European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1331

22.12.2023

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún –Measúnú agus togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI 2021-2027

(C/2023/1331)

Rapóirtéir ginearálta

José Manuel RIBEIRO (PT/PSE), Méara Valongo.

Doiciméid tagartha

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Pacáiste coigeartaithe le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse

COM(2023) 330 final

Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

COM(2023) 331 final/2

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 an 30 Aibreán 2021 a mhéid a bhaineann le bearta cur chun feidhme le haghaidh acmhainní dílse nua an Aontais Eorpaigh

COM(2023) 332 final/2

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ar bhrabúis ath-leithdháilte agus chun an acmhainn dhílis staidrimh a chur ar fáil bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh

COM(2023) 333 final/2

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

COM(2023) 335 final

Teachtaireacht ón gCoimisiún Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún – Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027

COM(2023) 336 final

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

COM(2023) 337 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

Leasú 1

Airteagal 1(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

‘2.   Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR  1 739  milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.’;

‘2.   Ní rachaidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR  2 665  mhilliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.’;

Cúis

De réir ionchur Choimisiún NAT, éalaíonn iolrú na ngéarchéimeanna, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an athrú aeráide, buiséad an chúlchiste um dhlúthpháirtíocht agus cabhair éigeandála a mhéadú go suntasach.

Leasú 2

Airteagal 10(b)(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

2.   Ní rachaidh Cúlchiste na hÚcráine thar EUR 50 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoi Chúlchiste na hÚcráine in aon bhliain ar leith thar EUR 16 700 milliún i bpraghsanna reatha.

2.   Ní rachaidh Cúlchiste na hÚcráine thar EUR 60 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoi Chúlchiste na hÚcráine in aon bhliain ar leith thar EUR 20 000 milliún i bpraghsanna reatha.

Cúis

Ba cheart an méid a bheith ar a laghad ar cóimhéid leis an tacaíocht reatha. Dá bhrí sin, is gá an figiúr a mhéadú go EUR 60 milliún. Tá an leasú i gcomhréir leis an iarraidh a rinneadh i dtuairim an rapóirtéara Dario Nardella maidir le Saoráid na hÚcráine.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

Leasú 3

Airteagal 2(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

1.   Chun an cheannasacht agus an tslándáil Eorpach a neartú, dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais agus feabhas a chur ar a iomaíochas, a spleáchais straitéiseacha a laghdú, cothrom iomaíochta a chothú sa Mhargadh Aonair le haghaidh infheistíochtaí ar fud an Aontais, agus rochtain chuimsitheach ar phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chur chun cinn, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an Ardán:

1.   Chun an cheannasacht agus an tslándáil Eorpach a neartú, dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais agus feabhas a chur ar a iomaíochas, a spleáchais straitéiseacha a laghdú, cothrom iomaíochta a chothú sa Mhargadh Aonair le haghaidh infheistíochtaí ar fud an Aontais, comhtháthú agus dlúthpháirtíocht shóisialta, chríochach agus eacnamaíoch a chur chun cinn i measc na mBallstát agus rochtain chuimsitheach ar phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chur chun cinn, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an Ardán:

Cúis

Tá sé ríthábhachtach tagairt shainráite a dhéanamh do phrionsabal an chomhtháthaithe agus na dlúthpháirtíochta sóisialta, eacnamaíoch agus críochaí i measc na mBallstát (Airteagal 3(3) CFAE) mar phríomhchuspóir de chuid an Ardáin.

Leasú 4

Airteagal 2(1)(c) (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

 

(c)

neartú a dhéanamh ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Eoraip agus laghdú a dhéanamh ar na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil.

Cúis

Rinne an Coimisiún Eorpach an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’ a thabhairt isteach san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú. Ar mhaithe leis an bprionsabal sin a chur chun feidhme, ba cheart saothrú an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, mar atá leagtha amach in Airteagal 174 CFAE, a áireamh mar chuspóir den Rialachán ar comhchéim leis an dá chuspóir eile a luaitear in Airteagal 2(1)(a) agus in Airteagal 2(1)(b).

Leasú 5

Airteagal 2(2)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(a)

gné nuálach cheannródaíoch ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch a thabhairt isteach sa Mhargadh Aonair;

(a)

gné nuálach cheannródaíoch ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch a thabhairt isteach sa Mhargadh Aonair , agus caomhnú á dhéanamh ar shláine an Mhargaidh Aonair agus cothrom iomaíochta á chothú san am céanna ;

Cúis

Tá sé tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar céard is brí le ‘acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch’.

