European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1609

22.12.2023

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(C/2023/1609)

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE ARNA nEISIÚINT AG NA BALLSTÁIT

AN OSTAIR

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

Ceadanna cónaithe de bhun Airteagal 2(16)(a) de Chód Theorainneacha Schengen:

I.   Ceadanna cónaithe arna n-eisiúint de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle

Cead cónaithe le ‘cruthúnas ar bhunaíocht’ i bhfoirm cárta ID1 de réir na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (arna eisiúint san Ostair idir an 1 Eanáir 2003 agus an 31 Nollaig 2005).

Cead cónaithe i bhfoirm ghreamáin de réir na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (arna eisiúint san Ostair idir an 1 Eanáir 2005 agus an 31 Nollaig 2005).

Ceadanna cónaithe a thagann faoi scáth ‘údarú bunaíochta’ (Niederlassungsbewilligung), ‘ball teaghlaigh’ (Familienangehörige), ‘buanchónaí - AE’ (Daueraufenthalt-EG), ‘buanchónaí - ball teaghlaigh’ (Daueraufenthalt-Familienangehöriger) agus ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung), i bhfoirm cárta ID1 de réir na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (arna eisiúint san Ostair ón 1 Eanáir 2006).

Tugtar le fios ar an gcead ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) an chríoch shonrach a bhí le heisiúint an cheada.

Féadfar cead ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) a eisiúint le haghaidh na gcríoch seo a leanas: aistriú ionchorparáide (ICT), oibrí ar postú, duine féinfhostaithe, cásanna speisialta fostaíochta, dalta scoile, soláthraí seirbhísí sóisialta, athaontú teaghlaigh. Tá ceadanna ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) chun críche aistrithe ionchorparáide (‘ICT’ agus ‘ITC soghluaiste’) á n-eisiúint ón 1 Deireadh Fómhair 2017. Tá ceadanna ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) ‘mac léinn’ ( ‘Student’ ), ‘saorálaí’ agus ‘taighdeoir soghluaiste’ á n-eisiúint ón 1 Meán Fómhair 2018.

Bhí ceadanna ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung), ‘mac léinn’ ( ‘Studierender’ ) á n-eisiúint go dtí an 31 Lúnasa 2018.

Féadfar an cead cónaithe ‘údarú bunaíochta’ (Niederlassungsbewilligung) a eisiúint gan sonraí breise nó chun na gcríoch seo a leanas: gan aon ghníomhaíocht shochrach agus spleách. Ón 1 Deireadh Fómhair 2017, féadfar ceadanna ‘údarú bunaíochta’ (Niederlassungsbewilligung) a eisiúint i gcomhair na gcatagóirí seo a leanas freisin: ‘taighdeoir’, ‘ealaíontóir’ nó ‘cásanna speisialta fostaíochta’.

Eisíodh ceadanna cónaithe ‘Údarú bunaíochta’ (Niederlassungsbewilligung) san Ostair go dtí an 30 Meitheamh 2011 i gcomhair na gcatagóirí seo a leanas: ‘oibrí bunriachtanach’, ‘neamhtheoranta’ agus ‘teoranta’.

Eisíodh ceadanna ‘Buanchónaí - AE’ (Daueraufenthalt-EG) agus ‘buanchónaí - ball teaghlaigh’ (Daueraufenthalt-Familienangehöriger) san Ostair go dtí an 31 Nollaig 2013.

Eisíodh ceadanna ‘údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) chun críocha Alt 69a den Acht Bunaíochta agus Cónaithe (NAG) san Ostair go dtí an 31 Nollaig 2013.

Chomh maith leis sin, eisíodh ceadanna ‘Údarú cónaithe’ (Aufenthaltsbewilligung) d'oibrithe rothlaithe post, ealaíontóirí agus taighdeoirí go dtí an 30 Meán Fómhair 2017.

An ‘cárta dearg-bán-dearg’ (Rot-Weiß-Rot-Karte), an ‘cárta dearg-bán-dearg plus’ (Rot-Weiß-Rot-Karte plus) agus an ‘cárta gorm AE’ (Blaue Karte EU) i bhfoirm an chárta ID1 de réir na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (arna n-eisiúint san Ostair ón 1 Iúil 2011).

Ceadanna ‘Buanchónaí - AE’ (Daueraufenthalt- EU) de réir na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (arna n-eisiúint san Ostair ón 1 Eanáir 2014).

In ‘Airteagal 50 CAE’ (‘Artikel 50 EUV’), déantar foráil maidir le náisiúnaigh na Breataine agus a mbaill teaghlaigh a thagann faoi scáth an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar (cuireadh tús leis an eisiúint aan 1 Eanáir 2021). D'fhéadfaí stádas cónaitheora fhádtéarmaigh (Daueraufenthaltsrecht) a léiriú ar an gcead agus/nó gur eisíodh an cead do bhall teaghlaigh (Familienangehöriger)

Tá ceadanna ‘ceart cónaithe plus’ (‘ Aufenthaltsberechtigung plus ’) arna n-eisiúint de réir Alt 55(1) nó Alt 56(1) den Acht Tearmainn a leagtar amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 100/2005 de réir iarfhorálacha Alt 41(a)(9) agus Alt 43(3) den Acht Bunaíochta agus Cónaithe (NAG) a leagtar amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 38/2011. Arna eisiúint san Ostair ón 1 Eanáir 2014.

Tá an cead ‘ceart cónaithe’ (Aufenthaltsberechtigung) a eisíodh de réir Alt 55(2) nó Alt 56(2) den Acht Tearmainn a leagtar amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 100/2005 ar comhréir leis an iarchead ‘údarú bunaíochta’ (Niederlassungsbewilligung) a eisíodh de réir Alt 43(3) agus (4) den Acht Bunaíochta agus Cónaithe (NAG) a leagtar amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 38/2011. Arna eisiúint san Ostair ón 1 Eanáir 2014.

