|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/492 |
23.1.2024 |
P9_TA(2023)0249
Ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nithe eile a tháinig chun solais
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nochtaí eile (2022/2080(INI))
(C/2024/492)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Eanáir 2021 dar teideal ‘Faisnéis chánach a úsáid san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme’, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2021’. |
|
— |
ag féachaint do chinneadh ón Ombudsman Eorpach an 16 Bealtaine 2022 ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún Eorpach an dúshlán a bhaineann le haistrithe ‘doirse imrothlacha’ a bhall foirne (Cás OI/1/2021/KR), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 le tograí don Choimisiún maidir le scéimeanna um shaoránacht agus cónaí trí infheistíocht (1), |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 28 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Tá iarrachtaí an Aontais ar an sciúradh airgid san earnáil baincéireachta a chomhrac ina n-iarrachtaí ilroinnte agus níl an cur chun feidhme ina chur chun feidhme leordhóthanach’, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 dar teideal ‘Beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí úrnua eile’ (2), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le liosta an Aontais de na tearmainn chánach a athchóiriú (3), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le ‘cur chun feidhme cheanglais an Aontais i leith faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní le sárú, (4), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le beartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú) (5), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Páipéir Pandora: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac (6), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0095/2023), |
|
A. |
de bhrí gur sceitheadh mór sonraí a bhí i bPáipéir Pandora, ar páipéir iad ar thosaigh an Cuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha á bhfoilsiú an 3 Deireadh Fómhair 2021, lenar doiciméadaíodh úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach atá bunaithe i ndlínsí rúndachta; |
|
B. |
de bhrí gur sceitheadh 2,94 terabytes sonraí chuig an gCuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ) agus gur roinneadh iad le comhpháirtithe na meán ar fud an domhain; de bhrí go dtéann cuid de na comhaid siar go dtí na 1970idí, ach gur cruthaíodh an chuid is mó díobh siúd a ndearna ICIJ athbhreithniú orthu idir 1996 agus 2020; de bhrí go gcuimsítear níos mó ná 330 pearsa pholaitiúil agus oifigeach poiblí ó nach mór 100 tír sa sceitheadh sonraí nua, de réir tuairisce, lena n-áirítear 35 de chinn stáit nó rialtais reatha nó iar-chinn stáit nó rialtais; |
|
C. |
de bhrí gur nochtaíodh i bpáipéir Pandora an chaoi a dtugann idirghabhálaithe, amhail bainc, cuntasóirí agus gnólachtaí dlí, cúnamh do dhaoine aonair ag a bhfuil glanfhiúchas ard, lena n-áirítear daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, coirpigh, oifigigh phoiblí agus daoine cáiliúla, chun struchtúir chorparáideacha chasta a dhearadh atá cláraithe i ndlínsí rúndachta nó i dtearmainn chánach i ndlúthchomhar le soláthraithe seirbhíse gairmiúla amach ón gcósta, chun ioncam agus sócmhainní a chosaint ó chánachas, smachtbhannaí agus oibleagáidí dlíthiúla eile agus chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chumasú b’fhéidir; |
|
D. |
de bhrí, ar an drochuair, go raibh roinnt cinnteoirí ardleibhéil AE i bPáipéir Pandora freisin; |
|
E. |
de bhrí go n-áirítear ar na gníomhaíochtaí a tugadh chun solais i bPandora mí-úsáid cuideachtaí, fondúireachtaí agus iontaobhas caoch chun na gcríoch seo a leanas: maoin agus só-earraí a cheannach go hanaithnid, agus infheistíochtaí a dhéanamh agus airgead a aistriú idir cuntais bhainc chun críocha neamhdhleathacha, seachaint cánach agus coireanna airgeadais a dhéanamh, lena n-áirítear sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; |
|
F. |
de bhrí gurb iad Pandora an sceitheadh mór sonraí is déanaí chun oibriú inmheánach an domhain airgeadais amach ón gcósta a nochtadh, ag leanúint ar aghaidh ó Lux Leaks in 2014, Swiss Leaks in 2015, Páipéir Phanama in 2016, Páipéir Pharthais in 2017, Mauritius Leaks in 2019, Luanda Leaks agus Comhaid FinCEN in 2020, agus Lux Letters in 2021; |
|
G. |
de bhrí, de réir taighde (8), gurbh é EUR 7 900 billliún méid an rachmais airgeadais a bhí i dtearmainn chánach in 2017; de bhrí go bhfuil an méid sin coibhéiseach le 8 % d’olltáirgeacht intíre an domhain; de bhrí, mar thoradh air sin, go mbíonn caillteanas ioncaim cánach de thart ar EUR 155 bhilliún in aghaidh na bliana ar fud an domhain; |
|
H. |
de bhrí go dtugtar le fios i bPáipéir Phanama agus i Swiss Leaks gur leis an 0,01 % is saibhre de dhaoine thart ar 50 % dá rachmas i dtearmainn chánach, agus go bhfuil siad ag seachaint thart ar 25 % dá ndliteanas cánach trí shócmhainní agus ioncam infheistíochta a cheilt thar lear, rud a fhágann gur saincheist neamhionannais í an imghabháil cánach freisin (9); |
|
I. |
de bhrí go ndéanann na cleachtais a thuairiscítear i bPáipéir Pandora neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha inár sochaithe a dhaingniú tuilleadh agus go gcuireann siad go mór leis an gcreimeadh ar mhuinín na saoránach as an smacht reachta agus as ár gcóras eacnamaíoch agus daonlathach; de bhrí go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh an ceartas sóisialta agus eacnamaíoch a chothú sa ghéarchéim atá os comhair AE faoi láthair mar gheall ar an gcogadh ina ndearnadh ionsaí ar an Úcráin agus i ngeall ar an ngéarchéim maidir le costas maireachtála a tháinig chun cinn; |
|
J. |
de bhrí gur coir phreideacáide iad coireanna cánach do sciúradh airgid faoi dhlí AE agus faoi chaighdeáin idirnáisiúnta; de bhrí, cé nach bhfuil gach aon cheann de na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bPandora ina gníomhaíocht aindleathach nó choiriúil, d’fhéadfaí gurb ionann iad agus seachaint cánach agus mí-úsáid ar an rúndacht chorparáideach; |
|
K. |
de bhrí gur gheall na páirtithe i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa, an doiciméad toraidh de chuid an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta, go gcuirfí feabhas ar riarachán ioncaim trí chórais chánach nuachóirithe, fhorásacha agus trí bhailiú cánach níos éifeachtúla, agus go ndéanfaí comhar idirnáisiúnta cánach a mhéadú; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil sciar níos airde d’ioncam cánach agus d’olltáirgeacht intíre i gceist le cáin ioncaim chorparáide i dtíortha i mbéal forbartha ná i dtíortha saibhre (10); de bhrí go meastar go bhfuil caillteanais mar gheall ar chánachas corparáideach domhanda i dtíortha i mbéal forbartha idir 6 % agus 13 % den ioncam cánach iomlán, i gcomparáid le 2 % go 3 % sna tíortha ar comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) iad (11); |
|
M. |
de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur tháinig Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis ar chomhaontú maidir le réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair; de bhrí, áfach, gur chuir roinnt tíortha i mbéal forbartha (mar shampla, an Chéinia agus an Nigéir) in iúl go bhfuil imní orthu faoin gcomhaontú domhanda sin maidir le cáin chorparáide, nó gur dhiúltaigh siad é a fhormhuiniú fiú; |
|
N. |
de bhrí, de réir an tuarascáil dar teideal ‘Tax Transparency in Africa 2022: Africa Initiative Progress Report’, go meastar gurb ionann sreabha aindleathacha airgeadais (IFFanna) agus USD 50–80 billiún (EUR 48–77 billiún) san Afraic in aghaidh na bliana; |
|
O. |
de bhrí gur iarr Grúpa na hAfraice sna Náisiúin Aontaithe in 2019 go mbeadh coinbhinsiún cánach de chuid na Náisiún Aontaithe ina uirlis thábhachtach chun dul i ngleic le IFFanna; de bhrí, i mí Feabhra 2021, go ndearna an Painéal Ardleibhéil maidir le Cuntasacht, Trédhearcacht agus Sláine Airgeadais Idirnáisiúnta chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach (Painéal FACTI) togra le haghaidh coinbhinsiún cánach de chuid na Náisiún Aontaithe a áireamh freisin mar phríomhmholadh ina thuarascáil chríochnaitheach; |
