|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1515 |
13.12.2023 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11051 – VOLVO / RENAULT / FLEXECO JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2023/1515)
1.
An 6 Nollaig 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
AB Volvo (‘Volvo’, an tSualainn), agus |
|
— |
Renault s.a.s (‘Renault’, an Fhrainc). |
Gheobhaidh Volvo agus Renault rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar FlexEco SAS (‘FlexEco’, an Fhrainc).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Déanann Volvo feithiclí tráchtála éadroma, trucailí, busanna, trealamh tógála, innill mhuirí, innill thionsclaíocha le haghaidh feidhmeanna eisbhóthair agus giniúna leictreachais, agus innill le haghaidh feithiclí mórbhealaí a mhonarú agus a dhíol ar fud an domhain, agus |
|
— |
Déanann Renault gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, páirteanna agus seirbhísí soghluaisteachta a mhonarú agus a dhíol ar fud an domhain faoi roinnt brandaí. |
3.
Is iad na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag FlexEco feithicil tráchtála éadrom a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dhíol, chomh maith le seirbhísí lóistíochta coimhdeacha, san Eoraip ar dtús ar fud an domhain ar deireadh.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11051 – VOLVO / RENAULT / FLEXECO JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1515/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)