Trasuíonn an cead ‘ceart cónaithe ar fhorais cosanta speisialta’ (‘ Aufenthaltsberechtigung aus besonderem Schutz ’) a eisíodh de réir Alt 57 den Acht Tearmainn atá leagtha amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 100/2005 forálacha Threoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíocht chun imirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla. Ba í an fhoráil réamhtheachtaí Alt 69(a)(1) den Acht Bunaíochta agus Cónaithe (NAG) a leagtar amach in Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 38/2011. Arna eisiúint san Ostair ón 1 Eanáir 2014.

Aufenthaltskarte ”: an cead cónaithe lena dtugtar ceart cónaithe san Aontas i gcomhair níos mó ná trí mhí do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch de bhun Threoir 2004/38/CE (arna eisiúint san fhormáid seo ón 1 Iúil 2020)

“Daueraufenthaltskarte ” an cárta buanchónaithe a úsáidtear chun ceart buanchónaithe san Aontas i gcomhair níos mó ná cúig bliana do bhall teaghlaigh le saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch de bhun Threoir 2004/38/CE a dhoiciméadú (arna eisiúint san fhormáid seo ón 1 Iúil 2020)

II.   Ceadanna cónaithe nach gá, de bhun Threoir 2004/38, iad a eisiúint san fhormáid aonfhoirmeach (arna n-eisiúint san fhormáid seo go dtí an 30 Meitheamh 2020)

Níl an cead cónaithe lena dtugtar ceart cónaithe san Aontas i gcomhair níos mó ná trí mhí do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch de bhun Threoir 2004/38/CE ar comhréir leis an bhformáid chaighdeánach i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh náisiúnach tríú tír

Níl an cárta buanchónaithe chun Ceart pobail buanchónaithe i gcomhair níos mó ná trí mhí do bhaill teaghlaigh le saoránaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch de bhun Threoir 2004/38/CE a dhoiciméadú ar comhréir leis an bhformáid chaighdeánach i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír

Doiciméid eile a thugann teidlíocht don sealbhóir cónaí san Ostair nó an Ostair a athiontráil (de bhun Airteagal 2(15)(b) de Chód Theorainneacha Schengen:

Doiciméad aitheantais le grianghraf i bhformáid chárta do dhaoine atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí i ndath dearg, buí, gorm, glas, donn, liath agus oráiste, arna eisiúint ag an Aireacht Chónaidhme um an Eoraip, Imeascadh agus Gnóthaí Eachtracha.

Doiciméad aitheantais le grianghraf i bhformáid chárta do dhaoine atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí i ndath fionnliath le tagairt do na catagóirí datha seo a leanas: dearg, oráiste, buí, glas, gorm, donn agus liath, arna eisiúint ag an Aireacht Chónaidhme um an Eoraip, Imeascadh agus Gnóthaí Eachtracha.

‘Duine atá i dteideal stádas tearmainn’ de bhun Alt 3 d'Acht Tearmainn 2005 nó na forálacha a bhí luaite ina réamhtheachtaithe – doiciméadaithe i nDoiciméad Taistil Coinbhinsiúin (arna eisiúint san Ostair ón 28 Lúnasa 2006) de ghnáth nó cárta do dhaoine atá i dteideal tearmainn de bhun Alt 51(a) d'Acht Tearmainn 2005 (arna eisiúint le haghaidh náisiúnach eachtrach a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ón 15 Samhain 2015 agus ar bronnadh an stádas seo orthu ón 1 Meitheamh 2016).

‘Duine ag a bhfuil stádas cosanta coimhdí’ de bhun Alt 8 d'Acht Tearmainn 2005 nó na forálacha a bhí ina réamhtheachtaithe - doiciméadaithe go ginearálta ar chárta do dhaoine ag a bhfuil stádas cosanta coimhdí de bhun Alt 52 d'Acht Tearmainn 2005.

Liosta de rannpháirtithe turas scoile laistigh den Aontas Eorpach de réir bhrí Chinneadh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach a bhaineann le saoráidí taistil do dhaltaí scoile ó thríú tíortha atá ina gcónaí i mBallstát.

‘Deimhniú ar chónaí dlíthiúil de bhun Alt 31(1)(5) den Acht Póilíneachta Eachtrannach (FPG)’ / ‘Iarratas ar shíneadh de bhun Alt 2(4)(17a) den Acht Póilíneachta Eachtrannach (FPG)’, i dteannta le doiciméad taistil bailí.

Cead fostaíochta de bhun Alt 32c den Acht Fostaíochta Eachtrannach (Ausländerbeschäftigungsgesetz) i dteannta le víosa ‘D’ bailí nó éagtha i gcomhair oibrithe séasúracha nó de bhun Alt 22a den Acht Póilíneachta Inimirce (Fremdenpolizeigesetz - FPG), arna eisiúint ag an Ostair.

Cead cónaithe éiginnte - arna eisiúint i bhfoirm gnáthvíosa faoi Alt 6(1)(1) d'Acht Eachtrannach 1992 (FrG) (arna eisiúint go dtí an 31 Nollaig 1995 ag údaráis intíre na hOstaire agus oifigí ionadaíocha i bhfoirm stampa).

Cead cónaithe i bhfoirm ghreamáin ghlais suas go dtí Uimh. 790.000.

Cead cónaithe i bhfoirm ghreamáin ghlais agus bháin ó Uimh. 790.001 ar aghaidh.

Cead cónaithe i bhfoirm ghreamáin de réir Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 97/11/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 1996, Iris Oifigiúil L 7 de 10.1.1997, a bhaineann le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe (arna eisiúint san Ostair idir an 1 Eanáir 1998 agus an 31 Nollaig 2005).

‘Deimhniú ar an gceart dul isteach san Ostair de bhun Alt 24 den Acht Bunaíochta agus Cónaithe (NAG) nó Alt 59 den Acht Tearmainn’ i bhfoirm ghreamáin ghlais agus ghoirm.

