European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1344

29.11.2023

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2023

maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt

(C/2023/1344)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i dteannta Airteagal 149 agus Airteagal 153(1), pointí (h) agus (j) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (‘an Colún’), a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017 (2), roinnt prionsabal chun tacú le margaidh an tsaothair agus córas leasa shóisialta atá cóir agus a fheidhmíonn go maith. Áirítear leis an gColún an chéad phrionsabal maidir leis an gceart chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ardcháilíochta agus chuimsitheach a fháil ar feadh an tsaoil, an dara prionsabal maidir le comhionannas inscne, an tríú prionsabal maidir le comhionannas deiseanna, an ceathrú prionsabal maidir le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, an cúigíú prionsabal maidir le fostaíocht sheasmhach inoiriúnaithe, agus prionsabail 11 agus 16 go 20 maidir le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean, agus rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach.

(2)

I mí an Mheithimh 2021, i gcomhréir le Dearbhú Porto, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh phríomhspriocanna an Aontais do 2030, atá cumhdaithe sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (3). Tá sé d’aidhm ag na spriocanna sin ráta fostaíochta 78 % ar a laghad a bhaint amach, 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain, agus laghdú de 15 mhilliún duine ar a laghad a dhéanamh ar an líon daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta (ar leanaí iad 5 mhilliún díobh sin ar a laghad). Ansin, tá spriocanna náisiúnta leagtha amach ag na Ballstáit sna trí réimse uile chun cuidiú leis na spriocanna comhroinnte sin a bhaint amach.

(3)

D’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le 10 mbliana anuas chun bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a laghdú, bhí 95.4 milliún duine i mbaol in 2021. Tháinig méadú ar riosca na bochtaineachta do dhaoine i dteaghlaigh gan duine fostaithe (nó i dteaghlaigh ghar-dhífhostaithe), agus d’éirigh tromchúis agus fad na bochtaineachta níos measa i roinnt mhaith Ballstát. Tá cáilíocht agus inbhuanaitheacht na fostaíochta ríthábhachtach chun an fhadhb sin a mhaolú. A bhuí leis an mbealach a oibríonn an geilleagar sóisialta, lena ghníomhaíochtaí agus leis na spriocanna a dtugann sé fúthu, tá príomhról ag an ngeilleagar sóisialta maidir le feabhas a chur ar an gcuimsiú sóisialta agus ar rochtain chomhionann ar mhargadh an tsaothair. Dá bhrí sin, cuireann sé le cur chun feidhme rathúil an Cholúin.

(4)

Is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta poist ardcháilíochta a chruthú agus a choinneáil; cuidíonn siad lena áirithiú go gcuimsítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na sochaí agus ó thaobh an mhargaidh saothair de, agus cuidíonn siad le comhionannas deiseanna a chur ar fáil do chách. Tá sé seo i gcomhréir le creat téarnaimh chuimsithigh, mar a léiríodh sna treoirlínte maidir le beartais fostaíochta na mBallstát a leagtar síos le Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle (4). Is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta forbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch inbhuanaithe a spreagadh, agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach sa tsochaí a chur chun cinn. Rannchuidíonn siad go mór le córais leasa shóisialta an Aontais trí chur le seirbhísí poiblí, borradh úr a chur faoi limistéir thuaithe dhídhaonraithe agus ról a bheith acu i mbeartas forbartha idirnáisiúnta.

(5)

An 9 Nollaig 2021 ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta (5). Leis an bplean gníomhaíochta sin, rannchuidítear le tosaíocht an Choimisiúin maidir le ‘geilleagar a fhóireann do dhaoine’ a thógáil agus tá sé ailínithe leis na moltaí a leagtar amach i gConclúidí ón gComhairle 2015 maidir le cur chun cinn an gheilleagair shóisialta mar phríomhspreagadh don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta san Eoraip (6). Sa phlean gníomhaíochta sin, chuir an Coimisiún bearta nithiúla ar aghaidh atá le cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Tá sé d’aidhm ag na bearta borradh a chur faoin nuálaíocht shóisialta, tacú le forbairt an gheilleagair shóisialta agus leas a bhaint as a chumhacht claochlaithe shóisialta agus eacnamaíoch. Leis na bearta sin dírítear ar na dálaí cearta a chruthú le go bhféadann an geilleagar sóisialta a bheith faoi bhláth, ag cruthú deiseanna d’eintitis an gheilleagair shóisialta gnólachtaí a thosú agus a uas-scálú, lena n-áirítear fiontair agus cineálacha eile eagraíochtaí agus ag áirithiú go bhfuil an geilleagar sóisialta agus an acmhainneacht a bhaineann leis níos feiceálaí. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an bplean gníomhaíochta sin ina rún dar dáta an 6 Iúil 2022 (7).

(6)

An 18 Aibreán 2023, ghlac na Náisiúin Aontaithe rún maidir leis an ngeilleagar dlúthpháirtíochta agus sóisialta a chur chun cinn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe, lena soláthraítear sainmhíniú domhanda ar an ngeilleagar dlúthpháirtíochta agus sóisialta agus treochlár chun tacú le forbairt an gheilleagair shóisialta agus dlúthpháirtíochta ar an leibhéal domhanda. Ghlac eagraíochtaí idirnáisiúnta eile straitéisí maidir le forbairt an gheilleagair shóisialta freisin, mar shampla an Rún a bhaineann le hobair chuibhiúil agus an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta a glacadh ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair an 10 Meitheamh 2022; agus an Moladh ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta agus an nuálaíocht shóisialta, a glacadh an 10 Meitheamh 2022 freisin.

(7)

Cuimsítear leis an ngeilleagar sóisialta, dá ngairtear an geilleagar dlúthpháirtíochta nó an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta freisin i roinnt Ballstát, réimse leathan eintiteas le samhlacha difriúla gnó agus eagrúcháin ina dtugtar tús áite do chuspóir na sochaí, lena n-áirítear spriocanna sóisialta agus comhshaoil, roimh bhrabús. Is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta agus an sainmhíniú a dhéantar orthu a bheith beagán éagsúil ó Bhallstát go chéile, agus d’fhéadfadh foirmeacha dlíthiúla agus stádais éagsúla a bheith ag baint leo, mar shampla comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, comhlachais, fondúireachtaí agus fiontair shóisialta. Tá na prionsabail chomhchoiteanna chéanna acu maidir lena mbrabús ar fad nó an chuid is mó de a ath-infheistiú chun a gcuspóirí sóisialta nó comhshaoil a shaothrú agus rialachas daonlathach nó rialachas rannpháirteach a chleachtadh. Athraíonn foirm shonrach an rialachais agus na bainistíochta atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta de réir a gcineáil, a scála, agus an chomhthéacs ina mbíonn siad ag feidhmiú. Dá bhrí sin, bíonn foirmeacha difriúla ag prionsabal an rialachais dhaonlathaigh agus rannpháirtigh, idir rannpháirtíocht dhíreach na gcomhaltaí i bpróisis rialachais agus rannpháirtíocht ionadaíoch na gcomhaltaí nó na gcomhpháirtithe i bhfeidhmeanna bainistíochta agus rialachais ar leithligh. Mar shampla, i gcomharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha agus comhlachais, is minic a bhíonn an prionsabal sin i bhfoirm ‘duine amháin, vóta amháin’. Is saintréith de chuid na bpróiseas cinnteoireachta in eintitis an gheilleagair shóisialta an tsraith de chórais rialaithe agus caidrimh idir na gníomhairí éagsúla atá rannpháirteach san eintiteas, lena n-áirítear bainisteoirí, comhpháirtithe, fostaithe agus tairbhithe. Trí na gníomhairí éagsúla seo a thabhairt le chéile, cuireann eintitis an gheilleagair shóisialta chun cinn iarracht il-pháirtithe leasmhara atá bunaithe ar chultúr rannpháirtíochta, freagrachta, agus trédhearcachta agus atá dírithe ar sprioc choiteann a bhaint amach.

(8)

Is minic a dhéanann eintitis an gheilleagair shóisialta gach iarracht chun deiseanna eacnamaíocha a chruthú lena gcuirtear chun cinn cuimsiú sóisialta chomh maith le grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, a lánpháirtiú i margadh an tsaothair. Is cineál fiontar sóisialta iad fiontair shóisialta lánpháirtíochta oibre a dhíríonn ar chuidiú leis na grúpaí daoine sin a lánpháirtiú sa tsochaí agus san obair trí phoist a sholáthar lena ngabhann leibhéil scileanna éagsúla agus dálaí oibre cuimsitheacha solúbtha. Mar shampla, trí thacaíocht teanga a sholáthar d’oibrithe imirceacha agus cúraimí agus timpeallachtaí oibre oiriúnaithe a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas, féadfar bealach amach as bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chur ar fáil dóibh. Féadann na deiseanna fostaíochta sin a bheith ina gclochán cora chuig earnálacha eile an mhargaidh shaothair, ag cuidiú le bacainní fostaíochta a shárú le haghaidh na ndaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine eile a bhfuil deacrachtaí acu an margadh saothair a rochtain.

(9)

D’fhéadfadh fiontair nua sa gheilleagar sóisialta ról tábhachtach a imirt maidir le cruthú post agus athrú dearfach sóisialta a dhéanamh. Féadann geilleagar sóisialta deiseanna a sholáthar do roinnt grúpaí faoi ghannionadaíocht, mar shampla mná agus daoine óga, teacht isteach sa mhargadh saothair nó gnólachtaí sóisialta a bhunú. De réir an Mhonatóra Fiontraíochta Domhanda, meastar gur fir iad 55 % d’fhiontraithe sóisialta ar domhan agus is mná 45 % díobh, agus go ginearálta tá dhá oiread na bhfear féinfhostaithe ná na mban féinfhostaithe. De réir Eorabharaiméadar a rinneadh le déanaí maidir le dearcaí na ndaoine óga i leith fiontraíocht shóisialta, tá meas ag daoine óga ar thábhacht na spriocanna sóisialta agus comhshaoil agus ar cheannaireacht rannpháirteach. D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun dídhreasachtaí fiontraithe féideartha a íoslaghdú, mar shampla a áirithiú go gcoinníonn siad rochtain ar choimirce chuí sábháilteachta sóisialta. Laghdaigh roinnt Ballstát ranníocaíochtaí slándála sóisialta mar dhreasacht d’eintitis an gheilleagair shóisialta foireann a earcú. Má áirithítear gur ann do chreat cumasúcháin lenar féidir gnólachtaí a aistriú chuig fostaithe agus comharchumainn oibrithe nó samhlacha ábhartha eile den gheilleagar sóisialta faoi úinéireacht oibrithe a chruthú, is féidir leanúnachas gnólachtaí beaga agus teaghlaigh a áirithiú agus caillteanais post a sheachaint, i gcás athstruchtúrú, mar shampla. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta éascúcháin a chur chun feidhme freisin chun gnólachtaí príomhshrutha a aistriú chuig eintitis an gheilleagair shóisialta.