|
P. |
de bhrí nach ndearna an Coimisiún ná an Chomhairle obair leantach iomlán ar mholtaí na Parlaiminte tar éis Pháipéir Pandora ina rún an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Páipéir Pandora: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac; |
|
Q. |
de bhrí gur seoladh líon beag tionscnamh reachtach Eorpach chun dul i ngleic le cleachtais chánach dhíobhálacha a mheallann daoine aonair ardfhiúntacha nó daoine aonair a bhfuil só-shócmhainní acu; |
|
R. |
de bhrí, d’ainneoin scannail chánach agus athchóirithe reachtacha a bheith ann le deich mbliana anuas in AE, nach leor an dul chun cinn atá déanta ar an leibhéal domhanda chun srian a chur leis an rúndacht chorparáideach agus le himghabháil cánach agus seachaint cánach eischósta, mar a léiríodh i bPáipéir Pandora; de bhrí go bhfuil an easpa trédhearcachta, lena n-áirítear maidir le comhroinnt idirnáisiúnta faisnéise, ina bunchúis shuntasach le sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann le cáin; |
|
S. |
de bhrí go dtugtar aghaidh leis an gcomhaontú maidir le réiteach dhá cholún ar a tháinig Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis i mí Dheireadh Fómhair 2021 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair; de bhrí gur cháin tíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear an Fóram Afracach um Riarachán Cánach, an réiteach toisc go ndéantar neamhshuim dá leasanna leis agus toisc nach dtugann sé aghaidh go leordhóthanach ar na lúba ar lár sonracha lena gcuirtear teorainn le cearta cánachais thíortha na hAfraice; |
Breithnithe ginearálta
|
1. |
á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag iriseoirí agus ag sceithirí maidir le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an dlí cánach a imscrúdú agus a nochtadh, chomh maith le héilliú, coireacht eagraithe agus sciúradh airgid; á chur in iúl go measann sí gur gá rúndacht fhoinsí na hiriseoireachta iniúchta a chosaint tuilleadh, lena n-áirítear sceithirí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil córas casta na dtearmann cánach nochta ag iriseoirí iniúchta, na gcuideachtaí caoch agus cuntas eischósta, ar daoine iad a n-úinéirí tairbhiúla a mbeadh spéis ag an bpobal iontu; |
|
2. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé saoirse iriseoirí a chosaint chun tuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail gan aghaidh a thabhairt ar bhagairt na gníomhaíochta costasaí dlí, lena n-áirítear nuair a fhaigheann siad doiciméid rúnda, sicréide, nó shrianta, tacair sonraí nó ábhair eile, beag beann ar a dtionscnamh; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh Treoir ón gCoimisiún maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí-úsáideach (12), ar a dtugtar an Treoir frith-SLAPP freisin (Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail); ag meabhrú na n-ualaí ollmhóra airgeadais agus síceolaíochta a chuireann SLAPPanna ar obair iriseoirí agus oibrithe sna meáin, a bhfuil éifeacht fhuaraitheach acu freisin agus a mbíonn féinchinsireacht mar thoradh orthu; á chur i bhfios go láidir nach mór a áireamh i dtreoir láidir AE maidir le frith-SLAPP forálacha soiléire maidir le sásraí luathfhostaithe agus smachtbhannaí éifeachtacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais, i gcoinne tionscnóirí SLAPPanna; á chur i bhfáth nach féidir creat éifeachtach frith-SLAPP a bheith ann in éagmais bearta comhlántacha comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht frith-SLAPP a ghlacadh chun dul i ngleic le cásanna dlí intíre i gcoinne rannpháirtíocht an phobail; |
|
4. |
á chur i bhfáth gur minic a bhíonn iriseoirí iniúchta agus oibrithe sna meáin faoi dhianbhrú airgeadais agus go mbíonn deacrachtaí suntasacha acu maidir le hacmhainní airgeadais a fháil do thionscadail a dhéanfadh imscrúdú ar an gcoireacht chánach, ar an éilliú nó ar an gcoireacht eagraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí eile chun an cistiú atá ar fáil d’earnáil na meán a mhéadú, lena n-áirítear trí chiste buan tiomnaithe a bhunú don iriseoireacht iniúchta; |
|
5. |
á thabhairt chun suntais an iliomad cásanna a tháinig chun solais le déanaí inar úsáideadh earraí spiaireachta chun faireachas a dhéanamh ar iriseoirí in AE agus ag tabhairt dá haire gur cúis mhór imní iad sin; |
|
6. |
á chur in iúl gur saoth léi gur dúnmharaíodh iriseoirí, amhail Peter Rudolf de Vries, Daphne Caruana Galizia agus Ján Kuciak mar thoradh ar ar thug siad chun solais mar chuid dá n-obair iriseoireachta; á thabhairt chun suntais a leochailí atá iriseoirí neamhspleácha agus oibrithe sna meáin i leith bagairtí agus ionsaithe in éagmais creat reachtach láidir Eorpach a bheith ann chun iad a chosaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di Moladh (EU) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (13); á chur i bhfáth, mar sin féin, nach féidir é sin a mheas ach mar thúsphointe agus á iarraidh go nglacfar gníomhaíocht phráinneach i ndáil le bearta ceangailteacha a bhunú chun cosaint iriseoirí agus oibrithe sna meáin a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh |
|
7. |
á thabhairt dá haire gur athbhreithnigh an Eilvéis a hAcht Cónaidhme maidir le Bainc agus Bainc Thaisce maidir le rúndacht baincéireachta faoi chuimsiú ghlacadh an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe (CRS) chun faisnéis a mhalartú maidir le cuntais airgeadais; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, go bhfuil rúndacht baincéireachta fós i bhfeidhm le haghaidh faisnéis nach dtagann faoi CRS; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil feidhm fós ag rialacha maidir le rúndacht baincéireachta san Eilvéis maidir le dlínsí nach cuid de CRS iad agus maidir le náisiúnaigh de chuid na hEilvéise, lena n-áirítear iriseoirí na hEilvéise, ina mínítear cén fáth nár ceadaíodh d’iriseoirí na hEilvéise tuairisciú ar Pháipéir Pandora ar dtús nó a bheith mar chuid den chuibhreannas imscrúdaitheach; á chur in iúl gur geal léi aon athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar Airteagal 47 d’Acht Cónaidhme na hEilvéise maidir le Bainc agus Bainc Thaisce chun saoirse chuí an phreasa a choimirciú; |
|
8. |
á chur in iúl gur oth léi gur mhainnigh 24 Bhallstát trasuí agus cur in iúl thrasuí na Treorach maidir le Sceithirí (14) laistigh den spriocdháta; á chur in iúl gur geal léi gur thionscain an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh 19 mBallstát ar a laghad toisc nach ndearna siad an treoir a thrasuí; á chur i bhfios go bhfuil cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialacha reatha ríthábhachtach; á chur in iúl gur oth léi úsáid leathnaithe comhaontuithe rúndachta d’fhostaithe san earnáil chorparáideach gan comhairle dlí chruinn a sholáthar; á iarraidh ar na Ballstáit nach ndearna amhlaidh go fóill an treoir a thrasuí ina ndlí náisiúnta mar ábhar práinne; á iarraidh ar an gCoimisiún na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar mhainneachtain an Treoir sin a thrasuí ag na Ballstáit; |
|
9. |
ag tnúth leis an tuarascáil ón gCoimisiún, atá le foilsiú i mí na Nollag 2023, maidir le cur chun feidhme Threoir 2019 AE maidir le Sceithirí; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, nuair is iomchuí, maidir le conas feabhas a chur ar an treoir; |
|
10. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur ábhar don rialachas domhanda iad sreabha aindleathacha airgeadais; ag tathant ar an Aontas toil láidir pholaitiúil agus diongbháilteacht láidir a léiriú i gcoinne seachaint cánach agus imghabháil cánach chun an margadh aonair a chosaint, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt, mar a chumhdaítear in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE); |
|
11. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tionchar an-tromchúiseach ag na cleachtais atá tugtha chun solais de bharr nochtadh Pháipéir Pandora ar spás fioscach agus ar chaiteachas poiblí, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, agus go mbaineann siad an bonn ón smacht reachta agus ón muinín sa chóras airgeadais domhanda chun caighdeáin mhaireachtála a ardú i dtíortha i mbéal forbartha ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais gur gá oibriú i bhfóraim idirnáisiúnta dhomhanda; |
