European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1481

11.12.2023

ACHOIMRE AR CHINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2023

maidir le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE

(Cás AT.40760 – Gránáidí láimhe)

(ar tugadh fógra ina leith faoi uimhir dhoiciméid C(2023)6290 final)

(Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1481)

An 21 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún Cinneadh a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle  (1) , foilsíonn an Coimisiún anseo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós a fhorchuirtear, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas i leith a rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Baineann an Cinneadh seo le sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53(1) de Chomhaontú LEE. Is éard a bhí sa sárú comhroinnt margaidh maidir le gránáidí láimhe míleata (‘gránáidí láimhe’) a dhíol sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’).

(2)

Dírítear an Cinneadh ar na heintitis dhlíthiúla a leanas (dá ngairtear ‘seolaithe’ le chéile nó ‘seolaí’ ina n-aonar): SwissP Defence AG agus RUAG International Holding AG (le chéile ‘RUAG’), agus Diehl Defence GmbH & Co. KG agus Diehl Stiftung & Co. KG (le chéile ‘Diehl’).

2.   TUAIRISC AR AN gCÁS

2.1.   Nós imeachta

(3)

Tar éis do RUAG iarratas ar dhíolúine a dhéanamh an 15 Aibreán 2021, rinne an Coimisiún cigireacht gan réamhfhógra ag áitreabh Diehl idir an 23 Samhain agus an 25 Samhain 2021.

(4)

An 24 Feabhra 2022, rinne Diehl iarratas ar dhíolúine nó, de rogha air sin, ar laghdú fíneálacha.

(5)

An 18 Eanáir 2023, thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 11(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (2) i gcoinne sheolaithe an Chinnidh d’fhonn dul i mbun pléite socraíochtaí leo faoin bhFógra Socraíochta (3). Rinneadh pléite socraíochta leis na seolaithe idir mí Feabhra agus mí na Bealtaine 2023. Ina dhiaidh sin, chuir gach ceann de na seolaithe iarraidh fhoirmiúil ar shocraíocht isteach de bhun 10a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 (4).

(6)

An 3 Iúil 2023, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí a díríodh chuig na seolaithe. Thug na seolaithe freagra ar an ráiteas agóidí ina dheimhnigh siad go raibh sé ag freagairt d’ábhar a n-aighneachtaí socraíochta agus go raibh siad tiomanta don nós imeachta socraíochta a leanúint.

(7)

D’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach an 18 Meán Fómhair 2023.

(8)

An 18 Meán Fómhair 2023, d’eisigh an tOifigeach Éisteachta an tuarascáil chríochnaitheach uaidh sa chás seo.

(9)

Ghlac an Coimisiún an Cinneadh an 21 Meán Fómhair 2023.

2.2.   Achoimre ar an sárú

(10)

Baineann an Cinneadh le sárú a bhaineann le gránáidí láimhe a dhíol.

(11)

Is éard a bhí i gceist leis an iompar leithdháileadh margaí náisiúnta idir na seolaithe chun gránáidí láimhe a dhíol. Áiríodh leis sin freisin malartú faisnéise a bhí íogair ó thaobh iomaíochta de. Tar éis leithdháileadh na margaí náisiúnta, is é an seolaí ainmnithe amháin a bheadh i dteideal gránáidí láimhe a dhíol sa mhargadh náisiúnta lena mbaineann. Más rud é go raibh sé beartaithe ag aon cheann de na seolaithe a ghránáidí láimhe a dhíol sa mhargadh náisiúnta a leithdháileadh ar an seolaí eile, bhí sé de cheangal air toiliú an tseolaí a iarraidh roimh ré.

(12)

Bhain an leithdháileadh margaidh le díolacháin trí thairiscintí agus le freagraí ar iarrataí díreacha ar thairiscint ó údaráis náisiúnta araon.

(13)

An sárú a chumhdaítear leis an gCinneadh, ba shárú uile-LEE é agus mhair sé ón 7 Samhain 2007 go dtí an 23 Samhain 2021.