(10)

Cuireann eintitis an gheilleagair shóisialta cuimsiú na ndaoine óga chun cinn, go háirithe daoine óga nach bhfuil in oideachas, i bhfostaíocht ná in oiliúint (NEETanna). Soláthraíonn siad cláir forbartha oiliúna agus scileanna agus printíseachtaí dá dtagraítear i Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (8), agus deiseanna fostaíochta. Dá bhrí sin, cuireann siad leis na spriocanna a shocraigh An Ráthaíocht don Aos Óg dá dtagraítear i Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú (9) agus Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach ar mhicridhintiúir le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheachta (10). Is féidir le cistiú ón Aontas mar shampla clár Chiste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta sa ról sin. Chuige sin, tharla tionscnaimh chomhoibríocha rathúla idir seirbhísí fostaíochta poiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta sna Ballstáit (12). Faoi na tionscnaimh sin, bíonn ról tábhachtach ag eintitis an gheilleagair shóisialta chun daoine a dteastaíonn cúnamh uathu a shainaithint agus chun pleananna saincheaptha a fhorbairt chun cuidiú leo lánpháirtiú sóisialta agus gairme a bhaint amach, lena n-áirítear oiliúint agus deiseanna oibre.

(11)

Is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta dálaí córa oibre a chur chun cinn trí rannpháirt a thabhairt d’fhostaithe ina rialachas agus ina gcinnteoireacht. Is féidir feabhas a chur ar dhálaí oibre na bhfostaithe trí idirphlé sóisialta a chur chun cinn sa gheilleagar sóisialta. Féadann Ballstáit an ghné sin den gheilleagar sóisialta a chothú agus féadann siad cur leis agus úsáid a bhaint as a saineolas trí rannpháirt a thabhairt d’eintitis an gheilleagair shóisialta i gceapadh agus cur chun feidhme na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair (13). Ina theannta sin is féidir leis na Ballstáit féachaint le rannpháirtíocht fhostóirí an gheilleagair shóisialta san idirphlé sóisialta a éascú.

(12)

Cuireann an geilleagar sóisialta le straitéisí Aontas an Chomhionannais arna nglacadh ag an gCoimisiún trí chuimsiú sóisialta grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus faoi ghannionadaíocht a chur chun cinn, mar shampla, trí sheirbhísí sóisialta agus cúraim (lena n-áirítear cúram leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach), tithíocht shóisialta agus tacaíocht do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu a sholáthar. Le heintitis an gheilleagair shóisialta, cuidítear le neamhionannais a laghdú, mar shampla an bhearna fostaíochta idir na hinscní, trí chion mór ban a fhostú go díreach agus trí sheirbhísí cúraim a sholáthar a chuireann ar chumas na gcúramóirí, ar mná a bhformhór, fostaíocht a fháil i margadh an tsaothair. Mar chomhpháirtí tábhachtach le haghaidh na hearnála poiblí, is féidir leis an ngeilleagar sóisialta rannchuidiú luachmhar a dhéanamh maidir le dearadh agus soláthar seirbhísí cúraim cónaithe, baile agus phobalbhunaithe. Trí thionscnaimh chomhpháirtíochta, is féidir le húdaráis phoiblí agus le heintitis an gheilleagair shóisialta seirbhísí cúraim a sholáthar atá ar ardcháilíocht, inrochtana agus inacmhainne.

(13)

Tá ról ríthábhachtach ag córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna chun na scileanna is gá don áit oibre, d’fhorbairt phearsanta agus do shaoránacht a sholáthar. Cuidíonn siad chomh maith le lucht saothair oilte a áirithiú atá in ann rannchuidiú a dhéanamh i dtreo aistriú cóir, idir ghlas agus digiteach. Soláthraíonn eintitis an gheilleagair shóisialta deiseanna fostaíochta, oiliúint ar an láthair oibre, agus cláir foghlama obairbhunaithe a chuirtear in oiriúint do riachtanais daoine aonair agus an gheilleagair áitiúil. D’fhéadfaidís cuidiú le rolladh amach cuntas foghlama aonair mar mhodh féideartha chun na cuspóirí a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le Cuntais Foghlama Aonair (14) a bhaint amach. Is féidir le heintitis an gheilleagair shóisialta rannchuidiú freisin leis an mbearna inscne dhigiteach atá ann faoi láthair a dhúnadh trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil a neartaíonn scileanna digiteacha na mban. Dá bhrí sin, féadann siad rannchuidiú le lucht saothair oilte agus inoiriúnaithe a bhaint amach, lucht saothair atá in ann freagairt ar athruithe sa mhargadh saothair, rud a d’fhéadfadh aistrithe ó phost go post a éascú agus ganntanais saothair a mhaolú, agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch foriomlán dá bhrí sin. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an acmhainneacht sin, agus faisnéis scileanna á tógáil, oiliúint á héascú, agus curaclaim oideachais á ndearadh acu.

(14)

Is gá go dtéitear i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as an dá aistriú agus as an aistriú déimeagrafach ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach. Oibríonn eintitis an gheilleagair shóisialta ón mbonn aníos go ginearálta, i ngar do phobail, do shaoránaigh agus do na fadhbanna a bhíonn acu, ag gníomhú go minic mar nuálaithe sóisialta agus ag aimsiú réitigh is féidir a uas-scálú nó a athchruthú agus a chuireann le hathrú sistéamach. Is féidir leis an ngeilleagar sóisialta cur le huathriail straitéiseach an Aontais freisin trí ghnó a chruthú in earnálacha straitéiseacha a fhónann do leasanna agus do riachtanais na bpobal áitiúil. Mar shampla, d’fhéadfadh an geilleagar sóisialta deiseanna uas-scilithe a sholáthar d’oibrithe ar bheagán oiliúna ó earnálacha atá ag dul faoi athruithe móra agus bunearraí inacmhainne a sholáthar do ghrúpaí ar ioncam íseal. I limistéir iargúlta agus thuaithe inar lú líon na dtairiscintí fostaíochta agus oideachais, féadann eintitis an gheilleagair shóisialta deiseanna a bhfuil géarghá leo a sholáthar, a dhéanfaidh na réigiúin sin níos tarraingtí. Trí éiceachórais gheilleagair shóisialta an Aontais a fhorbairt, maolaítear ar na hiarmhairtí a thagann as aosú an daonra, bánú agus treochtaí déimeagrafacha eile, agus cuirtear chun cinn forbairt eacnamaíoch agus thionsclaíoch áitiúil, lena n-áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta agus i réigiúin an Aontais is forimeallaí, mar shampla sa talmhaíocht, i dtáirgeadh bia orgánaigh, agus sa gheilleagar gorm.

(15)

Trí bhíthin forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus éiceachórais fhabhracha le haghaidh nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn daingnítear an geilleagar sóisialta agus stiúrtar athrú chuig geilleagar aeráidneodrach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (15) agus le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (16). I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag an ngeilleagar sóisialta i bhforbairt an gheilleagair chiorclaigh, agus i dtáirgeadh agus dáileadh fuinnimh in-athnuaite faoi stiúir na saoránach trí chomharchumainn fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh eile, dá gceapfaí bearta beartais tionsclaíochta cothrománacha agus comhleanúnacha maidir le hathúsáid, deisiú agus athchúrsáil, d’fhéadfaí margadh feidhmiúil le haghaidh amhábhair thánaisteacha a chur chun cinn, rannchuidiú an gheilleagair shóisialta leis na cuspóirí a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach (17) a bharrfheabhsú agus borradh a chur faoi iomaíochas tionscail glan-nialasachta an Aontais. Léirigh eintitis an gheilleagair shóisialta a oibríonn sa réimse digiteach an poitéinseal atá acu saoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú chun páirt a ghlacadh in aistriú digiteach atá cuimsitheach agus dírithe ar an duine agus ról gníomhach a dhéanamh chun cuspóirí agus spriocanna an chláir beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach arna bhunú le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus leis An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (19). Chun borradh a chur faoi athléimneacht an dá aistriú sin chuig sochaí ghlas agus dhigiteach, thug an Coimisiún a straitéis thionsclaíoch don Aontas cothrom le dáta i mí na Bealtaine 2021. Leagtar amach sa straitéis na dúshláin atá roimh na 14 éiceachóras thionsclaíocha, lena n-áirítear an t-éiceachóras ‘gaireacht agus geilleagar sóisialta’, ar comhthógadh conair aistrithe ina leith.

(16)

Chun a chur ar chumas an gheilleagair shóisialta a phoitéinseal a chomhlíonadh maidir le tacú le rochtain ar an margadh saothair, cuimsiú sóisialta, forbairt scileanna, comhtháthú críochach, daonlathas eacnamaíoch, neodracht aeráide agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, tá creat cumasúcháin de dhíth air. Ós rud é go bhféadfaí an geilleagar sóisialta a shonrú i ngach earnáil eacnamaíoch agus go bhfuil tionchar ag beartais agus forálacha cothrománacha agus earnála air, is gá go gcuireann creat cumasúcháin gnéithe sonracha an gheilleagair shóisialta san áireamh chomh maith leis na bacainní breise a bhíonn os comhair eintitis an gheilleagair shóisialta ina bhforbairt agus a chuireann teorainn lena gcumas oibriú taobh le gnólachtaí príomhshrutha. Ní gnóthachain éifeachtúlachta ná brabúis a uasmhéadú an chéad aidhm a bhíonn ag eintitis an gheilleagair shóisialta, ach torthaí sóisialta dearfacha a chruthú a oiread is féidir. Teastaíonn uathu bearta tacaíochta agus timpeallachtaí fabhracha airgeadais, riaracháin agus dlí ina gcuirtear gnéithe sonracha a samhlacha gnó san áireamh i dtéarmaí rialachais, leithdháileadh brabúis, dálaí oibre agus tionchair. Cuireann na bearta sin ar a gcumas, mar shampla, oibrithe a fhostú nach bhfuil chomh táirgiúil céanna nó seirbhísí sóisialta a sholáthar ar phraghsanna inrochtana. Tá gá le straitéisí cuimsitheacha chun creataí cumasúcháin a shocrú. D’fhéadfadh bearta a ghlacadh nó a chur chun feidhme a bheith i gceist leis sin nó beartais agus tionscnaimh a choigeartú chun tacú le rannchuidithe an gheilleagair shóisialta le spriocanna sóisialta agus comhshaoil agus a luach eacnamaíoch agus tionsclaíoch a fheabhsú. Ba cheart do na straitéisí sin dul chun cinn a rianú agus éifeachtacht na dtionscnamh a thomhas, coigeartuithe agus feabhsuithe a dhéanamh de réir mar is gá, agus ar deireadh ba cheart torthaí níos éifeachtúla ag a mbeidh an-tionchar teacht as an earnáil. D’fhéadfadh sé gurbh éigean straitéisí a ghlacadh ar leibhéil dhifriúla an rialtais (cinn náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla), ag brath ar an eagar agus ar an gcomhthéacs institiúideach i ngach Ballstát. D’fhéadfadh réigiúin, cathracha, agus leibhéil fhonáisiúnta eile straitéisí geilleagair shóisialta a ghlacadh a bhaineann go soiléir le cuspóirí agus tosaíochtaí forbartha réigiúnaí, agus ar an gcaoi sin na tairbhí frithpháirteacha a uasmhéadú.

