mailíseach ar oifigigh rialtais, ar iriseoirí agus ar an tsochaí shibhialta, agus a oibríonn in aghaidh bheartas slándála agus eachtrach an Aontais, ag rialtais eachtracha a bhfuil drochthaifid chearta an duine acu, (nach) bhfuil údaraithe chun díol le húdaráis phoiblí, critéir chomhchoiteanna chun díoltóirí a áireamh ar cheachtar den dá liosta, socruithe maidir le tuairisciú coiteann AE-SAM ar an tionscal, grinnscrúdú coiteann, oibleagáidí comhchoiteanna díchill chuí do dhíoltóirí agus coiriúlú díol earraí spiaireachta le gníomhaithe neamhstáit; |
|
68. |
á iarraidh ar an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe comhairliúcháin leathana agus oscailte a reáchtáil leis an tsochaí shibhialta chun straitéis chomhpháirteach agus caighdeáin chomhpháirteach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a fhorbairt, lena n-áirítear an geal-liosta comhpháirteach agus/nó an dúliosta;; |
|
69. |
á iarraidh go gcuirfí tús le cainteanna le tíortha eile, go háirithe le hIosrael, chun creat a bhunú le haghaidh margaíocht earraí spiaireachta agus ceadúnais onnmhairiúcháin, lena n-áirítear rialacha maidir le trédhearcacht, liosta de thíortha incháilithemaidir le caighdeáin chearta an duine agus socruithe díchill chuí; |
|
70. |
á thabhairt dá haire, i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, inar cuireadh NSO ar an dúliosta go tapa agus inar shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Ordú Feidhmiúcháin, á rá nach féidir leis úsáid oibríochtúil a bhaint as earraí spiaireachta tráchtála a bhfuil rioscaí suntasacha frithfhaisnéise nó slándála ag baint leo do Rialtas na Stát Aontaithe nó rioscaí suntasacha a bhaineann le rialtas eachtrach nó duine eachtrach a úsáid go míchuí, nach ndearnadh aon ghníomhaíocht leordhóthanachar leibhéal AE maidir le hearraí spiaireachta a allmhairiú agus maidir leis na rialacha onnmhairiúcháin a fhorfheidhmiú; |
|
71. |
á mheas nach mór rialacha onnmhairiúcháin an Aontais agus a bhforfheidhmiú a neartú chun cearta an duine a chosaint i dtíortha nach baill den Aontas iad agus nach mór na huirlisí is gá a thabhairt dóibh chun a fhorálacha a chur chun feidhme go héifeachtach; á mheabhrú gur cheart do AE féachaint le dul i gcomhar leis na Stáit Aontaithe agus le comhghuaillithe eile maidir le trádáil earraí spiaireachta a rialáil agus úsáid a bhaint as an gcumhacht mhargaidh chomhcheangailte atá acu chun dul i ngleic le hathrú agus caighdeáin láidre trédhearcachta, inrianaitheachta agus cuntasachta a leagan síos maidir le húsáid na teicneolaíochta faireachais, ar cheart tionscnamh a bheith mar thoradh air ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; |
Leochaileachtaí nialasacha
|
72. |
á iarraidh rialáil a dhéanamh ar leochaileachtaí a aimsiú, a chomhroinnt, a phaisteáil agus a shaothrú, chomh maith le nósanna imeachta nochta, agus ar an gcaoi sin an bonn a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2555 (34) (Treoir NIS 2) agus an togra le haghaidh an Ghnímh um Chibear-athléimneacht a thabhairt chun críche (35); |
|
73. |
á mheas nach mór do thaighdeoirí a bheith in ann taighde a dhéanamh ar leochaileachtaí, agus a dtorthaí a chomhroinnt gan dliteanas sibhialta ná coiriúil faoin Treoir maidir le Cibearchoireacht agus faoin Treoir maidir le Cóipcheart, inter alia; |
|
74. |
á iarraidh ar mhórghníomhaithe an tionscail dreasachtaí a chruthú do thaighdeoirí chun páirt a ghlacadh i dtaighde leochaileachta, trí infheistíocht a dhéanamh i bpleananna cóireála leochaileachta, trí chleachtais nochta laistigh den tionscal agus leis an tsochaí shibhialta agus trí chláir duais fabhtaimsire a reáchtáil; |
|
75. |
á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an tacaíocht agus leis an gcistiú a thugann sé do dheochanna fabhtanna agus do thionscadail eile atá dírithe ar leochaileachtaí slándála a chuardach agus a phaisteáil, agus cur chuige comhordaithe a bhunú maidir le nochtadh éigeantach leochaileachta i measc na mBallstát; |
|
76. |
