|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1470 |
8.12.2023 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge maidir le hainm in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(C/2023/1470)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
‘Minervois-la-Livinière’
PDO-FR-A0667-AM02
Dáta cur i bhfeidhm: 23.9.2022
IARRATASÓIR AGUS LEAS DLISTEANACH
Syndicat du Cru Minervois-la-Livinière
Cosnaíonn agus bainistíonn an grúpa iarratasóra an ATFC agus áirithíonn sé comhlíontacht lena shonraíocht.
TUAIRISC AR AN LEASÚ AGUS NA CÚISEANNA LEIS
Athrú ar ainm an ATFC
Is mian le comhlacht cosanta agus bainistíochta an ATFC agus na hoibreoirí uile lena mbaineann idirdhealú a dhéanamh idir a dtáirge agus an ‘mháthair’-ainmniúchán tionscnaimh, ATFC ‘Minervois’, leis an ainm ‘La Livinière’ amháin a úsáid. Tá an t-athrú ar ainm seo mar pháirt d’iarrachtaí chun na hainmniúcháin éagsúla sa limistéar sin a eagrú ina ordlathas. Comhlíonann ATFC ‘La Livinière’ sonraíocht agus dálaí sonracha táirgthe lena ndéantar éagsúil é. Tá an limistéar geografach le haghaidh an ainmniúcháin sin suite i gcroílár an Minervois, i réigiún Petit Causse, le fánaí aonfhoirmeacha acu a bhfuil a n-aghaidh ó dheas, atá mar amfaitéatar gan mórán báistí de ghnáth murab ionann codanna eile den Minervois. Tá an toisc dhaonna ina príomhghné de terroir ‘La Livinière’ agus a bhí mar chabhair le féiniúlacht an ainmniúcháin seo a chothú, lena mínítear aonchineálacht suntasach na dtáirgí.
Déanann an t-athrú ar ainm sin difear do roinnt pointí éagsúla sa tsonraíocht:
|
— |
Teideal na sonraíochta le haghaidh an ainmniúcháin. |
|
— |
Caibidil I na sonraíochta:
|
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm nua
La Livinière
2. Cineál táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Saintréithe anailíseacha
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is fíonta dearga tirime socra iad seo. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de 13 % de réir toirte sna fíonta, agus meastar go bhfuil na fíonchaora aibí má tá méid siúcra níos lú ná 218 g/l úrfhíona. - Na fíonta atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó pacáistithe, ní mór cion aigéid mhalaigh níos lú ná 0.4 g/l nó cothrom leis a bheith iontu. - Na fíonta atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó pacáistithe, ní mór méid siúcra coipthe (glúcós agus fruchtós) acu a bheith: níos lú ná 3 g/l nó cothrom leis le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos lú ná 14 % nó cothrom leis; níos lú ná 4 g/l nó cothrom leis le haghaidh fíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte níos mó ná 14 %.
- Comhlíonann an aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomlán, an neart alcóil iomlán uasta agus an íosmhéid nirt alcóil iarbhír na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Saintréithe orgánaileipteacha
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Táirgtear na fíonta trí roinnt cineálacha a chumasc, de réir traidisiún na bhfíonghort Languedoc, le cineálacha Grenache N, Mourvèdre N agus Syrah N an chuid is mó den chumasc. Tá dath déine corcra ar na fíonta, agus scáileanna terracotta, agus tathag saibhir, dlúth.
Is fíonta casta iad seo a athraíonn go blasanna de spíosraí agus de thorthaí cócaráilte nó criostalaithe, a dhéantar iad a chomhlánú le bolaithe fanaile nó cócó i gcás ina aosaítear i mbairillí dara iad.
Cumhachtach agus te i gcónaí, bíonn siad marthanach, tiubhaithe agus tainneach, ach dea–chothromaithe i gcónaí. Éiríonn go maith leis na fíonta seo agus iad á gcoimeád, rud a chaomhnaíonn a gcáilíochtaí-bog-blasta-veilbhitiúil, agus an teas séimh agus torthaíocht arb iad saintréithe bunúsacha na bhfíonta móra ó dheisceart na Fraince.
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Maidir le fíonghoirt a cuireadh tar éis 31 Iúil 2019 is é 4 200 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Tá an spásáil idir na sraitheanna níos lú ná 2.50 méadar nó cothrom leis.
