|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1532 |
14.12.2023 |
Caingean arna tabhairt an 18 Deireadh Fómhair 2023 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hIorua
(Cás E-14/23)
(C/2023/1532)
Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hIorua os comhair Chúirt CSTE an 18 Deireadh Fómhair 2023, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Hildur Hjörvar, Kyrre Isaksen, agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts 19H, 1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.
Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
A dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE agus faoi Airteagal 8 den Ghníomh mar nár chuir sí an Gníomh dá dtagraítear i bpointe 13 d’iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir na Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú) chun feidhme ina iomláine ina dlíchóras inmheánach. |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Iorua costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Leis an Iarratas seo, lorgaíonn Údarás Faireacháin CSTE (an tÚdarás) dearbhú nár chomhlíon an Iorua na bearta is gá a ghlacadh chun an Gníomh dá dtagraítear i bpointe 13 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE nó Comhaontú LEE), is é sin Treoir 2014/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir na Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (an Gníomh) a chur chun feidhme ina iomláine ina dlíchóras inmheánach, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 8 den Ghníomh agus Airteagal 7 LEE. |
|
— |
Sheol an tÚdarás litir fógra fhoirmiúil chuig an Iorua an 4 Deireadh Fómhair 2018, agus thug an Iorua freagra ar an litir sin an 4 Nollaig 2018, inar luadh go bhfuil leasuithe reachtacha á n-ullmhú i láthair na huaire. |
|
— |
Thug an tÚdarás tuairim réasúnaithe uaidh an 6 Márta 2019, agus thug an Iorua freagra ar an tuairim sin an 21 Meitheamh 2019, inar chuir sí in iúl an athuair ‘go bhfuil [go raibh] bearta náisiúnta i ndlí na hIorua atá [a raibh] i gcomhréir leis an Acht’. |
|
— |
Áitíonn an tÚdarás go bhfágann Airteagal 7 LEE agus prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 3 LEE, nach mór do Stát CSTE fógra tráthúil a thabhairt maidir le bearta náisiúnta lena dtrasuitear Achtanna LEE sa dlí náisiúnta. Ní mór an fógra sin a bheith soiléir, beacht agus éifeachtach. Tá an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt ag eascairt go díreach as Airteagal 8 den Acht sin freisin. |
|
— |
Áitíonn an tÚdarás nár chomhlíon an Iorua a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 7 LEE agus faoi Airteagal 8 den Acht, mar nár chuir sí an Gníomh chun feidhme ina iomláine ina dlíchóras inmheánach. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1532/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)