European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1454

8.12.2023

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11071 – DEUTSCHE LUFTHANSA / MEF/ ITA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1454)

1.   

An 30 Samhain 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Deutsche Lufthansa AG (an Ghearmáin),

Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile (an Iodáil),

Italia Trasporto Aereo S.p.A. (an Iodáil) atá faoi rialú Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.

Gheobhaidh Deutsche Lufthansa AG (‘Lufthansa’) agus Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile (‘MEF’) rialú comhpháirteach ar Italia Trasporto Aereo S.p.A (‘ITA’) de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is é Lufthansa cuideachta shealbhaíochta an ghrúpa Lufthansa a bhfuil a cheanncheathrú in Köln na Gearmáine. Ar a ghnólachtaí aeriompair áirítear, inter alia, Lufthansa Passenger Airlines, Swiss International Air Lines Ltd., Brussels Airlines S.A./N.V., Austrian Airlines AG, Air Dolomiti L.A.R.E. S.p.A., Eurowings GmbH, EW Discover GmbH, Edelweiss Air AG agus a chomhfhiontar le Türk Hava Yolları A. O. (Turkish Airlines), Güneş Ekspres Havacılık A.Ş. (‘SunExpress’). Oibríonn DLH moil in Frankfurt, in München, sa Bhruiséil, in Zurich agus i Vín. Tá DLH ina bhall freisin den chomhghuaillíocht dhomhanda aerlínte Star Alliance. Tá Lufthansa gníomhach ar fud an domhain.

Cuireann MEF cúraimí agus freagrachtaí Rialtas na hIodáile i gcrích i réimsí an bheartais eacnamaíoch, an bheartais airgeadais, an bhuiséadaithe agus na mbeartas cánach. Tá scairshealbha ag MEF i gcuideachtaí poiblí agus straitéiseacha san Iodáil, san earnáil iompair (ENAV S.p.A., Ferrovie dello Stato), agus in earnálacha eile, agus is é an t-aon scairshealbhóir in ITA é. Tá na gnóthais ina bhfuil scairshealbha ag MEF gníomhach ar fud an domhain.

Is cuideachta aerlíne Iodálach é ITA a chruthaigh Stát na hIodáile an 9 Deireadh Fómhair 2020, agus tá sé gníomhach ar fud an domhain. Tá a cheanncheathrú sa Róimh. Tá ITA ina iomláine faoi úinéireacht MEF agus tá sé ina bhall den chomhghuaillíocht domhanda aerlínte Sky Teams.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11071 – DEUTSCHE LUFTHANSA / MEF/ ITA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1454/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)