‘Deimhniú ar iarratas de réir Airteagal 18 (1)(b) den Chomhaontú um Tharraingt Siar’ (‘Bestätigung über die Antragstellung gemäß Art. 18 Abs. 1 des Abkommens über den Austritt des Vereinigten Königreichs Großbritannien und Nordirland aus der Europäischen Union und der Europäischen Atomgemeinschaft (Austrittsabkommen) arna eisiúint ar pháipéar slándála i bhFormáid A4 ag tosú an 4 Eanáir 2021

Cead fostaíochta (Beschäftigungsbewilligung) de bhun Alt 4c (1) den Acht Fostaíochta Eachtrannach (Ausländerbeschäftigungsgesetz)

Deimhniú díolúine (Befreiungsschein) de bhun Alt 4c (2) den Acht Fostaíochta Eachtrannach (Ausländerbeschäftigungsgesetz)

AN tSLÓIVÉIN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

1.   Ceadanna cónaithe a eisítear de réir na formáide aonfhoirmí

Dovoljenje za prebivanje (cead cónaithe)

Tabhair faoi deara: Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá ceadanna cónaithe á n-eisiúint ag an tSlóivéin chuig náisiúnaigh tríú tír i bhformáid lena gcomhlíontar Rialachán (AE) 2017/1954. Cártaí ceada cónaithe arna n-eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír san fhormáid roimhe seo, tá siad fós bailí agus in úsáid go dtí go rachaidh siad in éag.

Sonraítear an cineál ceada cónaithe ar an gcárta:

Dovoljenje za stalno prebivanje [cead buanchónaithe]

Dovoljenje za začasno prebivanje [cead cónaithe sealadach]

Dovoljenje za prvo začasno prebivanje [an chéad chead cónaithe sealadach]

Člen 50 PEU [Airteagal 50 CAE]

Dovoljenje za prebivanje (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B ann) (teideal an doiciméid arís i mBéarla: ‘RESIDENCE PERMIT’[cead cónaithe] i réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh, tá an cárta dar teideal ‘Dovoljenje za prebivanje’ (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B air) á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír (lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise iad) ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead cónaithe sealadach chucu nó ar cuireadh síneadh lena gcead cónaithe sealadach nó ar eisíodh cead buanchónaithe chucu.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada] ar an gcárta ceada cónaithe:

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

STALNO/PERMANENT [buan]

ENOTNO DOVOLJENJE ZA PREBIVANJE IN DELO [cead cónaithe agus oibre aonair]

MODRA KARTA EU [Cárta Gorm AE]

NAPOTENI DELAVEC [oibrí ar postú]

SEZONSKO DELO [obair shéasúrach]

ICT [aistrí ionchorparáideach]

MOBILE ICT [aistrí ionchorparáideach soghluaiste]

PRIPRAVNIK [oiliúnaí]

ISKALEC ZAPOSLITVE [cuardaitheoir poist]

VISOKOŠOLSKO IZOBRAŽEVALNO DELO [obair ardoideachais]

RAZISKOVALEC [taighdeoir]

RAZISKOVALEC - MOBILNOST [taighdeoir – soghluaisteacht]

PROSTOVOLJEC [saorálaí]

DRUŽINSKI ČLAN RAZISKOVALCA [ball teaghlaigh le taighdeoir]

DRUŽINSKI ČLAN RAZISKOVALCA - MOBILNOST [ball teaghlaigh le taighdeoir – soghluaisteacht]

ŠTUDENT [mac léinn]

ŠTUDENT - MOBILNOST [mac léinn– soghluaisteacht]

Člen 50 PEU [Airteagal 50 CAE]

REZIDENT ZA DALJŠI ČAS – ES [cónaitheoir fadtéarma – CE]