|
12. |
á thabhairt chun suntais gurb ann do ghealltanas idirnáisiúnta chun sreabha aindleathacha airgeadais a laghdú go suntasach faoi 2030, mar a leagtar amach i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe; á thabhairt dá haire go bhféadfadh comhbhabhtálacha a bheith i gceist le húsáid cistí forbartha oifigiúla atá ann cheana chun infheistíocht phríobháideach a fhóirdheonú maidir lena n-éifeachtacht chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
13. |
ag cur sonrú sna tionscnaimh idirnáisiúnta éagsúla maidir leis an uathmhalartú faisnéise chun críoch comhlíonta cánach, chomh maith le Comhchaighdeán Tuairiscithe ECFE chun faisnéis a thuairisciú go huathoibríoch ar chuntais airgeadais eischósta neamhchónaitheoirí sa dlínse ina bhfuil cónaí orthu agus ar obair Thascfhórsa Comhpháirteach Idirnáisiúnta ECFE maidir le Faisnéis Chomhroinnte agus le Comhoibriú, ina bhfuil 19 mBallstát de chuid an Aontais rannpháirteach faoi láthair; |
|
14. |
á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht cánach agus malartú faisnéise bunriachtanach chun srian a chur le sreabha aindleathacha airgeadais agus chun slógadh acmhainní intíre a mhéadú, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus Clár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh a bhaint amach, go háirithe sa chomhthéacs atá ann faoi láthair ina bhfuil fiachas atá ag dul i méid, agus ina bhfuil tionchar phaindéim COVID-19 agus iarmhairtí an chogaidh san Úcráin ar gheilleagair na hAfraice le brath; |
|
15. |
á iarraidh ar an Aontas tacú le tíortha i mbéal forbartha sreabha aindleathacha airgeadais agus imghabháil cánach a dhéanann cuideachtaí agus cuideachtaí ilnáisiúnta a chomhrac, agus a áirithiú go n-íocfar cánacha i gcás ina gcruthófar fíorluach eacnamaíoch agus brabúis, chun stop a chur le creimeadh an bhoinn agus le haistriú brabúis; |
|
16. |
á chur i bhfáth gur iarr Grúpa na hAfraice sna Náisiúin Aontaithe in 2019 go mbeadh coinbhinsiún cánach de chuid na Náisiún Aontaithe ann chun cuidiú le dul i ngleic le sreabha aindleathacha airgeadais; á chreidiúint go bhféadfadh comhlacht idir-rialtasach uilíoch faoi choimirce na Náisiún Aontaithe a bhfuil sainordú aige chun déileáil le gach gné de IFFanna cabhrú leis na tíortha i mbéal forbartha uile a áireamh sa phróiseas cinnteoireachta maidir le cúrsaí cánach agus go bhféadfadh sé a bheith ina uirlis éifeachtach chun seachaint cánach, bréagshonrascadh trádála, aistriú brabúis agus gach cineál gníomhaíochtaí neamhdhleathacha tráchtála agus fioscacha ar an leibhéal domhanda a chomhrac; |
|
17. |
á iarraidh ar an Aontas tacú le creat-choinbhinsiún cánach de chuid na Náisiún Aontaithe a chur ar bun, arb é is aidhm dó comhar agus rialachas idirnáisiúnta a neartú maidir le cáin agus sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann le trádáil; á thabhairt chun suntais gur gá cinnteoireacht thrédhearcach chuimsitheach a thabhairt isteach lenar féidir le gach tír dul i mbun caibidlíochta ar bhonn comhionann; |
|
18. |
á mheabhrú go n-aistríonn seachaint cánach an t-ualach cánach ó ghnólachtaí móra go gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus go tomhaltas trí cháin ioncaim phearsanta agus cáin bhreisluacha, rud a bhfuil fadhbanna ar leith ag baint leis sna tíortha is lú forbairt toisc gurb ionann fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micrifhiontair agus trádálaithe neamhfhoirmiúla agus formhór na gníomhaíochta eacnamaíche agus go bhfuil siad níos leochailí ó thaobh caillteanais shuntasacha ioncaim agus éiginnteachta de; á mheabhrú go bhfuil caillteanais ollmhóra airgeadais i gceist le himghabháil cánach do thíortha i mbéal forbartha agus go bhfuil sí ar cheann de na príomhthosca is cúis leis an bhféichiúnas atá ag cuid mhaith díobh, ar féichiúnas é atá ag dul go mór in olcas; |
|
19. |
á chur in iúl gur saoth léi go raibh roinnt cinnteoirí ardleibhéil AE le feiceáil i bPáipéir Pandora agus in imscrúduithe a rinneadh le déanaí ar na meáin, lena mbaineann líomhaintí maidir le maoin a fuarthas go neamhdhleathach, leasanna i gcuideachtaí breosla iontaise nó sócmhainní i dtearmainn chánach; á chur i bhfios, thairis sin, go n-áirítear leis na hainmneacha i bPáipéir Pandora ceannairí polaitiúla i dtíortha i mbéal forbartha, ar tíortha iad a bhíonn ag brath go mór ar chabhair ón Aontas Eorpach; |
|
20. |
á mheas, mar gheall ar riail na haontoilíochta a leagtar síos i CFAE chun reachtaíocht chánach a ghlacadh in AE, go bhféadfadh sé go mbeadh i bhfad níos mó giarála ag cinnteoirí ardleibhéil a gcuirtear éagóir ina leith maidir le bac a chur ar reachtaíocht chun imghabháil cánach nó seachaint cánach a chomhrac nó maidir le héifeachtacht a toraidh a chinneadh; |
|
21. |
á thabhairt dá haire go bhfuil sé de bhundualgas ar airí rialtais agus ar reachtóirí an dlí a chaomhnú go hiomlán agus gníomhú i gcomhréir le spiorad an dlí i gcónaí; á chur i bhfios, mura ndéantar a leithéid, go gcailleann an pobal muinín sa rialtas, ar bunchloch an stáit é; á chur i bhfios go bhféadfadh baill teaghlaigh daoine atá neamhchosanta ar an bpolaitíocht a bheith rannpháirteach i gcásanna calaoise agus imghabhála cánach agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir reachtaíocht maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; |
|
22. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin ionracais, macántachta agus freagrachta a choimirciú i measc oifigigh phoiblí in AE agus sna Ballstáit, chomh maith le héiteas de bhraistint dualgais agus macántachta phearsanta a chothú laistigh den chomhshaol sin; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa aon ‘leasanna airgeadais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire’ a nochtadh; |
|
23. |
á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bearta agus córais i bhfeidhm acu, le hacmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha, lena gceanglaítear ar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil aon ghníomhaíochtaí seachtracha, fostaíocht, infheistíochtaí, sócmhainní agus bronntanais nó sochair shubstaintiúla atá ábhartha a dhearbhú a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa i ndáil lena bhfeidhmeanna; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh córais i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a thuairisciú agus a fhíorú agus measúnú neamhspleách a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa nuair a thagann siad chun cinn, chomh maith le smachtbhannaí athchomhairleacha mura gcomhlíontar oibleagáidí maidir le nochtadh; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire Airteagal 12 de Rialachán Uimh. 31 (CEE) (15), lena gcuirtear toirmeasc ar oifigigh phoiblí in AE aon ghníomhaíocht nó iompar a dhéanamh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá bpost; |
Ról na n-idirghabhálaithe maidir le himghabháil cánach agus seachaint cánach a éascú
|
25. |
á chur i bhfios, de réir taighde a rinneadh in 2018, gurbh ionann na ceithre mhórghnólacht chuntasaíochta, mar a thugtar orthu – PwC, EY, Deloitte agus KPMG — agus 87 % de sciar an mhargaidh chomhairligh cánach dhomhanda (16); á thabhairt chun suntais na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le holagaplacht de facto don mhargadh cuntasaíochta agus comhairleach féin agus don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gnólachtaí sin ar rialacháin chánach; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an margadh comhairleach cánach chun faisnéis atá cothrom le dáta a bheith ann maidir le sciar margaidh na mórghnólachtaí cuntasaíochta; |
|
26. |
á chur in iúl gur oth léi, mar a nochtadh le Páipéir Pandora (17), go raibh ról lárnach ag PwC, mar aon le mórghnólachtaí cuntasaíochta eile an iarthair, maidir le cuidiú le holagarcaí na Rúise lena n-infheistíochtaí san Iarthar trína líonraí de chuideachtaí caocha amach ón gcósta (18); á thabhairt chun suntais go bhféadfadh líonraí den sórt sin a bheith ina mbac ar chur i bhfeidhm smachtbhannaí AE ar dhaoine aonair Rúiseacha; á chur in iúl gur oth léi nach ann d’imscrúduithe infheicthe ar an earnáil idirmheánach in AE tar éis fhoilsiú Pháipéir Pandora agus smachtbhannaí AE ar olagarcaí Rúiseacha; á iarraidh ar na húdaráis sna Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar aon éagóir a dhéanann na gnólachtaí sin; |
