|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1337 |
30.11.2023 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le meabhairshláinte daoine óga san Aontas Eorpach
(C/2023/1337)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS
Á MHEABHRÚ DÓIBH:
1.
Tá an ceart chun meabhairshláinte nasctha leis an gceart i leith dhínit an duine, a chumhdaítear in Airteagal 1 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an gceart chun iomláine an duine, lena n-áirítear iomláine mheabhrach, dá bhforáiltear in Airteagal 3, agus an ceart chun cúraim sláinte in Airteagal 35 den Chairt. Le Conarthaí an Aontais, tugtar inniúlachtaí tacaíochta go sainráite d’institiúidí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte, go sonrach in Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus in Airteagal 3(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, le hAirteagal 153(1) CFAE tugtar cumhachtaí intuigthe d’institiúidí an Aontais i réimse shláinte na n-oibrithe.
2.
Sainmhíníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an mheabhairshláinte mar ‘staid dea-bhaile mheabhrach lena gcuirtear ar chumas daoine dul i ngleic le strus an tsaoil, a gcumas a bhaint amach, foghlaim go maith agus oibriú go maith, agus rannchuidiú lena bpobal’ (aistriúchán neamhoifigiúil) (1). Tá faireachán ar an meabhairshláinte mar chuid de na hiarrachtaí chun Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3, Sprioc 3.4, a bhaint amach (2).
3.
Le Sprioc Eorpach #5 (3) don Óige, eadhon dea-bhail mheabhrach níos fearr a bhaint amach agus deireadh a chur le stiogmatú saincheisteanna meabhairshláinte agus, ar an gcaoi sin, cuimsiú sóisialta gach duine óig á chur chun cinn, dírítear go háirithe ar bhearta coisctheacha, ar chur chuige cuimsitheach trasnach a fhorbairt agus ar an stiogma a chomhrac. Ina theannta sin, le Sprioc Eorpach #3 don Óige, déantar cuimsiú gach duine óig sa tsochaí a chur chun cinn agus, le Sprioc Eorpach #9 don Óige, féachtar le rannpháirtíocht dhaonlathach agus neamhspleáchas daoine óga a neartú.
AGUS AN MÉID SEO Á ADMHÁIL ACU:
4.
Bhain paindéim COVID-19, mar aon le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an ghéarchéim bhia agus fuinnimh a tharla dá bharr, géarchéim an bhoilscithe agus an ghéarchéim aeráide croitheadh as na sochaithe ina mairimid agus, mar thoradh ar an méid sin, méadaíodh ar an strus sochaíoch ar dhaoine óga agus méadaítear fós agus is soiléire fós na neamhionannais a bhí ann cheana. Bhí tionchar ag na géarchéimeanna comhleanúnacha sin ar ghrúpaí éagsúla daoine óga ar leibhéil éagsúla, agus rinneadh difear díréireach do ghrúpaí atá i staideanna leochaileacha. Is léir freisin nach bhfuil rochtain chomhionann ag na daoine óga sin, ar lú na deiseanna atá acu, ar chearta an duine ar nós oideachais, fostaíochta, tithíochta (4) agus cúram sláinte. Tá tosca ar nós meabhairshláinte agus sláinte coirp, dálaí maireachtála, oibre agus tithíochta, rochtain ar fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, deiseanna fostaíochta agus gníomhaíochtaí fóillíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coirp agus spóirt, agus caidrimh shóisialta, ríthábhachtach i leith teacht aniar daoine óga. Le blianta beaga anuas, tá meabhairshláinte daoine óga imithe in olcas san Aontas agus, ar an gcaoi sin, is measa atá a ndea-bhail ghinearálta (5).
5.
De réir na meastachán a d’fhoilsigh an Institiúid um Méadracht agus Meastóireacht shláinte (IHME) (6), bhí neamhord meabhairshláinte ag níos mó ná duine amháin as gach seisear daoine óga san Aontas in 2019 – níos mó ná 14 mhilliún duine – (17.4 % de dhaoine idir 15 agus 29 mbliana d’aois). Bhí méadú níos mó ná méadú faoi dhó ar líon na ndaoine óga a thuairiscigh comharthaí sóirt an dúlagair i roinnt tíortha de chuid an Aontais le linn phaindéim COVID-19, agus bhí mná agus daoine óga ó chúlraí socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste buailte go háirithe.
6.
