|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1604 |
20.12.2023 |
Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH)
(Foilsiú theidil agus thagairtí na gcaighdeán Eorpach faoi iontráil 27 (nicil) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le REACH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2023/1604)
|
An Eagraíocht Eorpach um Chaighdeánú (ESO) |
Tagairt agus teideal an chaighdeáin |
Tagairt an chaighdeáin ar glacadh a áit |
||||||
|
An Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) |
EN 1811:2023 Modh tástála tagartha maidir le scaoileadh nicile as nithe a cóimeáladh agus atá le cur isteach i mbaill phollta de chorp an duine agus as earraí atá ceaptha a bheith i dteagmháil dhíreach leis an gcraiceann thar thréimhse fhada |
EN 1811:2011+A1:2015 |
||||||
|
CEN |
EN 12472:2020 Modh maidir le hionsamhlú caitheamh agus creimeadh luathaithe chun scaoileadh nicile as ítimí brataithe a bhrath |
EN 12472:2005+A1:2009 |
||||||
|
An Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) |
EN 16128:2015 Optaic oftalmach – Modh tagartha maidir le frámaí spéaclaí agus spéaclaí gréine a thástáil i ndáil le scaoileadh nicile |
EN 16128:2011 |
||||||
|
ESO: An eagraíocht Eorpach um chaighdeánú:
|
||||||||
Fhaisnéis maidir le hinfhaighteacht na gcaighdeán, is féidir í a fháil ó na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú nó ó na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, comhlachtaí ar foilsíodh an liosta díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (1).
Glacann na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin i mBéarla (foilsíonn CEN agus Cenelec i bhFraincis agus i nGearmáinis). Ina dhiaidh sin, déantar teidil na gcaighdeán a aistriú go gach teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh a éilíonn na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú. Níl an Coimisiún Eorpach freagrach as cruinneas na dteideal a cuireadh i láthair le foilsiú san Iris Oifigiúil.
Ní thugann foilsiú na dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le fios go bhfuil na caighdeáin ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Tá tuilleadh faisnéise faoi chaighdeáin chomhchuibhithe agus faoi chaighdeáin Eorpacha eile ar fáil ag https://single-market-economy.ec.europa.eu/single-market/european-standards/harmonised-standards_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1604/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)