Níor cheart an limistéar atá ar fáil le haghaidh gach planda a bheith níos mó ná 2.5 m2. Faightear an t-achar dromchla sin tríd an spásáil idir na línte a iolrú faoin spásáil idir na plandaí.
Ní mór an phrúnáil a dhéanamh roimh chéim fheineolaíoch E (de réir Baggionili), agus trí dhuilleog neamhfhillte ar na chéad dhá bhachlóg.
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda ann; bíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor.
Féadfar prúnáil Guyot aonair a úsáid le haghaidh cineál Syrah N, agus 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda, lena n-áirítear gan níos mó ná 6 cinn acu ar an gcána, agus gan níos mó ná dhá spor athsholáthair ar a bhfuil 2 bhachlóg ar gach ceann acu ar a mhéad.
Ní mór an airde duilliúir le haghaidh fíniúnacha treoraithe 1.60 m2 cumhdach fásra dromchla sheachtraigh a sholáthar chun 1 kg fíonchaor a tháirgeadh; beidh feidhm ag an riail sin ón 30 Meitheamh gach bliain.
Socraítear an t-ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ag 7 000 kg in aghaidh an heicteáir.
Féadfar uisciú a údarú.
Déantar na fíonta a tháirgeadh trí na fíonchaora, úrfhíon nó fíonta de dhá chineál ar a laghad a chumasc.
Ní mór cion cineálacha Grenache N, Lledonner pelut N, Mourvèdre N agus Syrah N i dteannta a chéile a bheith níos mó ná 40 % den chumasc nó cothrom leis.
Ní mór cion cineálacha Carignan N, Cinsaut N, Grenache N, Mourvèdre N agus Syrah N i dteannta a chéile a bheith níos mó ná 80 % den chumasc nó cothrom leis, gan aon chineál aonair a bheith níos mó ná 80 % den chumasc.
Ní mór na fíonta a aosú go dtí an 15 Deireadh Fómhair ar a laghad den bhliain i ndiaidh na buainte.
Toirmisctear úsáid a bhaint as teirmifhíonóireacht, umair coipthe leanúnaí, umair athchúrsála marc, tamhantóirí ingearacha, deighilteoirí de chineál scriú nó fáisceáin leanúnacha.
Ní mór na cleachtais déanta fíona uile a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.
5.2. Táirgeacht uasta
51 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a aosú sna bardais seo a leanas:
|
— |
Roinn Aude: Azille; |
|
— |
Roinn Hérault: Azillanet, Cesseras, Félines-Minervois, La Livinière, Siran. |
7. Cineálacha fíonchaoire
|
|
Carignan N |
|
|
Cinsaut N – Cinsault |
|
|
Grenache N |
|
|
Lledoner pelut N |
|
|
Mourvèdre N – Monastrell |
|
|
Piquepoul noir N |
|
|
Rivairenc N – Aspiran noir |
|
|
Syrah N – Shiraz |
|
|
Terret noir N |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Sainiú an limistéir gheografaigh
Tá an limistéar geografach suite i réigiún Petit Causse, neadaithe in aghaidh bunchnoc de shliabhraon Montagne Noire, an chuid is faide ó dheas de réigiún Cévennes. Clúdaíonn an limistéar geografach críoch 5 bhardas i Roinn Hérault agus bardas amháin i Roinn Aude, atá suite i ndeisceart na Fraince.
Sa tírdhreach sin, ina bhfuil radhairc oscailte agus talamh garbh, athraíonn fíniúnacha le cnoic cumhdaithe le scrobarnach, crainn phéine, aiteal agus darach, fite fuaite le gleannlínte nó loig níos mó.
Tá aghaidh idir ó dheas, soir ó dheas ag na fíonghoirt, ag airde idir 120 agus 330 méadar.
Tá teorainn ag an limistéar geografach san iarthar le habhainn an Ognon, craobh-abhainn den Aude, agus ar an taobh thoir leis an masaíf Serre d’Oupia agus an Abhainn Espène.
Tá an limistéar geografach mar pháirt de chuaschlaonas líonta le dríodar moláis threasaigh, gearrtha ag bruacha gaineamhchloiche sa lár, comhcheirtleáin aolchloiche lochaí ó thuaidh, agus léibhinn chlochacha ó dheas.
Is saintréithe na haeráide iad báisteach bhliantúil íseal idir 400 mm agus 500 mm agus meánteocht bhliantúil os cionn 14° C, agus breis agus 2 400 uair an chloig gréine in aghaidh na bliana.