Leasú 6

Airteagal 5(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

3.   Tuairisceoidh an Coimisiún maidir leis an gcaiteachas a mhaoinítear leis an Ardán. Tuairisceoidh sé, de réir mar is iomchuí, ar na gnóthachain a bhaineann le gach ceann de chuspóirí sonracha an Ardáin.

3.   Tuairisceoidh an Coimisiún maidir leis an gcaiteachas a mhaoinítear leis an Ardán. Tuairisceoidh sé, de réir mar is iomchuí, ar na gnóthachain a bhaineann le gach ceann de chuspóirí sonracha an Ardáin , agus go háirithe ar chuspóir Airteagal 2(1)(c) (nua) maidir lena chinntiú nach ndéanfar dochar don chomhtháthú agus an tArdán á chur chun feidhme .

Cúis

Ar mhaithe lena áirithiú go bhforfheidhmeofar an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’.

Leasú 7

Airteagal 7(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis chomhdhlúite maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme chuspóirí an Ardáin faoi gach ceann de na cláir agus na cistí.

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis chomhdhlúite maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme chuspóirí an Ardáin faoi gach ceann de na cláir agus na cistí. Áireofar inti freisin faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir leis an gcaoi a bhfuil an comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach á threisiú san Eoraip.

Cúis

Ar mhaithe lena áirithiú go bhforfheidhmeofar an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’.

Leasú 8

Airteagal 8(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

2.   Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile, i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfadh teacht orthu.

2.   Sa tuarascáil mheastóireachta , tabharfar forléargas ar na réigiúin dár leasaíodh na cláir (maille le faisnéis maidir leis na gnéithe ábhartha de phrionsabal na comhpháirtíochta) agus , go háirithe, déanfar measúnú ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile, i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfadh teacht orthu. In éineacht leis an tuarascáil, cuirfear measúnú críochnúil ar fáil ar na tionchair agus na héifeachtaí críochacha difriúla a bhíonn ann ar an gcomhtháthú agus an tArdán á chur chun feidhme.

Cúis

Agus meastóireacht ex post á déanamh ar STEP, tá sé tábhachtach a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar thionchar críochach an chláir ar mhaithe lena áirithiú go gcuirfear an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’ chun feidhme, mar atá leagtha amach i dtuairim COTER-VII/026 leis an rapóirtéir Michiel Rijsberman.

Leasú 9

Airteagal 10(1)(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1058 [CFRE agus CC]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/1058 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3(1), pointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas leis: ‘(vi) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán …/.. 64 . [Rialachán STEP]’

(2)

In Airteagal 3(1), pointe (b), cuirtear an pointe seo a leanas leis: ‘(ix) tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii) de Rialachán …/… [Rialachán STEP]’

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1058 [CFRE agus CC]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/1058 mar a leanas:

‘tacú go sonrach le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán …/… [Rialachán STEP]’ cuirtear an méid a leanas le hAirteagal  3(1), pointe (a)(i), le hAirteagal 3(1), pointe (a)(ii), le hAirteagal 3(1) pointe (a)(iii), le hAirteagal 3(1), pointe (a)(iv) de Rialachán CFRE

Cúis

Is é an aidhm atá ann gur cineál nua oibríochtaí a bheidh in STEP faoi Chuspóir Beartais 1 seachas cuspóir tosaíochta nua éigeantach de chuid CFRE.

Leasú 10

Airteagal 10(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(…)

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

(…)

[…]

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar faoi 15 phointe céatadáin na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

[…]

Cúis

Is mó an chabhair do na réigiúin ba mhó forbairt (mar a bhfuil rátaí cómhaoinithe idir 40 % agus 50 % faoi láthair) a bheadh sa mhéadú uilechoiteann go 100 % atá beartaithe. Cabhair a bheadh ann freisin do na réigiúin trasdula, ach ní chabhródh sé chomh mór céanna leis na réigiúin bheagfhorbartha. Dá bhrí sin, bheadh buntáiste iomaíoch ag na réigiúin ba mhó forbairt i gcomparáid leis na réigiúin eile, go háirithe i gcomparáid leis na réigiúin bheagfhorbartha.