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘ZAČASNO/TEMPORARY’ [sealadach] lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti ar feadh tréimhse theoranta ama agus chun críche sonraí.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead buanchónaithe é ‘STALNO/PERMANENT’ [buan] lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti ar feadh tréimhse éiginnte.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe agus oibre sealadach é ‘ENOTNO DOVOLJENJE ZA PREBIVANJE IN DELO’ lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘MODRA KARTA EU’ chun críche fostaíochta ardcháilíochta a eisíonn Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta lena dtugtar teideal don sealbhóir teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead aonair le haghaidh oibrithe ar postú é ‘NAPOTENI DELAVEC’ lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír (arna phostú ag a fhostóir atá bunaithe lasmuigh de Phoblacht na Slóivéine, chuig Poblacht na Slóivéine ar feadh tréimhse teoranta ama chun seirbhísí trasteorann a sholáthar nó chun oiliúint a fháil ó chuideachta i bPoblacht na Slóivéine) chun teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti mar oibrí ar postú.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead aonair le haghaidh obair shéasúrach é ‘SEZONSKO DELO’ ar feadh tréimhse níos mó ná 90 lá lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír a bhfuil buanchónaí air i dtríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair shéasúrach a dhéanamh inti.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead aonair le haghaidh aistrí ionchorparáideach é ‘ICT’ [aistrí ionchorparáideach] lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír atá ina chónaí i dtríú tír agus a bhfostaítear inti é agus ar aistríodh chuig cuideachta chomhlachaithe a bunaíodh i bPoblacht na Slóivéine é chun teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti mar aistrí ionchorparáideach.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead aonair le haghaidh aistrí ionchorparáideach é ‘MOBILE ICT’ [aistrí ionchorparáideach soghluaiste] le haghaidh aistriú fadtéarmach, ar aistriú ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá é sin lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír a aistrítear ó chuideachta chomhlachaithe atá bunaithe i mBallstát eile den Aontas chuig cuideachta chomhlachaithe atá bunaithe i bPoblacht na Slóivéine teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti mar aistrí ionchorparáideach ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe aonair é ‘PRIPRAVNIK’ chun críche tréimhse oiliúna, cead lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe aonair é ‘ISKALEC ZAPOSLITVE’ chun fostaíocht nó féinfhostaíocht a chuardach, cead lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine, a bheith ina chónaí inti agus obair inti chun fostaíocht nó féinfhostaíocht a chuardach.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘VISOKOŠOLSKO IZOBRAŽEVALNO DELO’ le haghaidh obair san earnáil ard-ghairmoideachais agus san earnáil ardoideachais, cead lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti chun críche oibre oideolaíche san earnáil ard-ghairmoideachais agus san earnáil ardoideachais.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘RAZISKOVALEC’ le haghaidh obair san earnáil taighde, cead lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti chun críche taighde.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘RAZISKOVALEC - MOBILNOST’ chun críche taighde ar bhonn aistriú fadtéarmach lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír a bheith ina chónaí i bPoblacht na Slóivéine agus taighde a dhéanamh ar bhonn aistriú fadtéarmach.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘PROSTOVOLJEC’ chun críche oibre deonaí lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti chun críche oibre deonaí agus comhair maidir le tionscadail um sheirbhís dheonach faoi chlár AE.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘DRUŽINSKI ČLAN RAZISKOVALCA’ le haghaidh ball teaghlaigh le náisiúnach eachtrach atá ina chónaí i bPoblacht na Slóivéine ar bhonn cead cónaithe sealadach chun críche taighde a eisítear i bPoblacht na Slóivéine, cead lena dtugtar teideal do bhaill teaghlaigh le taighdeoir ar náisiúnach tríú tír é teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti mar bhaill teaghlaigh le taighdeoir.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘DRUŽINSKI ČLAN RAZISKOVALCA - MOBILNOST’ le haghaidh ball teaghlaigh le taighdeoir a bhfuil cead cónaithe sealadach aige chun críche taighde ar bhonn aistriú fadtéarmach, cead lena dtugtar teideal do bhaill teaghlaigh le taighdeoir a bhfuil cead cónaithe sealadach aige chun críche taighde ar bhonn aistriú fadtéarmach ar náisiúnach tríú tír é teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti mar bhaill teaghlaigh le taighdeoir.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘ŠTUDENT’ chun críche staidéir lena dtugtar teideal do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti chun críche staidéir.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe sealadach é ‘ŠTUDENT - MOBILNOST’ chun críche staidéir lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina chónaí inti ar feadh tréimhse shoghluaisteacht an mhic léinn.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe é ‘ČLEN 50 PEU’ a eisítear chuig náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus chuig a mbaill teaghlaigh ar bhonn an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7) (dá ngairtear: An Comhaontú um Tharraingt siar anseo feasta) lena gceadaítear do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe agus dá mbaill teaghlaigh teacht isteach i bPoblacht na Slóivéine agus a bheith ina gcónaí ann.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead buanchónaithe é ‘REZIDENT ZA DALJŠI ČAS – ES’ lena léirítear stádas cónaitheora fhadtéarmaigh, cead a eiseofar chuig náisiúnach tríú tír nuair a chomhlíonfaidh sé an ceanglas tréimhse leanúnach 5 bliana de chónaí dlíthiúil a bheith air i bPoblacht na Slóivéine.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar éadan an cheada cónaithe dá dtagraítear thuas:

LONG-TERM RESIDENT – EC [cónaitheoir fadtéarma – CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar an margadh saothair]

ZUSDDD [Acht lena rialaítear Stádas Dlíthiúil Shaoránaigh na hIar-Iúgslaive atá ina gcónaí i bPoblacht na Slóivéine]

ZZZAT [An tAcht um Thearmann Sealadach]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

ZTUJ-1 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN REZIDENTA ZA DALJŠI ČAS DRUGE ČLANICE EU [ball teaghlaigh le cónaitheoir fadtéarmach i mBallstát eile den Aontas]

ZTUJ-1 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

<RAZLOG/NAMEN> [ráiteas ar chúiseanna/cuspóir]

<RAZLOG/NAMEN> [ráiteas ar chúiseanna/cuspóir]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN REZIDENTA ZA DALJŠI ČAS DRUGE ČLANICE EU [ball teaghlaigh le cónaitheoir fadtéarmach i mBallstát eile den Aontas]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

<RAZLOG/NAMEN> [ráiteas ar chúiseanna/cuspóir]

<RAZLOG/NAMEN> [ráiteas ar chúiseanna/cuspóir]

ZTUJ-2 VISOKOŠOLSKO IZOBRAŽEVALNO DELO [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha — obair ardoideachais]

51/3 ČLEN ZTUJ-2 [Airteagal 51(3), An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

HIGHER EDUCATION WORK [obair ardoideachais]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

RESEARCHER [taighdeoir]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

RESEARCHER [taighdeoir]

<Ráiteas ar theideal cláir nó comhaontaithe shonraigh AE nó giorrúchán na mBallstát óna dtagann sínitheoirí an chomhaontaithe>

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

RESEARCHER-MOBILITY [taighdeoir-soghluaisteacht]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

RESEARCHER-MOBILITY [taighdeoir-soghluaisteacht]

<Ráiteas ar theideal cláir nó comhaontaithe shonraigh AE nó giorrúchán na mBallstát óna dtagann sínitheoirí an chomhaontaithe>

SINGLE RESIDENCE AND WORK PERMIT [cead cónaithe agus oibre aonair]

TRAINEE [oiliúnaí]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

VOLUNTEER [saorálaí]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

VOLUNTEER [saorálaí]

ESC

SINGLE RESIDENCE AND WORK PERMIT [cead cónaithe agus oibre aonair]

JOB SEEKER [cuardaitheoir poist]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