á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar leochaileachtaí a dhíol i gcóras chun aon chríche seachas slándáil an chórais sin a neartú, agus go mbeadh oibleagáid ann torthaí an taighde leochaileachta uile a nochtadh ar bhealach comhordaithe agus freagrach lena gcuirtear sábháilteacht an phobail chun cinn agus lena n-íoslaghdófar an riosca go ndéanfar an leochaileacht a shaothrú; |
|
77. |
á iarraidh ar eintitis phoiblí agus phríobháideachapointe teagmhála atá ar fáil go poiblí a chruthú inar féidir leochaileachtaí a thuairisciú ar bhealach comhordaithe agus freagrach, agus á iarraidh ar eagraíochtaí a fhaigheann faisnéis faoi leochaileachtaí ina gcóras gníomhú láithreach chun iad a shocrú; á mheas, nuair atá paiste ar fáil, gur cheart sainordú a thabhairt d’eagraíochtaí na bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun imscaradh tapa agus ráthaithe a áirithiú, mar chuid de phróiseas nochta comhordaithe agus freagrach; |
|
78. |
á mheas gur cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus daonna a leithdháileadh ar thaighde slándála agus ar leochaileachtaí éagsúla; |
|
79. |
á iarraidh ar na Ballstáit próisis chothromais leochaileachta a fhorbairt, arna bhforordú le dlí, lena gcinntear, mar réamhshocrú, nach mór leochaileachtaí a nochtadh agus gan iad a shaothrú, agus nach mór aon chinneadh imeacht uaidh sin a bheith ina eisceacht agus measúnú a dhéanamh air faoi na ceanglais maidir le riachtanas agus comhréireacht, lena n-áirítear an breithniú i dtaobh an mbaineann sciar mór den daonra úsáid as an mbonneagar a ndéanann an leochaileacht difear dó, agus a bheith faoi réir formhaoirseacht dhian ag comhlacht maoirseachta neamhspleách, chomh maith le nósanna imeachta agus cinntí trédhearcacha; |
Líonraí teileachumarsáide
|
80. |
á chur i bhfáth gur cheart ceadúnas aon tsoláthraí seirbhíse a bhfuarthas amach go bhfuil sé ag éascú rochtain neamhdhleathach ar bhonneagar comharthaíochta soghluaiste náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta thar gach glúin (faoi láthair 2G go 5G) a chúlghairm; |
|
81. |
á chur i bhfáth gur cheart rialáil níos fearr a dhéanamh ar napróisis trínar féidir le gníomhaithe mailíseacha uimhreacha teileafóin nua a chruthú ó gach cearn den domhan chun gníomhaíocht aindleathach a dhéanamh níos deacra a cheilt; |
|
82. |
á chur i bhfáth gur gá do sholáthraithe teileachumarsáide a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn acu mí-úsáid fhéideartha rochtana, rialaithe nó úsáide deiridh bonneagair comharthaíochta a fhaigheann tríú páirtithe trí chomhaontuithe tráchtála nó eile sa Bhallstát ina n-oibríonn siad a bhrath; |
|
83. |
á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla, i gcomhréir le forálacha Threoir NIS 2, meastóireacht ar leibhéal athléimneachta soláthraithe teileachumarsáide i leith ionraí neamhúdaraithe; |
|
84. |
á iarraidh ar sholáthraithe teileachumarsáide gníomhaíocht dhaingean agus inléirithe a dhéanamh chun maolú a dhéanamh ar na foirmeacha éagsúla chun tús a chur le trácht teileachumarsáide ag eilimint líonra chun rochtain a fháil ar na sonraí nó ar an tseirbhís a bhí beartaithe don úsáideoir dlisteanach, agus gníomhaíocht eile lena mbaineann cúbláil ar ghnáthoibríochtaí eilimintí líonra soghluaiste agus bonneagair chun críocha faireachais ag gníomhaithe mailíseacha, lena n-áirítear gníomhaithe ar leibhéal an stáit, chomh maith le grúpaí coiriúla; |
|
85. |
á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfuil rialú nó úsáid deiridh éifeachtach ar bhonneagar straitéiseach ag gníomhaithe stáit nach bhfuil san Aontas agus nach n-urramaíonn siad cearta bunúsacha, nó nach bhfuil tionchar acu ar chinntí a bhaineann le bonneagar straitéiseach laistigh den Aontas, lena n-áirítear bonneagar teileachumarsáide; |
|
86. |
á iarraidh ar na Ballstáit uile tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht níos mó i gcosaint an bhonneagair chriticiúil, amhail córais náisiúnta teileachumarsáide, chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa chosaint i gcoinne sáruithe príobháideachta, sceitheadh sonraí agus ionraí neamhúdaraithe, chun cearta bunúsacha na saoránach a chosaint; |
|
87. |