Leasú 11

Airteagal 10(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(…)

(e)

nuair a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(vi) nó leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 2 a leagtar amach i bpointe (b)(ix) den fhomhír sin, i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, chomh maith le réigiúin níos forbartha sna Ballstáit a bhfuil a meán-OTI per capita faoi bhun mheán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017 .

(…)

[…]

(e)

nuair a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(vi) nó leis an gcuspóir sonrach faoi Chuspóir Beartais 2 a leagtar amach i bpointe (b)(ix) den fhomhír sin, i réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula.

[…]

Cúis

Teastaíonn an leasú seo ionas nach bhféadfadh fiontair tháirgiúla nach FBManna iad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) faoi STEP mura bhfuil na fiontair sin lonnaithe i réigiún beagfhorbartha nó réigiún trasdula. Ar an gcaoi sin, d’fhágfaí nach mbeadh laghdú ar an tacaíocht do FBManna faoin mbeartas comhtháthaithe i réigiúin níos forbartha, mar a bhfuil seans maith go bhfaigheadh fiontair mhóra agus cuideachtaí meánchaipitlithe tacaíocht ó fhoinsí eile, lena n-áirítear uirlisí cistiúcháin eile de chuid an Aontais atá le treisiú trí bhíthin STEP amhail Fís Eorpach, InvestEU, etc.

Leasú 12

Airteagal 10(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(…)

Beidh feidhm ag pointe (e) maidir le cláir Interreg ina bhfuil cumhdach geografach an chláir laistigh den Aontas comhdhéanta go heisiach de chatagóirí réigiún a leagtar amach sa phointe sin.’

[…]

Cúis

Ba cheart creat agus imchlúdach Interreg a chaomhnú.

Leasú 13

Airteagal 11(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

2.    In Airteagal 8(2), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Le CUAC, d’fhéadfaí tacú freisin le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad a rannchuidíonn le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán …/.. 65 . [Rialachán STEP]. Féadfar an tacaíocht sin a sholáthar gan beann ar cé acu a rinneadh an anailís ar bhearnaí i gcomhréir le hAirteagal 11(2)(h) nó nach ndearnadh agus gan beann ar thoradh na hanailíse sin. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. Le soláthar na tacaíochta sin, níor cheart gá a bheith le hathbhreithniú ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí.’

 

Cúis

Teastaíonn an leasú seo ionas nach dtabharfaí tacaíocht faoin mbeartas comhtháthaithe d’fhiontair mhóra a bhfuil coinníollacha fabhracha acu ó thaobh na haise tosaíochta lena mbaineann (30 % réamh-mhaoiniú, cómhaoiniú níos airde) agus ionas go dtabharfaí tacaíocht do FBManna a bhfuil coinníollacha mífhabhracha acu.

Leasú 14

Airteagal 11(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(…)

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

[…]

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar faoi 15 phointe céatadáin na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

Cúis

Is mó an chabhair do na réigiúin is mó forbairt (mar a bhfuil rátaí cómhaoinithe ag 50 % faoi láthair) a bheadh sa mhéadú uilechoiteann go 100 % atá beartaithe. Cabhair a bheadh ann freisin do na réigiúin trasdula, ach ní chabhródh sé chomh mór céanna leis na réigiúin bheagfhorbartha. Dá bhrí sin, bheadh buntáiste iomaíoch ag na réigiúin is mó forbairt i gcomparáid leis na réigiúin eile, go háirithe i gcomparáid leis na réigiúin bheagfhorbartha.

Leasú 15

Airteagal 12(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

(…)

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar go 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

[…]

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, méadófar faoi 15 phointe céatadáin na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

Cúis

Is mó an chabhair do na réigiúin ba mhó forbairt (mar a bhfuil rátaí cómhaoinithe idir 40 % agus 50 % faoi láthair) a bheadh sa mhéadú uilechoiteann go 100 % atá beartaithe. Cabhair a bheadh ann freisin do na réigiúin trasdula, ach ní chabhródh sé chomh mór céanna leis na réigiúin bheagfhorbartha. Dá bhrí sin, bheadh buntáiste iomaíoch ag na réigiúin ba mhó forbairt i gcomparáid leis na réigiúin eile, go háirithe i gcomparáid leis na réigiúin bheagfhorbartha.

II.   MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Maidir leis an athbhreithniú ar CAI 2021-2027 agus maidir leis an togra le haghaidh athbhreithniú

1.