|
27. |
á chur i bhfios, i bhfianaise fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a gníomhaíochtaí hibrideacha i gcoinne thíortha AE, gur cheart go mbeadh imscrúduithe ar shócmhainní agus infheistíochtaí olagarcaí na Rúise ina bpríomhthosaíocht, ós rud é go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh straitéise de do shlándáil AE; |
|
28. |
á thabhairt dá haire, de réir taighde (19), go bhfeidhmíonn gnólachtaí domhanda seirbhísí gairmiúla (GPSFanna) mar ‘mhoil ghairmeacha’, ós rud é gur oibrigh 68 % de ghairmithe praghsála aistrithe i gcorparáidí ilnáisiúnta i GPSFanna cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir le doirse imrothlacha idir GPSFanna agus oifigigh na n-údarás cánach a fhostú sna gnólachtaí sin; á iarraidh ar na Ballstáit glacadh na ndoirse imrothlacha a áirithiú, lena n-áirítear tréimhsí marana, maidir le hoifigigh i riaracháin chánach, le sásraí forfheidhmithe leordhóthanacha; |
|
29. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur imigh iarstiúrthóir cánach ECFE chuig an earnáil phríobháideach le déanaí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún brú a chur ar ECFE seasamh lena Phrionsabail Mholta féin in 2010 maidir le Trédhearcacht agus Sláine maidir le Brústocaireacht agus tréimhsí soiléire fuaraithe agus dianbheartais maidir le staideanna dorais imrothlacha a thabhairt isteach; á iarraidh ar na Ballstáit seasamh leis na caighdeáin sin freisin maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina mbaill díobh, chun coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha a sheachaint; |
|
30. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit níos mó anailíse a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as soláthar comhairle dlí, comhairle cánach agus seirbhísí iniúchóireachta, agus, nuair is iomchuí, aghaidh a thabhairt orthu, agus comhairle á tabhairt do chliaint chorparáideacha agus d’údaráis phoiblí araon; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh faoi bhearta a thabhairt isteach chun gnólachtaí cuntasaíochta a dheighilt go soiléir ó sholáthraithe seirbhísí airgeadais nó cánach chomh maith leis na seirbhísí comhairleacha uile, mar bhealach chun dul i ngleic le coinbhleachtaí leasa; |
|
31. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scannal leanúnach a bhaineann le sceitheadh cánach PwC san Astráil, trína líomhnaítear go ndearnadh comhpháirtí PwC atá bainteach le dlíthe a fhorbairt atá ceaptha chun dul i ngleic le seachaint cánach ilnáisiúnta san Astráil faisnéis rúnda a roinnt le comhghleacaithe, a bhuaigh gnó mar gheall ar a threoir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis Bhallstáit an Aontais comhoibriú lena gcomhghleacaithe san Astráil agus measúnú a dhéanamh ar tharla cásanna comhchosúla coinbhleachtaí leasa san Aontas; |
|
32. |
á thabhairt chun suntais an toirmeasc atá ann faoi láthair ar iniúchóirí seirbhísí comhairleacha a sholáthar, lena n-áirítear comhairle chánach (20), d’eintitis leasa phoiblí; á chur in iúl gur geal léi an roinnt gníomhaíochtaí a fógraíodh le déanaí de chuid ceann de na Ceithre mhórghnólachtaí cuntasaíochta ina ngnólachtaí iniúchóireachta agus comhairleacha ar leithligh, rud a léiríonn gur féidir deighilt den sórt sin a bhaint amach (21); |
|
33. |
á thabhairt chun suntais tuarascáil na Cúirte Iniúchóirí ina mbaintear de thátal as an úsáid a bhaineann an Coimisiún as sainchomhairleoirí seachtracha ‘go n-eascraíonn rioscaí féideartha maidir le róspleáchas, buntáiste iomaíoch, comhchruinniú soláthróirí agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann’ agus ‘nach ndéanann an Coimisiún faireachán, bainistiú ná maolú leordhóthanach ar na rioscaí sin ar an leibhéal corparáideach’ (22); á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí ar fad ón gCúirt a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar aon rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa sa phróiseas maidir le conarthaí a dhámhachtain do ghnólachtaí príobháideacha agus foinsí éagsúlaithe comhairle a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh acmhainní inmheánacha agus saineolas ag údaráis phoiblí chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích; |
|
34. |
á thabhairt chun suntais na teorainneacha a bhaineann le féinrialáil earnáil na n-idirghabhálaithe neamhairgeadais; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tionscnaimh reachtacha nua á n-ullmhú ag an gCoimisiún maidir le rialáil na n-idirghabhálaithe trí ghníomh lena ndaingnítear creat gníomhaíochta na gcumasóirí chun dul i ngleic le ról na gcumasóirí a bhfuil baint acu le himghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a éascú; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar sa chreat forfheidhmiú láidir i gcoinne idirghabhálaithe a chruthaíonn agus a oibríonn scéimeanna lena gcumasaítear imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach, chomh maith le éascú a dhéanamh ar cheilt rachmais agus sócmhainní agus rannchuidiú leis sin; sa chomhthéacs sin, ag tathant ar an gCoimisiún leanúint d’fheabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise i measc riaracháin chánach na mBallstát agus ar an gcomhar ar an leibhéal domhanda; ag fanacht leis an togra ón gCoimisiún, ar cheart dó a bheith spriocdhírithe agus comhréireach; |
|
35. |
á thabhairt chun suntais an togra ón gCoimisiún maidir leis an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC8), lena leathnaítear uathmhalartú rialuithe trasteorann in DAC6 chun daoine aonair a bhfuil glanfhiúntas ard acu a chumhdach; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar macánta agus cothrom idir na húdaráis chánach náisiúnta ionas nach mbeidh an córas malartaithe faisnéise in ann cliseadh; |
|
36. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil córas nochta éigeantach tugtha isteach cheana féin leis an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC6) le haghaidh socruithe cánach trasteorann áirithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil níos mó ná bliain iomlán tuairiscithe curtha i gcrích; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar dhoimhneacht agus leithead an tuairiscithe agus na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas faoina torthaí; |
|
37. |
á áitiú nach mbaineann ach cúpla duine tairbhe as seachaint cánach; ag cur sonrú i mbarúil ECFE go ndéanann creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) difear do gach tír agus, de bharr an spleáchais aird atá ag tíortha i mbéal forbartha ar cháin ioncaim chorparáide, go ndéanann BEPS dochar dóibh go díréireach (23), rud a chuireann le neamhionannas intíre; |
Cleachtais dhíobhálacha i gcórais chánach neamhchorparáideacha
|
38. |
á thabhairt chun suntais, mar atá léirithe ag Páipéir Pandora, go bhfuil na scéimeanna chun sócmhainní daoine aonair ag a bhfuil glanfhiúchas ard a chosaint ó údaráis stáit trí bhíthin seirbhísí corparáideacha amach ón gcósta tar éis éirí an-sofaisticiúil; á thabhairt dá haire gur léiríodh leis an méid a tháinig chun solais go n-íocann daoine saibhre méid an-bheag cánach nó nach n-íocann siad cáin ar bith trína dtír chónaitheachta cánach a athrú nó trí chaipiteal a ath-leithdháileadh thar theorainneacha; |
|
39. |
ag tarraingt aird ar thionchar teicneolaíochtaí nua (e.g. criptea-shócmhainní) a chruthaíonn dúshláin nua i réimse na seachanta cánach agus an sciúrtha airgid agus a bhféadfadh rialacháin nua, iomchuí agus spriocdhírithe a bheith ag teastáil ina leith; |
|
40. |
