European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1484

8.12.2023

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2023/1484)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Abricot des Baronnies’

UIMHIR AE: PGI-FR- 02866 – 9.9.2022

ATFC ( ) TGFC (x)

1.   Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]

‘Abricot des Baronnies’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earrar

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.6: torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte.

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Leis an teideal ‘Abricot des Baronnies’, tagraítear do thorthaí úra iomlána an speicis Prunus armeniaca L. a fhástar ar bhunchnoic Alpacha.

Tá fíor-mhilseacht ann: bíonn cion siúcra12 Brix nó níos mó ag na torthaí tráth a seolta, cé is moite den chineál traidisiúnta Bergeron, arb é 11,5 Brix is tairseach dó.

Féadann dath oráiste, dhá dhath, dearg nó buí éadrom a bheith ar an gcineál aibreoige. Baintear iad agus iad lánaibí. Le dath cúlra na dtorthaí, léirítear an aicme dathanna ar a laghad arna sainiú ag an Centre Interprofessionnel des Fruits et Légumes [an Lárionad Teicniúil Idirghairmiúil um Thorthaí agus Glasraí] (CTIFL) leis an tráth bainte is fearr a chinneadh de réir an chineáil. Ceadaítear uaslamháltas 20 % de thorthaí ón aicme dathanna díreach faoina bun a bheith i láthair i ngach baisc tráth a seolta.

Ar deireadh, forleagan dearg (nó ‘deirge’) is ea an saintréith sna cineálacha ‘Abricot des Baronnies’ nach mór a bheith le fáil thar 15 % ar a laghad den chraiceann agus in 50 % den toradh féin.

Comhlíonann torthaí úra le díol le tomhaltóirí na critéir a liostaítear faoi na haicmiúcháin Aicme ‘Bhreise’ agus Aicme I de chuid chaighdeán Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bhaineann le margú na n-aibreog.

Tomhaistear trastomhas na n-aibreog sin ag 40 mm nó níos mó nuair a dhíoltar úr iad, agus ag 35 mm i gcás torthaí atá le próiseáil. Ní ghlactar le níos mó ná 10 % de thorthaí ar mhéid níos lú.

Déantar na torthaí a phacáistiú i gcliathbhoscaí nó i mboscaí ag a bhfuil bonn agus cliatháin dholúbtha nach mó ná 10 kg ar meáchan nuair a dhíoltar úr iad, agus a bhfuil srian curtha ar airde na dtorthaí chuig 60 cm i gcás torthaí atá le próiseáil.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Gach uile chéim, ó phlandáil go buaint.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Déantar na torthaí a phacáistiú i gcliathbhoscaí nó i mboscaí ag a bhfuil bonn agus cliatháin dholúbtha nach mó ná 10 kg ar meáchan nuair a dhíoltar úr iad, agus a bhfuil srian curtha ar airde na dtorthaí chuig 60 cm i gcás torthaí atá le próiseáil.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith le fáil ar gach cliathbhosca nó bosca aonair:

ainm an Táisc Gheografaigh Faoi Chosaint, ‘Abricot des Baronnies’;

siombail ‘TGFC’ an Aontais Eorpaigh sa réimse radhairc céanna gar d’ainm an TGFC.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Leathnaíonn an limistéar geografach thar na 87 mbardas seo a leanas: Léiríodh an liosta seo i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil ó mhí Feabhra 2021.

Roinn Drôme (69 mbardas):

Arnayon, Arpavon, Aubres, Aulan, Beauvoisin, Bellecombe-Tarendol, Bénivay-Ollon, Bésignan, Buis-les-Baronnies, La Charce, Châteauneuf-de-Bordette, Chaudebonne, Chauvac-Laux-Montaux, Condorcet, Cornillac, Cornillon-sur-l’Oule, Curnier, Eygaliers, Eyroles, Lemps, Mérindol-les-Oliviers, Mévouillon, Mirabel-aux-Baronnies, Mollans-sur-Ouvèze, Montauban-sur-l’Ouvèze, Montaulieu, Montbrison-sur-Lez, Montbrun-les-Bains, Montferrand-la-Fare, Montguers, Montjoux, Montréal-les-Sources, Nyons, Le Pègue, Pelonne, La Penne-sur-l’Ouvèze, Piégon, Pierrelongue, Les Pilles, Plaisians, Le Poët-en-Percip, Le Poët-Sigillat, Pommerol, Propiac, Reilhanette, Rémuzat, Rioms, Rochebrune, Roche-Saint-Secret-Béconne, La Roche-sur-le-Buis, La Rochette-du-Buis, Rousset-les-Vignes, Roussieux, Sahune, Saint-Auban-sur-l’Ouvèze, Saint-Ferréol-Trente-Pas, Saint-May, Saint-Pantaléon-les-Vignes, Saint-Sauveur-Gouvernet, Sainte-Euphémie-sur-Ouvèze, Sainte-Jalle, Teyssières, Valouse, Venterol, Verclause, Vercoiran, Vers-sur-Méouge, Villeperdrix agus Vinsobres.