á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta inniúla neartú chumas na soláthraithe a chur chun cinn go gníomhach, chomh maith le cumais freagartha, chun tacú níos fearr le sainaithint daoine ar díríodh orthu go neamhdhleathach, le fógra a thabhairt agus le tuairisciú teagmhas, chun dearbhú agus maolú leanúnach, intomhaiste a sholáthar i leith shaothrú na mbearnaí slándála ag gníomhaithe mailíseacha neamh-AE agus intíre; |
Ríomh-Phríobháideachas
|
88. |
á iarraidh go nglacfaí go pras an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas ar bhealach a léiríonn go hiomlán an cásdlí maidir leis na srianta ar an tslándáil náisiúnta agus an gá atá le mí-úsáid teicneolaíochtaí faireachais a chosc, lena neartaítear an ceart bunúsach chun príobháideachais agus lena bhforáiltear do choimircí láidre agus d’fhorfheidhmiú éifeachtach; á chur i bhfios nár cheart go rachadh an raon feidhme le haghaidh idircheapadh dleathach thar an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas (2002/58/CE); |
|
89. |
á iarraidh go ndéanfar gach cumarsáid leictreonach, inneachar agus meiteashonraí a chosaint ar mhí-úsáid sonraí pearsanta agus cumarsáide príobháidí ag cuideachtaí príobháideacha agus údaráis rialtais; á chur i bhfios nár cheart uirlisí digiteacha sábháilteachta trí dhearadh amhail criptiú ó cheann go ceann a lagú; |
|
90. |
á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le ríomh-Phríobháideachas ag na Ballstáit ar fud AE, agus tús a chur le nósanna imeachta um shárú i gcás ina dtarlaíonn sáruithe; |
Ról Europol
|
91. |
á thabhairt dá haire go gcuirtear in iúl don Choiste i litir ó Europol chuig Cathaoirleach Choiste PEGA Aibreán 2023 go ndeachaigh Europol i dteagmháil leis an nGréig, leis an Ungáir, leis an mBulgáir, leis an Spáinn agus leis an bPolainn chun a fháil amach an ann d’aon imscrúduithe coiriúla nó fiosrúcháin eile atá ar siúl nó atá beartaithe faoi fhorálacha infheidhme an dlí náisiúnta, a bhféadfadh Europol tacú leo; á chur i bhfáth nach ionann cúnamh a thairiscint do na Ballstáit agus imscrúdú coiriúil a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú mar a leagtar síos in Airteagal 6; |
|
92. |
á iarraidh ar Europol lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí nuafhaighte faoi Airteagal 6 (1d) de Rialachán (AE) 2022/991, lena gcuirfear ar a chumas a mholadh d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann imscrúdú a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú, i gcás inarb ábhartha; á chur i bhfios gur faoi na Ballstáit atá sé, faoi Airteagal 6, an togra sin a dhiúltú; |
|
93. |
á iarraidh ar na Ballstáit uile gealltanas a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ról a thabhairt do Europol in imscrúduithe ar líomhaintí maidir le húsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe nuair a dhéantar togra faoi Airteagal 6 (1d) de Rialachán (AE) 2022/991; |
|
94. |
á iarraidh ar na Ballstáit clár a bhunú d’oibríochtaí náisiúnta umfhorfheidhmiú an dlí lena mbaineann úsáid earraí spiaireachta laistigh de Europol, inar cheart gach oibríocht a shainaithint le cód agus chun úsáid earraí spiaireachta ag rialtais a bheith san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe ar an Idirlíon ag Europol; |
|
95. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór machnamh a sheoladh faoi ról Europol i gcás ina mainníonn nó ina ndiúltaíonn údaráis náisiúnta imscrúdú a dhéanamh agus go bhfuil bagairtí soiléire ann do leasanna agus do shlándáil AE; |
Beartais forbartha an Aontais
|
96. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS sásraí rialaithe níos déine a chur chun feidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh cabhair um fhorbairt an Aontais, lena n-áirítear deonú teicneolaíochta faireachais agus oiliúint in imscaradh bogearraí faireachais, uirlisí agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú nó a éascú a d’fhéadfadh cur isteach ar phrionsabail an daonlathais, an dea-rialachais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, nó ar bagairt iad ar an tslándáil idirnáisiúnta nó ar shlándáil bhunriachtanach an Aontais agus a Chomhaltaí; á thabhairt dá haire gur cheart critéir shonracha rialaithe agus sásraí forfheidhmithe a bheith sna measúnuithe ón gCoimisiún ar chomhlíonadh dhlí an Aontais, go háirithe an Rialachán Airgeadais, chun an mhí-úsáid sin a chosc, lena n-áirítear an fhéidearthacht tionscadail shonracha a chur ar fionraí go sealadach má bhraitear sárú ar na prionsabail sin; |