In eagrán 2022 de Health at a Glance: Europe (7) [Sracfhéachaint ar an tSláinte: an Eoraip 2022], deirtear gur thuairiscigh beagnach duine as gach beirt Eorpach óga (49 %) riachtanais cúraim meabhairshláinte nár freastalaíodh orthu in 2022 (53 % in 2021), le hais 23 % den daonra fásta. Léirítear sa tuarascáil gur mhair neamhionannais sa mheabhairshláinte i measc daoine óga, lena n-áirítear de réir inscne, agus gur tháinig méadú orthu i gcásanna áirithe, le linn phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, is é an féinmharú an dara cúis bháis is mó i measc daoine óga san Eoraip faoi láthair.
7.
Léirigh sonraí ó staidéar Eurofound dar teideal Living, Working and COVID-19 (8) [Maireachtáil, Obair agus COVID-19] gur dóichí i bhfad go mbeadh daoine óga idir 18 agus 29 mbliana d’aois, a mheas go raibh deacrachtaí airgeadais ag a dteaghlach, i mbaol dúlagair le linn na paindéime. Ar an meán ar fud an Aontais, d’fhéadfaí a mheas go raibh dhá thrian de na daoine óga a thuairiscigh deacrachtaí airgeadais i mbaol dúlagair le linn na paindéime (67 %) i gcomparáid le beagáinín níos lú ná leath (45 %) de na daoine óga nár thuairiscigh deacrachtaí airgeadais.
8.
De réir shuirbhé an Aontais maidir le hUaigneas a seoladh in 2022 (9), is mó uaigneas atá ann i measc daoine óga ná mar atá i measc glúnta níos sine. Cé go bhfuil méadú tagtha ar uaigneas i measc daoine óga mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tugadh le fios, san obair a rinne an Lárionad Taighde Chomhpháirtigh roimhe seo go bhfuil corradh le méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaoine óga idir 18 agus 25 bliana d’aois a bhí uaigneach sna blianta idir 2016 agus earrach 2020.
DE BHRÍ GUR FÍOR AN MÉID SEO A LEANAS:
9.
Ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (10). Sa Teachtaireacht, iarrtar ar na Ballstáit cur chuige cuimsitheach atá dírithe ar chosc a chothú ina n-ionchorpraítear meabhairshláinte go forleathan i mbeartais an Aontais mar shaincheist sláinte poiblí, lena dtabharfar gealltanas maidir le cáilíocht na beatha a fheabhsú, lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna cinntitheacha agus trasearnálacha chun freastal ar riachtanais shonracha grúpaí éagsúla i staideanna leochaileacha agus lena dtabharfar aghaidh go sonrach ar a choitianta atá saincheisteanna meabhairshláinte i measc na ngrúpaí sin, lena n-áirítear daoine óga. I roinnt tionscnamh suaitheanta, dírítear ar shláinte leanaí agus daoine óga agus tugtar aghaidh go cuimsitheach iontu ar an meabhairshláinte agus ar an tsláinte coirp araon. De réir na Teachtaireachta sin, ní mór rochtain a bheith ag gach saoránach den Aontas ar chosc leordhóthanach éifeachtach. Tá ról suntasach ag an obair don aos óg, go háirithe, maidir le folláine daoine óga a chur chun cinn agus maidir le saincheisteanna meabhairshláinte a chosc.
10.
Idirghníomhaíonn deitéarmanaint na meabhairshláinte le neamhionannais reatha sa tsochaí, rud a chuireann daoine áirithe i mbaol níos mó ó thaobh drochshláinte mheabhrach de ná daoine eile. Ina theannta sin, is féidir leis an bhforéigean, leis an bhfuath, agus leis an idirdhealú a bheith ina gcúis le drochshláinte meabhrach, rud a fhágann gur beart coisctheach ríthábhachtach é cur chun cinn an chomhionannais laistigh dár sochaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
11.
Luadh san Eorabharaiméadar maidir leis an Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige 2022 (EYY) (11) go measann daoine óga gurb é feabhas a chur ar an tsláinte meabhrach agus coirp agus ar an dea-bhail an téama tosaíochta is tábhachtaí don EYY, mar aon leis an athrú aeráide (vótáil 34 % díobh siúd a rinne an suirbhé gurb é an dá cheann acu an phríomhthosaíocht atá ann). Ina theannta sin, léirítear i sonraí Eorabharaiméadair gurb é an dara rud is mó a mbíonn daoine óga ag dúil leis ón Aontas, i ndiaidh an tsíocháin a choimeád, ná deiseanna poist a mhéadú.