(17)

Tá sé fíor-riachtanach, chun straitéisí an gheilleagair shóisialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, go gcuirtear páirtithe leasmhara an gheilleagair shóisialta san áireamh agus go n-éascaítear rannpháirtíocht na ndaoine is leochailí. Shocraigh roinnt Ballstát grúpaí ardleibhéil cheana lena gcothaítear idirphlé idir údaráis phoiblí agus eintitis an gheilleagair shóisialta (mar shampla Ard-Chomhairle na Fraince um Gheilleagar Dlúthpháirtíochta Sóisialta, Comhairle na Spáinne um Fhorbairt an Gheilleagair Shóisialta, Comhairle Náisiúnta na Portaingéile um Gheilleagar Sóisialta agus Comhairle Náisiúnta na hIodáile um an Tríú Earnáil. D’fhéadfadh líonraí ionadaíocha an gheilleagair shóisialta a bheith ina n-ardán le haghaidh gníomhaíocht chomhchoiteann, d’fhéadfaidís comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú, agus deiseanna le haghaidh fothú acmhainneachta agus piarfhoghlaim a chruthú.

(18)

D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag tacaíocht airgeadais phoiblí chun bunú agus forbairt eintitis an gheilleagair shóisialta a chumasú. Go ginearálta, bíonn deacrachtaí níos mó ag eintitis an gheilleagair shóisialta acmhainní airgeadais a fháil ná mar a bhíonn ag fiontair eile. Mar shampla, d’ainneoin roinnt feabhsuithe, nochtadh, le hanailís ar mhargaidh airgeadais fiontair shóisialta, neamhréir leanúnach idir soláthar agus éileamh i ndáil le maoiniú le haghaidh fiontair shóisialta san Aontas, i dtéarmaí rochtain ar fhiachas agus ar chothromas. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag eintitis an gheilleagair shóisialta tionchair dhearfacha shóisialta nó chomhshaoil a ghiniúint agus nach féidir leo ach méid teoranta brabús a leithdháileadh ar a maoinitheoirí agus a n-úinéirí, más féidir ar chor ar bith, ní bhíonn siad an-oiriúnach go ginearálta d’infheisteoirí a bhfuil fonn orthu torthaí airgeadais nach beag a fháil. Is iondúil gur easnamhach na bearta tacaíochta a bhíonn ar fáil chun dul i ngleic leis an gceist sin agus bíonn an-difríocht eatarthu maidir lena n-éifeachtacht. Baineann éagsúlacht leis na bearta ó dheontais agus fóirdheontais go seirbhísí comhairleachta agus fothaithe acmhainneachta, agus is gorlanna a sholáthraíonn iad go minic. Dá bhrí sin tá neart deiseanna ann fós feabhas a chur ar chistiú saincheaptha a sholáthar le haghaidh céimeanna difriúla saolré eintitis an gheilleagair shóisialta, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú tacaíocht bhreise a thabhairt chun cistiú príobháideach agus bearta comhlántacha a shlógadh chun feabhas a chur ar rochtain ar chistiú d’eintitis an gheilleagair shóisialta. Cur chuige amháin den sórt sin is ea rogha a thabhairt do choigilteoirí aonair, nó d’fhostaithe a ghlacann páirt i bpleananna scoir nó coigiltis arna gcistiú ag an bhfostóir agus an rogha ann plean coigiltis a roghnú lena n-infheistítear sciar a gcoigiltis isteach i bhfiontar sóisialta (20).

(19)

Soláthraíonn an tAontas roinnt mhaith deiseanna cistiúcháin chun tacú leis an ngeilleagar sóisialta. Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), clár an mhargaidh aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 (24), an clár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), agus, i gcás inarb ábhartha, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), soláthraítear cistiú leo uile.

Soláthraíonn an tAontas tacaíocht chomhairleach freisin tríd an ardán fi-compass chun ionstraim airgeadais a dhearadh faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe. D’fhéadfadh na Ballstáit, lena n-áirítear a n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla, úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna sin trí bhearta sonracha a ghlacadh le haghaidh an gheilleagair shóisialta. Is ionstraim eile de chuid an Aontais í tacaíocht theicniúil (27) atá ar fáil chun feabhas a chur ar acmhainneacht na mBallstát beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme chun an geilleagar sóisialta a neartú.

(20)

Tá sé criticiúil earraí agus seirbhísí a sholáthar agus a bheith ag obair le húdaráis phoiblí agus le gnólachtaí príomhshrutha araon chun an geilleagar sóisialta a fhorbairt, ioncam a ghiniúint agus cuidiú le heintitis an gheilleagair shóisialta neamhthuilleamaíocht airgeadais a bhaint amach. A bhuí leis an raon solúbthachta faoi rialacha agus straitéisí sholáthar poiblí an Aontais, féadann údaráis chonarthacha soláthar poiblí a úsáid ar bhealach níos straitéisí trí chritéir nuálacha, ghlasa agus shóisialta a shocrú, agus rannchuidiú ar deireadh le geilleagar atá níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos iomaíche. Is ar bhonn an phraghais amháin, áfach, a dhámhtar an chuid is mó de na tairiscintí fós. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag eintitis an gheilleagair shóisialta buntáistí don tsochaí agus buntáistí comhchoiteanna a sholáthar in ionad seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is lú, bíonn deacrachtaí acu dul san iomaíocht i ngnáthphróisis soláthair phoiblí, d’ainneoin gur féidir leo breisluach níos leithne a chur ar fáil don phróiseas soláthair. Tá spás ann chomh maith acmhainneacht eintitis an gheilleagair shóisialta chun gnó a dhéanamh a mhéadú, lena n-áirítear trí lánpháirtiú i slabhraí luacha gnólachtaí príomhshrutha agus comhpháirtíocht a dhéanamh leo chun tairiscintí a dhéanamh le haghaidh soláthar poiblí i gcomhpháirt leo agus deiseanna margaidh nua a chruthú.

(21)

Is minic nach mbaineann údaráis phoiblí an leas is fearr is féidir as raon feidhme na rialacha maidir le Státchabhair atá ann faoi láthair chun tacú leis an ngeilleagar sóisialta, i gcás nach bhfuil an margadh amháin in ann rochtain shásúil a fháil ar mhargadh saothair agus cuimsiú sóisialta; ní bhacann siad ach le bearta faoin tairseach ghinearálta de minimis agus ní úsáideann siad an rogha bearta a bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (28) (an Rialachán Ginearálta Maidir le Blocdhíolúine) mar shampla cabhair réigiúnach, cabhair um maoiniú riosca, agus cabhair chun oibrithe faoi mhíbhuntáiste a earcú. Maidir le cabhair de minimis, tá sé teoranta do EUR 200 000 i gcaitheamh 3 bliana faoi láthair, ach rachaidh na rialacha atá ann faoi láthair in éag an 31 Nollaig 2023 agus tá siad á n-athbhreithniú. Le rialacha an Aontais lena rialaítear seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne soláthraítear an deis Státchabhair a údarú, ach ní bhaineann údaráis phoiblí lántairbhe as na roghanna sin go minic, go háirithe le haghaidh seirbhísí sóisialta i réimse lánpháirtiú oibre na ndaoine leochaileacha. Is gá d’údaráis phoiblí scrúdú a dhéanamh ar dtús féachaint an gcáilíonn beart mar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh.

(22)

Tá ról nach beag ag beartas cánach freisin chun an geilleagar sóisialta a chothú, chun a áirithiú go bhfuil eintitis an gheilleagair shóisialta in ann a bheith ag oibriú taobh le gnólachtaí príomhshrutha agus chun timpeallacht ghnó níos cothroime a chruthú agus, ag an am céanna, a bheith ag rannchuidiú le cuimsiú sóisialta agus rochtain níos fearr ar fhostaíocht. Bhunaigh roinnt Ballstát creat cánach lena spreagtar forbairt na hearnála, lena n-áirítear dreasachtaí cánach a cuireadh in oiriúint do riachtanais an gheilleagair shóisialta, agus a éagsúlacht á aithint agus ilroinnt á seachaint. Tá bacainní riaracháin fós i roinnt Ballstát maidir le tabhartais a bhaineann leis an tairbhe phoiblí thar theorainneacha na mBallstát. Le dreasachtaí cánach dea-dheartha le haghaidh tabhartais d’eintitis an gheilleagair shóisialta lena ngabhann sochar poiblí is féidir borradh a chur faoina maoiniú, lena n-áirítear maoiniú a thrasnaíonn teorainneacha an Aontais i gcomhréir le prionsabal an Chonartha um neamh-idirdhealú. Meabhraítear freisin gur féidir le hearraí agus seirbhísí áirithe, a sholáthraíonn eintitis an gheilleagair shóisialta go minic, tairbhe a bhaint as ráta laghdaithe CBL i gcomhréir le hAirteagal 98 agus le hIarscríbhinn III de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (29).

(23)

Tá na próisis a bhaineann le tionchar sóisialta a thomhas agus a bhainistiú an-tábhachtach d’eintitis an gheilleagair shóisialta toisc go gcuireann siad ar a gcumas a dtionchar a thuiscint agus a chur in iúl agus rochtain a fháil ar chistiú tioncharbhunaithe. Is é atá i gceist le tomhas tionchair shóisialta méadrachtaí agus uirlisí a úsáid chun an tionchar sóisialta a bhíonn ag idirghabháil nó tionscnamh áirithe a thomhas. Is é atá i gceist le bainistiú tionchair shóisialta na córais, na próisis agus na cumais a theastaíonn ó eagraíocht a thógáil chun a tionchar a bhainistiú agus a mhéadú go réamhghníomhach. Ach d’fhéadfadh an raon leathan creataí agus uirlisí a bheith ina dhúshlán, go háirithe le haghaidh eintitis ar bheagán acmhainní. Trí fhaireachán a dhéanamh ar thorthaí sóisialta infheistíochtaí poiblí cumasaítear grinnscrúdú poiblí, agus féadann sé tacú leis an réasúnaíocht atá le hairgead na gcáiníocóirí a úsáid chun tacú le heintitis nó gníomhaíochtaí an gheilleagair shóisialta, agus lena chois sin cuidiú le ‘sciúradh tionchair’ (áibhéil nó maíomh bréagach a dhéanamh faoi thionchar) a chosc. Maidir leis sin, d’fhéadfadh cuir chuige a bhaineann le tionchar sóisialta a thomhas agus a bhainistiú, is é sin cuir chuige atá dea-mheáite, comhréireach agus oiriúnaithe do riachtanais eintiteas aonair, a bheith ina gcuidiú. Ba cheart iad a bhunú ar mhodhanna agus táscairí caighdeánacha, chomh maith le tosca éagsúla mar shampla méid, céim forbartha, agus ilchineálacht na n-eintiteas. Is féidir creat cabhrach a chur ar fáil chun tionchar a léiriú trí mhodheolaíochtaí chun an tionchar sóisialta a thomhas agus a bhainistiú a nascadh le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

(24)