Roinn Hautes-Alpes (3 bhardas):

Rosans, Saint-André-de-Rosans agus Valdoule.

Roinn Vaucluse (15 bhardas):

Le Barroux, Beaumont-du-Ventoux, Brantes, Crestet, Entrechaux, Faucon, Malaucène, Puyméras, Saint-Léger-du-Ventoux, Saint-Marcellin-lès-Vaison, Saint-Romain-en-Viennois, Savoillan, Suzette, Vaison-la-Romaine agus Villedieu.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Is é is cúis leis an gclú atá ar ‘Abricot des Baronnies’ an cion ard siúcra ann agus an dhath atá air de thoradh shaintréithe nádúrtha an cheantair ina bhfástar é agus shaineolas na bhfeirmeoirí.

5.1.   – Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Agus é suite in oirdheisceart na Fraince, den chuid is mó i gceantar deisceartach Roinn Drôme, i dteannta na mbardas cóngarach i ranna Vaucluse agus Hautes-Alpes, cinneadh limistéar geografach do tháirgeadh an TGFC ‘Abricot des Baronnies’ trí na critéir stairiúla, gheografacha agus gheomoirfeolaíocha is saintréithe i gceantar Baronnies a chur san áireamh. Tá an limistéar sin bunaithe ar chrios ina ndearnadh táirgeadh na gcineálacha ‘Abricot des Baronnies’ a fhorbairt ar bhonn stairiúil freisin. Tarlaíonn gach céim, idir plandáil agus buaint, sa limistéar sin, a leathnaíonn thar chríocha 87 mbardas.

Is é stair an limistéir ‘Baronnies’ gur eintiteas ó na meánaoiseanna atá ann den chuid is mó a bhí ceangailte le fearann na mbarún ‘Barons de Mévouillon’, a bhí i réim sa réigiún ón 13ú go dtí an 15ú céad.

Is é tíreolaíocht an limistéir ‘Baronnies’ go dtagraíonn sé don chuid dheisceartach de na bunchnoic Alpacha, i.e. dobharcheantair na n-aibhneacha Aigues agus Ouvèze. Is é an chuid thuaisceartach de Provence é an réigiún geografach beag seo. Is réigiún talamhiata é idir Pays de Bouvière agus Diois sa tuaisceart agus Rosanais san oirthear. Tá sléibhte Ventoux agus Lure ina mbac idir an limistéar agus na tailte níos sia ó dheas. Ar deireadh, comhfhreagraíonn a theorainneacha thiar le teorainn na mbunchnoc Alpach, cé is moite de mhachaire Rhône.

Tá an limistéar geografach suite idir crios lár sléibhe agus crios cnocach siar, cé is moite de mhachairí abhantrach an Rhône. Tá airde éagsúil ag na cnoic, agus féadann siad bheith chomh hard le 1 600 m. Is cuid de na hAlpa deisceartacha iad sléibhte ‘Baronnies Provençales’.

Tá geomoirfeolaíocht na sléibhte ‘Baronnies Provençales’ comhdhéanta den chuid is mó as tír-raon sléibhtiúil marlaí agus aolchloch, agus cnoic le fáil ar a bhforimill iartharacha. Tagann an chuid is mó dá stair gheolaíochta ón Tréimhse Chailceach agus is sil-leaganacha dríodair (marlaí agus aolchlocha) ó Imchuach Vocontien, maille le mian cóbailt (zaffré) ón Tréimhse Mhéicéineach ar na himill iartharacha.

Baineann saintréithe sonracha leis an gcrios creagach sléibhtiúil seo ó thaobh na haeráide de, go príomha na teochtaí agus an ghrian. Aeráid na Meánmhara atá le fáil in ‘Baronnies’ a bhfuil tionchair na sléibhte uirthi: difríochtaí móra laethúla sna teochtaí is ea an saintréith ann, thart ar 10 °C ar an meán in Nyons agus 13.5 °C in Saint-Auban-sur-Ouvèze. Bíonn na samhraí te agus tirim agus is minic a shéideann an ghaoth thirim aduaidh darb ainm an Mistral. Feictear méideanna fíorarda de sholas na gréine ann freisin. Radaítear tuairim is 2 500 uair an chloig de sholas na gréine/bliain ar Nyons. Aimplítear an dianlonrachas leis an solas a fhrithchaitear ó na sléibhte.