12.
Dhírigh EYY, i measc nithe eile, ar ionchas dearfach a athbhunú do dhaoine óga agus bhí gníomhaíochtaí a thacaíonn lena meabhairshláinte agus lena ndea-bhail san áireamh i gclár EYY. Le linn na comhdhála deiridh, faoin téama ‘An todhchaí – is leatsa í’, d’iarr rannpháirtithe óige, lucht déanta beartas agus páirtithe leasmhara go gcuirfí béim níos mó ar chúram sláinte coisctheach agus ar dhul i ngleic le saincheisteanna meabhairshláinte agus an t-uaigneas.
13.
Is féidir le gníomhaíochtaí rialta aclaíochta coirp agus spóirt, chomh maith le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha, borradh a chur faoi shláinte agus dhea-bhail fhoriomlán daoine óga, agus tairbhí suntasacha, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, don mheabhairshláinte a bheith ag baint leo. Mar a léirítear le fianaise (12), is lú an ghníomhaíocht coirp a dhéantar nuair a théitear in aois agus, dá réir sin, is tábhachtaí ná riamh é go mbíonn an buneolas agus na hiompraíochtaí bunúsacha ag daoine óga a chuireann ar a gcumas stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil a choinneáil go neamhspleách ar feadh a saoil.
14.
Is iad na príomhábhair imní a chuir daoine óga in iúl maidir le héagobhsaíocht eacnamaíoch, éiginnteacht fostaíochta nó imní mhéadaithe faoi shaincheisteanna éiceolaíocha is cúis le saincheisteanna meabhairshláinte a bheith ag teacht chun cinn nach féidir a rá gurb iad próisis phaiteolaíocha amháin is cúis leo. Tá 75 % de leanaí agus daoine óga ‘eaglach’ faoi mhachnamh a dhéanamh ar an todhchaí (13). Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá an tsláinte phoiblí ina tosaíocht ar an gclár oibre polaitiúil. Ceacht atá le foghlaim ón ngéarchéim shocheacnamaíoch agus shláinte le blianta beaga anuas is ea nach féidir fadhbanna sóisialta ilghnéitheacha a bhainistiú ach amháin trí chur chuige trasearnálach a ghlacadh.
15.
Déanann eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar nós na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cur chuige ilearnálach a chur i bhfeidhm maidir le meabhairshláinte daoine óga a chosaint agus aire a thabhairt di, á dhearbhú go bhfuil ‘mórán de na tosca cosanta don dea-mheabhairshláinte lasmuigh de raon feidhme na gcóras nó na gclár meabhairshláinte atá ceaptha go sonrach chun an mheabhairshláinte a neartú nó a chosaint. Bíonn tionchar suntasach ag tosca sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha, ar nós an stádais fostaíochta, ioncaim, sláinte coirp, rudaí a tharlaíonn le linn na hóige agus na hógántachta, ar an meabhairshláinte ar feadh an tsaoil’ (aistriúchán neamhoifigiúil) (14). Ina theannta sin, tugadh le fios i dtuarascáil 2021 thuasluaite ó Eurofound (15) gur tugadh faoi deara gur ar na daoine sin a chaill a bpost a tháinig an meath is mó ó thaobh dea-bhail mheabhrach (a bhí ar an leibhéal is ísle i ngach aoisghrúpa ó thús na paindéime).
16.
Bíonn tionchar tábhachtach ar an meabhairshláinte ag an éiginnteacht fostaíochta, dálaí oibre neamhchinnte agus an dífhostaíocht. Tacú le daoine óga, agus iad ag iompú ina ndaoine fásta, chun fostaíocht a aimsiú agus a choimeád, ba cheart é sin a bheith ina thosaíocht sa bheartas eacnamaíoch, sóisialta agus sláinte poiblí. Bíonn ról tábhachtach ag fostóirí i mbainistiú rioscaí síceasóisialta ag an obair chun cosc a chur ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar mheabhairshláinte a bhfostaithe, lena n-áirítear oibrithe óga.
17.