Tháinig feabhas ar infheictheacht agus aitheantas an gheilleagair shóisialta ar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha san Aontas le 10 mbliana anuas. Níl leas bainte as poitéinseal na hearnála fós i roinnt mhaith Ballstát, áfach. Buanaítear, le heaspa comhordúcháin agus malartúcháin ar fud na mBallstát, na difríochtaí i bhforbairt an gheilleagair shóisialta, agus dá bhrí sin tá deis shoiléir ann do na Ballstáit gnóthú trí dhea-chleachtais a fhoghlaim agus a roinnt. Tá feasacht theoranta i measc an phobail i gcoitinne freisin faoin ngeilleagar sóisialta agus na rannchuidithe dearfacha a dhéanann sé. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar fhorbairt beartas tacaíochta agus deiseanna margaidh le haghaidh an gheilleagair shóisialta. Le rialú, á áirithiú ag an am céanna go bhfreastalaíonn an reachtaíocht nua ar riachtanais eintiteas an ghelleagair shóisialta, is féidir feasacht a mhúscailt ina leith agus dlisteanacht níos mó a thabhairt dóibh agus ar an gcaoi sin rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí a éascú. Tá seolta ag údaráis phoiblí náisiúnta agus páirtithe leasmhara roinnt tionscnamh, mar shampla foirmeacha, lipéid agus stádais (30) dhlíthiúla shonracha agus feachtais chumarsáide ar scála mór, le haghaidh an gheilleagair shóisialta, chun infheictheacht an gheilleagair shóisialta agus an tuiscint air a mhéadú. Rinneadh athchóirithe rathúla eile mar shampla aonad aireachta sonrach a chruthú le haghaidh an gheilleagair shóisialta agus an t-idirphlé a fheabhsú idir páirtithe leasmhara agus údaráis phoiblí. Tá sé ríthábhachtach borradh a chur faoi infheictheacht an gheilleagair shóisialta chun a thionchar dearfach ar an tsochaí a aithint go hiomlán, mar a cuireadh i dtábhacht sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta nuair a seoladh tairseach an gheilleagair shóisialta.

(25)

Tá sé ríthábhachtach sonraí agus staidreamh cruinn a bheith ann chun samhlacha gnó an gheilleagair shóisialta a thuiscint agus chun cinntí beartais fianaisebhunaithe a dhéanamh. Tá ganntanas sonraí iontaofa ann faoin ngeilleagar sóisialta, áfach, lena n-áirítear sonraí maidir lena bhreisluach eacnamaíoch agus a fheidhmíocht. Is minic gur sonraí neamhiomlána na sonraí atá ann cheana agus is deacair iad a chur i gcomparáid lena chéile. Mar shampla, níor leathnaigh ach cúpla Ballstát a gcórais chuntasaíochta náisiúnta chun sonraí forlíontacha a bhailiú (mar shampla sonraí i gcuntais satailíte) maidir leis an ngeilleagar sóisialta, d’ainneoin tacaíocht airgeadais a bheith ar fáil faoi bhuiséad an Aontais. Ní chuirtear an geilleagar sóisialta san áireamh i staidreamh struchtúrach gnó de ghnáth, mar shampla nuair a bhunaítear staidreamh ar shonraí eacnamaíocha a ghineann gnólachtaí brabúsacha agus ní chuirtear eintitis an gheilleagair shóisialta san áireamh ach i gcatagóirí iarmharacha. Trí staidreamh fíor-riachtanach maidir le méid, lucht saothair, forbairt agus dúshláin an gheilleagair shóisialta a chur ar fáil, bheadh na straitéisí agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm níos éifeachtúla agus oiriúnaithe do chásanna difriúla san earnáil.

(26)

Tríd is tríd, d’fhéadfadh cur chun cinn an gheilleagair shóisialta a bheith ríthábhachtach chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

CUSPÓIR

1.

I gcomhréir le prionsabail an Cholúin, is é is aidhm don Mholadh seo rochtain ar an margadh saothair agus cuimsiú sóisialta a chothú trí Bhallstáit a threorú maidir le creataí beartais agus rialála cumasúcháin le haghaidh an gheilleagair shóisialta agus bearta a éascaíonn a fhorbairt a chur chun cinn.

Chun na cuspóirí a bhaint amach, moltar do na Ballstáit, i gcomhréir le hinniúlachtaí náisiúnta, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, oibriú le chéile le páirtithe leasmhara chun na rannchuidithe a dhéanann an geilleagar sóisialta a aithint, agus chun bheith ag tacú agus ag cur leo.

2.

Tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn, leis an Moladh seo, tugtar tacaíocht chun trí phríomhsprioc an Aontais le haghaidh fostaíochta, scileanna, agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach faoi 2030, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

3.

Spreagann cur chun cinn an gheilleagair shóisialta forbairt shocheacnamaíoch agus thionsclaíoch chóir. Rannchuidíonn sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an daonlathas eacnamaíoch, leis an bhforbairt inbhuanaithe, le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus le feabhas a chur ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach ar fud na mBallstát.

SAINMHÍNIÚ

4.

Chun críoch an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas, agus na creataí dlíthiúla atá ag na Ballstáit cheana á gcur san áireamh:

(a)

ciallaíonn ‘geilleagar sóisialta’ tacar eintiteas dlí phríobháidigh a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí dá gcomhaltaí nó don tsochaí, lena gcuimsítear cineálacha eagraíochtúla mar shampla comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, comhlachais (lena n-áirítear carthanais), fondúireachtaí nó fiontair shóisialta, chomh maith le foirmeacha dlíthiúla eile, a oibríonn i gcomhréir leis na príomhphrionsabail agus na príomhghnéithe seo a leanas:

(i)

tosaíocht na ndaoine chomh maith le cuspóir sóisialta nó comhshaoil ar bhrabús;

(ii)

na brabúis agus na barrachais uile nó an chuid is mó díobh a infheistiú chun leanúint dá gcuspóirí sóisialta nó comhshaoil a shaothrú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le leas a gcomhaltaí/a n-úsáideoirí (‘leas comhchoiteann’) nó na sochaí i gcoitinne (‘leas ginearálta’); agus

(iii)

rialachas daonlathach nó rannpháirteach.

(b)

ciallaíonn ‘fiontar sóisialta’ eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí don mhargadh ar bhealach fiontraíoch agus i gcomhréir le prionsabail agus gnéithe an gheilleagair shóisialta, arb iad cuspóirí sóisialta nó comhshaoil is cúis lena ghníomhaíocht tráchtála. Is féidir fiontair shóisialta a bhunú i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla;

(c)

ciallaíonn ‘nuálaíocht shóisialta’ gníomhaíocht atá sóisialta ó thaobh a cuspóra mar aon lena acmhainní de araon agus go háirithe gníomhaíocht a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua maidir le táirgí, seirbhísí, cleachtais agus samhlacha a riarann ar riachtanais shóisialta agus, san am céanna, a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta idir eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó eagraíochtaí príobháideacha agus, dá bharr sin, a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/1057. Is minic gurb é an geilleagar sóisialta is cúis leis an nuálaíocht shóisialta.

ROCHTAIN AR MHARGADH AN tSAOTHAIR AGUS AR CHUIMSIÚ SÓISIALTA TRÍD AN nGEILLEAGAR SÓISIALTA A CHOTHÚ

Rochtain ar mhargadh an tsaothair

5.

Moltar do na Ballstáit aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do bhreisluach sonrach an gheilleagair shóisialta trí rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú agus poist ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, agus feabhas a chur freisin ar dhálaí córa oibre, sábháilteacht agus sláinte ag an obair, comhionannas agus neamh-idirdhealú. Ba cheart é sin a dhéanamh faoi chuimsiú fás cuimsitheach, mar a chuirtear i dtábhacht i dTreoirlínte 2022 le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, agus i gcomhréir lena n-imthosca náisiúnta, go háirithe trí:

(a)

tionscnaimh chomhpháirtíochta a bhunú nó a spreagadh lena dtugtar rannpháirt d’eintitis an gheilleagair shóisialta i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas gníomhach maidir leis an margadh saothair;

(b)

a áirithiú go soláthraíonn údaráis phoiblí tacaíocht leordhóthanach d’eintitis an gheilleagair shóisialta ionas gur fearr a lánpháirtítear i margadh an tsaothair mná, mar aon le daoine faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht (mar shampla daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine le droch-mheabhairshláinte, daoine neamhghníomhacha, oibrithe ar bheagán oiliúna, daoine faoi mhíchumais, daoine a bhfuil cúlra imirceach, cine mionlaigh nó eitneach acu (lena n-áirítear na Romaigh), oibrithe óga agus scothaosta), trí bhíthin an mhéid a leanas:

(i)

aitheantas a thabhairt do thaithí oibre a fuarthas in eintitis an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear fiontair shóisialta maidir le lánpháirtiú oibre, a chuireann fostaíocht agus tacaíocht shaincheaptha ar fáil do ghrúpaí den sórt sin;

(ii).

gníomhaíocht chun cuidiú leis na grúpaí daoine sin ullmhú d’fhostaíocht trí thaithí oibre i bhfiontair shóisialta le haghaidh a lánpháirtithe sa mhargadh saothair oscailte.

(c)

tacú le tionscadail chomhoibríocha idir seirbhísí poiblí, údaráis áitiúla, eintitis an gheilleagair shóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus gnólachtaí príomhshrutha chun deiseanna oiriúnaithe gairmthreorach agus foghlama agus oiliúna a sholáthar do NEETanna. Is féidir a áireamh leis na deiseanna sin printíseachtaí, tumchláir ghairmiúla, cóitseáil phearsanta agus cruinnithe le heiseamláirí, agus is é is aidhm dóibh lánpháirtiú sa mhargadh saothair a éascú, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Threisithe don Aos Óg;

(d)

fiontraíocht a chur chun cinn sa gheilleagar sóisialta, lena n-áirítear trí ghnólachtaí nuathionscanta, mar bhealach chun féinfhostaíocht agus cineálacha fostaíochta eile a chothú, gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt go háitiúil agus chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha trí shamhlacha gnó nuálacha agus chuimsitheacha; chun é sin a bhaint amach féadann Ballstáit, mar shampla:

(i)

a áirithiú go bhfuil rochtain ar chosaint shóisialta ag fiontraithe sa gheilleagar sóisialta;

(ii)

machnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí a thabhairt isteach chun fostaithe nua a fhostú;

(iii)

na míbhuntáistí riaracháin nó na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann agus gnó sóisialta á thionscnamh a shainaithint, a mheas agus aghaidh a thabhairt orthu;

(iv)

cultúr nuathionscanta, forbairt scileanna do ghnólachtaí nuathionscanta agus bunú creatdálaí atá fabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn laistigh den gheilleagar sóisialta, chomh maith le samhlacha an gheilleagair shóisialta a bheith mar uirlis ábhartha i mbeartais nuathionscanta;

(e)

beartais a cheapadh agus bearta a ghlacadh lena gcuirtear comhionannas inscne sa gheilleagar sóisialta chun cinn agus lena bpríomhshruthaítear é, mar shampla trí:

(i)

agóid a dhéanamh in aghaidh noirm shóisialta agus steiréitíopaí idirdhealaitheacha maidir le scileanna ban agus fear, agus tearcluacháil ar obair na mban;

(ii)

tacaíocht shaincheaptha a sholáthar chun mná a chumhachtú trí bhearnaí idir na hinscní i bhfostaíocht a laghdú trí chomhcheannaireacht a áirithiú, chomh maith le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach;

(iii)

rochtain ar chláir chóitseála agus mheantóireachta a sholáthar do mhná atá ag iarraidh a bheith ina bhfiontraithe sóisialta agus ina gceannairí sa gheilleagar sóisialta.

