European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1359

1.12.2023

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11316 – FOXCONN EV / ZF / ZF CHASSIS MODULES)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1359)

1.   

An 23 Samhain 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Foxconn EV Singapore Holdings Pte. Ltd. (‘Foxconn EV’, Singeapór), faoi rialú Hon Hai Precision Industry Co., Ltd. (‘Hon Hai’, an Téaváin),

ZF Friedrichshafen AG (‘ZF’, an Ghearmáin), faoi rialú Zeppelin-Stiftung (‘ZS’, an Ghearmáin), fondúireacht atá á riar ag Cathair Friedrichshafen, sa Ghearmáin, mar chiste bardais speisialta,

ZF Chassis Modules GmbH (‘ZF Chassis Modules’ nó an ‘JV’, an Ghearmáin).

Gheobhaidh Foxconn EV agus ZF rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar an JV.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Foxconn EV nuabhunaithe agus níl aon ghníomhaíocht mhargadh-dhírithe aige. Is soláthraí seirbhísí monaraíochta leictreonaice ar fud an domhain é Hon Hai sna deighleoga táirgí seo a leanas: táirgí leictreonacha cliste do thomhaltóirí, an néal agus líonrú, ríomhaireacht; agus comhpháirteanna leictreonacha agus eile,

Is cuideachta teicneolaíochta é ZF a fhorbraíonn, a mhonaraíonn agus a dháileann táirgí agus córais do ghluaisteáin paisinéirí, d’fheithiclí tráchtála agus do theicneolaíocht thionsclaíoch ar fud an domhain.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an JV:

Déanfaidh an JV córais acastóirí, lena n-áirítear modúil cúinne, a chóimeáil le haghaidh gluaisteáin paisinéirí do OEManna.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11316 – FOXCONN EV / ZF / ZF CHASSIS MODULES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1359/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)