2.3.   Seolaithe agus fad tréimhse

(14)

Tá seolaithe an Chinnidh faoi dhliteanas i leith an tsáraithe ar feadh na dtréimhsí seo a leanas:

Seolaithe

Fad tréimhse

SwissP Defence AG (as a rannpháirtíocht dhíreach) agus RUAG International Holding AG (mar mháthairchuideachta SwissP Defence AG, RUAG Ammotec AG roimhe seo (5))

An 7 Samhain 2007 – an 15 Aibreán 2021

Diehl Defence GmbH & Co. KG (as a rannpháirtíocht dhíreach) agus Diehl Stiftung & Co. KG (mar mháthairchuideachta Diehl Defence GmbH & Co. KG)

An 7 Samhain 2007 – an 23 Samhain 2021

2.4.   Leigheasanna

(15)

Leis an gCinneadh cuirtear Treoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha i bhfeidhm. (6)

2.4.1.   Bunmhéid na fíneála

(16)

Agus na fíneálacha á socrú, chuir an Coimisiún san áireamh meándíolacháin bhliantúla gránáidí láimhe gach ceann de na seolaithe laistigh de LEE le linn na tréimhse sáraithe ar fad, an fíoras go bhfuil cairtéil, de bharr a gcineáil féin, i measc na srianta is díobhálaí ar an iomaíocht, fad an tsáraithe, an fíoras gur chumhdaigh an sárú an limistéar LEE agus méid breise chun gnóthais a dhíspreagadh ó chleachtais den sórt sin a dhéanamh.

2.4.2.   Coigeartuithe ar an mbunmhéid

(17)

Níor chuir an Coimisiún aon imthosca géaraitheacha nó maolaitheacha i bhfeidhm.

2.4.3.   Pointe 37 de Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha

(18)

Chun díspreagadh leordhóthanach a bhaint amach, chuir an Coimisiún i bhfeidhm, faoi phointe 37 de Threoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha, méadú ar mhéid na fíneála faoi fhachtóir iolraithe 3.75 i gcás gach ceann de na seolaithe. Ba é an toradh a bhí air sin fíneáil atá sách díspreagthach agus comhréireach, agus neart eacnamaíoch na bpáirtithe agus sainiúlachtaí an tsáraithe á gcur san áireamh chomh maith le ról gach ceann de na seolaithe sa sárú.

2.4.4.   An teorainn láimhdeachais 10 % a chur i bhfeidhm

(19)

Níor sháraigh na fíneálacha a forchuireadh (roimh chur i bhfeidhm na laghduithe trócaire agus socraíochta) 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain ghnó roimh dháta an Chinnidh.

2.4.5.   Fógra Trócaire 2006 a chur i bhfeidhm

(20)

Dheonaigh an Coimisiún díolúine iomlán ó fhíneálacha do RUAG. Dheonaigh an Coimisiún laghdú 50 % ar an bhfíneáil do Diehl.

2.4.6.   Fógra Socraíochta a chur i bhfeidhm

(21)

Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Fhógra Socraíochta, rinneadh laghdú breise 10 % ar mhéid na bhfíneálacha.

3.   CONCLÚID

(22)

Gearradh na fíneálacha a leanas de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003:

(a)

SwissP Defence AG (RUAG Ammotec AG roimhe seo) agus RUAG International Holding AG, i gcomhpháirt agus go leithleach: EUR 0

(b)

Diehl Defence GmbH & Co. KG (Diehl BGT Defence GmbH & Co. KG roimhe seo) agus Diehl Stiftung & Co. KG, i gcomhpháirt agus go leithleach: EUR 1 200 000.


(1)   IO L 1, 4.1.2003, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(3)  Fógra ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta socraíochta i bhfianaise na gCinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gcásanna cairtéil (IO C 167, 2.7.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí a bheith á seoladh ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18). Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 622/2008 ón gCoimisiún (IO L 171, 1.7.2008, lch. 3) agus Rialachán (AE) 2015/1348 ón gCoimisiún (IO L 208, 5.8.2015, lch. 3).

(5)  I mí Iúil 2022, fuair cuideachta eile úinéireacht ar RUAG Ammotec AG agus athainmníodh é mar SwissP Defence AG.

(6)  Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú ar fíneálacha iad a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (IO C 210, 1.9.2006, lch. 2).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1481/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)