(f)

creat cumasúcháin a áirithiú le haghaidh aistrithe gnó chuig fostaithe chun comharchumainn oibrithe agus foirmeacha dlíthiúla ábhartha eile an gheilleagair shóisialta a chruthú, chun caillteanais post a sheachaint agus chun gníomhaíocht eacnamaíoch a chosaint, agus seirbhísí tionlacain agus faisnéis á gcur ar fáil ag an am céanna faoi na costais agus na sochair dhóchúla a bhaineann le haistrithe gnó chuig fostaithe;

(g)

comhoibriú le heintitis an gheilleagair shóisialta chun níos mó daoine a chumasú fostaíocht a fháil i margadh an tsaothair, trí theicneolaíochtaí cúnta a fhorbairt, mar shampla;

(h)

idirphlé sóisialta sa gheilleagar sóisialta a chur chun cinn chun dálaí córa oibre a áirithiú, lena n-áirítear pá cóir, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.

(i)

na cleachtais dhaonlathacha shonracha a fhorbraítear in eintitis an gheilleagair shóisialta a aithint.

Cuimsiú sóisialta

6.

Agus na comhthéacsanna náisiúnta difriúla á gcur san áireamh, moltar do na Ballstáit aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do ról an gheilleagair shóisialta maidir le seirbhísí cúraim agus sóisialta ardcháilíochta agus inrochtana agus tithíocht a sholáthar, agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste á gcur san áireamh freisin, i ndlúthchomhar le seirbhísí sóisialta atá ar fáil go poiblí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla:

(a)

comhoibriú a dhéanamh le heintitis an gheilleagair shóisialta faoi chuimsiú a réimsí gníomhaíochta faoi seach nuair a bhíonn seirbhísí leasa ghinearálta á mbunú agus á soláthar;

(b)

rannpháirt a thabhairt d’eintitis an gheilleagair shóisialta i ndearadh agus soláthar seirbhísí sóisialta agus cúraim duinelárnacha, lena n-áirítear do dhaoine scothaosta, mar a chuireann an straitéis Eorpach um chúram i dtábhacht;

(c)

ag obair le chéile le heintitis an gheilleagair shóisialta chun cúram agus tacaíocht do leanaí agus daoine óga a dhearadh agus a sholáthar, lena n-áirítear leanaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí arna bhunú le Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (31) agus straitéis an Aontais um chearta an linbh (32).

Scileanna

7.

Moltar do na Ballstáit tacú le forbairt oiliúna agus scileanna le haghaidh an gheilleagair shóisialta, go háirithe tríd an méid a leanas:

(a)

tarraingt ar fhaisnéis scileanna atá ann cheana lena rianaítear riachtanais an gheilleagair agus an mhargaidh saothair príomhshrutha chun a thuiscint conas is féidir leis an ngeilleagar sóisialta cur le soláthar lucht saothair oilte agus ganntanais saothair a mhaolú;

(b)

oideachas, oiliúint agus scileanna sa gheilleagar sóisialta a éascú trí:

(i)

malartuithe foghlama idir eintitis an gheilleagair shóisialta, eagraíochtaí oiliúna agus gnólachtaí príomhshrutha a reáchtáil, arb é is aidhm dóibh scileanna bainistíochta, fiontraíochta, agus postbhainteacha a theastaíonn le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais (lena n-áirítear scileanna ciorclacha, deisiúcháin agus digiteacha);

(ii)

foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil a athsciliú agus a uas-sciliú, lena n-áirítear mná agus grúpaí daoine faoi mhíbhuntáiste, agus cuidiú leo san aistriú chuig an margadh saothair oscailte, i gcomhréir leis an gcur chuige Eorpach maidir le micridhintiúir le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheachta agus bearta eile i gcomhréir le sainghnéithe náisiúnta;

(iii)

oiliúint maidir leis an ngeilleagar sóisialta, nó a sholáthraítear leis, a chur san áireamh sa liosta oiliúna atá incháilithe lena chumhdach sna cuntais foghlama aonair (33) agus dreasachtaí eile atá ann ar an leibhéal náisiúnta;

(iv)

deiseanna oiliúna a mholadh d’oibrithe chun go mbeidh siad in ann dul i mbun gairme sa gheilleagar sóisialta, mar shampla, trí chláir shaincheaptha chomhairleacha agus oiliúna bunaithe ar phrionsabail an oideachais don fhorbairt inbhuanaithe;

(c)

scéimeanna printíseachta sonracha i ngeilleagar sóisialta a chruthú a thacaíonn le daoine óga, NEETanna go háirithe, chun iad a uas-sciliú agus a ullmhú don mhargadh saothair agus chun cur ar chumas an gheilleagair shóisialta daoine tréitheacha a fhorbairt san earnáil, i gcomhréir leis an gCreat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha;

(d)

cuimsiú scileanna an gheilleagair shóisialta agus na fiontraíochta sóisialta san oideachas agus san oiliúint ar leibhéil uile an oideachais a chothú, i gcúrsaí fiontraíochta agus gnó go háirithe, mar shampla eintitis an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn faoi stiúir mac léinn, lena n-áirítear comharchumainn mac léinn mar dheis foghlama, chomh maith le rochtain a sholáthar ar chláir chóitseála agus mheantóireachta d’eintitis an gheilleagair shóisialta agus d’fhiontraithe sóisialta;

(e)

lárionaid inniúlachta náisiúnta a chruthú le haghaidh oiliúint ar an ngeilleagar sóisialta agus páirt a ghlacadh i dtionscnaimh thrasnáisiúnta lena n-éascaítear rochtain ar chláir oideachais agus oiliúna speisialaithe le haghaidh an gheilleagair shóisialta, trí chomhar le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar shampla, a oibríonn faoi chuimsiú comhlachtaí bunaithe, mar shampla na hIonaid Barr Feabhais Gairme dá dtagraítear i Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneachta (34).

Nuálaíocht shóisialta agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe

8.

An ról tacaíochta atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta maidir le nuálaíocht shóisialta agus príomhearnálacha forbartha áitiúla agus fostaíochta a chur chun cinn, moltar do na Ballstáit an ról sin a neartú. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

éiceachóras fabhrach le haghaidh nuálaíocht shóisialta agus áitbhunaithe a chur chun cinn trí chomhar agus tionscnaimh chomhpháirtíochta a éascú idir eintitis shóisialta agus eintitis an gheilleagair chiorclaigh, gnólachtaí príomhshrutha, soláthraithe airgeadais, rialtais áitiúla agus páirtithe leasmhara eile. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, tríd an méid a leanas a dhéanamh:

(i)

moil nuálaíochta sóisialta nó braislí nuálaíochta sóisialta agus éiceolaíochta a chruthú nó a chothú atá ceaptha chun freastal ar riachtanais áitiúla agus chun réitigh chomhpháirteacha a thástáil;

(ii)

rannpháirt a thabhairt d’eintitis an gheilleagair shóisialta i bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ar fáil;

(iii)

teagmháil a dhéanamh le lárionaid inniúlachta náisiúnta agus réigiúnacha don nuálaíocht shóisialta chun líonraí a thógáil, acmhainneachtaí agus sineirgí a threisiú, éifeachtúlachtaí a chur i dtábhacht agus uirlisí agus modhanna riachtanacha a fhorbairt chun nuálaíocht shóisialta a spreagadh.

(b)

a áirithiú go bhfuil an beartas maidir leis an ngeilleagar sóisialta nasctha le beartas tionsclaíoch agus leis an aistriú chuig geilleagar digiteach, aeráidneodrach agus ciorclach, mar shampla trí lárionaid nuálaíochta teicneolaíochta agus shóisialta a líonrú, agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn mar mhodh chun cothroime na n-aistrithe agus glacadh an phobail leo a neartú, ós rud é go bhfuil sé dírithe ar chuspóirí sochaíocha, agus go bhfuil an geilleagar sóisialta fréamhaithe sna pobail áitiúla;

(c)

creataí rialála a oiriúnú chun tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta sa gheilleagar ciorclach, mar shampla a áirithiú go bhfuil na dreasachtaí cearta i bhfeidhm do ghnólachtaí chun earraí nár díoladh agus earraí a tugadh ar ais a dheonú d’eintitis an gheilleagair shóisialta lena ndeisiú agus lena n-athúsáid in ionad na n-earraí a scriosadh agus do dhaoine aonair maidir le hearraí athláimhe a dheonú, a áirithiú go mbeidh rochtain ag eintitis an gheilleagair shóisialta ar an sruth dramhaíola, rannpháirt a thabhairt dóibh i straitéisí coiscthe dramhaíola, agus bainc bhia a údarú chun barrachas bia a bhailiú nó iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh;

(d)

forbairt áitiúil agus comhtháthú críochach a chothú trí thionscnaimh agus éiceachórais phobalbhunaithe an gheilleagair shóisialta, mar shampla, pobail fuinnimh, réitigh shoghluaisteachta chomhroinnte, comharchumainn ardán digiteach, soláthar cúraim, tithíocht inacmhainne agus phobail, comharchumainn talmhaíochta agus slabhraí agus margaí bia gearra áitiúla, chun go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar tháirgí agus ar sheirbhísí áitiúla;

(e)

borradh a chur faoi rochtain eintitis an gheilleagair shóisialta ar uirlisí digiteacha agus ar theicneolaíochtaí nua mar shampla teicneolaíocht foinse oscailte, bhlocshlabhra agus mórleabhar dáilte, mórshonraí nó an intleacht shaorga, agus údaráis phoiblí a spreagadh chun tacú le forbairt bogearraí foinse oscailte i gcomhar leis an ngeilleagar sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile;

(f)

cuimsiú eintiteas an gheilleagair shóisialta san fhorbairt áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn trína gcomhtháthú sna héiceachórais tacaíochta gnó agus nuálaíochta atá ann cheana.

CREATAÍ CUMASÚCHÁIN A FHORBAIRT DON GHEILLEAGAR SÓISIALTA

9.

Moltar do na Ballstáit creataí beartais agus rialála a fhorbairt lena gcumasófar an geilleagar sóisialta agus lena dtacófar leis. Chuige sin, spreagtar iad chun straitéisí cuimsitheacha a dhearadh agus a rolladh amach lena n-aithnítear agus lena spreagtar an geilleagar sóisialta, nó lena ndéantar straitéisí atá ann cheana féin nó tionscnaimh bheartais eile a oiriúnú, i gcomhréir leis an Moladh seo, le plean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar sóisialta agus le treoraíocht bheartais eile an Aontais.

10.

Moltar do na Ballstáit sásraí comhairliúcháin agus idirphlé a chur i bhfeidhm idir na húdaráis phoiblí agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an ngeilleagar sóisialta. D’fhéadfadh bunú grúpaí ardleibhéil a bheith i gceist leis sin agus tacú le teacht chun cinn agus forbairt líonraí ionadaíocha an gheilleagair shóisialta.