Is díol sásaimh do CnaR go dtagann an Coimisiún leis nach gcuirtear acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha chun freagairt do na géarchéimeanna atá ann faoi láthair, do na dúshláin nua pholaitiúla a eascraíonn astu sin (i.e. cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, boilsciú ard, praghsanna arda fuinnimh, an t-athrú aeráide, bagairt ar an mbithéagsúlacht, etc.), ná do na tosaíochtaí polaitiúla nua atá ag an Aontas (amhail uathriail straitéiseach an Aontais, Beartas Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, an clár don Eoraip Dhigiteach, an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann agus tuilleadh nach iad).

2.

Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR go n-aithníonn an Coimisiún féin gur mó ná EUR 620 billiún an bhearna atá le líonadh san infheistíocht má táthar chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Tá sé á chur i bhfáth aige gur meabhrú eile atá san fhigiúr sin nach leor an uasteorainn fhoriomlán le haghaidh gealltanas don tréimhse iomlán ó 2021 go 2027 (thart ar 1,03 % den ollioncam náisiúnta, gan Next Generation EU (NGEU) a chur san áireamh) chun uaillmhianta polaitiúla an Aontais a chur i gcrích agus gur cheart acmhainní úra a sheoladh i leith cúraimí nua i gcónaí.

3.

Is díol sásaimh do CnaR an togra chun ionstraim théarnaimh AE nua (‘EURI’) a chruthú, de bhreis ar uasteorainneacha CAI do na blianta 2021 go 2027, chun go bhféadfar maoiniú a chur ar fáil i leith na gcostas gan choinne agus na gcostas breise, arb ann dóibh i ngeall ar rátaí arda úis agus an boilsciú, agus iasachtaí NGEU á dtabhairt. Iarrann sé ar an gComhairle tacaíocht a thabhairt don togra seo d’fhonn gealltanais dhlíthiúla an Aontais a chomhlíonadh agus ionas nach gcuirfí a thuilleadh brú ar bhuiséad reatha an Aontais ná ar chláir thábhachtacha eile de chuid an Aontais. Cuireann CnaR i bhfáth an gá atá le CAI a threisiú go suntasach chun gnóthachain éifeachtúlachta a áirithiú agus, ag an am céanna, na costais riaracháin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a choimeád chomh híseal agus is féidir.

4.

Is díol sásaimh do CnaR go moltar méadú a dhéanamh ar an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála mar go neartófar ar an gcaoi sin cumas an Aontais Eorpaigh freagairt do thubaistí nádúrtha agus do ghéarchéimeanna eile. Maidir leis sin, tá sé á chur i bhfáth ag CnaR a ábhartha atá an Cúlchiste do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha toisc go bhfuil mórthubaistí nádúrtha ag titim amach ar bhonn níos minice. Chuige sin, is díol sásaimh dó an méadú atá beartaithe ar an Ionstraim Sholúbthachta, arb ionstraim í sin atá an-úsáideach i gcoinne imeachtaí gan choinne agus a laghdaíonn na bacainní a bhaineann le CAI i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

5.

Is díol sásaimh do CnaR an méadú ar mhaoiniú don imirce agus do bhainistiú teorainneacha chun a áirithiú go bhfuil gach beartas tearmainn, imirce agus teorann an Aontais leordhóthanach. Leagann CnaR béim ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh agus iad oiriúnaithe go sonrach chun dúshláin in údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhainistiú agus a mhaolú. Is díol mór sásaimh do CnaR an méadú ar mhaoiniú ar mhaithe leis an gcaidreamh seachtrach chomh maith le Saoráid na hÚcráine (1) atá le tabhairt isteach, saoráid ba cheart a mhaoiniú de bhreis ar uasteorainneacha CAI trí bhíthin Chúlchiste na hÚcráine. Is cúis aiféala dó, áfach, gur lú na hacmhainní airgeadais dá bhforáiltear faoin gCúlchiste ná an tacaíocht airgeadais atá ann faoi láthair agus, mar sin, tá sé ag iarraidh go n-ardófaí an t-imchlúdach go EUR 60 000 milliún.

6.

