|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1536 |
12.12.2023 |
Fógra ón gCoimisiún
Roghnú chun moill a chur ar chur i bhfeidhm RCI agus RÍFTC faoi Airteagal 50 de Threoir Cholún a Dó
(C/2023/1536)
1. Barúlacha ginearálta
Le hAirteagal 56 de Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle (1) (dá ngairtear: Treoir Cholún a Dó anseo feasta), ceanglaítear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) na dlíthe, na rialacháin, agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir Cholún a Dó a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm i leith na mblianta fioscacha dar tús an 31 Nollaig 2023.
Mar sin féin, déantar foráil in Airteagal 50(1) de Threoir Cholún a Dó maidir le roghnú chun moill a chur ar chur i bhfeidhm na Rialach maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus na Rialach maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-cháin (RIFTC) is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh, ‘nach bhfuil níos mó ná 12 mháthaireintiteas deiridh de ghrúpaí atá faoi raon feidhme na Treorach seo lonnaithe iontu’ ar feadh 6 bliana fhioscacha as a chéile ón 31 Nollaig 2023. Ní mór do na Ballstáit a roghnaíonn amhlaidh fógra a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023.
2. Raon feidhme na hoibleagáide Treoir Cholún 2 a thrasuí i gcás an roghnaithe
An maolú dá bhforáiltear in Airteagal 50(1) de Threoir Cholún a Dó, is éard atá ann eisceacht shealadach ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear i gCaibidil II ‘RCI agus RÍFTC’ (i.e. Airteagail 5 go 14 de Threoir Cholún a Dó). Dá bhrí sin, le hAirteagal 50(1) de Threoir Cholún a Dó, ceadaítear do na Ballstáit sin gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm ar feadh 6 bliana fhioscacha as a chéile ón 31 Nollaig 2023.
Níor cheart oibriú chóras Cholún a Dó a chur as a riocht laistigh den Aontas Eorpach agus in áiteanna eile, díreach mar gheall ar go bhféadfaidh Ballstáit áirithe an roghnú a úsáid. Ar an gcúis sin, ní mór do Bhallstát atá ag déanamh an roghnaithe, mar sin féin, na forálacha ábhartha eile uile de Threoir Cholún a Dó a thrasuí ionas go mbeidh cáiníocóirí, Ballstáit eile agus dlínsí eile in ann an córas a chur i bhfeidhm i gceart.
Tá sé thar a bheith tábhachtach a thabhairt chun suntais nach ndéantar dliteanas an ghrúpa i leith cáin bhreisiúcháin i mBallstáit eile ná i dtríú tíortha a tharscaoileadh mar thoradh ar an roghnú. Ní údaraítear leis ach na Ballstáit sin a roghnaigh an maolú gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm ar feadh 6 bliana fhioscacha as a chéile ón 31 Nollaig 2023.
Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a dhéanann an roghnú forálacha a achtú lena ndéantar na nithe seo a leanas:
|
— |
Oibleagáid a chur ar na máthaireintitis deiridh intíre an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
— |
Oibleagáid a chur ar na comheintitis áitiúla an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Mar sin féin, maidir le Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rogha Airteagal 50 de Threoir Cholún a Dó a roghnú, i gcás inar mhaith leis Cáin Bhreisiúcháin (Íosta) Náisiúnta Cháilithe (QD(M)TT) a thabhairt isteach, bheadh raon feidhme an trasuite is gá níos leithne. Sna cásanna sin, is cosúil nár ghá ach na forálacha lena bhforchuirtear RCI agus RÍFTC ar na comheintitis áitiúla (i.e. Caibidil II de Threoir Cholún a Dó) a chur chun feidhme.
3. Ballstáit a rinne an roghnú agus a thug fógra don Choimisiún faoin méid sin
Mar a sheasann cúrsaí an 12 Nollaig 2023, thug na Ballstáit seo a leanas fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn acu a roghnú moill a chur ar chur i bhfeidhm RCI agus RÍFTC i gcomhréir le hAirteagal 50 de Threoir Cholún a Dó, tar éis dóibh a dhearbhú nach bhfuil níos mó ná dhá mháthaireintiteas déag de ghrúpaí laistigh de raon feidhme na Treorach seo lonnaithe ar a gcríocha.
|
— |
An Eastóin, |
|
— |
An Laitvia, |
|
— |
An Liotuáin, |
|
— |
Málta, |
|
— |
An tSlóvaic. |
(1) Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas, IO L 328, 22.12.2022, lgh. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1536/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)