11.

Sna straitéisí nó sna tionscnaimh bheartais eile dá dtagraítear i bpointe 9, ba cheart do na Ballstáit croíphrionsabail, príomhghnéithe, agus raon feidhme an gheilleagair shóisialta a aithint, agus ba cheart dóibh a aithint gur féidir leo raon foirmeacha agus stádais dhlíthiúla éagsúla a ghlacadh agus go mbaineann siad go sonrach le dlíthe agus cleachtais éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit an comhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú ó thaobh fhorbairt an gheilleagair shóisialta de.

12.

Moltar do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i dtuiscint a n-oifigeach poiblí agus a n-údarás ar an ngeilleagar sóisialta trí chláir oiliúna agus tionscnaimh forbartha acmhainní trasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha, lena n-áirítear tionscnaimh faoin gclár Interreg Europe a leagtar amach le Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35). Ba cheart do na tionscnaimh díriú ar an bpiarfhoghlaim agus ar dhea-chleachtais a chomhroinnt, agus béim ar leith á leagan ar chomhar a chothú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le páirtithe leasmhara sa gheilleagar sóisialta. Tacóidh an Coimisiún leis an obair sin mar a thuairiscítear faoi phointe 23(a)(iii) den Mholadh seo.

13.

Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, áit an gheilleagair shóisialta a threisiú ina mbeartais comhair idirnáisiúnta agus forbartha, agus a dtacaíocht d’eintitis an gheilleagair shóisialta i dtíortha i mbéal forbartha a neartú.

Rochtain ar chistiú poiblí agus príobháideach

14.

Moltar do na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin a chruthú don mhaoiniú sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, go háirithe trí:

(a)

na struchtúir mhaoinithe d’eintitis an gheilleagair shóisialta, d’idirghabhálaithe airgeadais agus d’eagraíochtaí tacaíochta a mhapáil, agus measúnú a dhéanamh ar a riachtanais agus ar éifeachtacht na scéimeanna tacaíochta atá ann cheana;

(b)

éascú a dhéanamh ar rochtain eintitis an gheilleagair shóisialta ar mhaoiniú ag an gcéim cheart dá bhforbairt atá curtha in oiriúint dá riachtanais, lena n-áirítear deontais agus fóirdheontais eile, maoiniú cothromais nó cuasachothromais le haghaidh na gcéimeanna síl agus nuathionscanta, nó maoiniú fiachais, cothromais, cuasachothromais, nó maoiniú forbraíochta le linn chéim an mhéadaithe, agus scéimeanna nuálacha maoiniúcháin, mar shampla comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, ardáin sluachistiúcháin agus teaglamaí de chineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais nó deontas agus ionstraimí airgeadais;

(c)

rochtain infheisteoirí miondíola ar shamhlacha gnó inbhuanaithe, ar earnálacha, ar tháirgí agus ar sheirbhísí atá á dtiomáint nó á dtacú ag an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn;

(d)

meastóireacht a dhéanamh ar na critéir maidir le rochtain a fháil ar chláir chistiúcháin phoiblí, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ghnólachtaí príomhshrutha, chun bacainní míchuí d’eintitis an gheilleagair shóisialta a sheachaint;

(e)

maoiniú príobháideach a shlógadh trí scéimeanna ráthaíochta poiblí a chur ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inar gá, chun maoinitheoirí speisialaithe agus príomhshrutha a spreagadh chun eintitis an gheilleagair shóisialta a mhaoiniú;

(f)

feasacht a mhúscailt maidir le saintréithe agus riachtanais shonracha eintitis an gheilleagair shóisialta chun feabhas a chur ar acmhainneacht cisteoirí príobháideacha príomhshrutha tacaíocht airgeadais shaincheaptha a thairiscint;

(g)

rochtain ar fhorbairt gnó agus tacaíocht ullmhachta infheistíochta a éascú d’eintitis an gheilleagair shóisialta ar feadh a saolré, mar shampla trí scéimeanna tacaíochta múscailte feasachta le haghaidh gorlanna gnólachtaí príomhshrutha, luasairí agus eagraíochtaí tacaíochta eile chun a dtacaíocht a leathnú chuig eintitis an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear deiseanna fothaithe acmhainneachta do bhainisteoirí eintitis an gheilleagair shóisialta;

(h)

tacaíocht thiomnaithe airgeadais agus fothú acmhainneachta a thairiscint chun aistrithe gnó chuig oibrithe a éascú trí chomharchumainn agus trí fhoirmeacha ábhartha eile den gheilleagar sóisialta, agus ag an am céanna seirbhísí tionlacain agus faisnéis a chur ar fáil d’oibrithe maidir leis na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo;

(i)

scéimeanna a thairiscint lena méadaítear infhaighteacht airgeadais d’eintitis an gheilleagair shóisialta, mar shampla rogha a thabhairt do choigilteoirí aonair, nó d’fhostaithe a ghlacann páirt i bpleananna scoir nó coigiltis arna gcistiú ag an bhfostóir, agus an rogha a bheith ann plean a roghnú lena n-infheistítear sciar i bhfiontar sóisialta;

(j)

an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú atá ar fáil faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus faoi urrann Ballstáit an chláir InvestEU, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi chláir chomhchosúla agus acmhainní náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile, trí bhearta agus tionscnaimh a reáchtáil arna gceapadh go sonrach le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta;

(k)

na seirbhísí comhairleacha fi-compass maidir le hionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht chomhpháirteach an Aontais a úsáid chun ionstraimí airgeadais in-aisíoctha a fhorbairt faoi Chistí an Bheartais Comhtháthaithe.

Rochtain ar mhargaí agus ar sholáthar poiblí

15.

Moltar do na Ballstáit a n-údaráis chonarthacha a spreagadh le hearraí agus seirbhísí a cheannach go straitéiseach, tacú le cuspóirí sóisialta agus nuálaíocht shóisialta, agus tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. Chuige sin, moltar dóibh lánúsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil faoi rialacha soláthair phoiblí an Aontais, lena n-áirítear na huirlisí sin chun seirbhísí áirithe a eagrú, ar a dtugtar seirbhísí pearsanta, trí chóras sonrach, arna spreagadh ag prionsabal na dlúthpháirtíochta. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla uirlisí beartais a bheith i gceist agus réitigh nuálacha atá freagrach go sóisialta á gcothú sa soláthar poiblí, lena n-áirítear:

(a)

treoraíocht bheartais agus straitéisí soláthair a ghlacadh, lena n-áirítear spriocanna oifigiúla féideartha, le tacaíocht ón gceannaireacht agus le gealltanas ón leibhéal polaitiúil go dtí leibhéal na bpríomhchinnteoirí agus na mbainisteoirí buiséid;

(b)

treoir a chur ar fáil ar an leibhéal/na leibhéil riaracháin iomchuí chun rochtain ar sholáthar poiblí ag eintitis an gheilleagair shóisialta a éascú;

(c)

feasacht a mhúscailt maidir leis an mbreisluach a bhaineann le soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta i measc údarás conarthach agus fiontar conarthach agus saineolas a chur ar fáil d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis an gheilleagair shóisialta;

(d)

údaráis chonarthacha a spreagadh chun tagairt a dhéanamh i ndoiciméid tairisceana d’oibleagáidí sonracha faoin dlí sóisialta agus saothair agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna, mar aon le critéir shóisialta agus chomhshaoil, a bhfuil feidhm acu maidir leis an soláthar (36), a iarraidh ar thairgeoirí comhlíonadh a dhearbhú agus bearta faireacháin a chur ar bun;

(e)

idirphlé struchtúrtha, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a spreagadh leis an ngeilleagar sóisialta agus le páirtithe leasmhara eile chun straitéis soláthair phoiblí atá freagrach go sóisialta a cheapadh.

16.

Moltar do na Ballstáit freisin a mholadh dá n-údaráis chonarthacha úsáid níos fearr a bhaint as na forálacha solúbtha faoi chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana chun cuidiú le heintitis an gheilleagair shóisialta rochtain a fháil ar an margadh tríd an méid seo a leanas, mar shampla:

(a)

idirphlé margaidh a chothú, go háirithe trí réamhchomhairliúcháin mhargaidh thrédhearcacha agus chuimsitheacha a dhéanamh le raon spriocdhírithe de sholáthróirí féideartha;

(b)

conarthaí a fhorchoimeád le haghaidh fiontair shóisialta lánpháirtíochta oibre nó le haghaidh oibreoirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas nó oibrithe faoi mhíbhuntáiste arb ionann é sin agus 30 % ar a laghad dá lucht saothair i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), Airteagail 20 agus 77 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Airteagail 38 agus 94 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(c)

critéir roghnúcháin chomhréireacha agus chuimsitheacha a leagan síos chun cur ar chumas gnólachtaí sóisialta beaga agus nuálacha tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí;

(d)

imeacht ó loighic an phraghais is ísle trí chritéir dhámhachtana shóisialta a úsáid i gcomhréir le ‘riail na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch’ agus clásail chonartha shóisialta, agus ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla a shocrú ag céimeanna éagsúla de nósanna imeachta soláthair, lena n-áirítear i sonraíochtaí teicniúla;

(e)

conarthaí a roinnt ina mbaisceanna, i gcomhréir le hAirteagal 46 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 65 de Threoir 2014/25/AE, agus mar aon leis sin, d’fhonn comhar a éascú idir gnólachtaí príomhshrutha agus eintitis an gheilleagair shóisialta, agus trí úsáid a bhaint as córais shimplithe, go háirithe le haghaidh seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile chun an próiseas a dhéanamh níos inrochtana d’eintitis an gheilleagair shóisialta;

(f)

lipéid shonracha sna sonraíochtaí teicniúla a cheangal, sna critéir dhámhachtana nó sna coinníollacha feidhmíochta conartha, tráth a bhfuil sé beartaithe acu oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a cheannach a bhfuil saintréithe sonracha sóisialta nó comhshaoil acu, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 61 de Threoir 2014/25/AE.

17.

Chun cuidiú le heintitis an gheilleagair shóisialta a raon feidhme a leathnú, moltar do na Ballstáit comhar a chothú idir eintitis an gheilleagair shóisialta agus gnólachtaí príomhshrutha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feasacht a mhúscailt maidir le breisluach sóisialta trí dhea-chleachtais a chur chun cinn lena spreagtar gnólachtaí príomhshrutha chun rannpháirt a thabhairt d’fhiontair shóisialta ina slabhraí soláthair agus luacha fadtéarmacha agus do thomhaltóirí chun earraí nó seirbhísí arna dtáirgeadh ag eintitis an gheilleagair shóisialta a cheannach, ar a dtugtar an ghluaiseacht ‘ceannach shóisialta’ freisin;

(b)

dlús a chur le soláthar seirbhísí meantóireachta, meaitseála agus éascaithe chun cuidiú le heintitis an gheilleagair shóisialta comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a fhorbairt leis an bpobal gnó i gcoitinne;

(c)

fostaithe lánpháirtithe oibre fiontar sóisialta a chur chun cinn agus tacú leo agus iad ag obair le gnólachtaí príomhshrutha chun taithí a fháil ar an margadh saothair oscailte;

(d)

cuidiú le heintitis agus fiontraithe an gheilleagair shóisialta an leas is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun rochtain a fháil ar mhargaí príobháideacha trí ardáin ar líne, spásanna comhoibríocha agus an choimíneacht dhigiteach atá dírithe ar an ngeilleagar sóisialta.