Is oth le CnaR nach bhfuil ina chuid den athbhreithniú atá beartaithe ar CAI a thuilleadh acmhainní a leithdháileadh go díreach ar na cathracha agus na réigiúin, trí bhíthin leithéidí Mhisean an Aontais maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, Mhisean an Aontais maidir leis an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Chúnant na Méaraí, chun borradh a chur faoi chur chun feidhme na dtionscal de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar an láthair. Cuireann sé i bhfáth nach ann fós d’fhorálacha maidir le nósanna imeachta meara i dtaca le cistiúchán le haghaidh na gcathracha agus na réigiúin a bhfuil páirt á glacadh acu i dtionscnaimh de chuid an Aontais agus atá tiomanta go polaitiúil do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach.

7.

Tugann sé dá aire na méaduithe atá beartaithe faoi cheannteideal 7 arb é is aidhm dóibh acmhainneacht riaracháin na n-institiúidí Eorpacha uile a threisiú, ionas gur féidir leo na tascanna nua a thabharfar dóibh a dhéanamh.

8.

Aithníonn CnaR ról ríthábhachtach na n údarás áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme na mbeartas Eorpach agus cuireann sé i bhfáth gur gá acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh orthu lena chur ar chumas na n údarás sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar leith atá roimh na réigiúin bheagfhorbartha. Iarrann sé go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar an tacaíocht airgeadais atá ann do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena chinntiú gur féidir leo páirt éifeachtach a ghlacadh i dtionscnaimh straitéiseacha an Aontais.

9.

Tugann CnaR dá aire go bhfuil cuid mhór de na harduithe ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá á moladh ag an gCoimisiún dírithe ar sholúbthacht CAI agus solúbthacht bhuiséad an Aontais a fheabhsú chun freagairt d’imeachtaí agus d’imthosca gan choinne. Cé gur díol sásaimh do CnaR cur chuige ‘oirbheartaíoch’ an Choimisiúin, tá sé á chur i bhfáth aige gur cosúil gur réiteach gearrthéarmach atá ann seachas freagra struchtúrach lena dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna a thagann chun cinn arís agus arís eile maidir le struchtúr CAI féin. Chuige sin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an gceist struchtúrach seo i dtaca le CAI tar éis 2027.

10.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR nár mhór féachaint chuige nach n-úsáidfí an beartas comhtháthaithe le haon tosaíocht a mhaoiniú seachas na tosaíochtaí sin a leagtar amach sna cláir beartais comhtháthaithe (lena n-áirítear tosaíochtaí STEP), go háirithe murarbh ann d’aon chomhaontú maidir le hacmhainní breise mar a leagtar amach sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar CAI.

11.

I dtaca le hAirteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arb é bunús dlí an rialacháin lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil é, tugann CnaR dá aire nach ndéantar foráil ann maidir le dul i gcomhairle le CnaR agus, dá dheasca sin, go gcuirtear srian leis ar shainchumas CnaR anailís a dhéanamh ar athbhreithniú meántéarmach CAI, go háirithe i dtaca lena chomhoiriúinacht do phrionsabal na coimhdeachta.meán Dá bhrí sin, tá CnaR ag súil go dtabharfar isteach comhairliúchán éigeantach i gcás athchóiriú ar na conarthaí. In ainneoin na hiarrata sin, aithníonn CnaR go raibh sé ina sheolaí de chuid theachtaireacht an Choimisiúin maidir leis an athbhreithniú meántéarma. Lena chois sin, creideann CnaR go ndéanann an togra ón gCoimisiún breisluach Eorpach a chur ar fáil agus go dtagann sé le prionsabal na coimhdeachta, go háirithe i gcás sonrach Shaoráid na hÚcráine, i bhfianaise go bhfuil an damáiste a rinneadh don Úcráin chomh mór sin nach bhféadfadh aon Bhallstát amháin na costais a sheasamh agus gurb é an tAontas is fearr is féidir a chumas iasachtaí a fháil a ghiaráil d’fhonn iasachtaí a thabhairt don Úcráin ar bhonn téarmaí fabhracha.

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus acmhainní dílse

12.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR go bhforáiltear in Airteagal 311 CFAE go maoineofar buiséad an Aontais go hiomlán as acmhainní dílse, gan dochar d’ioncam eile. Tá CnaR ag tathant ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh a luaithe is féidir maidir leis na tograí a bhaineann leis an bpacáiste coigeartaithe le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse. Tá sé á chur in iúl aige go mbaineann an-tábhacht ar fad le fáltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua chun feidhmiú cuí an Aontais Eorpaigh agus aisíocaíocht fhiachas NGEU a ráthú gan cláir eile de chuid an Aontais a chur i mbaol. Tá sé á thabhairt chun suntais ag CnaR a thábhachtaí atá sé an treochlár a comhaontaíodh a chur chun feidhme ionas go bhféadfar acmhainní dílse nua faoi bhuiséad an Aontais a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille.