|
97. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS nós imeachta faireacháin maidir le mí-úsáid fhéideartha faireachais a áireamh i ngach measúnú tionchair ar chearta an duine agus ar chearta bunúsacha, lena gcuirtear san áireamh go hiomlán Airteagal 51 den Chairt laistigh de bhliain amháin [tar éis fhoilsiú mholtaí PEGA]; á chur i bhfáth nach mór an nós imeachta sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle agus nach mór an measúnú tionchair sin a dhéanamh sula dtabharfar tacaíocht do thíortha nach Ballstáit den Aontas; |
|
98. |
á iarraidh ar SEGS tuairisciú a dhéanamh ar mhí-úsáid earraí spiaireachta i gcoinne chosantóirí chearta an duine i dTuarascáil Bhliantúil AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas; |
Rialacháin airgeadais an Aontais
|
99. |
á thabhairt chun suntais nach mór urraim do chearta an duine ag an earnáil airgeadais a fheabhsú; á chur i bhfáth nach mór moltaí 10+ Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine a thrasuí i ndlí an Aontais agus gur cheart feidhm iomlán a bheith ag an Treoir um Dhícheall Cuí maidir leis an earnáil airgeadais, chun urraim don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta a áirithiú san earnáil airgeadais; |
|
100. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di impleachtaí chinneadh CBAE maidir le Treoir (AE) 2018/843 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta (36), trína ndearnadh rialú neamhbhailí ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas corparáideach agus dlíthiúil arna bhunú i gClár Náisiúnta um Úinéireacht Thairbhiúil (UBO) a bhfuil rochtain ag an bpobal air (37); á chur i bhfáth, agus cinneadh CBAE á chur san áireamh, gur cheart go gceadófaí leis an treoir a bheidh ann amach anseo an oiread inrochtaineachta poiblí agus is féidir, ionas go mbeidh sé níos deacra ceannacháin nó díolacháin earraí spiaireachta a cheilt trí chuideachtaí ionadacha agus bróicéirí; |
Obair leantach ar rúin na Parlaiminte
|
101. |
á iarraidh go ndéanfaí obair leantach phráinneach ar rún na Parlaiminte an 12 Márta 2014 ón bParlaimint maidir le clár faireachais Údarás Slándála Náisiúnta (NSA) Stáit Aontaithe Mheiriceá, le cuideachtaí faireachais i mBallstáit éagsúla agus leis an tionchar a imríonn siad ar chearta bunúsacha shaoránaigh AE agus ar an gcomhar trasatlantach i gCeartas agus Gnóthaí Baile; á chur i bhfáth gur gá na moltaí atá ann a dhéanamh mar ábhar práinne; |
|
102. |
á chur i bhfáth, in ainneoin gur cheart maoirseacht ar ghníomhaíochtaí seirbhísí faisnéise a bheith bunaithe ar dhlisteanacht dhaonlathach (creat dlíthiúil láidir, údarú ex ante agus fíorú ex post) agus cumas teicniúil leordhóthanach agus saineolas teicniúil leordhóthanach, tá easpa as cuimse i leith an dá rud sin ag baint le formhór chomhlachtaí maoirseachta reatha AE agus SAM, go háirithe na cumais theicniúla; |
|
103. |
á iarraidh, mar a rinne sé i gcás Echelon, ar na parlaimintí náisiúnta uile nach ndearna amhlaidh go fóill maoirseacht fhóinteach a shuiteáil ar ghníomhaíochtaí faisnéise ag parlaiminteoirí nó ag sainchomhlachtaí a bhfuil cumhachtaí dlíthiúla acu imscrúdú a dhéanamh; á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta a áirithiú go mbeidh acmhainní, saineolas teicniúil agus modhanna dlíthiúla leordhóthanacha ag na coistí maoirseachta/comhlachtaí maoirseachta sin, lena n-áirítear an ceart cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, chun a bheith in ann rialú éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí faisnéise; |
|
104. |
á iarraidh go mbunófaí Grúpa Ardleibhéil chun moltaí agus céimeanna breise a mholadh, ar bhealach trédhearcach agus i gcomhar le parlaimintí, le haghaidh formhaoirseacht dhaonlathach fheabhsaithe, lena n-áirítear maoirseacht pharlaiminteach, ar sheirbhísí faisnéise agus comhar méadaithe formhaoirseachta in AE, go háirithe a mhéid a bhaineann lena ghné thrasteorann; |