Ghlac an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht dar teideal A long-term vision for EU’s Rural areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (16), ar dá réir ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine óga i gceantair thuaithe agus iargúlta, a bhféadfadh a riochtaí meabhairshláinte agus a riachtanais chúraim a bheith éagsúil le hais daoine óga i gceantair uirbeacha. Mar gheall ar na dálaí maireachtála ar leith ina bhfuil daoine óga i gceantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha, bheagfhorbartha agus sna réigiúin is forimeallaí, mar shampla, éiginnteacht agus easnaimh seirbhísí poiblí, leithlisiú, beagán deiseanna fostaíochta agus dálaí oibre crua (17) a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar a meabhairshláinte, tá bearta sonracha de dhíth ar dhaoine óga atá ina gcónaí sna limistéir sin bunaithe ar anailís fhianaiseach. De réir Eurostat (18), bhí cion na ndaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe an Aontais agus nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET) níos airde ná an cion a taifeadadh do dhaoine óga i gceantair uirbeacha. Anuas ar an méid sin éiginnteachta – cúis ann féin le saincheisteanna meabhairshláinte – is lú an seans go lorgóidh daoine óga i gceantair thuaithe cóir leighis toisc na dturas fada a bheadh le déanamh acu (19).
18.
Cé go ndéanann saincheist na meabhairshláinte difear do gach duine óg san Aontas ar shlí ghinearálta, dá mhéad iad na míbhuntáistí a bhíonn roimh dhaoine óga, is ea is leochailí a bhíonn siad. Anuas ar an iliomad dúshlán casta eile nach mór dóibh a shárú, tá daoine óga atá i mbaol eisiaimh shóisialta nó atá i staideanna leochaileacha, mar shampla, mionlaigh eitneacha, daoine LGBTI, daoine faoi mhíchumas, daoine atá in institiúidí cúraim don aos óg, daoine atá gan cúram tuismitheoirí nó atá i mbaol cúram tuismitheora a chailleadh, nó iad siúd atá i gcúinsí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, is mó an baol iad a bheith ag fulaingt de dheasca saincheisteanna meabhairshláinte. Déanann nochtadh don idirdhealú agus don neamhionannas dochar dá meabhairshláinte, go háirithe nuair a bhíonn an iliomad idirdhealaithe nó míbhuntáistí i bhfeidhm ar dhaoine óga. Is cúis imní freisin é an easpa aird ar leith a thugtar do na grúpaí daoine óga seo uaireanta dá bhforbairt shóisialta i scoileanna agus i suíomhanna oideachais eile – a bhféadfadh bulaíocht a bheith mar thoradh orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach an mheabhairshláinte agus an dea-bhail a fheabhsú, scileanna sochmhothúchánacha daoine óga agus a n-oideoirí agus oibrithe don aos óg a fhorbairt, agus an bhulaíocht a chomhrac, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, ciapadh gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach.
19.
Chun muintearas pobail a chothú i saoránaigh stáit – ar réamhriachtanas do chobhsaíocht an stáit é – tá sé ríthábhachtach bearta coisctheacha a chur chun feidhme chun fadhbanna a bhaineann le huaigneas, eagla, imní, easpa cosanta agus éiginnteachta a mhaolú, rudaí a chuireann isteach go háirithe ar dhaoine óga, chomh maith le teacht aniar agus tosca cosanta dea-bhaile a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, cur le sochaithe córa a chruthú a chuireann comhionannas deiseanna ar fáil do chách. Chomh maith leis sin, caithfidh daoine óga a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht beartas a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a meabhairshláinte agus caithfear a bpeirspictíocht a chur san áireamh.
20.
De réir na tuarascála The impact of the COVID 19 pandemic on the mental health of young people: Policy responses in European countries [Tionchar COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine óga: Freagairtí beartais i dtíortha na hEorpa] (20), trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh sóisialú, taithí a chomhroinnt agus muintearas a fhorbairt, tá ról lárnach ag an obair don aos óg chun meabhairshláinte daoine óga a chosaint.
IARRTAR AR NA BALLSTÁIT, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
21.
Dálaí maireachtála agus oibre na ndaoine óga ina dtíortha faoi seach a fheabhsú, cur chuige trasearnála a chur chun cinn arb é is aidhm dó saincheisteanna meabhairshláinte a chosc, bacainní struchtúracha ar a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil a bhaint agus timpeallachtaí a thacaíonn lena ndea-bhail shocheacnamaíoch agus shíceolaíoch a chruthú.
22.