FAMILY MEMBER OF RESEARCHER [ball teaghlaigh le taighdeoir]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

ZDRUŽITEV DRUŽINE [athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN IMETNIKA [ball teaghlaigh le sealbhóir]

MOBILE ICT [aistrí ionchorparáideach soghluaiste]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

STUDENT [mac léinn]

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

STUDENT [mac léinn]

<Ráiteas ar theideal cláir nó comhaontaithe shonraigh AE nó giorrúchán na mBallstát óna dtagann sínitheoirí an chomhaontaithe>

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

STUDENT – MOBILITY [mac léinn – soghluaisteacht]

<Ráiteas ar theideal cláir nó comhaontaithe shonraigh AE nó giorrúchán na mBallstát óna dtagann sínitheoirí an chomhaontaithe>

SINGLE RESIDENCE AND WORK PERMIT [cead cónaithe agus oibre aonair]

OTROK OSEBE Z MEDNARODNO ZAŠČITO [leanbh de thairbhí cosanta idirnáisiúnta]

ROJEN V TUJINI [duine a rugadh ar an gcoigríoch]

ČLEN 18(1) SPORAZUMA O IZSTOPU ZDRUŽENEGA KRALJESTVA IZ EU [Airteagal 18(1), An Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe]

ČLEN 18(1) SPORAZUMA O IZSTOPU ZDRUŽENEGA KRALJESTVA IZ EU [Airteagal 18(1), An Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe]

DOVOLJENJE ZA STALNO PREBIVANJE [cead buanchónaithe]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN IMETNIKA MODRE KARTE EU [ball teaghlaigh le sealbhóir Chárta Gorm AE]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

ŠTUDIJ [staidéar]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [cónaitheoir i mBallstát eile den Aontas]

DNEVNI DELOVNI MIGRANT [oibrí trasteorann]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

DRUGI UTEMELJENI RAZLOGI [forais réasúnacha eile]

SINGLE RESIDENCE AND WORK PERMIT [cead cónaithe agus oibre aonair]

LONG-TERM RESIDENT – EC [cónaitheoir fadtéarma – CE]

MEDNARODNA ZAŠČITA PRIZNANA V <DRŽAVA ČLANICA> DNE <DATUM>: [cosaint idirnáisiúnta a dheonaítear sa Bhallstát seo a leanas: <ballstát>, <dáta>]

LONG-TERM RESIDENT - EC, ODGOVORNOST ZA MEDNARODNO ZAŠČITO PRENESENA NA REPUBLIKO SLOVENIJO DNE <DATUM> [buanchónaí – CE, freagracht as cosaint idirnáisiúnta arna haistriú chuig Poblacht na Slóivéine an <dáta>]

LONG-TERM RESIDENT - EC, ODGOVORNOST ZA MEDNARODNO ZAŠČITO PRENESENA NA <DRŽAVA ČLANICA> DNE <DATUM> [buanchónaí – CE, freagracht as cosaint idirnáisiúnta arna haistriú chuig <Ballstát> an <dáta>]

50. ČLEN ZTUJ-2 [Airteagal 50, An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN IMETNIKA ICT [ball teaghlaigh le haistrí ionchorparáideach]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN IMETNIKA MOBILE ICT [ball teaghlaigh le haistrí ionchorparáideach soghluaiste]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

DRUŽINSKI ČLAN BEGUNCA [ball teaghlaigh le dídeanaí]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN OSEBE S SUBSIDIARNO ZAŠČITO [ball teaghlaigh le tairbhí cosanta coimhdí]

ZTUJ-2 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

OTROK TUJCA ROJEN V RS [leanbh nach náisiúnach é nó í a rugadh sa tSlóivéin]

LONG-TERM RESIDENT – EC [cónaitheoir fadtéarma – CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

ZTUJ-1 [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

EU BLUE CARD [Cárta Gorm AE]

SPORAZUM EU-ŠVIC.KONF. [Comhaontú AE-na hEilvéise]

SAMOZAPOSLITEV / IZVAJANJE STORITEV [féinfhostú / soláthar seirbhíse]

BEGUNEC/REFUGEE [dídeanaí]

SUBSIDIARNA ZAŠČITA / SUBSIDIARY PROTECTION [cosaint choimhdeach]

BEGUNEC/REFUGEE [dídeanaí]

DRUŽINSKI ČLAN / FAMILY MEMBER [ball teaghlaigh]

SUBSIDIARNA ZAŠČITA / SUBSIDIARY PROTECTION [cosaint choimhdeach]

DRUŽINSKI ČLAN/FAMILY MEMBER [ball teaghlaigh]

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar chúl an cheada cónaithe dá dtagraítear thuas, agus tá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) an náisiúnaigh eachtraigh le fáil roimhe:

DRUŽINSKI ČLAN DRŽAVLJANA ŠVICARSKE KONFEDERACIJE

FAMILY MEMBER OF CITIZEN OF SWISS CONFEDERATION [ball teaghlaigh le saoránach de Chónaidhm na hEilvéise]

DOVOLJENJE ZA STALNO PREBIVANJE

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

DOVOLJEN DOSTOP NA TRG DELA [rochtain ceadaithe ar an margadh saothair ]

ENOTNO DOVOLJENJE ZA PREBIVANJE IN DELO [cead cónaithe agus oibre aonair]

DOVOLJEN DOSTOP NA TRG DELA [rochtain ar mhargadh an tsaothair ceadaithe]

FAMILY MEMBER OF RESEARCHER – MOBILITY [ball teaghlaigh le taighdeoir – soghluaisteacht]

REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [cónaitheoir i mBallstát eile den Aontas]

NAPOTENI DELAVEC [oibrí ar postú]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

DOVOLJUJE ZAČASNO PREBIVANJE IN VISOKOKVALIFICIRANO ZAPOSLITEV [cead le haghaidh cónaí sealadach agus fostaíocht archáilíochta]