|
105. |
á mheas gur cheart don ghrúpa ardleibhéil sin an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
106. |
á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige comhdháil a eagrú le comhlachtaí maoirseachta náisiúnta, bíodh sí parlaiminteach nó neamhspleách; |
|
107. |
á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as dea-chleachtais chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag a gcomhlachtaí maoirseachta ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí faisnéise, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis ó sheirbhísí eile agus an chumhacht a bhunú chun cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, tacar láidir cumhachtaí ceistiúcháin, acmhainní leormhaithe agus saineolas teicniúil, neamhspleáchas docht vis-à-vis a rialtais faoi seach, agus oibleagáid tuairiscithe dá bparlaimintí faoi seach; |
|
108. |
á iarraidh ar na Ballstáit comhar a fhorbairt i measc comhlachtaí maoirseachta; |
|
109. |
á iarraidh ar an gCoimisiún togra le haghaidh nós imeachta imréitigh slándála de chuid an Aontais a thíolacadh do shealbhóirí oifige uile an Aontais, ós rud é go bhforáiltear leis an gcóras reatha, a bhraitheann ar an imréiteach slándála arna dhéanamh ag an mBallstát saoránachta, do cheanglais éagsúla agus do fhad na nósanna imeachta laistigh de na córais náisiúnta, rud a fhágann go gcaithfear ar bhealach éagsúil le Feisirí na Parlaiminte agus lena bhfoireann ag brath ar a náisiúntacht; |
|
110. |
ag meabhrú gurb ann d’fhorálacha an chomhaontaithe idirinstitiúidigh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, agus a láimhseáil aici, maidir le hábhair seachas na hábhair sin i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, ar cheart í a úsáid chun maoirseacht ar leibhéal an Aontais a fheabhsú; |
Cláir thaighde an Aontais
|
111. |
á iarraidh go ndéanfaí sásraí rialaithe níos déine agus níos éifeachtaí a chur chun feidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh cistí taighde an Aontais uirlisí a chistiú nó a éascú, lena n-áirítear uirlisí spiaireachta agus faireachais, a sháraíonn luachanna AE; á thabhairt dá haire gur cheart critéir shonracha rialaithe a bheith sna measúnuithe ar chomhlíonadh dhlí an Aontais chun na mí-úsáidí sin a chosc; á iarraidh go gcuirfí deireadh le cistí taighde an Aontais d’eintitis atá nó a bhí rannpháirteach in éascú díreach nó indíreach sáruithe ar chearta an duine le huirlisí faireachais; |
|
112. |
á chur i bhfáth nár cheart maoiniú AE don taighde, amhail comhaontuithe Fís Eorpach le tíortha nach bhfuil san Aontas, a úsáid chun cur le forbairt earraí spiaireachta agus teicneolaíochtaí coibhéiseacha; |
Saotharlann Teicneolaíochta AE
|
113. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur, gan mhoill, le hinstitiúid taighde Eorpach idirdhisciplíneach atá á reáchtáil go neamhspleách a chruthú, agus béim á leagan ar thaighde agus ar fhorbairt ag an nasc idir teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, cearta bunúsacha agus slándáil; á chur i bhfáth gur cheart don institiúid sin oibriú le saineolaithe, leis an saol acadúil agus le hionadaithe na sochaí sibhialta, chomh maith le bheith oscailte do rannpháirtíocht saineolaithe agus institiúidí na mBallstát; |
|
114. |
á chur i bhfáth go rannchuideodh an institiúid le feasacht, sannadh agus cuntasacht níos fearr san Eoraip agus lasmuigh di, chomh maith le bonn tallainne na hEorpa agus ár dtuiscint ar an gcaoi a bhforbraíonn, a choinníonn, a ndíolann agus a chuireann díoltóirí earraí spiaireachta ar fáil do thríú páirtithe a leathnú; |
|
115. |