á chur i bhfáth go n-éascaítear creimeadh an bhoinn toisc nach bhfuil díbhinní, ríchíosanna agus ús amach thar theorainneacha faoi réir cáin iarchoimeádta agus nach bhfuil aon rialacha agus nósanna imeachta coiteanna ann lena n-áirithítear cánachas éifeachtach ar shreafaí laistigh den Aontas; á mheabhrú an taighde a rinneadh le déanaí ina léirítear difríochtaí ollmhóra idir na Ballstáit agus cánacha iarchoimeádta á gcur i bhfeidhm acu, agus rátaí éagsúla idir 0 % agus 35 %; á chur i bhfios gur minic a bhíonn rátaí a chuirtear i bhfeidhm ar cháin iarchoimeádta i gconarthaí cánach déthaobhacha níos ísle ná na rátaí caighdeánacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat cánach iarchoimeádta a chomhordú lena n-áiritheofar go ngearrfar cáin ar gach díbhinn, ús agus ríchíos uair amháin ar a laghad ar ráta éifeachtach; |
|
41. |
á chur i bhfios gur dhá cheann de na scannail scafa díbhinní ba mhó i stair AE a bhí sna scannail a raibh baint acu le díbhinní ar a dtugtar ‘cum-ex’ agus ‘cum-cum’, agus go raibh costas EUR 140 billiún orthu do na Ballstáit; á chur i bhfáth go gcabhródh córas cánach iarchoimeádta comhchuibhithe AE le calaois chánach, cánachas dúbailte agus neamhchánachas dúbailte a chosc; á athdhearbhú go bhfuil gá le comhchóras cánach iarchoimeádta; |
|
42. |
ag tabhairt faoi deara, ag an am céanna, go bhfuil treocht ann i measc tíortha, lena n-áirítear Ballstáit AE, maidir le creataí dlíthiúla a ghlacadh atá ceaptha chun daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu, pinsinéirí eachtracha agus oibrithe ardoilte a mhealladh chun infheistíocht a dhéanamh ina gcríoch nó cónaí ann, go háirithe sochair chánach fhlaithiúla agus díolúintí nach bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh a dheonú dóibh, chomh maith le víosaí órga a thairiscint agus deiseanna saoránachta a dhíol; á chur i bhfios go bhféadfadh sé gur bhain na cineálacha deiseanna sin tairbhe as olagarcaí Rúiseacha a raibh smachtbhannaí spriocdhírithe forchurtha orthu ó shin; |
|
43. |
á athdhearbhú gur cúis imní di go bhfuil scéimeanna lena ndeonaítear náisiúntacht nó cónaí ar bhonn infheistíocht airgeadais, ar a dtugtar ‘pasanna órga’ freisin, míchuibhiúil ó thaobh eitice, dlíthiúil agus eacnamaíoch de agus go bhfuil roinnt rioscaí tromchúiseacha slándála ag baint leo do shaoránaigh an Aontais, amhail rioscaí a eascraíonn as sciúradh airgid agus éilliú; |
|
44. |
ag tathant ar an gCoimisiún faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le saoránacht nó ceadanna cónaithe daoine aonair ón Rúis nó ón mBealarúis a bhfuil a stádas faighte acu trí infheistíocht a aisghairm nó a tharraingt siar; |
|
45. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an méadú gearrthéarmach de USD 14 bhilliún ar thaiscí trasteorann atá á sealbhú i dtíortha a thairgeann saoránacht agus cónaí trí scéimeanna infheistíochta, rud a thugann le fios go bhfuil na scéimeanna sin á n-úsáid mar arbatráiste rialála chun dul timpeall ar an nochtadh atá sainordaithe faoi DAC6 (24); |
|
46. |
á thabhairt dá haire go n-úsáideann rialtais dhá ionstraim go ginearálta chun cáiníocóirí agus boinn chánach shoghluaiste a mhealladh le haghaidh cánachas ioncaim phearsanta agus rachmais: (barr) rátaí cánach agus socruithe cánach fabhracha atá dírithe ar eachtrannaigh ar mhórán ioncaim agus rachmais; |
|
47. |
á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcóras cánach i mBallstáit AE a bhfuil sé mar aidhm acu ‘fánaithe digiteacha’ eachtracha, daoine aonair nó pinsinéirí a bhfuil glanfhiúntas acu a mhealladh; á thabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag roinnt córas cánach maidir le mí-úsáid, rud a chuireann bonn cánach tíortha eile i mbaol; á thabhairt chun suntais, de réir taighde ón bhFaireachlann Eorpach um Cháin (25), go bhfuil córais chánach shonracha ag go leor Ballstát atá ceaptha chun ioncam nó rachmas a thuilleann ón gcoigríoch a mhealladh, ar córais iad, dar leis na taighdeoirí, a chruthaíonn leibhéil éagsúla díobhálacha; |
|
48. |
á thabhairt dá haire, de réir na Faireachlainne Cánach, go ngineann na cineálacha sin scéimeanna fabhracha caillteanas ioncaim os cionn EUR 4,5 billiún in aghaidh na bliana don Aontas ina iomláine; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil deireadh á chur le scéimeanna víosaí órga ag roinnt Ballstát agus córais chánach speisialta á gcruthú acu le haghaidh ioncam nó rachmas a thuilltear ón gcoigríoch; |
|
49. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil féidearthacht nach beag ann go mbeadh iomaíocht dhíobhálach sa réimse sin agus go leathnófaí na héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, ós rud é go bhfuil soghluaisteacht chánach ard i measc cáiníocóirí atá saibhir ó thaobh ioncaim agus rachmais de (26), agus go n-íocann saothróirí ioncaim neamh-shoghluaiste rátaí cánach níos airde ná saothróirí ioncaim soghluaiste; |
|
50. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, gan dochar dá chumhachtaí faoi na Conarthaí, measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcóras cánach sin ar an margadh aonair agus ar ioncam na mBallstát, chomh maith leis na cleachtais chánach dhíobhálacha uile a shaobhann iomaíocht lasmuigh de réimse an chánachais chorparáidigh in AE; |
|
51. |
á thabhairt chun suntais an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an teilea-obair ar leithdháileadh ceart cánach ioncaim phearsanta agus ar chónaí cánach in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta reachtacha is gá a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime chánach a áirithiú d’oibrithe trasteorann agus do dhaoine féinfhostaithe in AE i ndáil leis sin; á thabhairt dá haire gurb í cáin ioncaim phearsanta an fhoinse ioncaim cánach is mó don chuid is mó de Bhallstáit AE; |
|
52. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bheith ar thús cadhnaíochta in ECFE, agus go háirithe i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20, maidir le cothrom iomaíochta a chruthú i gcánachas ar ghnóthachain chaipitiúla agus cleachtais chánach dhíobhálacha a theorannú atá dírithe ar ioncam, rachmas agus sócmhainní a thuilleann ón gcoigríoch a mhealladh; |
|
53. |
á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhargaidh aonair agus na saoirse gluaiseachta caipitil laistigh den Aontas, go bhféadfadh éagsúlacht chánach na ngnóthachan caipitiúil ar fud an Aontais (27) aistriú rachmais agus seachaint cánach a ghiniúint ar fud na mBallstát; |
|
54. |
á thabhairt dá haire gur baineadh mí-úsáid fhorleathan as eastát réadach chun críocha sciúrtha airgid agus imghabhála cánach, mar a léiríodh i bPáipéir Pandora; á thabhairt dá haire, thairis sin, nach ndéantar cánachas eastáit réadaigh in AE a chomhordú ar chor ar bith; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an méadú mór atá tagtha ar phraghsanna eastáit réadaigh in AE agus airgeadrú na tithíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an éifeacht shaobhach a d’fhéadfadh a bheith ag na córais lena bhforáiltear do chistí infheistíochta eastáit réadaigh ar cháin íseal; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag easpa comhordaithe ar chánachas réadmhaoine in AE, chomh maith le tionchar na gcóras cánach íseal, ar airgeadrú na hearnála tithíochta; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag cláir dhigiteacha talún náisiúnta maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta cánach a neartú ar fud an Aontais; |
Mí-úsáid cuideachtaí caocha agus struchtúr teimhneach agus an comhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na seachanta cánach, go háirithe i ndlínsí a luaitear go minic i bPáipéir Pandora
|
55. |
á mheabhrú go n-aithnítear an choireacht chánach mar choir phreideacáide den sciúradh airgid, ar minic nasc aici leis an gcoireacht eagraithe, leis an éilliú agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth gurb é an príomhdhúshlán a sainaithníodh maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta (28) ná easpa infheidhmeachta dírí na rialacha agus an ilroinnt a eascraíonn as cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi an pacáiste reachtach atá beartaithe maidir le frithsciúradh airgid; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an comhordú idir creataí dlíthiúla náisiúnta a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar lúba ar lár agus feabhas a chur ar mhaoirseacht trí údarás Eorpach frithsciúrtha airgid a bhunú a mbeidh acmhainní agus inniúlachtaí leormhaithe aige; |
