|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/441 |
3.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 9 Samhain 2023 – Altice Group Lux Sàrl, ar a dtugtaí New Altice Europe BV roimhe seo, faoi leachtú v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-746/21 P) (1)
(Achomharc - Iomaíocht - Comhchruinnithe a rialú idir gnóthais - Rialachán (CE) Uimh. 139/200 - Pléadáil neamhdhleathachta - Airteagal 4(1) - An oibleagáid réamhfhógra a thabhairt faoi chomhchruinnithe - Airteagal 7(1) - Oibleagáid comhchruinnithe a chur ar fionraí - Raon feidhme - Coincheap maidir le ‘cur chun feidhme’ comhchruinnithe - Airteagal 14(2) - Cinneadh lena bhforchuirtear fíneálacha as comhchruinniú a chur chun feidhme sula dtabharfar fógra ina leith agus sula n-údarófar é - Oibleagáid chun cúiseanna a lua - Prionsabal na comhréireachta - Dlínse gan teorainn)
(C/2024/441)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Altice Group Lux Sàrl, ar a dtugtaí New Altice Europe BV roimhe seo, faoi leachtú (ionadaithe: R. Allendesalazar Corcho agus H. Brokelmann, abogados)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Domecq, M. Farley agus F. Jimeno Fernández, agus ina dhiaidh sin M. Domecq agus M. Farley, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A.-L. Meyer agus O. Segnana, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear pointe 1 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 22 Meán Fómhair 2021, Altice Europe v an Coimisiún (T-425/18, EU:T:2021:607) ar ceal; |
|
2) |
Cuirtear pointe 2 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 22 Meán Fómhair 2021, Altice Europe v an Coimisiún (T-425/18, EU:T:2021:607) ar ceal, a mhéid a dhíbheann sé an t-iarratas ar neamhniú Airteagal 4 de Chinneadh C (2018) 2418 final ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2018 lena bhforchuirtear fíneálacha as comhchruinniú a chur chun feidhme de shárú ar Airteagal 4(1) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (Cás M.7993 – Altice v PT Portugal); |
|
3) |
Diúltaítear don achomharc maidir leis an gcuid eile; |
|
4) |
Cuirtear Airteagal 4 de Chinneadh C (2018) 2418 final ar neamhní; |
|
5) |
Méid na fíneála a forchuireadh ar Altice Group Lux Sàrl i leith an tsáraithe ar thángthas air in Airteagal 2 de Chinneadh C (2018) 2418 final a shocrú ag EUR 52 912 500; |
|
6) |
Ordaítear do Altice Group Lux Sàrl a chostais féin a íoc agus cúig séú de chostais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon. |
|
7) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach an séú cuid dá chostais féin a íoc a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon. |
|
8) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc, ag an gcéad chéim agus sna himeachtaí achomhairc araon. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/441/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)