á mheas gur cheart é a chur de chúram ar an institiúid úsáid neamhdhleathach bogearraí chun críocha faireachais neamhdhleathaigh a fhionnadh agus a nochtadh, tacaíocht dhlíthiúil agus theicneolaíoch atá inrochtana agus saor in aisce a chur ar fáil, lena n-áirítear scagthástáil fóin chliste do dhaoine aonair a bhfuil amhras fúthu gur díríodh orthu le hearraí spiaireachta agus leis na huirlisí is gá chun earraí spiaireachta a bhrath, taighde anailíseach fóiréinseach a dhéanamh d’imscrúduithe breithiúnacha agus tuairisciú go rialta ar úsáid agus ar mhí-úsáid earraí spiaireachta in AE, agus nuashonruithe teicneolaíocha á gcur san áireamh; á mheas gur cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil go bliantúil agus í a tharchur chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle; |
|
116. |
ag moladh don Choimisiún Saotharlann Teicneolaíochta AE a chur ar bun i ndlúthchomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-AE) agus ENISA agus go rachadh sé i gcomhairle leis na saineolaithe ábhartha agus Saotharlann Teicneolaíochta AE á bunú chun foghlaim ó na dea-chleachtais sa réimse acadúil; |
|
117. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cistiú leormhaith a áirithiú do Shaotharlann Teicneolaíochta an Aontais; |
|
118. |
ag moladh don Choimisiún scéim deimhniúcháin a chur ar aghaidh chun anailís agus fíordheimhniú a dhéanamh ar ábhar fóiréinseach; |
|
119. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hacmhainneacht na sochaí sibhialta ar fud an domhain chun athléimneacht i gcoinne ionsaithe earraí spiaireachta a neartú agus chun cúnamh agus seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh; |
An smacht reachta
|
120. |
á chur i bhfáth go bhfuil an tionchar a bhíonn ag úsáid neamhdhlisteanach earraí spiaireachta i bhfad níos suntasaí sna Ballstáit, ina mbeadh na húdaráis a mbeadh sé de chúram orthu de ghnáth imscrúdú a dhéanamh, sásamh a sholáthar do dhaoine ar díríodh orthu agus cuntasacht a áirithiú, á ghabháil ag an stát agus i gcás ina bhfuil géarchéim smachta reachta ann agus ina bhfuil neamhspleáchas na breithiúnachta i mbaol, nach féidir brath ar na húdaráis náisiúnta; |
|
121. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear bosca uirlisí an Smachta Reachta chun feidhme go héifeachtach, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Ciste dlíthíochta an Aontais
|
122. |
á iarraidh go mbunófaí, gan moill mhíchuí, Ciste Dlíthíochta de chuid an Aontais chun na costais dlíthíochta iarbhír a chumhdach agus chun a chur ar chumas na ndaoine ar díríodh orthu le hearraí spiaireachta sásamh leormhaith a lorg, lena n-áirítear damáistí as úsáid neamhdhleathach earraí spiaireachta ina n-aghaidh, i gcomhréir leis an Réamhbheart a ghlac Parlaimint na hEorpa in 2017, chun ‘ciste AE do thacaíocht airgeadais a chruthú chun cásanna a bhaineann le sáruithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha a chur chun dlí’; |
Institiúidí an Aontais
|
123. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa gníomhaíochta ón gCoimisiún go dtí seo, agus ag tathant ar an gCoimisiún lánúsáid a bhaint as a chumhachtaí uile mar chaomhnóir na gConarthaí, agus imscrúdú cuimsitheach agus domhain a dhéanamh ar mhí-úsáid agus ar thrádáil earraí spiaireachta san Aontas; |
|
124. |
ag tathant ar an gCoimisiún fiosrúchán iomlán a dhéanamh ar gach líomhain agus amhras maidir le húsáid earraí spiaireachta i gcoinne a oifigeach, agus tuairisciú don Pharlaimint, agus do na húdaráis forfheidhmithe dlí atá freagrach i gcás inar gá; |
|
125. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tascfhórsa speisialta a bhunú, ina mbeidh na coimisiúin toghcháin náisiúnta rannpháirteach, agus é tiomanta do thoghcháin Eorpacha 2024 a chosaint ar fud an Aontais; á mheabhrú gur bagairt do phróisis toghcháin na hEorpa é ní hamháin cur isteach eachtrach ach cur isteach inmheánach freisin; á chur i bhfáth, i gcás mí-úsáid uirlisí faireachais forleataigh, amhail Pegasus, go bhféadfadh sé go ndéanfaí difear do na toghcháin; |
|
126. |
á thabhairt dá haire go bhfuair Coiste PEGA freagra comhchoiteann ón gComhairle maidir le fiosruithe Pharlaimint na hEorpa ar gach Ballstát aonair go dtí an lá roimh fhoilsiú na dréacht-tuarascála, thart ar 4 mhí tar éis na litreacha ón bParliamint; á chur in iúl gur cúis díomá di an easpa gníomhaíochta ón gComhairle Eorpach agus ó Chomhairle na nAirí, agus á iarraidh go mbeadh Cruinniú Mullaigh tiomnaithe den Chomhairle Eorpach ann, i bhfianaise mhéid na bagartha don daonlathas san Eoraip; |