DOVOLJENJE ZA STALNO PREBIVANJE [cead buanchónaithe]

NEKDANJI IMETNIK MODRE KARTE EU

FORMER EU BLUE CARD HOLDER [iarshealbhóir Chárta Gorm AE]

FAMILY MEMBER OF EU BLUE CARD HOLDER [ball teaghlaigh le sealbhóir Chárta Gorm AE]

ZTUJ-2 ZAPOSLITEV ALI DELO [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha — fostaíocht nó obair]

ZTUJ-2 SAMOZAPOSLENA OSEBA [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha — féinfhostaithe]

ENOTNO DOVOLJENJE ZA PREBIVANJE IN DELO ZTUJ-2 [cead cónaithe agus oibre aonair – An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha]

ZTUJ-2 DNEVNI DELOVNI MIGRANT [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha – oibrí trasteorann]

ZTUJ-2 REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha – cónaitheoir i mBallstát eile den Aontais]

ZAPOSLITEV ALI DELO [fostaíocht nó obair]

ZTUJ-2 REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha – cónaitheoir i mBallstát eile den Aontais]

SAMOZAPOSLENA OSEBA [féinfhostaithe]

ZTUJ-2 REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha – cónaitheoir i mBallstát eile den Aontais]

SEZONSKO DELO [obair shéasúrach]

ZTUJ-2 REZIDENT DRUGE ČLANICE EU [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha – cónaitheoir i mBallstát eile den Aontais]

DNEVNI DELOVNI MIGRANT [oibrí trasteorann]

ZTUJ-2 ZDRUŽITEV DRUŽINE [An tAcht um Náisiúnaigh Eachtracha - athaontú teaghlaigh]

DRUŽINSKI ČLAN BEGUNCA [ball teaghlaigh le dídeanaí]

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

INTERNATIONAL PROTECTION GRANTED BY: [cosaint idirnáisiúnta arna deonú ag:]

<NAME OF THE MEMBER STATE> ON <DATE>

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

INTERNATIONAL PROTECTION GRANTED BY: [cosaint idirnáisiúnta arna deonú ag:]

<NAME OF THE MEMBER STATE> ON <DATE>, PROST DOSTOP NA TRG DELA [<ainm an Bhallstáit> an <dáta>, saor-rochtain ar an margadh saothair]

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

RESPONSIBILITY FOR INTERNATIONAL PROTECTION TRANSFERRED

TO SLOVENIA ON <DATE>, PROST DOSTOP NA TRG DELA [freagracht as cosaint idirnáisiúnta arna haistriú chuig an tSlóivéin an <dáta>, saor-rochtain ar an margadh saothair]

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

RESPONSIBILITY FOR INTERNATIONAL PROTECTION TRANSFERRED

<NAME OF THE MEMBER STATE> ON <DATE>, PROST DOSTOP NA TRG DELA [freagracht as cosaint idirnáisiúnta arna haistriú ag <ainm an Bhallstáit> an <dáta>, saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

DOVOLJENJE ZA STALNO PREBIVANJE

PERMANENT RESIDENCE PERMIT [cead buanchónaithe]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

FAMILY MEMBER OF EU BLUE CARD HOLDER [ball teaghlaigh le sealbhóir Chárta Gorm AE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

Dovoljenje za prebivanje (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B ann) (athrá ar theideal an doiciméid i mBéarla: ‘RESIDENCE CARD’ [cárta cónaithe] i réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Dovoljenje za prebivanje’ (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B air) á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nó saoránaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó saoránaigh den tSlóivéin iad ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead cónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den Aontas nó saoránach den tSlóivéin nó ar cuireadh síneadh lena gcead cónaithe den chineál sin.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada] ar an gcárta cónaithe:

DRUŽINSKI ČLAN EU 10. ČL. DIR 2004/38/ES [Ball teaghlaigh le saoránach den Aontas – Airteagal 10, Treoir 2004/38/CE]

DRUŽINSKI ČLAN [ball teaghlaigh]

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: ‘DRUŽINSKI ČLAN’ EU 10. ČL. DIR 2004/38/ES, is cead cónaithe a eisítear chuig ball teaghlaigh le saoránach den Aontas é.

Ar chead cónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead cónaithe a eisítear chuig ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin é ‘DRUŽINSKI ČLAN’.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar éadan an chárta cónaithe dá dtagraítear thuas:

FAMILY MEMBER EU ART 10 DIR 2004/38/EC [ball teaghlaigh AE Airteagal 10 de Threoir 2004/38/CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

DRUŽINSKI ČLAN SLOVENSKEGA DRŽAVLJANA

FAMILY MEMBER OF SLOVENIAN CITIZEN [ball teaghlaigh le Saoránach den tSlóivéin]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

Tá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) an náisiúnaigh eachtraigh sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar chúl an chárta cónaithe.

Dovoljenje za stalno prebivanje (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B ann) (athrá ar theideal an doiciméid i mBéarla: ‘PERMANENT RESIDENCE CARD’ [cárta buanchónaithe] i réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Dovoljenje za stalno prebivanje’ (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B air) á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le náisiúnaigh den Aontas, náisiúnaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó náisiúnaigh den tSlóivéin iad ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead buanchónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den Aontas nó saoránach den tSlóivéin.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Cineál ceada’ ar an gcárta buanchónaithe:

DRUŽINSKI ČLAN EU 20. ČL. DIR 2004/38/ES [Ball teaghlaigh le saoránach den Aontas – Airteagal 20, Treoir 2004/38/CE]

DRUŽINSKI ČLAN [ball teaghlaigh]

Ar chead buanchónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: ‘DRUŽINSKI ČLAN EU 20. ČL. DIR 2004/38/ES’, is cead buanchónaithe a eisítear chuig ball teaghlaigh le saoránach den Aontas é.

