European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1483

11.12.2023

Tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha ag an gcruinniú a bhí aige an 18 Meán Fómhair 2023 maidir le dréacht Chinneadh i gcás COMP AT.40760 – Gránáidí láimhe

Cruinniú trí fhíschomhdháil — trí ‘Skype for Business’

Rapóirtéir: An Pholainn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1483)

1.   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún gurb ionann an t-iompar frithiomaíoch a chumhdaítear leis an dréachtchinneadh agus/nó cleachtas comhbheartaithe idir gnóthais de réir bhrí Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

2.   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún gurbh é cuspóir an chomhaontaithe agus/nó na gcleachtas comhbheartaithe iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

3.   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le fad an tsáraithe.

4.   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur cheart fíneálacha a fhorchur ar sheolaí an dréachtchinnidh, cé is moite den iarratasóir ar dhíolúine.

5.   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún i ndáil le cur chun feidhme Threoirlínte 2006 maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú ar fíneálacha iad a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003

6.   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le pointe 37 de Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha a chur i bhfeidhm.

7.   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) leis an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le laghdú na bhfíneálacha bunaithe ar Fhógra Trócaire 2006 agus ar Fhógra Socraíochta 2008.

8.   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin maidir le méideanna deiridh na bhfíneálacha.

9.   

Molann an Coiste Comhairleach (12 Bhallstát) go bhfoilseofaí an Tuairim uaidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1483/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)