|
127. |
á iarraidh ar Chomhairle AE aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a bhaineann le húsáid earraí spiaireachta agus a thionchar ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE le linn éisteachtaí a eagraítear faoi Airteagal 7(1) CAE; |
|
128. |
á iarraidh ar an gComhairle cuireadh buan chun chruinnithe an Choiste Slándála sa Chomhairle a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, dá bhforáiltear in Airteagal 17(2)de Rialacha Slándála na Comhairle, 2013; |
|
129. |
ag glacadh an tseasaimh gur cheart go mbeadh lánchumhachtaí fiosrúcháin ag an bParlaimint, lena n-áirítear rochtain níos fearr ar fhaisnéis rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe, an chumhacht finnéithe a thoghairm, chun a cheangal go foirmiúil ar fhinnéithe fianaise a thabhairt faoi mhionn agus faisnéis a iarrtar a sholáthar laistigh de spriocdhátaí sonracha; ag athdhearbhú sheasamh na Parlaiminte ina togra an 23 Bealtaine 2012 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (39); á iarraidh ar an gComhairle gníomhú láithreach maidir leis an togra sin le haghaidh rialacháin chun ceart cuí fiosrúcháin a cheadú do Pharlaimint na hEorpa; |
|
130. |
ag aithint iarrachtaí na Parlaiminte maidir le hionfhabhtuithe earraí spiaireachta a bhrath; á mheas, áfach, gur cheart cosaint na foirne a neartú, ag féachaint do phribhléidí agus díolúintí na ndaoine sin a ndearnadh spiaireacht orthu; á mheabhrú gur ionsaí ar neamhspleáchas agus ar cheannasacht na hinstitiúide é aon ionsaí ar chearta polaitiúla Feisire, chomh maith le hionsaí ar chearta vótálaithe; |
|
131. |
á iarraidh ar Bhiúró na Parlaiminte prótacal a ghlacadh le haghaidh cásanna inar díríodh go díreach nó go neamhdhíreach ar chomhaltaí nó ar fhoireann an Tí le hearraí spiaireachta agus á chur i bhfios go láidir nach mór don Pharlaimint gach cás a thuairisciú do na húdaráis fhreagracha forfheidhmithe dlí; á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint cúnamh dlí agus teicniúil a sholáthar sna cásanna sin; |
|
132. |
á bheartú go nglacfaidh sí an tionscnamh comhdháil idirinstitiúideach a sheoladh ina gcaithfidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún díriú ar athchóirithe rialachais lena neartaítear cumas institiúideach an Aontais freagairt go leormhaith d’ionsaithe ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ón taobh istigh agus chun a áirithiú go bhfuil modhanna éifeachtacha fornáisiúnta ag an Aontas chun na Conarthaí agus an dlí tánaisteach a fhorfheidhmiú i gcás neamhchomhlíonadh ag Ballstáit; |
|
133. |
á iarraidh go nglacfaí go pras an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022)0122) agus cur chun feidhme pras agus dianfhorfheidhmiú ina dhiaidh sin, chun laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hionfhabhtuithe earraí spiaireachta na bhfeistí agus na gcóras a úsáideann foireann agus polaiteoirí institiúidí an Aontais; |
|
134. |
á iarraidh ar AE Coinbhinsiún 108+ a shíniú; |
|
135. |
á iarraidh ar an Ombudsman Eorpach plé a thionscnamh laistigh de Líonra Eorpach na nOmbudsman maidir leis an tionchar atá ag mí-úsáid faireachais fhorleataigh ar phróisis dhaonlathacha agus ar chearta na saoránach; á iarraidh ar an líonra moltaí a fhorbairt maidir le sásamh éifeachtach agus fónta ar fud AE; |
Gníomh reachtach
|
136. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a chur ar aghaidh go pras ar bhonn an mholta sin; |
o
o o
|
137. |
á threorú dá hUachtarán an moladh sin a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol. |
(1) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.
(2) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(3) IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.
(4) IO L 218, 14.8.2013, lch. 8.
(5) IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.
(6) IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13.
(7) IO L 174 I, 18.5.2021, lch. 1.
(8) IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.
(9) IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.
(10) IO L 98, 25.3.2022, lch. 72.
(11) IO L 156, 19.6.2018, lch. 43.