Ar chead buanchónaithe a eisítear mar dhoiciméad neamhspleách i bhfoirm cárta, sonraítear an méid seo a leanas sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada]: Is cead buanchónaithe a eisítear chuig ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin é ‘DRUŽINSKI ČLAN’.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar aghaidh an chárta cónaithe dá dtagraítear thuas:

FAMILY MEMBER EU ART 20 DIR 2004/38/EC [ball teaghlaigh AE Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

DRUŽINSKI ČLAN SLOVENSKEGA DRŽAVLJANA

FAMILY MEMBER OF SLOVENIAN CITIZEN [ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin]]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

Tá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) an náisiúnaigh eachtraigh sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar chúl an cheada cónaithe.

Dovoljenje za prebivanje (a bhfuil cód CH i gcarachtair OCR-B ann) (athrá ar theideal an doiciméid i mBéarla: ‘RESIDENCE PERMIT’ [cead cónaithe] i réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Dovoljenje za prebivanje’ (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B air) á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig saoránaigh de Chónaidhm na hEilvéise agus chuig a mbaill teaghlaigh ar saoránaigh de Chónaidhm na hEilvéise iad féin freisin, ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead cónaithe sealadach chucu nó ar cuireadh síneadh lena gcead cónaithe sealadach nó ar eisíodh cead buanchónaithe chucu ar bhonn an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (IO L 114, 30.4.2002, lch. 6).

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Cineál ceada’ ar an gcárta ceada cónaithe:

ZAČASNO/TEMPORARY [sealadach]

STALNO/PERMANENT [buan]

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar aghaidh an cheada cónaithe dá dtagraítear thuas:

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

Tá an fhoclaíocht seo a leanas le fáil sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar éadan an cheada cónaithe:

DRŽAVLJAN ŠVICARSKE KONFEDERACIJE

CITIZEN OF SWISS CONFEDERATION [saoránach de Chónaidhm na hEilvéise]

ar roimhe atá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) an tsaoránaigh de Chónaidhm na hEilvéise arb é sealbhóir an cheada cónaithe é.

Potrdilo o pravicah obmejnega delavca (a bhfuil cód AR i gcarachtair OCR-B ann) (athrá ar theideal an doiciméid i mBéarla: ‘CERTIFICATE OF RIGHTS OF FRONTIER WORKER’ [deimhniú maidir le cearta an oibrí teorann] sa réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Potrdilo o pravicah obmejnega delavca’ á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine, de bhun Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, chuig náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bPoblacht na Slóivéine roimh an 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 45 nó 49 CFAE agus a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bPoblacht na Slóivéine tar éis dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach sa Chomhaontú sin um Tharraingt Siar. Leis an deimhniú maidir le cearta oibrí teorann, aithnítear an ceart atá ann cheana atá ag náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ar oibrithe teorann iad agus nach bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Slóivéine gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bPoblacht na Slóivéine.

Tá an fhoclaíocht seo a leanas le fáil sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Type of permit’ [Cineál ceada] ar an deimhniú maidir le cearta oibrí teorann:

ČLEN 50 PEU – OBMEJNI DELAVEC [AIRTEAGAL 50 CAE – OIBRÍ TEORANN]

Tá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar chúl an deimhnithe maidir le cearta an oibrí teorann.

2.   Deimhnithe clárúcháin cónaithe agus deimhnithe clárúcháin buanchónaithe le haghaidh saoránaigh den Aontas Eorpach a eisítear san fhormáid a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1954 agus i ndáil le Rialachán (AE) 2019/1157

Potrdilo o prijavi prebivanja (a bhfuil cód CE i gcarachtair OCR-B ann) (athrá ar theideal an doiciméid i mBéarla: ‘RESIDENCE CERTIFICATE’ [deimhniú cónaithe] i réimse sonraí 3.2)

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Potrdilo o prijavi prebivanja’ (a bhfuil cód CE i gcarachtair OCR-B air) á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig saoránaigh de Bhallstáit eile den Aontas agus chuig saoránaigh de Bhallstáit LEE ar eisigh Poblacht na Slóivéine deimhniú clárúcháin cónaithe chucu nó ar cuireadh síneadh lena ndeimhniú clárúcháin cónaithe nó ar eisíodh deimhniú clárúcháin buanchónaithe chucu.

Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá an cárta dar teideal ‘Potrdilo o prijavi prebivanja’ á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig baill teaghlaigh le saoránaigh de Bhallstáit LEE ar saoránaigh den Aontas nó saoránaigh de Bhallstáit LEE iad freisin, agus chuig baill teaghlaigh le saoránaigh den tSlóivéin ar saoránaigh den Aontas nó saoránaigh de Bhallstáit LEE iad, agus chuig ball teaghlaigh le saoránaigh de Chónaidhm na hEilvéise ar saoránaigh den Aontas nó saoránaigh de Bhallstáit LEE iad ar eisigh Poblacht na Slóivéine deimhniú clárúcháin cónaithe chucu nó ar cuireadh síneadh lena ndeimhniú clárúcháin cónaithe nó ar eisíodh deimhniú clárúcháin buanchónaithe chucu.

Sa réimse sonraí ‘Vrsta dovoljenja / Cineál ceada’, tá na cóid seo a leanas ar an gcárta dar teideal ‘Potrdilo o prijavi prebivanja’:

ČL. 8. DIR 2004/38/ES [Treoir 2004/38/ES]

ČL. 19 DIR 2004/38/ES [ČL. 19 Treoir 2004/38/ES]

D’fhéadfadh an fhoclaíocht seo a leanas a bheith ann sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar éadan an deimhnithe clárúcháin cónaithe dá dtagraítear thuas:

ART 8 DIR 2004/38/EC [Airteagal 8 Treoir 2004/38/CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

STALNO/PERMANENT [buan]

ART 19 DIR 2004/38/EC [Airteagal 19 Treoir 2004/38/CE]

PROST DOSTOP NA TRG DELA [saor-rochtain ar mhargadh an tsaothair]

Tá uimhir aitheantais phearsanta (EMŠO) an tsaoránaigh den Aontas sa réimse sonraí ‘Opombe/Remarks’ [Barúlacha] ar chúl an deimhnithe clárúcháin cónaithe.