Státchabhair

18.

Nuair is Státchabhair é beart tacaíochta don gheilleagar sóisialta agus urraim á tabhairt do na rialacha is infheidhme, moltar do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an deis raon feidhme na rialacha maidir le Státchabhair tacú leis an ngeilleagar sóisialta, deis dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, faoi na rialacha maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, agus faoin riail de minimis tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a úsáid, go háirithe:

(i)

féachaint le cabhair infheistíochta a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar shampla chun sócmhainní a cheannach sa bhonneagar sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus úsáid na cabhrach infheistíochta réigiúnaí a spreagadh i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

(ii)

an úsáid is fearr a bhaint as na forálacha lena gceadaítear cabhair um maoiniú riosca do FBManna i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 21a de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 mar shampla trí chistí infheistíochta a bhunú ina mbeidh infheisteoirí príobháideacha rannpháirteach chun tacú go sonrach le fiontair shóisialta, lena n-áirítear trí fhéachaint ar dhreasachtaí cánach a dheonú d’infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar daoine nádúrtha iad a sholáthraíonn maoiniú riosca go díreach nó go hindíreach do na fiontair incháilithe;

(iii)

féachaint an bhféadfaí cabhair nuathionscanta a chur ar fáil lena gcuirtear ar chumas d’fhiontair bheaga neamhliostaithe ionstraimí cabhrach éagsúla a fháil mar shampla iasachtaí ar lacáiste, ráthaíochtaí le préimheanna boga, nó deontais i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(iv)

infheistiú i ndaoine trí scéimeanna cabhrach a ghlacadh chun oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste nó atá faoi mhíbhuntáiste mór a ath-lánpháirtiú sa mhargadh saothair i gcomhréir le hAirteagail 32 agus 35 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(v)

cuimsiú iomlán oibrithe faoi mhíchumas i ngach cineál gnólachta a éascú le tacaíocht ó fhóirdheontais shonracha, lena n-áirítear fóirdheontais phá, d’fhiontair i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(vi)

tacú le tógáil nó uasghrádú bonneagair áitiúil, a bhféadfadh bonneagar sóisialta áitiúil a bheith san áireamh ann, trí chabhair a dheonú chun an difríocht idir na costais infheistíochta agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(vii)

féachaint an bhféadfaí cabhair le haghaidh nuálaíocht i bpróisis agus nuálaíocht eagraíochtúil a chur ar fáil do gach cineál gnólachta, lena n-áirítear eintitis an gheilleagair shóisialta agus gnólachtaí nuathionscanta, chun teicneolaíocht a fhorbairt; chomh maith le cabhair do ghnóthais mhóra nuálacha chun comhoibriú le heintitis an gheilleagair shóisialta, más FBManna iad, i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(viii)

tacú le rath na n-aistrithe digiteacha agus glasa trí leas a bhaint as na féidearthachtaí atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagail 25 go 28 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(b)

i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féachaint cé na seirbhísí arna soláthar ag eintitis an gheilleagair shóisialta a d’fhéadfaí a shainiú agus a mhaoiniú mar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, mar shampla i réimse na hoibre maidir le lánpháirtiú daoine leochaileacha, i dtithíocht shóisialta nó i seirbhísí sláinte agus sóisialta mar shampla cúram leanaí, cúram do dhaoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas; d’fhéadfaí cúiteamh as seirbhísí a chomhlíonann riachtanais shóisialta, faoi choinníollacha áirithe, a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt, gan beann ar mhéid an chúitimh a fuarthas, faoi Chinneadh ón gCoimisiún 2012/21/AE (40);

(c)

úsáid a bhaint as an deis atá ar fáil chun méideanna trédhearcacha de chabhair de minimis a dheonú, agus é á chur san áireamh go bhfuil tairseach níos airde ag eintitis a gcuirtear seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de chúram orthu.

Cánachas

19.

Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, moltar do na Ballstáit bearta a bhreithniú chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

lena áirithiú nach gcuirfidh córais chánachais bac ar fhorbairt an gheilleagair shóisialta agus measúnú a dhéanamh an spreagann córais chánach an fhorbairt sin go leordhóthanach;

(b)

dreasachtaí cánach a dheonú don gheilleagar sóisialta, murar deonaíodh cheana féin iad, i gcomhréir leis na cuspóirí beartais shóisialta agus leis na cleachtais atá ann faoi láthair ar fud na mBallstát agus i gcomhréir le dlí an Aontais, lena bhféadfaí a áireamh:

(i)

díolúintí ó cháin chorparáide ar bhrabúis arna gcoinneáil ag eintitis an gheilleagair shóisialta;

(ii)

dreasachtaí cánach ioncaim i bhfoirm asbhaintí nó creidmheasanna cánach arna ndeonú do dheontóirí príobháideacha agus/nó institiúideacha nó scéim ainmniúcháin faoina bhféadfaidh cáiníocóirí an céatadán socraithe dá ndliteanas cánach ioncaim atá le leithdháileadh ar eintitis sochair phoiblí a léiriú dá n-údarás cánach;

(iii)

díolúintí cánach ar shochair dhífhostaíochta a fuarthas mar íocaíocht chnapshuime chun aistrithe gnó chuig comharchumainn oibrithe a éascú.

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar an ualach comhlíonta cánach d’eintitis an gheilleagair shóisialta agus é a laghdú i gcás inar féidir;

(d)

comhlíonadh a éascú ar leibhéal praiticiúil le haghaidh tabhartais trasteorann chun tairbhe an phobail chun críoch cánachais, mar shampla trí fhoirm chaighdeánaithe den eintiteas is faighteoir atá bunaithe i mBallstát eile a eisiúint maidir le méid an tabhartais, agus an faighteoir agus an deontóir araon a shainaithint;

(e)

a áirithiú nach n-úsáidtear eintitis an gheilleagair shóisialta le haghaidh imghabháil cánach, seachaint cánach, pleanáil ionsaitheach cánach nó chun críoch sciúrtha airgid, agus a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta riaracháin gaolmhara éifeachtach agus comhréireach ag an am céanna.

Tionchar sóisialta a thomhas agus a bhainistiú

20.

I gcomhréir le tionscnaimh an Choimisiúin dá dtagraítear i bpointe 23(a)(v), moltar do na Ballstáit, i gcomhair le heintitis an gheilleagair shóisialta agus eagraíochtaí ionadaíocha, tacú le glacadh cleachtas maidir le tomhas tionchair agus bainistiú tionchair, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

cleachtais agus modheolaíochtaí chun tionchar sóisialta a thomhas agus a bhainistiú a ionchorprú i gcreataí beartais náisiúnta agus i gcláir atá nasctha leis an ngeilleagar sóisialta;

(b)

tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil bunaithe ar dhea-chleachtais chun cuidiú le heintitis an gheilleagair shóisialta modheolaíochtaí simplí agus praiticiúla tomhaiste agus bainistithe tionchair a ghlacadh lena bhfeabhsófar a dtorthaí, lena léireofar a dtionchar sóisialta, agus lena n-éascófar rochtain ar mhaoiniú tioncharbhunaithe;

(c)

eintitis an gheilleagair shóisialta a spreagadh chun a dtionchar a thomhas trí acmhainneacht a fhorbairt trí chistiú cost-éifeachtach tiomnaithe agus úsáid a bhaint as cuid den airgead poiblí a fhaigheann siad (deontais nó conarthaí) chun a dtionchar sóisialta a thomhas.

Infheictheacht agus aitheantas

21.

Moltar do na Ballstáit feasacht a mhúscailt faoin ngeilleagar sóisialta agus faoin gcaoi a gcuireann sé le spriocanna sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

féachaint an bhféadfaí foirmeacha dlíthiúla sonracha, stádais dhlíthiúla, lipéid nó scéimeanna deimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú don gheilleagar sóisialta, bunaithe ar mheasúnuithe ar an mbreisluach a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus trí fhéachaint le haitheantas frithpháirteach deonach a thabhairt isteach do lipéid agus do dheimhnithe a úsáidtear i mBallstáit eile. Ba cheart breathnú sna measúnuithe sin ar a mhéid is féidir leo feabhas a chur ar an tuiscint ar an ngeilleagar sóisialta agus tacú lena forbairt trí rochtain a thabhairt ar bhuntáistí sonracha, mar shampla solúbthacht i nósanna imeachta sonracha tairisceana/soláthair. Tacóidh an Coimisiún leis an obair sin mar a thuairiscítear faoi phointe 23(a)(vi);

(b)

tacú le feachtais chumarsáide agus imeachtaí múscailte feasachta maidir leis an ngeilleagar sóisialta, lena n-áirítear do na glúine óga, i gcomhar leis na leibhéil ábhartha rialtais agus le hinstitiúidí eile (e.g. ollscoileanna);

(c)

treoirthionscnaimh agus dea-chleachtais rathúla a scaipeadh faoi stiúir eintitis an gheilleagair shóisialta, agus gníomhaíocht a chur chun cinn chun an dea-chleachtas sin a mhacasamhlú agus a mhéadú trí líonraí an gheilleagair shóisialta agus trí chumarsáid phoiblí.

22.

Moltar do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht an gheilleagair shóisialta trí thaighde a spreagadh agus staidreamh agus sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla a bhailiú ar bhealach cost-éifeachtach, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

an leas is fearr a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil ón gCoimisiún chun (i) a gcórais chuntasaíochta náisiúnta a leathnú chun sonraí forlíontacha agus inchomparáide (cuntais satailíte) a bhailiú; agus (ii) príomhshuirbhéanna teaghlaigh a oiriúnú (mar shampla an Suirbhé ar an bhFórsa Saothair agus na suirbhéanna a chuireann le EU-SILC) chun faisnéis a bhailiú maidir le rannpháirtíocht sa gheilleagar sóisialta, lena n-áirítear sonraí imdhealaithe maidir le gnéas agus aois (agus, i gcás inarb indéanta, miondealuithe eile) d’fhonn tuiscint a fháil ar thionchar an gheilleagair shóisialta ar chruthú fostaíochta;

(b)

comhar a spreagadh maidir le staidreamh a fhorbairt idir údaráis phoiblí, eagraíochtaí taighde agus an geilleagair sóisialta, agus raon na bhfoinsí faisnéise, mar shampla cláir, sonraí riaracháin, suirbhéanna agus daonáirimh, á leathnú chun sonraí cruinne a bhailiú;

(c)

tacú le taighde acadúil agus neamhspleách ar ábhair faoin ngeilleagar sóisialta, lena n-áirítear trí chomhoibriú idir an saol acadúil, údaráis phoiblí agus an geilleagar sóisialta.