Is le fada an lá atá torthaí á saothrú i gceantar ‘Baronnies’. Is ar an traidisiún fada úd a bhunaítear saineolas na bhfeirmeoirí torthaí sa cheantar seo. Roimh 1880, d’fhástaí crainn aibreog sna ‘Baronnies’, ach ba ar bhonn áitiúil amháin a dhíoltaí na torthaí. Le teacht an iarnróid chonacthas athrú mór ar dhíolacháin na dtorthaí. Cuireadh monarchana próiseála ar bun in Nyons. Tháinig méadú faoi dheich fiú ar an táirgeadh aibreog sa cheantar idir na 1950idí agus 1970-1980, agus iad ag teacht in ionad barra eile torthaí agus ag síneadh soir trasna an chreasa. D’éirigh na haibreoga ina bpríomhtháirgeacht den limistéar ansin, ag clúdach os cionn 8 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta. Ó na 1980idí i leith, is amhlaidh fiú a thiontaigh roinnt feirmeacha ar bharr aonair a shaothrú. Is gearr gur éirigh na ‘Baronnies’ ar an lárionad táirgthe aibreog is mó sa Drôme. In 1988, b’ionann achar dromchla an imchuach agus 72 % de na húlloird crann aibreog sa Drôme (foinse: An Móráireamh Talmhaíochta).

Sna 1990idí, tháinig éagsúlú ar na húlloird i dtéarmaí na gcineálacha, rud a léirigh go bhfuil tionchair an limistéir ar shaintréithe an táirge, ar a mhéid siúcra agus ar a dhath le rianú freisin sna cineálacha is déanaí (e.g. Orangered, Begarouge), atá tagtha in éineacht le cineálacha níos sine amhail an Provence Orangé agus an Bergeron agus (ní an oiread céanna) an Rosé de Provence.

Is é an traidisiún saothraithe torthaí agus, go háirithe, an traidisiún táirgthe aibreog sa cheantar creagach sléibhtiúil seo a chuir ar chumas na bhfeirmeoirí a modhanna táirgthe a oiriúnú go rathúil:

roghnú cineálacha ar ardchaighdeán atá oiriúnaithe do dhálaí áitiúla trí bhíthin phrótacal roghnúcháin docht atá bunaithe ar dhath an toraidh agus ar an méid siúcra atá ann,

úsáid dlúis plandaithe shrianta atá oiriúnaithe do chumas an chomhshaoil,

bainistiú na n-úllord ar bhealach atá oiriúnach dá gcomhshaol, le brath ithreach sa gheimhreadh, toirmeasc ar rialú lotnaidí le ceimiceáin, agus codánú agus teorannú na n-ionchur is leasacháin mhianracha, ar fheirmeacha ina nglacann an bonneagar agrai-éiceolaíoch os cionn 10 % den talamh feirmeoireachta,

prúnáil bhliantúil na gcrann,

srianta táirgeachta chuig 25 tona/heicteár,

tráth na buainte á roghnú ar bhonn aibíocht optamach na dtorthaí, arna cinneadh leis an leibhéal dathanna cúlra,

seoladh na dtorthaí i gcliathbhoscaí nó boscaí beaga,

rialú na ndálaí faoina stóráiltear na haibreoga sula seoltar iad: cuirtear na torthaí nach ndíoltar go tapa faoi fhuarstóráil tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig tar éis a mbuainte. Is é 14 lá an t-uasfhad idir an bhuaint agus an seoladh deiridh ón monarcha shórtála/toisithe/phacáistithe.

Roghnaíonn ceannaitheoirí na cineálacha ‘Abricots des Baronnies’ dá thoradh sin dá ardchaighdeán sainiúil.

5.2.   – Sainiúlacht an táirge

Is iad seo a leanas príomh-shaintréithe na gcineálacha ‘Abricot des Baronnies’:

méid ard siúcra dar luach 12 Brix nó níos mó, cé is moite den chineál traidisiúnta Bergeron (íosmhéid 11,5 Brix);

go hidéalach dath cúlra ar cheart céim optamach buainte gach cineáil a léiriú ann;

bándeirge ar chuid den toradh.

5.3.   – Nasc cúisíoch

Eascraíonn saintréithe na gcineálacha ‘Abricot des Baronnies’ as an idirghníomhú idir éilimh agranamaíocha agus aeráide an chrainn aibreog (lena gcinntear fás, tabhairt torthaí, agus cáilíocht na dtorthaí sin), na dálaí nádúrtha sa limistéar geografach, agus saineolas na bhfeirmeoirí.