Tá an réigiún Petit Causse cumhdaithe ó bháisteach ag teacht isteach ón iarthar ag na cnoic Laure Minervois atá mar bhacainn nádúrtha, agus coisceann an mhasaíf Serre d’Oupia aer muirí ag teacht isteach ón Mheánmhuir. Réigiún te, tirim a mbíonn easnamh uisce nach beag ann sa samhradh, baineann sé tairbhe mar sin féin ó aershreabha fuara oíche a thagann anuas ó dhromanna an Causse.
8.2. Faisnéis faoin táirge agus na tosca daonna is ábhartha don nasc
Bhí fíniúnacha sa Minervois ó ré na Rómánach.
Bunaíodh fíonsaothrú sa réigiún i ndiaidh do chúige Rómhánach na Gaille Narbonensis (Narbonne) a bhunú in 118 BC, a bhuí lena naisc thrádála den scoth, lena n-áirítear bóthar Rómhánach a nascann Toulouse agus Lodève, ó thuaidh de Via Domitia.
Tá ainmneacha na trí bhardas mar fhianaise ar thraidisiúin fhíonsaothrúcháin an ré sin: La Livinière ar ‘Cella Vinaria’ (siléar fíona), Siran ar ‘Villa de Sirius’, a ghlacann a ainm ón chéad léigiúnach na Róimhe a lonnaigh sa réigiún, agus Félines ar ‘Figulina’, stiúideo criadóireachta (go háirithe amphora).
Cabhraigh oscailt de Chanáil du Midi in 1680, feabhsú sa ghréasán bóithre agus cruthú na n-iarnród sa 19ú céad le fíonsaothrú a fhorbairt mar mhonashaothrú. Bhí an rathúnas sin faoi réir ghuagáil eipidéim phylloxera agus rótháirgthe, a bhain pointe ard amach leis an ngéarchéim fíonóireachta 1907. Spreagadh éirí amach leis an ngéarchéim i measc na ndéantóirí fíona ó dheisceart na Fraince, ach spreag sí iad chun eagrú freisin, go príomha trí chóras comharchumainn a fhorbairt.
Bunaíodh comhlachas cosanta le haghaidh déantóirí fíona i réigiún Minervois in 1922. Aitheanta ar dtús mar fhíon leis an ainmniúchán tionscnaimh ‘Fíon teormharcáilte ardcháilíochta’ in 1951, tugadh aitheantas do ‘Minervois’ mar ainmniúchán tionscnaimh cláraithe le foraithne an 15 Feabhra 1985, tar éis aistriú na gcineálacha agus fhorchur dálaí táirgthe níos beaichte.
Bhí déantóirí fíona La Livinière i gcónaí cinnte de, áfach, go bhfágfadh a gcuid talún agus a saineolas lorg ar úrnuacht a dtáirgeadh fíona dheirg. Ag tús na 1970idí, le cabhair ó chomhlachtaí teicniúla agus faoi spreagadh chomharchumann fíona bhardas La Livinière faoi stiúir Maurice Piccinini, rinne déantóirí fíona iarracht chun an comhoiriúnú is fearr idir cineál agus láithreán plandála a áirithiú, teicnící prúnála fíniúnacha agus treoraithe á n-optamú, ag baint ag an aibíocht is fearr, agus ag déanamh feabhsuithe ar theicnící fíonóireachta. Bhunaigh Maurice Piccinini comhlachas cosanta in 1988. Aithníodh ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Minervois-La Livinière’ in 1999.
In 2018, tháirg 45 tháirgeoir 11 000 hl, lena n-áirítear dhá chomharchumann fíona, a tháirg 20 % den toirt.
Táirgtear na fíonta trí roinnt cineálacha a chumasc, de réir traidisiún na bhfíonghort Languedoc, le cineálacha Grenache N, Mourvèdre N agus Syrah N an chuid is mó den chumasc.
Leis na glúnta aníos, d’éirigh le táirgeoirí a gcuid fíona a oiriúnú-ag cruthú teicnící chun an barrmhaitheas dá bhfíonchaora a bhaint. Go luath, tugadh isteach tréimhse aosaithe iarchoipthe san umar, chun fíon ag a bhfuil dea-bholaithe casta a tháirgeadh, agus thar aon rud eile le háirithiú go ndéanfar na tainniní a bheith maothlach agus séimh. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, leagadh síos sa tsonraíocht íostréimhse aosaithe go dtí 15 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na bliana buainte.