|
56. |
á thabhairt dá haire go bhfuil sásra rialaithe i bhfeidhm ag roinnt dlínsí, amhail an Ríocht Aontaithe, le haghaidh rachmas neamhmhínithe atá dírithe ar fháltais ó ghníomhaíochtaí coiriúla a bhrath; á chur i bhfáth gurb é atá sa sásra sin ordú cúirte lena gceanglaítear ar dhuine a bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil sé nó sí páirteach i gcoir thromchúiseach, nó go bhfuil baint aige le duine atá bainteach le coireacht thromchúiseach, cineál agus méid a leasa i maoin ar leith a mhíniú agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuarthas an mhaoin sin, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann nach leor ioncam aitheanta an fhreagróra a fuarthas go dleathach chun a chur ar chumas an fhreagróra an mhaoin sin a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí agus indéantacht birt den sórt sin ar leibhéal an Aontais chun é a chur ar chumas gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí imscrúdú níos fearr a dhéanamh ar thionscnamh sócmhainní nach bhfuiltear i ngleic leo agus fáltais ón gcoireacht a aisghabháil, agus comhréireacht agus cearta cosantóirí á n-áirithiú ag an am céanna; |
|
57. |
á thabhairt dá haire go bhfuil easpa trédhearcachta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le sócmhainní daoine smachtbhannaí a reo agus a urghabháil; ag tathant ar na Ballstáit agus ar údaráis AE fíoriarracht a dhéanamh airgead aindleathach a aisghabháil; á iarraidh ar an gCoimisiún liosta de na sócmhainní atá reoite nó a coigistíodh tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin a fhoilsiú; á chur in iúl gur geal léi togra 2022 ón gCoimisiún maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní; |
|
58. |
á iarraidh ar an gCoimisiún lánúsáid a bhaint as an modheolaíocht athbhreithnithe chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint faoi Threoir (AE) 2015/849 agus, tar éis dó measúnú críochnúil a dhéanamh air féin agus, i gcás inarb infheidhme, measúnuithe an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) á gcur san áireamh, chun dlínsí nach bhfuil ainmnithe ar liostaí FATF a chur ar liosta na dtríú tíortha ardriosca, gan leisce; |
|
59. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé uirlisí a neartú d’údaráis chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht sócmhainní ardluacha sonracha agus, ar an gcaoi sin, srian a chur go héifeachtach le hiarrachtaí chun dul timpeall ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus chun sciúradh airgid agus imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac; |
|
60. |
á thabhairt dá haire, in ainneoin chur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí agus náisiúnta maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla, mar a thuairiscigh eagraíochtaí neamhrialtasacha (29), gur gá feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí i gcláir phoiblí áirithe de chuid an Aontais; ag tathant ar na Ballstáit na hacmhainní iomchuí a thiomnú, lena n-áirítear foireann agus teicneolaíocht leordhóthanach, chun na sonraí a phróiseáil agus leas iomlán a bhaint astu; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a eisiúint nó tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus d’eintitis tuairiscithe chun cáilíocht na sonraí sna cláir a ráthú; |
|
61. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá trédhearcacht maidir le faisnéis maidir le úinéireacht thairbhiúil (BOI) ar fud an domhain; á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht maidir le húinéireacht agus rialú cuideachtaí, iontaobhas agus eintiteas dlíthiúil eile ríthábhachtach chun sreabha aindleathacha airgeadais a chomhrac; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh i bPáipéir Pandora samplaí de dhaoine aonair a chuaigh timpeall ar thrédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil sna Ballstáit; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an mhoill leis an gCóras um Idirnascadh Chláir na hÚinéireachta Tairbhiúla san Aontas Eorpach a chur ar bun mar gheall ar dheacrachtaí teicniúla; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil moilleanna sna Ballstáit agus easpa foriomlán an chomhordaithe i bpróiseas cur chun feidhme ag baint an bhoinn d’éifeachtacht córais idirnaisc fheidhmiúil, agus á iarraidh ar na gníomhaithe uile aghaidh a thabhairt ar an moill sin mar ábhar práinne; á thabhairt chun suntais gur uirlis luachmhar í rochtain ar BOI agus ar sheiceálacha leormhaithe, cruinne agus cothrom le dáta ar dhaoine dlítheanacha sa chomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na seachanta cánach; |
|
62. |
á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar Mholadh 24 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), lena gceanglaítear ar thíortha mí-úsáid daoine dlítheanacha ar mhaithe leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc; á thabhairt chun suntais, as seo amach, gur cheart do thíortha ceanglas a dhéanamh go mbeidh faisnéis maidir le úinéireacht thairbhiúil i seilbh údaráis phoiblí nó comhlachta phoiblí atá ag feidhmiú mar chlárlann um úinéireacht thairbhiúil nó sásra malartach atá chomh héifeachtach céanna; |
|
63. |
á chur i bhfáth nach féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le dul i ngleic le húsáid cuideachtaí anaithnide ach amháin má tá faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla ar fáil go héasca agus go tráthúil i ngach dlínse, agus má tá na húdaráis in ann úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin agus sonraí a chros-seiceáil chun críocha imscrúdaitheacha; |
|
64. |
á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais ar Mholadh 25 maidir le trédhearcacht agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil (BOI) socruithe dlíthiúla; á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart go gcinnfí leis an moladh sin, cosúil leis an méid dá bhforáiltear cheana i ndlí AE, go gclárófaí iontaobhais nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla eile agus go mbeadh rochtain ar BOI maidir le hiontaobhais ar a laghad chomh cuimsitheach agus a chinntear faoi láthair le dlí AE; |
|
65. |
á thabhairt dá haire rialú CBAE i gcásanna comhpháirteacha C-37/20 agus C-601/20 an 22 Samhain 2022 maidir le rochtain ar BOI ag an bpobal i gcoitinne dá bhforáiltear faoin 5ú Treoir AE maidir le Frithsciúradh Airgid, ar mheas an Chúirt í a bheith neamhbhailí ach amháin dóibh siúd ar féidir leo leas dlisteanach a éileamh maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis; á iarraidh ar na Ballstáit a chuir deireadh le rochtain ar shonraí úinéireachta tairbhiúla d’aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFA), d’údaráis inniúla agus d’eintitis faoi oibleagáid mar thoradh ar an rialú chun é a athbhunú gan mhoill; |
|
66. |
ag athdhearbhú a conclúidí maidir leis an bhfíoras, mar a nochtadh le Páipéir Pandora, go bhfuil roinnt stát SAM, amhail Dakota Theas, Alasca, Wyoming, Delaware agus Nevada, tar éis éirí ina moil rúndachta airgeadais agus corparáidí; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn infheicthe nó easpa tola polaitiúla sna stáit sin chun na hathchóirithe is gá a achtú ó tháinig an méid a tháinig chun solais chun solais; |
|
67. |
á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an chéad riail chríochnaitheach maidir le tuairisciú ar úinéireacht thairbhiúil faoi Acht um Thrédhearcacht Chorparáideach na Stát Aontaithe; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil easpa toil pholaitiúil sna Stáit Aontaithe faisnéis a roinnt maidir le cuntais airgeadais na saoránach nach saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe iad; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach i gComhchaighdeán Tuairiscithe ECFE a luaithe is féidir agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta nua leis na Stáit Aontaithe faoi chuimsiú ECFE chun cómhalartacht iomlán a bhaint amach laistigh de chreat CRS a bheidh comhaontaithe agus neartaithe; |
|
68. |