A mholadh go gcuirfí feabhas ar rochtain chomhionann agus inacmhainne do dhaoine óga, go háirithe iad siúd atá i staideanna leochaileacha, ar sheirbhísí cúraim meabhairshláinte lena gcuirtear ar fáil bearta coisctheacha, cóireáil agus cúram, agus go ndéanfaí tuilleadh oibre an tráth céanna i ndisciplíní éagsúla agus bogadh i dtreo réitigh dhuinelárnacha agus phobalbhunaithe.
IARRTAR AR AN gCOIMISIÚN, DE BHUN PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
23.
Cur chuige réamhghníomhach a choinneáil i leith na meabhairshláinte, lena dtugtar aghaidh uirthi le peirspictíocht ilearnála atá coisctheach agus idirghabhálach araon, agus aird ar leith á tabhairt ar shainiúlachtaí daoine óga san Aontas, go háirithe iad siúd atá sna staideanna is leochailí, agus lena ndírítear ar a n-athimeascadh agus ar a gcuimsiú sóisialta.
24.
Gníomhaíochtaí a chur chun cinn lena ndírítear ar mheabhairshláinte daoine óga a fheabhsú i ndáil le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, ina mheastar saincheisteanna meabhairshláinte a bheith mar thoradh ar mheascán de thosca ábhartha agus síceasóisialta, lena n-áirítear teagmhais dhíobhálacha sa luathaois, éiginnteacht, easpa sábháilteachta, easpa comhtháthaithe shóisialta, caidrimh theaghlaigh agus shóisialta, rochtain éagothrom ar chearta agus ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, leochaileacht i suíomhanna oideachais, ról na meán sóisialta, rochtain ar thithíocht, riachtanais shonracha an aosa óig tuaithe agus, go ginearálta, aon imthosca díobhálacha a chuireann cosc ar dhaoine óga a gcearta a theachtadh go hiomlán.
25.
Staidéir a chothú maidir leis an tionchar a bhíonn ag saincheisteanna meabhairshláinte ar dhaoine óga san Aontas. Chomh maith le haois, b’fhéidir go bhféachfaí sna staidéir sin le húsáid a bhaint as sonraí atá imdhealaithe de réir príomhghnéithe eile a mbíonn tionchar acu ar shaol daoine óga. Beidh na staidéir sin ina gcabhair chun gníomhaíochtaí agus infheistíocht acmhainní a threorú ar shlí níos fearr. Scaipeadh na staidéar sin a chothú mar chuid de na hiarrachtaí múscailte feasachta chun an stiogma leanúnach a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte a chomhrac agus tacú le haistriú dea-chleachtas fianaisebhunaithe maidir leis an meabhairshláinte ar fud na mBallstát.
IARRTAR AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, DE BHUN PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
26.
Iarrachtaí a chomhordú chun rátaí minicíochta agus leitheadúlachta na saincheisteanna meabhairshláinte i measc daoine óga a laghdú trí éisteacht le riachtanais agus dúshláin shonracha daoine óga, chomh maith leis na réitigh atá molta acu féin, agus gníomhú dá réir.
27.
Leitheadúlacht na saincheisteanna meabhairshláinte ar dhaoine óga san Aontas a chur san áireamh agus beartais á bhforbairt atá i gcomhréir le scála na faidhbe, agus béim ar leith á leagan ar bhearta coisctheacha. A áirithiú go mbeidh na bearta atá beartaithe cuimsitheach agus bunaithe ar fhianaise agus go mbeidh an fhorbairt beartais fite fuaite leis an bhfianaise eolaíoch, na moltaí agus na staidéir is déanaí ar an meabhairshláinte a dhéantar san Aontas agus i ngach Ballstát.
28.
Gníomhaíochtaí a spreagadh chun saincheisteanna meabhairshláinte a dhístiogmatú agus feasacht a mhúscailt trí theachtaireachtaí a chur chun cinn lena n-iarrtar ar dhaoine óga iompraíochtaí a ghlacadh lena bhfeabhsaítear a ndea-bhail mheabhrach agus cabhair a lorg ó dhaoine proifisiúnta i struchtúir coiscthe riosca síceolaíochta chun a bhfulaingt a mhaolú agus chun féinmharú a chosc.
29.
Tacú le deireadh a chur le teachtaireachtaí fuatha, foréigin agus mí-úsáide sna meáin, lena n-áirítear na meáin shóisialta, díriú ar ghrúpaí daoine óga sna cásanna is leochailí, a gcearta daonna agus a saoirsí bunúsacha a chosaint agus, ar an gcaoi sin, cur lena ndea-bhail shíceolaíoch agus mhothúchánach.
