European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1574

20.12.2023

Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(C/2023/1574)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) gearán de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí bithdhíosail, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, á ndumpáil agus go bhfuil díobháil (2) á déanamh do thionscal an Aontais dá bharr.

1.   An Gearán

Is é an Bord Eorpach Bithdhíosail (‘an gearánach’) a chuir an gearán isteach an 7 Samhain 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal bithdhíosail an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi imscrúdú

Is é an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ de ghnáth, i bhfoirm íon nó i gcumasc (‘an táirge faoi imscrúdú’).

Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir le raon feidhme na táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo (3).

3.   Líomhain maidir le dumpáil

An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á dhumpáil, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’) é, agus tá sé aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516209821, 1516209822, 1516209823, 1516209829, 1516209831, 1516209832 agus 1516209839), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518009121, 1518009122, 1518009123, 1518009129, 1518009131, 1518009132 agus 1518009139), ex 1518 00 95 (cód TARIC 1518009510, 1518009511 agus 1518009519), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518009921, 1518009922, 1518009923, 1518009929, 1518009931, 1518009932 agus 1518009939), ex 2710 19 43 (cóid TARIC 2710194321, 2710194322, 2710194323, 2710194329, 2710194331, 2710194332 agus 2710194339), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710194621, 2710194622, 2710194623, 2710194629, 2710194631, 2710194632 agus 2710194639), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710194721, 2710194722, 2710194723, 2710194729, 2710194731, 2710194732 agus 2710194739), 2710 20 11, 2710 20 16, ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824999210, 3824999211, 3824999213, 3824999214, 3824999215, 3824999216, agus 3824999219), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826009011, 3826009012, 3826009013, 3826009019, 3826009031, 3826009032 agus 3826009039). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú, sainmhíniú atá i Roinn 2.

Is éard a mhaígh an gearánach nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid ós rud é gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an gearánach ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (4). Go háirithe, mhaígh an gearánach gur cosúil go mbeadh tionchar ag tosca áirithe ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi imscrúdú, is iad sin, inter alia, na tosca a luaitear sna caibidlí den tuarascáil maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal agus saothar na tuarascála. Ina theannta sin, bhí an gearánach ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe ar an bPlean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Forbairt Fuinnimh (2014-2020), ar an 14ú Plean Cúig Bliana (2021-2025) maidir le Forbairt Fuinnimh In-athnuaite, agus ar thorthaí an Choimisiúin in imscrúduithe frithdhumpála a rinneadh le déanaí maidir le saobhadh a bheith ann ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair (5).

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díolachán a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Na corrlaigh dumpála arna ríomh ar bhonn na comparáide sin, is corrlaigh mhóra iad i gcás na tíre lena mbaineann.

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn go hiondúil nach iomchuí na praghsanna agus na costais intíre sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Tá an tuarascáil tíre le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (6).

4.   Líomhain maidir le díobháil agus an nasc cúisíoch

Chuir an gearánach fianaise ar fáil gur tháinig méadú foriomlán, i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciar den mhargadh de, ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann.

Léiríonn an fhianaise a sholáthair an gearánach gur imir méid agus praghsanna an táirge onnmhairithe faoi imscrúdú tionchar diúltach, i measc iarmhairtí eile, ar na cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais, ar leibhéal na bpraghsanna a ghearr sé agus ar an sciar den mhargadh a bhí aige, agus ba ann d’éifeachtaí díobhálacha substainteacha ar fheidhmíocht fhoriomlán thionscal an Aontais.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur chuir tionscal an Aontais an gearán isteach, nó gur cuireadh isteach thar ceann thionscal an Aontais é, agus gur leor an fhianaise atá ann chun údar cuí a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag cur tús leis an imscrúdú de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an imscrúdú an bhfuil dumpáil á déanamh i gcás an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus ar bhain díobháil do thionscal an Aontais i ngeall ar na hallmhairí dumpáilte.

Más deimhneach na conclúidí, scrúdófar san imscrúdú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán.

5.1.    An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

Leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil, cumhdófar an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘tréimhse an imscrúdaithe’). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

5.2.    Barúlacha maidir leis an ngearán agus tionscnamh an imscrúdaithe

Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh

Táirgeoirí onnmhairiúcháin (7) an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin

(a)   Sampláil

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, faisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (‘TRON’) ag an seoladh seo a leanas: : https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD700_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis Dhaon-Phoblacht na Síne freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.

Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d'allmhairí chuig an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne, agus comhlachais táirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2698

Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus d’údaráis na tíre sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur táirgeoirí comhoibríocha atá iontu (‘táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte’). Gan dochar do mhír 5.3.1(b) thíos, an dleacht frithdhumpála a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, ní sháróidh sí an meánchorrlach ualaithe dumpála a ríomhadh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (8).

(b)   An corrlach dumpála aonair le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin nár áiríodh sa sampla

De bhun Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán, féadfaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a iarraidh ar an gCoimisiún a gcorrlaigh dumpála aonair a shuí. Táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo corrlach dumpála aonair a éileamh, ní mór dóibh ceistneoir a líonadh isteach go cuí agus a chur ar ais laistigh de 30 lá ón lá a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt. Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2698. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú chun a chinneadh an féidir dleacht aonair a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán.

I gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte atá ag éileamh corrlach dumpála aonair, áfach, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh sé go mbeartóidh an Coimisiún mar sin féin gan a gcorrlach dumpála aonair a chinneadh, más amhlaidh, cuir i gcás, go bhfuil líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha atá le himscrúdú, lena n-áirítear na táirgeoirí sampláilte, chomh mór sin go mbeadh ualach míchuí ag baint leis an gcinneadh sin agus go gcuirfeadh sé bac ar thabhairt i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach

Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (CC) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e) den bhun-Rialachán, go gairid tar éis a thionscanta, cuirfidh an Coimisiún páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír ionadaíoch iomchuí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) trí bhíthin nóta a bheidh ag gabháil leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Tabharfar 10 lá do na páirtithe san imscrúdú a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nóta, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), pointe (e).

D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag na tríú tíortha sin atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, an bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú iontu agus an bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca iontu. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tríú tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d'fheadfadh an Bhrasaíl a bheith ina tríú tír ionadaíoch iomchuí.

I gcomhthéacs an phróisis sin, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD700_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM

I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a), den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Is ó fhoinsí poiblí atá ar fáil go héasca ba cheart an fhaisnéis fhíorasach sin a thógáil, agus ó na foinsí sin amháin.

5.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (9) (10)

Allmhairí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2698.

5.4.    Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais

Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh i leith díobhála, agus cuimsíonn sé imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí sin ar thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscail an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

Ó tharla go bhfuil líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais lena mbaineann ann, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile den Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gurb ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa tsampláil, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó lá foilsithe an fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte san Aontas ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2698.

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má shuitear gur ann do dhumpáil agus do dhíobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta frith-dhumpála. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachas ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún an mbeidh sé in aghaidh leas an Aontais má fhorchuirtear bearta. Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, beidh ar na heagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a ngníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2698. An fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chur faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má bhíonn nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a rochtain trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (11).

5.7.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.

Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:

Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh an sprioc-am le haghaidh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 60 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.

Tar éis chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá tar éis an dáta a nochtfar na cinntí sealadacha nó an doiciméad faisnéise. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 15 lá tar éis dháta an fhógra faoin nochtadh nó ó dháta an doiciméid faisnéise.

Ag céim na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá tar éis dháta an nochta deiridh. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht ansin roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

Tá an creat ama sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.8.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag na páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’  (12) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara ’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí TRON.tdi nó ríomhphost a úsáid, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin AS na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas i gcás a n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ón gCoimisiún a fháil trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

European Commission

Directorate-General for Trade

Directorate G

Office: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Ríomhphost maidir le gnéithe dumpála:

TRADE-AD700-BIODIESEL-DUMPING@ec.europa.eu

Ríomhphost maidir le díobháil agus gnéithe leas an Aontais, lena n-áirítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo:

TRADE-AD700-BIODIESEL-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 6(9) den bhun-Rialachán, laistigh de 13 mhí de ghnáth, ach tráth nach faide ná 14 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 7 mí de ghnáth, ach in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis fhoilsiú an fhógra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha 4 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.

Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara trí bhíthin doiciméad faisnéise nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.

Tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí críochnaitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí deiridh breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach bhfuil cumhdaithe leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:

Aon fhaisnéise le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir le nochtadh na dtorthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag céim na dtorthaí sealadacha. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin más féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:

Aon bharúil maidir le faisnéis a chuirfidh páirtithe leasmhara eile isteach roimh an sprioc-am maidir le forchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

Níor cheart síneadh leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.

In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra Tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Sa chás sin, ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   An tOifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta na cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Tagraíonn an téarma ginearálta ‘díobháil’ do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán.

(3)  Le tagairtí do fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i gceist.

(4)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD (2017) 483 final/2.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142), aithris 140. Féach freisin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2016/1036 (IO L 189, 15.7.2019, lch. 8, aithris 114); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/687 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 116, 3.5.2019, lch. 5), aithris 89; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1693 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L. 259, 10 Deireadh Fómhair 2019, lch. 15), aithris 109; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 410, 18.11.2021, lch. 51), aithris 139.

(6)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin ach iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.

(7)  Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(8)  De bhun Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán, aon chorrlach de mhéid nialais nó de minimis a shuitear i gcomhréir leis na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán, tabharfar neamhaird air.

(9)  Sa roinn seo ní chumhdaítear ach na hallmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(10)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(11)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797

(12)  Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(13)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


IARSCRÍBHINN

Leagan íogair

Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara

(Cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ BITHDHÍOSAIL DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D'ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnamh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   Céannacht agus Sonraí Teagmhála

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Duine teagmhála

 

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir theileafóin

 

2.   Láimhdeachais agus méid na ndíolachán

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi imscrúdú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

 

Tonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis an allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

3.   Gníomhaíochtaí do chuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   Faisnéis eile

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an tsampláil a roghnú.

5.   Deimhniú

Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta lena rannpháirtiú féideartha sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagairt a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1574/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)