á mheabhrú go meastar i liosta AE de thíortha agus críocha neamh-chomhoibríocha cibé an bhfuil ar a laghad rátáil ‘comhlíontach den chuid is mó’ ag dlínse leis an CRS de réir an Fhóraim Dhomhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun Críoch Cánach; á iarraidh ar an gComhairle athmheasúnú a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe faoi chuimsiú liosta AE agus go háirithe maidir leis na critéir a bhaineann le trédhearcacht chánach; |
|
69. |
á iarraidh ar Chomhdháil na Stát Aontaithe an bille a chur ar aghaidh chuig an Acht um Údaráis Nua a Bhunú do Ghnólachtaí a Sciúradh agus Rioscaí Cumasúcháin a bhunú chuig an Acht Slándála (ENABLERS), lena gceanglófaí ar an earnáil neamhairgeadais agus idirghabhálacha oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh ar a gcustaiméirí, mar a mhol caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF); |
|
70. |
á thabhairt dá haire go bhféadfar mí-úsáid a bhaint as cuideachtaí caocha chun críocha pleanála ionsaithí cánach nó chun críocha imghabhála cánach; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críche cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (30); á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin dul chun cinn a bheith déanta ar shaincheisteanna teicniúla, nár phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an téacs le linn an chruinnithe a bhí aici an 16 Bealtaine 2023 agus nach dtiocfar ar chomhaontú faoi Uachtaránacht na Sualainne; á iarraidh ar an gComhairle an togra a ghlacadh gan a thuilleadh moille, agus tuairim na Pairliminte á tabhairt san áireamh; á chur i bhfios go láidir, trí chaighdeáin nua trédhearcachta a bhunú maidir le mí-úsáid eintiteas caoch, go gcuideofar lena áirithiú gur fusa do na húdaráis chánach a mí-úsáid a bhrath; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rialáil dhomhanda maidir le ceanglais éigeantacha maidir le substaintí a chur chun cinn tuilleadh do chuideachtaí mar uirlis chun seachaint cánach a chosc; |
|
71. |
á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léirítear leis na torthaí is déanaí ón athbhreithniú piaraí ar an bhFóram Domhanda maidir le cur chun feidhme dlíthiúil an Chaighdeáin le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise maidir le Cuntais Airgeadais (CRS) agus, den chéad uair riamh, torthaí na gcéad athbhreithnithe ar éifeachtacht chur chun feidhme praiticiúil CRS gur gá an creat a chuir roinnt Ballstát ar bun a fheabhsú chun go mbeidh sé go hiomlán comhsheasmhach leis na ceanglais (31); á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí an athbhreithnithe piaraí a chur san áireamh agus faireachán á dhéanamh aige ar chur chun feidhme Threoracha DAC sna Ballstáit; |
|
72. |
á thabhairt dá haire an comhaontú ón gComhairle maidir le raon feidhme an Chóid Iompair maidir le Cánachas Gnó a leathnú; á thabhairt chun suntais go dtugtar isteach leis an athbhreithniú ar an gCód Iompair seo an coincheap ‘gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta leo’ a mheasfar a bheith díobhálach má bhíonn neamhchánachas dúbailte nó úsáid dhúbailte nó ilúsáid sochar cánach mar thoradh orthu, mar a d’iarr an Pharlaimint; á iarraidh ar an Meitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó leas iomlán a bhaint as a sainordú athbhreithnithe; |
|
73. |
á chur in iúl gur geal léi, mar thoradh ar liosta an Aontais maidir le dlínsí cánach neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, gur cumasaíodh reachtaíocht agus cleachtais chánach níos fearr i roinnt tíortha i mbéal forbartha trí chomhar teicniúil agus idirphlé polaitiúil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cánach sainaitheanta; |
|
74. |
á chur in iúl gur saoth léi, áfach, easpa toilteanas na Comhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an gcritéar trédhearcachta atá le teacht maidir le húinéireacht thairbhiúil deiridh, a raibh a cheilt ina ghné choiteann de na scéimeanna a nochtadh le Páipéir Panama agus a bhí ina phríomhthoisc chun leanúint leis na scéimeanna sin agus chun go n-éireoidh leo; |
|
75. |
á iarraidh an athuair ar an gComhairle sainordú na Meithle um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó a leathnú chun go n-áireofaí córais fhabhracha maidir le hioncam pearsanta agus cáin chaipitil, agus córais chánach ioncaim phearsanta agus rachmais a mheastar a bheith díobhálach; |
|
76. |
ag meabhrú, thairis sin, rúin na Parlaiminte maidir le liosta AE de thearmainn chánach a athchóiriú agus maidir le beartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú), á iarraidh ar an gComhairle pléití a athsheoladh maidir le hathchóiriú cuimsitheach ar an gCód agus moltaí na Parlaiminte a chur chun feidhme, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar an bhfíoras go bhfuil dúliostaí níos cuimsithí ag roinnt Ballstát aonair ná mar atá ag AE ina iomláine, rud a léiríonn go bhféadfaí critéir níos láidre a chur i bhfeidhm ar leibhéal AE; |
|
77. |
á iarraidh ar an gComhairle, go háirithe, liostú uathoibríoch dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad ag a bhfuil ráta cánach corparáide 0 % nó gan aon chánacha ar bhrabúis cuideachtaí nó ar dhaoine aonair a áireamh mar chritéar neamhspleách; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfaidh tíortha nach bhfuil san Aontas córais chánach neamhchomhlíontacha a aisghairm ach cinn nua a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do AE a chur ina n-ionad; |
|
78. |
á chur in iúl gur oth léi an easpa cuntasachta daonlathaí sa phróiseas chun ‘liosta an Aontais Eorpaigh de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach’ a dhéanamh; á mheabhrú gur cosúil go mbíonn an Chomhairle á treorú uaireanta ag cúiseanna taidhleoireachta nó polaitiúla seachas ag measúnuithe oibiachtúla agus cinneadh á dhéanamh tíortha a aistriú ón ‘liosta liath’ go dtí an ‘dubhliosta’ agus a mhalairt; á chur i bhfáth go mbaineann sé sin an bonn d’inchreidteacht, d’intuarthacht agus d’úsáideacht na liostaí; á iarraidh go rachfaí i gcomhairle leis an bParlaimint agus an liosta á ullmhú agus go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar na critéir scagtha; |
|
79. |
á chur i bhfáth gur meabhrúchán breise iad Páipéir Pandora ar an ngá atá le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha a dhéanamh níos éifeachtaí ionas go bhfeidhmeoidh sé ní hamháin mar ionstraim chun cabhrú le heintitis agus údaráis AE eintitis a bhfuil riosca ag baint leo a shainaithint agus bearta réamhchúraim a dhéanamh, ach freisin chun tíortha a spreagadh agus comhoibriú go gníomhach leo chun athchóirithe a dhéanamh chun caighdeáin idirnáisiúnta chánach a chomhlíonadh; |
|
80. |
á chur i bhfáth, cé gur gá an liostú a dhéanamh agus bearta cosanta a chur i bhfeidhm gan mhoilleadóireacht i gcás inarb iomchuí, gur gá don Aontas dul i mbun nósanna imeachta comhairliúcháin agus comhair atá níos sistéamaí agus níos trédhearcaí le tíortha i mbéal forbartha nach bhfuil cleachtais chánach iomchuí acu sula gcuirfear aon bheart comhéigneach i bhfeidhm, go háirithe maidir lena áirithiú go soláthrófar eolas agus deiseanna fothaithe acmhainneachta roimhe sin d’údaráis na dtíortha sin; |
|
81. |
á chur in iúl gur geal léi comhaontú ECFE/G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021 maidir leis an athchóiriú ar na rialacha idirnáisiúnta maidir le cáin chorparáide; á chur i bhfios go dtabharfar isteach le Colún II den chomhaontú, a luaithe a chuirfear chun feidhme é, íosráta cánach corparáide éifeachtach domhanda de 15 % is infheidhme maidir le cuideachtaí ag a bhfuil ioncam bliantúil os cionn EUR 750 milliún, rud ar cheart dó cabhrú chun úsáid tearmainn chánach ar fud an domhain a laghdú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an ráta cánach éifeachtach 15 % a chur i bhfeidhm mar a comhaontaíodh é i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20 ar leibhéal an Aontais; |
|
82. |