30.
Tacú le cur chun feidhme an fiche tionscnamh suaitheanta agus gníomhaíochtaí eile de chuid na Teachtaireachta le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (21), ó raon leathan réimsí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte ar fud an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte a ullmhú agus dea-chleachtais agus cineálacha nuálacha cur chuige a aistriú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist meabhairshláinte daoine óga.
31.
Slite a chruthú, chomh maith le leas a bhaint as na huirlisí atá ar fáil cheana ar nós Idirphlé Óige an Aontais, Tairseach Eorpach na hÓige agus Glór na nÓg (22), ionas go mbeidh daoine óga in ann feasacht a mhúscailt maidir leis na saincheisteanna meabhairshláinte ar mian leo aird a tharraingt orthu agus a dtuairimí agus a n-ábhair imní a chur in iúl maidir lena meabhairshláinte agus maidir leis an gcur chuige chun dul i ngleic lena meabhairshláinte. A áirithiú go mbeidh daoine óga ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann lena rannpháirtíocht chun éifeachtacht agus ábharthacht na mbeart atá le glacadh a áirithiú, agus úsáid á baint, mar shampla, as cumarsáid atá fabhrach don aos óg agus inrochtana.
32.
A áirithiú go ndéanfar ionadaíocht do dhaoine óga atá i staideanna leochaileacha agus cláir bheartais phoiblí maidir leis an meabhairshláinte á bhforbairt ionas nach gcuirfear san áireamh leasanna daoine óga ar éasca dóibh rochtain a bheith acu ar bhealaí rannpháirtíochta institiúidí, agus a leasanna siúd amháin, ach go gcuirfear san áireamh freisin leasanna na ndaoine sin ar deacra dóibh iad féin a chur in iúl. Tacú le bealaí a chur chun cinn do dhaoine óga atá i staideanna leochaileacha chun a n-ábhair imní a chur in iúl.
33.
Leanúint de thacaíocht a thabhairt don obair don aos óg ionas go mbeidh sí lárnach i gcosaint meabhairshláinte daoine óga trí chur ar chumas daoine óga a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí atá bunaithe den chuid is mó ar an gcaidreamh agus ar an muinín a bhíonn idir daoine óga agus oibrithe don aos óg agus trí fheabhas a chur ar a gcumas cabhair a lorg nuair a bhíonn deacrachtaí mothúchánacha agus síceolaíocha acu.
34.
Tacú leis an obair don aos óg, le heagraíochtaí don aos óg agus le saineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ina gcáil mar sholáthraithe faisnéise do dhaoine óga agus cur ar a gcumas faisnéis ardcháilíochta a scaipeadh maidir le meabhairshláinte agus dea-bhail daoine óga a neartú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte más gá sin.
35.
Spás digiteach níos sábháilte agus níos sláintiúla a chur chun cinn do dhaoine óga, i gcomhréir leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha (23). Áirítear air sin múscailt feasachta agus oiliúint a spreagadh i litearthacht meán agus faisnéise agus in úsáid fhreagrach na meán sóisialta le coimircí i gcoinne rioscaí amhail cibearbhulaíocht, fuathchaint, mealltóireacht agus an iomad ama ar an scáileán, chomh maith le cosaint agus faisnéis a thabhairt faoi mhargaíocht ionsaitheach ar líne ar tháirgí cosúil le bia agus deochanna míshláintiúla, deochanna alcólacha, tobac agus táirgí mar iad.
(1) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Bileoga Eolais EDS, Mental health: strengthening our response, 2022.
(2) Na Náisiúin Aontaithe, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI), SFI3, Sprioc 3.4: ‘Faoin mbliain 2030, an mhortlaíocht anabaí de dheasca galair neamhtheagmhálacha a laghdú trian amháin trí chosc agus trí chóireáil, sin agus meabhairshláinte agus dea-bhail a chur chun cinn.’ (aistriúchán neamhoifigiúil).
(3) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh do 2019-2027 IO C 456, 18.12.2018, lch. 1.
(4) Mar a léirigh Eurostat i bhfigiúirí ón mbliain 2020, bhí ráta níos airde diandíothachta tithíochta i mBallstáit uile an Aontais i measc daoine óga ná mar a bhí i measc an daonra ina iomláine.