8.3. Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Cosanta ó thionchair mhuirí ón oirthear agus ón iarthar, agus lena oscailteacht ó dheas/soir ó dheas, bíonn aeráid te tirim ag an limistéar geografach. Neadaithe in aghaidh shliabhraon Montagne Noire, agus le héifeacht an ghrádáin airde, bíonn teochtaí fuara na n-oícheanta ag an limistéar mar sin féin.
Cabhraíonn na coinníollacha sonracha sin leis na fíonchaora an aibíocht is fearr, aigéadacht áirithe, agus cothromaíocht idir alcól agus tainniní a bhaint amach.
Tá na dáileachtaí ar a bhfuil na fíonchaora atá le buaint críochaithe go soiléir. Tugtar tosaíocht d’ithreacha cré-aolchloiche, dea-nochta a bhfuil méid ard cloiche iontu, a sholáthraíonn táirgeachtaí ísle nádúrtha. Ligean na coinníollacha sin do tháirgeoirí cineál a mheaitseáil le suíomh, atá mar chabhair chun a dtréith thiubhaithe agus chumhachtach an-suntasach a thabhairt do na fíonta sin.
Soláthraíonn an cineál Grenache N teas agus maothlach sa bhéal agus bíonn sé fabhrach do léibhinn chlochach agus marla. Is cineál é Syrah N a bhachlaíonn go luath agus a sholáthraíonn milseacht agus dea-bholaithe torthaíocha. Cineálacha stairiúla is ea iad Cinsaut N agus Carignan N. Soláthraítear fíneáltacht leis an gcéad cheann, tathag agus tainniní leis an dara ceann. Soláthraíonn an cineál Mourvèdre N tainniní fíneálta agus ruainníní spíosra.
D’éirigh le táirgeoirí an réigiúin seo logainm allabhrach lán le stair agus ainmniúchán tionscnaimh cláraithe nua-aimseartha agus aitheanta a dhéanamh de.
Tá ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘La Livinière’ ar cheann de na fíonta suaitheanta de réigiún Languedoc.
Agus clú agus uaisleacht an ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe seo a dhaingniú, tá an ‘Livinage’, a chruthaíodh ag tús na 1990idí, ina imeacht anois nár cheart a chailleadh ag a mbailíonn gairmithe ó thionscal an fhíona agus iriseoirí chun fíonta a shampláil, bualadh le táirgeoirí agus éagsúlacht saibhir an limistéir a aimsiú.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
- Ní féidir na fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán cláraithe ‘La Livinière’ éilithe lena n-aghaidh faoi théarmaí na sonraíochta seo agus a chuirtear i láthair leis an ainmniúchán sin, ní féidir iad a dhearbhú tar éis buainte, a thairiscint don phobal, a sheoladh, a mhargú nó a dhíol gan na focail seo a bheith ag gabháil leis an ainmniúchán, ‘ Appellation contrôlée ’ [Ainmniúchán Cláraithe], agus iad le feiceáil ar an dearbhú buainte, i bhfógraí, i gcatalóga, agus ar aon lipéid, sonraisc nó coimeádáin, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir.
Méid litreacha focal roghnacha, a bhféadfaidh a n-úsáid a bheith rialaithe ag na mBallstáit faoi rialacha an Aontais, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar dhoimhneacht, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena litrítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.
Féadfar aonad geografach níos leithne ‘Languedoc’ a shonrú ar lipéid fíonta lena ngabhann an t-ainmniúchán tionscnaimh chláraithe.
Níor cheart méid na litreacha a úsáidtear don aonad geografach níos leithne sin a bheith níos mó, in airde ná ar leithead, ná leath den mhéid a úsáidtear le haghaidh na litreacha lena ndéantar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe.
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Tá an limistéar díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag an maolú maidir le táirgeadh, forbairt agus teacht chun cineáil na bhfíonta, déanta de chríoch uile nó páirt de chríoch na mbardas seo a leanas de Roinn Aude:
|
— |
Pépieux; |
|
— |
Peyriac-Minervois: ceantar Les Tuileries d’Affiac. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-71b54b4c-4520-4c67-be83-bc7f50bb737b
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1470/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)