3.   Gach doiciméad eile a eisítear chuig náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

Dovoljenje za prebivanje za družinskega člana državljana EGP [cead cónaithe le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch] (91 × 60 mm)

Tabhair faoi deara: Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá cead cónaithe á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nó saoránaigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead cónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den Aontas nó ar cuireadh síneadh lena gcead cónaithe den chineál sin, nó ar eisíodh cead buanchónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den Aontas, san fhormáid a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1954 agus i ndáil le Rialachán (AE) 2019/1157. Cártaí ceada cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas nó saoránaigh den limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cártaí a eisíodh i bhformáid lannaithe, rachaidh siad in éag ar dháta éaga an chárta nó tráth nach déanaí ná an 3 Lúnasa 2023.

Sonraítear an cineál ceada cónaithe ar an gcárta, mar a leagtar amach thíos:

Dovoljenje za stalno prebivanje [cead buanchónaithe]

Dovoljenje za začasno prebivanje [cead cónaithe sealadach]

Dovoljenje za prebivanje za družinskega člana slovenskega državljana [cead cónaithe le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin]

Tabhair faoi deara: Ón 14 Feabhra 2022 ar aghaidh tá cead cónaithe á eisiúint ag Poblacht na Slóivéine chuig náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh le saoránaigh den tSlóivéin iad, ar eisigh Poblacht na Slóivéine cead cónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin nó ar cuireadh síneadh lena gcead cónaithe den chineál sin, nó ar eisíodh cead buanchónaithe chucu le haghaidh ball teaghlaigh le saoránach den tSlóivéin, san fhormáid a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1954 agus i ndáil le Rialachán (AE) 2019/1157. Cártaí ceada cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den tSlóivéin agus cártaí buanchónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den tSlóivéin, cártaí a eisíodh i bhformáid lannaithe, rachaidh siad in éag ar dháta éaga an chárta nó tráth nach déanaí ná an 3 Lúnasa 2023.

Sonraítear an cineál ceada cónaithe ar an gcárta, mar a leagtar amach thíos:

Dovoljenje za stalno prebivanje [cead buanchónaithe]

Dovoljenje za začasno prebivanje [cead cónaithe sealadach]

Izkaznica osebe z začasno zaščito [cárta aitheantais um chosaint shealadach] (91 x 60 mm)

Seznam potnikov za šolska potovanja znotraj Evropske unije [liosta na bpaisinéirí le haghaidh turais scoile laistigh den Aontas Eorpach]

Ceadanna cónaithe speisialta arna n-eisiúint ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha:

Diplomatska izkaznica [Cárta aitheantais taidhleoireachta]

Službena izkaznica [Cárta seirbhíse]

Konzularna izkaznica [Cárta Aitheantais Consalachta]

Konzularna izkaznica za častne konzularne funkcionarje [Cárta Aitheantais Consalachta le haghaidh Consail oinigh]

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 1.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 1.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45.

IO C 192, 18.8.2007, lch. 11.

IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 31.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 14.

IO C 207, 14.8.2008, lch. 12.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 5.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 15.

IO C 198, 22.8.2009, lch. 9.

IO C 239, 6.10.2009, lch. 2.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 15.

IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 5.

IO C 82, 30.3.2010, lch. 26.

IO C 103, 22.4.2010, lch. 8.

IO C 108, 7.4.2011, lch. 7.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 5.

IO C 201, 8.7.2011, lch. 1.

IO C 216, 22.7.2011, lch. 26.

IO C 283, 27.9.2011, lch. 7.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 5.

IO C 214, 20.7.2012, lch. 7.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 4.

IO C 51. 22.2.2013, lch. 6.

IO C 75. 14.3.2013, lch. 8.

IO C 77, 15.3.2014, lch. 4.

IO C 118, 17.4.2014, lch. 9.

IO C 200, 28.6.2014, lch. 59.

IO C 304, 9.9.2014, lch. 3.

IO C 390, 5.11.2014, lch. 12.

IO C 210, 26.6.2015, lch. 5.

IO C 286, 29.8.2015, lch. 3.

IO C 151, 28.4.2016, lch. 4.

IO C 16, 18.1.2017, lch. 5.

IO C 69, 4.3.2017, lch. 6.

IO C 94, 25.3.2017, lch. 3.

IO C 297, 8.9.2017, lch. 3.

IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.

IO C 100, 16.3.2018, lch. 25.

IO C 144, 25.4.2018, lch. 8.

IO C 173, 22.5.2018, lch. 6.

IO C 222, 26.6.2018, lch. 12.

IO C 248, 16.7.2018, lch. 4.

IO C 269, 31.7.2018, lch. 27.

IO C 345, 27.9.2018, lch. 5.

IO C 27, 22.1.2019, lch. 8.

IO C 31, 25.1. 2019. lch. 5.

IO C 34, 28.1.2019, lch. 4.

IO C 46, 5.2.2019, lch. 5.

IO C 330, 6.10.2020, lch. 5.

IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

IO C 150, 28.4.2021, lch. 5.

IO C 365, 10.9.2021, lch. 3.

IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.

IO C 63, 7.2.2022, lch. 6.

IO C 272, 15.7.2022, lch. 4.

IO C 304, 9.8.2022, lch. 5.

IO C 393, 13.10.2022, lch. 10.

IO C 72, 28.2.2023, lch. 44.

IO C 274, 3.8.2023, lch. 6.

IO C, C/2023/260, 19.10.2023.

IO C, C/2023/1408, 5.12.2023.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1609/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)