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Comprehensive approach to mental health [Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte], COM(2023) 298 final.
(6) Malartú Sonraí Sláinte Domhanda (GHDx) na hInstitiúide um Méadracht agus Meastóireacht Sláinte, 2020.
(7) ECFE agus an tAontas Eorpach, Health at a Glance: Europe 2022, State of Health in the EU Cycle [Sracfhéachaint ar an tSláinte: an Eoraip 2022, Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2022.
(8) Eurofound, Living, working and COVID-19 dataset [Tacar sonraí faoi Mhaireachtáil, Obair agus COVID-19], 2021.
(9) Casabianca, E.J., Nurminen, M., Interventions to reduce loneliness among youth, [Idirghabhálacha chun an t-uaigneas i measc na n-óg a laghdú] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, doi:10.2760/793941, JRC129905.
(10) Féach fonóta 5.
(11) Eorabharaiméadar Flash [2282/FL502], An Óige agus an Daonlathas i mBliain Eorpach na hÓige, Bealtaine 2022.
(12) Eorabharaiméadar Speisialta 525, Spórt agus Gníomhaíocht Coirp, Meán Fómhair 2022.
(13) Caroline Hickman, Elizabeth Marks, Panu Pihkala, Susan Clayton, R Eric Lewandowski, Elouise E Mayall, Britt Wray, Catriona Mellor, Lise van Susteren, Climate anxiety in children and young people and their beliefs about government responses to climate change: a global survey, The Lancet Planetary Health, Imleabhar 5, Eagrán 12, Nollaig 2021, lgh. e863-e873.
(14) ECFE, A New Benchmark for Mental Health Systems: Tackling the Social and Economic Costs of Mental Ill-Health, [Tagarmharc nua do chórais mheabhairshláinte: ag dul i ngleic le costais shóisialta agus eacnamaíocha na droch-mheabhairshláinte], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 162, 2021.
(15) Eurofound, Living, working and COVID-19 dataset [Tacar sonraí faoi Mhaireachtáil, Obair agus COVID-19], 2021.
(16) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach. A long-term vision for EU’s Rural areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040], COM/2021/345 final.
(17) Féach fonóta 15.
(18) Eurostat 2023. Staidreamh ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta ná oideachais ná oiliúna de réir inscne, aoise agus leibhéal uirbithe (rátaí NEET), Bealtaine 2023.
(19) Bliainiris réigiúnach Eurostat, 2017.
(20) An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr The impact of the COVID-19 pandemic on the mental health of young people: Policy responses in European countries [Tionchar phaindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine óga: Freagairtí beartais i dtíortha na hEorpa], Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.
(21) Féach fonóta 5.
(22) Is ardán taifeadta gutha é Glór na nÓg de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a seoladh le linn Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a chuireann ar chumas daoine óga a léargas, a n-imní agus a moltaí a chur in iúl.
(23) Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, 2023/C 23/01.
IARSCRÍBHINN
Tagairtí:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final.
An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, The impact of the COVID-19 pandemic on the mental health of young people: Policy responses in European countries [Tionchar phaindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine óga: Freagairtí beartais i dtíortha na hEorpa], Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.
Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, A long-term vision for EU’s Rural areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040], COM/2021/345 final.
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, The long-lasting legacy of the European Year of Youth: youth mainstreaming and empowerment, [Oidhreacht fhadtéarmach Bhliain Eorpach na hÓige: príomhshruthú agus cumhachtú na hóige], 2022.
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Bileoga Eolais EDS, Mental health: strengthening our response, 2022.
ECFE agus an tAontas Eorpach, Health at a Glance:Europe 2022, State of Health in the EU Cycle, [Sracfhéachaint ar an tSláinte: an Eoraip 2022, Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2022.
Casabianca, E.J., Nurminen, M., Interventions to reduce loneliness among youth, [Idirghabhálacha chun an t-uaigneas i measc na n-óg a laghdú] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, doi:10.2760/793941, JRC129905.
Caroline Hickman, Elizabeth Marks, Panu Pihkala, Susan Clayton, R Eric Lewandowski, Elouise E Mayall, Britt Wray, Catriona Mellor, Lise van Susteren, Climate anxiety in children and young people and their beliefs about government responses to climate change: a global survey, The Lancet Planetary Health, Volume 5, Issue 12, Nollaig 2021, lgh. e863-e873.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1337/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)