TACAÍOCHT ÓN AONTAS

23.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tacú le cur chun feidhme an Mholta seo trí oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun creataí beartais agus rialála cumasúcháin a fhorbairt don gheilleagar sóisialta. Áirítear an méid seo a leanas go háirithe leis sin:

(a)

na tionscnaimh a fógraíodh sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta a chur i gcrích, lena n-áirítear:

(i)

Tairseach an Aontais don Gheilleagar Sóisialta a sheoladh agus a choinneáil ar bun, ar pointe iontrála soiléir é sin do pháirtithe leasmhara an gheilleagair shóisialta chun faisnéis a fháil maidir le cistiú, beartais, líonraí/ardáin agus tionscnaimh an Aontais, lena n-áirítear fothú acmhainneachta;

(ii)

anailís a fhoilsiú maidir leis na creataí cánachais atá ann cheana don gheilleagar sóisialta sna Ballstáit, maidir leis an gcóir chánach a chuirtear ar thabhartais trasteorann chun sochair phoiblí agus maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe;

(iii)

deiseanna piarfhoghlama a éascú d’oifigigh phoiblí ar ábhair a bhaineann leis an ngeilleagar sóisialta trí sheimineáir ghréasáin agus ceardlanna a eagrú. D’fhéadfaí na himeachtaí sin a bhunú ar chleachtaí mapála agus ar bhailiú agus ar mhalartú dea-chleachtais i raon réimsí beartais atá ábhartha don gheilleagar sóisialta, rud a chuirfeadh ar chumas rannpháirtithe eolas a roinnt agus straitéisí rathúla nó tionscnaimh bheartais ábhartha a shainaithint. D’fhéadfadh na himeachtaí sin a bheith ina ndeis freisin le haghaidh malartú tráthrialta dea-chleachtas agus piarfhoghlama idir comhordaitheoirí an gheilleagair shóisialta ó na Ballstáit;

(iv)

fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil ar bhealach spriocdhírithe a bhailiú maidir le hoibriú agus struchtúr earnáil an gheilleagair shóisialta sna Ballstáit, lena n-áirítear trí thacú le taighde faoin gclár oibre Fís Eorpach le haghaidh 2023-2024 (41);

(v)

tacú le tomhas agus bainistiú na dtionchar sóisialta a fhorbairt trí chleachtais atá ann cheana a mhapáil agus a athbhreithniú, lena n-áirítear conas a chomhlíonann siad riachtanais agus acmhainneachtaí eintiteas an gheilleagair shóisialta, chun feabhas a chur ar an tuiscint agus chun a nglacadh a éascú (42). Déanfar an obair sin i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara agus beidh sé d’aidhm léi modheolaíochtaí caighdeánacha simplí a fhorbairt d’eintitis an gheilleagair shóisialta chun a dtionchar sóisialta a mheasúnú agus a léiriú;

(vi)

staidéar a sheoladh ar lipéid agus scéimeanna deimhniúcháin náisiúnta don gheilleagar sóisialta ina ndéanfar tionscnaimh atá ann faoi láthair a mhapáil, dea-chleachtais, gnéithe agus critéir chomhchoiteanna a shainaithint, agus cur chuige comhchoiteann agus treoraíocht choiteann a sholáthar do na Ballstáit, d’fhonn aitheantas frithpháirteach deonach a bhaint amach;

(vii)

tacaíocht theicniúil a thairiscint do na Ballstáit le haghaidh athchóirithe arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin ngeilleagar sóisialta ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltíre araon;

(viii)

borradh a chur faoin gcomhar trasnáisiúnta sa nuálaíocht shóisialta tríd an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí maidir le Nuálaíocht Shóisialta, trí Iomaíocht Nuálaíochta Sóisialta na hEorpa agus tríd an líonra a bheidh ann amach anseo d’fhiontraithe sóisialta agus de nuálaithe a gheobhaidh tacaíocht faoi chlár an mhargaidh aonair;

(ix)

tacú le comhchur chun feidhme Conaire Aistrithe den éiceachóras tionsclaíoch ‘Gaireacht agus an Geilleagar Sóisialta’ (43) trí ghealltanais na bpáirtithe leasmhara a bhailiú agus trí chomhar a éascú maidir leis an aistriú glas agus digiteach idir páirtithe leasmhara an éiceachórais sin;

(x)

leanúint de rochtain ar chistiú a fheabhsú d’fhiontair shóisialta agus d’eintitis eile an gheilleagair shóisialta, mar shampla trí na táirgí airgeadais faoin gclár InvestEU;

(xi)

úsáid a bhaint as cleachtais soláthair atá freagrach go sóisialta i nósanna imeachta an Choimisiúin;

(xii)

an tAcadamh Beartais Fiontraíochta don Aos Óg a reáchtáil, lena gcothaítear fiontraíocht san aos óg, lena n-áirítear d’fhiontraithe baineanna agus sóisialta, trína bheith ag obair le lucht ceaptha beartas náisiúnta agus le líonraí fiontraíochta i measc na n-óg;

(xiii)

staidéar a dhéanamh ina bhfiosraítear an bhfuil údar ann, leis an bhfianaise atá ar fáil, chun na rialacha maidir le cabhair do rochtain fiontar sóisialta ar mhaoiniú a éascú agus maidir le cabhair chun oibrithe atá faoi mhíbhuntáiste nó atá faoi mhíbhuntáiste mór a fhostú, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(xiv)

cur chun feidhme an phlean a bhreithniú.

(b)

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo;

(c)

bunaithe ar thuarascálacha na mBallstát dá dtagraítear i bpointe 27, tuarascáil a ullmhú maidir leis an meastóireacht ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an Moladh seo, i ndlúthchomhar leis na sainghrúpaí ábhartha de chuid an Choimisiúin maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus maidir le fiontair shóisialta, a bheidh le cur faoi bhráid an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta lena plé.

CUR CHUN FEIDHME, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

24.

Moltar do na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar imthosca náisiúnta, a straitéisí don gheilleagar sóisialta a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, nó an geilleagar sóisialta a chomhtháthú i straitéisí ábhartha nó i dtionscnaimh bheartais eile, laistigh de 24 mhí ón dáta a ghlacfar an Moladh seo.

25.

I gcomhréir le cuspóirí an Mholta seo, moltar do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, a socruithe riaracháin agus institiúideacha a athbhreithniú agus a fheabhsú ar leibhéal rialachais uile, mar shampla trí fhéachaint leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

‘ionad ilfhreastail’ a chruthú chun tacaíocht chuíchóirithe áisiúil a sholáthar d’eintitis an gheilleagair shóisialta i réimsí lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú agus tacaíocht eile;

(b)

pointí teagmhála náisiúnta, áitiúla nó réigiúnacha don gheilleagar sóisialta a bhunú a fheidhmeoidh mar ambasadóirí an gheilleagair shóisialta agus a chuirfidh an earnáil chun cinn, a chuirfidh tacaíocht idir piaraí ar fáil, a éascóidh rochtain ar chistiú an Aontais agus ar chistiú náisiúnta, agus a dhéanfaidh idirchaidreamh le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha a bhainistíonn cistí an Aontais;

(c)

comhordaitheoirí an gheilleagair shóisialta a ainmniú in institiúidí poiblí náisiúnta. Ba cheart sainordú soiléir agus freagrachtaí soiléire agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag na comhordaitheoirí sin chun comhordú agus faireachán éifeachtach ar an Moladh sin a chumasú agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i gceapadh beartas ar fud ranna rialtais agus le hinstitiúidí an Aontais.

26.

Moltar do na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar na céimeanna a tugadh chun na cuspóirí a leagadh amach sa Mholadh seo a bhaint amach, lena n-áirítear trí idirphlé tráthrialta le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le heintitis an gheilleagair shóisialta nó le heagraíochtaí ionadaíocha chun bonn eolais, comhairle agus treoir a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le meastóireacht, faireachán agus cur chun feidhme a straitéisí eacnamaíocha sóisialta nó tionscnaimh bheartais ábhartha eile a bhaineann leis an ngeilleagar sóisialta.

27.

Moltar do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta acu i ndáil leis an Moladh sin a chur chun feidhme tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis a ghlactha agus arís 5 bliana ina dhiaidh sin. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart don tuairisciú an úsáid is fearr a bhaint as na huirlisí atá ann cheana agus imthoscaí náisiúnta a chur san áireamh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Tuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2023 maidir le ‘Timpeallacht chumasúcháin a chruthú don gheilleagar sóisialta – ón taobh áitiúil agus réigiúnach’ (CDR 5492/2022).

(2)   IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, (COM/2021/102 final).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 304, 24.11.2022, lch. 67).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘ Geilleagar a thógáil ar geilleagar é a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta ’ (COM(2021) 778 final).

(6)  féach doic. ST 15071/15.

(7)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 maidir le plean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar sóisialta (2021/2179(INI)).

(8)   IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).

(9)   IO C 372, 4.11.2020, lch. 1.

(10)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 10.

(11)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(12)  Sampla amháin is ea tacaíocht na Beilge a soláthraíodh do ‘ collectief maatwerk ’, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais d’fhiontair shóisialta lánpháirtíochta oibre.

(13)  Sampla amháin is ea an tionscnamh Francach, Territoires Zéro Chômeurs de Longue Durée, arb é is aidhm dó dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac trí eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a bhunú i limistéir a bhfuil rátaí arda dífhostaíochta fadtéarmaí iontu chun cónaitheoirí áitiúla a fhostú ar chonarthaí buana chun gníomhaíochtaí úsáideacha a dhéanamh don phobal, mar shampla athchúrsáil, cúram leanaí agus garraíodóireacht phobail. Tugadh tionscnaimh chomhchosúla isteach in Groningen san Ísiltír agus in Marienthal san Ostair.

(14)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 26.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal: an Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘ Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach ’ (COM(2023) 62 final).

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal: Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020) 98 final).

(18)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(19)  An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, (COM(2022) 28 final).

(20)  Mar shampla « Les Fonds Communs de Placement d’Entreprise solidaires » sa Fhrainc.

(21)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(22)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(24)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(26)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(27)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(29)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(30)  Ní hionann stádais/cáilíochtaí dlíthiúla, ar a dtugtar lipéid freisin uaireanta, agus foirmeacha dlíthiúla toisc gur féidir iad a bheith glactha ag foirmeacha dlíthiúla éagsúla, lena n-áirítear eagraíochtaí brabúsacha agus neamhbhrabúsacha.

(31)   IO L 223/14 22.6.2021, lch. 14.

(32)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh’ (COM(2021) 142 final).

(33)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair 2022/C 243/03 (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26).

(34)   IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(35)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(36)  Airteagal 30(3) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE.

(37)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(38)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 094 28.3.2014, lch. 65).

(39)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(40)  Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

(41)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre do 2023-2024 a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir shonraigh lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus maidir lena mhaoiniú (COM/2022) 7550).

(42)  Foilseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), tuarascáil ina sainaithneofar agus a dhíphacálfar cineálacha cur chuige saincheaptha a ndearna eintitis an gheilleagair shóisialta san Eoraip grinnfhiosrú orthu cheana féin, ag féachaint ar a gcuspóir, a raon feidhme agus a bpríomhghnéithe.

(43)  Tuarascáil ‘ Transition pathway for Proximity and Social Economy ’ [Conair aistrithe maidir leis an nGaireacht agus an Geilleagar Sóisialta].


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)