Maidir le STEP

13.

Tá sé á chur in iúl ag CnaR go bhfuil éagsúlacht ann maidir leis na cumhachtaí institiúideacha atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais Eorpaigh agus gur cheart an chinnteoireacht a dhéanamh ar an leibhéal rialtais ab fhearr a bheadh éifeachtacht léi. Tá sé den bharúil go bhfuil baol ann go dtiocfadh an togra faoi rialú ag an stát agus nach gcomhlíonfadh sé prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Molann sé don Choimisiún dul i ndlúthchomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus beartais á gceapadh agus á gcur chun feidhme aige a dhéanfadh difear do na réigiúin sin.

14.

Dar le CnaR, is mór an trua é nach ndearna an Coimisiún aon mheasúnú tionchair chríochaigh ar thogra STEP. Is díol mór sásaimh gur eagraigh CnaR Measúnú Tionchair Chríochaigh lena dearbhaíodh go bhféadfaí an maoiniú ó na cláir a threisítear le STEP agus na teicneolaíochtaí criticiúla spriocdhírithe a chomhchruinniú sna réigiúin agus sna Ballstáit chéanna. Tugann sé dá aire, lena chois sin, i dtaca leis an measúnú ar riachtanais maidir leis an infheistíocht ar baineadh leas as mar dhoiciméad tagartha chun údar a thabhairt le STEP agus a foilsíodh i mí an Mhárta 2023, nach dtéitear i ngleic ann ar bhealach ar bith le gné chríochach na riachtanas infheistíochta ná nach ndéantar iarracht ann an tionchar atá acu ó thaobh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de. Tá imní mór air, dá dheasca sin, go bhfuil an togra maidir le STEP ag teacht leis an bprionsabal gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú. Iarrann sé ar na Ballstáit agus ar Pharlaimint na hEorpa na torthaí ón Measúnú Tionchair Chríochaigh a chur san áireamh le linn a gcaibidlíochta.

15.

Is cúis mhór aiféala do CnaR nach bhforáiltear d’aon sásra ar leith faoi STEP chun rannpháirtíocht nithiúil na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a áirithiú sa phróiseas roghnúcháin le haghaidh tionscadail ar a mbronnfaí lipéad ‘Séala Ceannasachta’. Iarrann CnaR go mbunófaí sásra ar leith chun an rannpháirtíocht sin a áirithiú. Tá CnaR buartha go ngéarófaí tuilleadh ar lárú na cumhachta agus go méadódh an t-iomaíochas idir réigiúin an Aontais in áit comhtháthú an Aontais ina iomláine a threisiú mar gheall ar na sásraí atá molta chun tionscadail ‘Séala Ceannasachta’ a roghnú.

16.

Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR gur spreagadh na Ballstáit an iomaí uair (2) ó thús thréimhse reatha na gclár leasú a dhéanamh ar a gcláir oibríochtúla chun freastal ar thosaíochtaí polaitiúla nach rabhthas ag súil leo ar dtús. Is mian le CnaR a chur i bhfáth go bhféadfadh sé go n-imeodh an beartas ó na spriocanna fadtéarmacha a bhí i gceist leis mar gheall air sin, agus go gcuirfí ualach riaracháin trom ar na húdaráis bhainistíochta ag an am céanna. Is údar mór imní dó, i dtaca le STEP, go mbeadh sé mar thoradh ar an ngníomhaíochta atheagrúcháin seo in an chuid cásanna, go ndéanfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tionscail infheistíochta fadtéarmaí a chur i leataobh ar tionscadail iad a ceapadh go cúramach agus de réir phrionsabal na comhpháirtíochta, ar mhaithe le tionscadail infheistíochta nua arna roghnú de réir cláir a ndéantar bainistiú lárnach Eorpacha orthu. Cáineann CnaR, mar sin, an treocht sin go géar ar an ábhar gur sárú glan é ar phrionsabal an rialachais il-leibhéil arb é bun agus barr an bheartais comhtháthaithe é. Tá sé á chur in iúl an athuair ag CnaR go bhfuil sé den tuairim nár cheart úsáid a bhaint as ionstraimí beartais comhtháthaithe mar phota óir le freastal ar riachtanais phráinneacha agus riachtanais gan choinne.