á mheabhrú, maidir leis an gcáin chorparáide íosta dhomhanda atá ar na bacáin, go socrófar bonnlíne sheasta le haghaidh cánachas corparáideach, agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfar seachaint cánach corparáide a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta agus ag moladh iarrachtaí chun cur leis; á iarraidh go n-úsáidfí na hacmhainní buiséadacha a eascraíonn as sin chun sochaithe atá níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a thógáil; á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta ann maidir leis an gcáin chorparáide íosta agus go dtabharfaí isteach bearta trédhearcachta níos fearr chun ionchúiseamh imghabhálaithe cánach a éascú; á chur i bhfáth gur cheart do chorparáidí ilnáisiúnta cánacha a íoc sna tíortha ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ina gcruthaítear luach; á mheas nach mór dáileadh na gceart cánachais idir tíortha a bheith cóir, cothrom agus i gcomhréir leis an sprioc chun éagothromaíochtaí idir tíortha a laghdú; á iarraidh ar Bhallstáit AE an uaillmhian sin a chomhlíonadh agus a dtacaíocht pholaitiúil a thabhairt don tionscadal domhanda sin; |
|
83. |
á chur i bhfios go bhfuil córais fhabhracha cánach corparáide á gcothabháil ag roinnt Ballstát, córais a bhféadfadh na billiúin caillteanas in ioncam cánach a bheith mar thoradh orthu do Bhallstáit eile; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le córais chánach fhabhracha, chomh maith le tuilleadh dlúthpháirtíochta cánach i measc Bhallstáit AE; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtéann roinnt insreafaí agus eis-sreafaí díréireacha d’infheistíocht dhíreach choigríche agus d’ioncam éighníomhach trí roinnt Ballstát agus go léiríonn na sreafaí sin, go páirteach ar a laghad, infheistíocht phantom, mar atá tugtha i gcrích ag taighdeoirí CAI (32), a d’fhéadfadh a bheith ceaptha cánachas a sheachaint agus, b’fhéidir, airgead a sciúradh; |
|
84. |
á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit a chumasaíonn pleanáil ionsaitheach chánach, tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tsaincheist agus moltaí tírshonracha a chur chun cinn chun pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac agus brú a chur ar na Ballstáit sin na hathchóirithe a chur chun feidhme; |
|
85. |
á áitiú gur cheart don Choimisiún féachaint ar na féidearthachtaí go léir a chuirtear ar fáil le CFAE, chun an próiseas cinnteoireachta a dhéanamh níos éifeachtúla ar mhaithe le hathchóirithe reachtacha a chur i gcrích amach anseo ar an mbeartas cánach atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na saincheisteanna a léirítear i bPáipéir Pandora; |
|
86. |
á chur i bhfáth, cé go bhfuil comhar idirnáisiúnta bunriachtanach chun deireadh a chur le seachaint cánach agus ríthábhachtach chun córais chánach intíre atá cothrom agus éifeachtach a bhaint amach, gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann bearta aontaobhacha a dhéanamh chun a mbonn cánach a chosaint laistigh de theorainneacha a gceannasachta cánach agus dhlí AE, amhail, go háirithe, neamh-inasbhainteacht nó in-asbhainteacht theoranta costas (ús, ríchíosanna agus íocaíochtaí seirbhísí) a fhorchur, bearta iarchoimeádta a ghlacadh, teorainn a chur leis an díolúine rannpháirtíochta nó ceanglais doiciméadachta speisialta a fhorchur; |
o
o o
|
87. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Comhdháil na Stát Aontaithe, chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus chuig an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais. |
(1) IO C 347, 9.9.2022, lch. 97.
(2) IO C 371, 15.9.2021, lch. 92.
(3) IO C 456, 10.11.2021, lch. 177.
(4) IO C 117, 11.3.2022, lch. 120.
(5) IO C 132, 24.3.2022, lch. 167.
(6) IO C 184, 5.5.2022, lch. 141.
(7) IO C 270, 7.7.2021, lch. 113.
(8) Gabriel Zucman, The Hidden Wealth of Nations: the scourge of tax havens, University of Chicago Press, Chicago, 2015; https://www.taxobservatory.eu/publication/european-tax-evasion-in-the-light-of-the-pandora-papers.
(9) Alstadsæter, A., Johannesen, N., agus Zucman, G., ‘Tax evasion and inequality’, American Economic Review, Imleabhar 109, Uimh. 6, 2019, lgh. 2073-2103.
(10) ‘Corporate tax remains a key revenue source, despite falling rates worldwide’ [Tá cáin chorparáide fós ina príomhfhoinse ioncaim, in ainneoin na rátaí atá ag titim ar fud an domhain], https://www.oecd.org/tax/corporate-tax-remains-a-key-revenue-source-despite-falling-rates-worldwide.htm.
(11) Tuarascáil ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) dar teideal Tackling Illicit Financial Flows for Sustainable Development in Africa [Aghaidh a thabhairt ar Shreabha Aindleathacha Airgeadais don Fhorbairt Inbhuanaithe san Afraic], 2020, lch. 21: https://unctad.org/system/files/official-document/aldcafrica2020_en.pdf.
(12) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2022 maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (COM(2022)0177).
(13) IO L 331, 20.9.2021, lch. 8.
(14) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(15) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385).
(16) ‘Global tax advisory revenues top $20bn’ [Ioncam comhairleach cánach domhanda barr $20bn], Accountancy Daily, an 28 Eanáir 2019.
(17) ‘The oligarch’s accountants: How PwC helped a Russia steel baron grow his offshore empire’, Cuibhreannas Idirnáisiúnta d'Iriseoirí Iniúchacha, Pandora Papers, an 11 Aibreán 2022.
(18) ‘How Western Firms Quietly Enabled Russian Oligarchs’, The New York Times, an 9 Márta 2022.
(19) Christensen, R.C., ‘Transnational Infrastructural Power of Professional Service Firms’, SocArXiv, an 9 Meán Fómhair 2022.
(20) Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).
(21) https://www.theguardian.com/business/2022/sep/08/ernst-young-splits-into-separate-audit-and-advisory-businesses.
(22) Tuarascáil Speisialta 17/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach’.
(23) ‘BEPS Project Explanatory Statement’ [Ráiteas Míniúcháin TionscadalBEPS], lch. 4, https://www.oecd-ilibrary.org/docserver/9789264263437-en.pdf?expires=1677755281&id=id&accname=ocid194994&checksum=811ACCCE3426A6CAC2528C8DD73B0628.
(24) Casi, E., Mardan, M. and Muddasani R. R., ‘So close and yet so far: the ability of mandatory disclosure rules to crack down on offshore tax evasion’ [Dul chun cinn déanta, ach níos mór le déanamh: Cumas na rialacha maidir le nochtadh éigeantach chun cniogbheartaíocht a dhéanamh ar imghabháil cánach eischósta], Páipéar Oibre UNU-WIDER 2022/116, Heilsincí, https://www.wider.unu.edu/publication/so-close-and-yet-so-far-ability-mandatory-disclosure-rules-crack-down-offshore-tax.
(25) Godar, S., Flamant, E. agus Richard, G., ‘New Forms of Tax Competition in the European Union’ [Cineálacha Nua Iomaíochta Cánach san Aontas Eorpach], Samhain 2021, https://www.taxobservatory.eu/wp-content/uploads/2021/11/EU-Tax-Observatory-Report-3-Tax-Competition-November-2021-3.pdf.
(26) Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, ‘Cleachtais Dhíobhálacha agus Iomaíocht i réimse an Ioncaim Phearsanta agus an Chánachais Saibhreas’, Eanáir 2022.
(27) ‘Capital Gains Tax Rates in Europe’ [Rátaí Cánach Gnóthachan Caipitiúil san Eoraip], https://taxfoundation.org/capital-gains-tax-rates-in-europe-2022/#:~:text=A%20number%20of%20European%20countries,lowest%20rates%2C%20at%2015%20percent.
(28) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(29) Mar shampla: https://www.transparency.org/en/news/open-lux-authorities-in-the-dark-over-luxembourg-private-investment-fund-beneficial-owners; https://www.transparency.org/en/news/eu-beneficial-ownership-registers-public-access-data-availability-progress-2021.
(30) COM(2021)0565.
(31) Is iad an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Pholainn na tíortha a measadh go raibh a dtiomantas foriomlán don chreat dlíthiúil ‘i bhfeidhm, ach feabhas ag teastáil’. Measadh go raibh an Chróit ‘neamhchomhlíontach’ maidir le héifeachtúlacht i gcleachtas. Is iad an Eastóin, Málta, an Rómáin na tíortha ar measadh go raibh a rátáil fhoriomlán i ndáil leis an éifeachtacht i gcleachtas ‘Comhlíontach go páirteach’.https://www.oecd-ilibrary.org/taxation/peer-review-of-the-automatic-exchange-of-financial-account-information-2022_36e7cded-en.
(32) ‘The Rise of Phantom Investments’ [Méadú ar Infheistíochtaí Bréagacha], https://www.imf.org/en/Publications/fandd/issues/2019/09/the-rise-of-phantom-FDI-in-tax-havens-damgaard.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/492/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)