Nochtar na cineálacha ‘Abricot des Baronnies’ do leibhéil arda de sholas na gréine (fad agus lonrachas) agus do dhifríochtaí móra sna teochtaí, rud a thagann de thoradh shaintréithe an limistéir féin. Leis an lonrachas dian comhlíontar éilimh na gcineálacha roghnaithe agus cumasaítear ionduchtú na mbláthanna torthaí agus forbairt datha mhaith le linn na céime aibiúcháin. Bíonn treá sin an tsolais á spreagadh agus á lorg ag na feirmeoirí aibreog le linn na prúnála bliantúla. Rannchuireann na difríochtaí géara sna teochtaí laethúla le dath na n-aibreog agus leis an deirge a thagann ar na torthaí.

Déantar an táirgeadh ar ithreacha lasmuigh de chriosanna fíor-thorthúla na n-abhantrach. Is amhlaidh dá bhrí sin arb ísle iad na leibhéil ionchasacha táirgeachta, atá mar cheann amháin de na tosca a rannchuidíonn (maille le solas na gréine agus teicnící táirgthe atá dírithe ar shrian a chur le líon na dtorthaí) leis na leibhéil arda siúcra a bhaintear amach. Leis na tomhais a dhéantar ag stáisiúin allamuigh CTIFL, is féidir faireachán a dhéanamh ar an difríocht sin sa mhéid siúcra agus sa dath araon, agus go háirithe, bándeirge níos suntasaí ar na cineálacha ‘Abricots des Baronnies’ i gcomparáid leis na haibreoga a thagann ó thailte níos ísle.

Is caomhnú ar an nasc sin idir táirge agus críoch iad cleachtais na bhfeirmeoirí. Trí chineálacha ar ardchaighdeán a roghnú, is féidir torthaí a fháil den dath is fearr agus ag a bhfuil méid ard siúcra agus cáilíocht orgánaileipteach aitheanta. Leis an saothrú in úlloird ísealdlúis agus leis an bprúnáil bhliantúil áirithítear go bhfaigheann na torthaí roinnt mhór solais agus cothaithe. Is cuidiú mór iad srian a chur leis an táirgeacht agus na haibreoga a bhuaint ag céim optamach aibíochta chun méid siúcra agus dath torthaí a fhorbairt; ar deireadh, is leis na dálaí arna gcinneadh agus tréimhse shrianta stórála, i gcás inar gá, a chaomhnaítear saintréithe orgánaileipteacha na dtorthaí.

Thosaigh fás ag teacht ar chlú na gcineálacha ‘Abricot des Baronnies’ sna 1950idí leis an méadú a tháinig ar an achar talún faoi shaothrú agus leis an bhfeabhas a tháinig ar na modhanna seachadta a cheadaigh do dhíolacháin ar fud an réigiúin ar a laghad. Is ón tréimhse sin i leith a tháinig forbairt ar an margadh aibreog in Buis-les-Baronnies, ar thrádálaithe is speisialtóirí sna haibreoga, agus ar na cuideachtaí próiseála istigh in Nyons.

Ó thréimhse luath sna 1980idí, chinn grúpaí áitiúla táirgeoirí cúrsaí cumarsáide a dhéanamh faoin gcomhainm ‘Abricot des Baronnies’. Tá an t-ainm sin fós ar an mbéal beo an lá inniu ann i measc táirgeoirí/loingseoirí, trádálaithe agus comharchumann. Tá taifead sna meáin ar chlú na gcineálacha ‘Abricot des Baronnies’, i measc cheannaitheoirí na n-aibreog sin agus san ábhar turasóireachta atá le fáil i réigiún Drôme Provençale. Tugtar suntas go tráthrialta do na cineálacha ‘Abricots des Baronnies’ thar aibreoga eile i dtéarmaí an chaighdeáin atá aitheanta leo. Mar shampla, nuair a thug meitheal blaiste tomhaltóirí breithiúnas ar chomparáid idir aibreoga ó gach bunús, thug siad rangú do chineálacha ‘Abricot des Baronnies’ i measc na samplaí ab fhearr leo (foinse: Tionscadal MICMAC CTIFL, 2020).

Is mór ag daoine na cineálacha ‘Abricot des Baronnies’ i bhfoirm úr chomh maith le neachtair, subha, compotes agus fiú i dtáirgí scéimhe, rud a chiallaíonn gur féidir taitneamh a bhaint astu ó cheann ceann na bliana.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDC-Abricot-Baronnies-08022022v3.pdf


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1484/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)