(12) Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022, C-37/20, WM agus Sovim SA v Luxembourg Business Registers, ECLI:EU:C:2022:912.
(13) https://www.ohchr.org/Documents/Publications/GuidingPrinciplesBusinessHR_GA.pdf
(14) https://www.coe.int/en/web/commissioner/-/highly-intrusive-spyware-threatens-the-essence-of-human-rights
(15) https://edps.europa.eu/system/files/2022-02/22-02-15_edps_preliminary_remarks_on_modern_spyware_en_0.pdf
(16) IO C 378, 9.11.2017, lch. 104.
(17) https://www.ohchr.org/en/press-releases/2023/02/spain-un-experts-demand-investigation-alleged-spying-programme-targeting
(18) https://www.venice.coe.int/webforms/documents/default.aspx?pdffile=CDL-AD(2015)010-e
(19) https://www.venice.coe.int/webforms/documents/default.aspx?pdffile=CDL-AD(2016)012-e
(20) Dlí um Rialú Onnmhairithe Cosanta 5766-2007, Aireacht Cosanta Iosrael.
(21) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM%3A2022%3A434%3AFIN&qid=1662029750223.
(22) https://www.echr.coe.int/documents/fs_mass_surveillance_eng.pdf
(23) ‘Faireachas agus cearta an duine’, tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta maidir leis an gceart chun saoirse tuairimíochta agus cainte a chur chun cinn agus a chosaint, A/HRC/41/35, 2019.
(24) Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ‘Scannal na n-earraí spiaireachta: Iarrann saineolaithe na Náisiún Aontaithe moratóir ar theicneolaíocht faireachais atá ina “bhagairt don bheatha” a dhíol’.
(25) https://www.wto.org/english/tratop_e/gproc_e/gpa_1994_e.htm.
(26) https://research-and-innovation.ec.europa.eu/news/all-research-and-innovation-news/israel-joins-horizon-europe-research-and-innovation-programme-2021-12-06_en.
(27) https://webgate.ec.europa.eu/dashboard/extensions/CountryProfile/CountryProfile.html?Country=Israel https://elbitsystems.com/products/comercial-aviation/innovation-rd/.
(28) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(29) Cinneadh i gcás 1904/2021/MHZ, ar fáil ag https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/163491.
(30) An Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, Faireachas ó sheirbhísí faisnéise: coimircí agus leigheasanna maidir le cearta bunúsacha san Aontas Eorpach — Achoimre ar Imleabhar II, 2017, https://fra.europa.eu/en/publication/2017/surveillance-intelligence-services-fundamental-rights-safeguards-and-remedies-eu.
(31) https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2017-surveillance-intelligence-services-vol-2-summary_en.pdf.
(32) Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Cás C-623/17, Privacy International v An Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhlathais agus Eile, AE:C:2020:790, mír 44 agus Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, Cásanna Uamtha C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, La Quadrature du Net agus Daoine Eile v Premier ministre agus Daoine Eile, AE:C:2020:791, mír 99: Toisc go ndearnadh beart náisiúnta chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, ní féidir dlí an Aontais a dhéanamh neamh-infheidhme ná díolúine a thabhairt do na Ballstáit ón oibleagáid atá orthu an dlí sin a chomhlíonadh’.
(33) Déantar foráil don mheasúnú sin i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine lena leagtar síos an dualgas cruthúnais leis an Stát/Reachtóir. Áirítear an méid seo a leanas i gcásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine: Roman Zakharov v. An Rúis (Iarratas Uimh. 47143/06), an 4 Nollaig 2015; Szabó agus Vissy v. An Rúis (Iarratas Uimh. 37138/14), an 12 Eanáir 2016; Big Brother Watch agus Daoine Eile v. an An Ríocht Aontaithe (uimhir iarratais 58170/13, 62322/14 agus 24969/15), an 25 Bealtaine 2021 agus Centrum för rättvisa v. An tSualainn (iarratas Uimh. 35252/08), an 25 Bealtaine 2021.
(34) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(35) Togra an 15 Meán Fómhair 2022 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020, (COM(2022)0454).
(36) Breithiúnas an 22 Samhain 2022, Cásanna Uamtha C-37/20 agus C-601/20, AE:C:2022:912.
(37) CBAE. Preaseisiúint Uimh. 188/22, Breithiúnas na Cúirte i gCásanna Uamtha C-37/20 agus C-601/20.
(38) Na Prionsabail Dhomhanda maidir leis an tSlándáil Náisiúnta agus an Ceart chun Faisnéise, Meitheamh 2013.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/494/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)