17.

Cuireann CnaR i bhfios na dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú do na réigiúin uile. Mar sin féin, níl CnaR cinnte in aon chor go neartófar an comhtháthú trí ionstraimí beartais comhtháthaithe a chur ar fáil do chuideachtaí móra i réigiúin san Aontas atá forbartha go maith ach a bhfuil ráta olltáirgeachta intíre per capita acu atá faoi bhun an mheánráta san Aontas. Tugann sé dá aire gur mór idir an togra atá faoi chaibidil anseo agus torthaí an ochtú Tuarascáil faoin gComhtháthú agus an fhianaise charnach i dtaca le sáinn forbraíochta cuid de na réigiúin san Aontas agus an bhearna taighde agus nuálaíochta atá ag dul i méid idir réigiúin an Aontais, rud ar ar leagadh béim. Molann sé, dá bhrí sin, na forálacha sin a scriosadh in Airteagal 10(4).

18.

Tréaslaíonn CnaR leis an gCoimisiún an rún dá chuid neartú a dhéanamh ar iomaíochas gheilleagair an Aontais sa mhargadh domhanda trí infheistíochtaí i bhforbairt, monarú agus slabhraí luacha teicneolaíochtaí criticiúla a chur chun cinn agus a neartú. Ina ainneoin sin, tá sé den tuairim nach bhfuil an uile bheart atá beartaithe iomchuí le laigí reatha roinnt Ballstát ó thaobh iomaíochais de a chúiteamh, go háirithe sna réigiúin is lú forbairt. Is díol mór iontais do CnaR nach ndearna an Coimisiún anailís chuimsitheach ex-ante a chur i láthair ar an tionchar comhcheangailte a bhí ag an maolú a rinneadh le déanaí ar na rialacha maidir leis an státchabhair agus ag togra STEP ar an gcothrom iomaíochta sa mhargadh aonair.

19.

Sa chomhthéacs seo, cé go dtuigeann CnaR go bhfuil sé inmhianaithe infheistíochtaí a dhreasú, cuireann sé i bhfáth gur mó a chabhróidh an méadú go 100 % ar an gcómhaoiniú le haghaidh thosaíochtaí STEP leis na réigiúin is mó forbairt agus go laghdóidh sé sin tionchar foriomlán an bheartais comhtháthaithe.

20.

Aithníonn CnaR go bhféadfadh sé go mbeadh sé ina thoradh neamh aireach ar an gcomhchistiú a mhéadú go 100 % le haghaidh thosaíochtaí STEP go dtabharfaí buntáiste do na réigiúin is forbartha, rud a d’fhéadfadh baint ó thionchar foriomlán an bheartais chomhtháthaithe. Iarrann sé go mbeadh cur chuige caolchúiseach ann, cur chuige lena n-áiritheofaí go mbeadh na rátaí cómhaoinithe saincheaptha do riachtanais shonracha agus leibhéil forbartha na réigiún difriúil, rud a chuirfeadh le héifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe tacaíocht a thabhairt do na limistéir bheagforbartha.

Solúbthachtaí breise le cláir bheartas comhtháthaithe 2014-2020 a chur chun feidhme

21.

Is díol mór sásaimh do CnaR go bhfuil sé beartaithe síneadh 12 mhí a chur leis na spriocamanna i dtaca leis an doiciméadacht maidir le dúnadh a chur isteach faoi thréimhse 2014-2020 na gclár i leith Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) araon óir fágann sé go mbeidh an t-am ann chun an tréimhse 2014-2020 a thabhairt chun críche agus, san am céanna, dlús a chur le cur chun feidhme na tréimhse 2021-2027. Tá sé ag tathant ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú maidir leis na leasuithe seo a luaithe is féidir ionas go mbeidh na húdaráis bhainistíochta in ann réamhmheastacháin a dhéanamh. Chuige sin, iarrann CnaR, go ndéanfaí na solúbthachtaí atá beartaithe a fhormheas faoi nós imeachta aonair ad hoc atá neamhspleách ar Rialachán STEP. Cuireann sé i bhfios freisin go dtabharfar níos mó ama leis an síneadh sin d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla na cistí le haghaidh dícharbónú agus éagsúlú na ngeilleagar a úsáid chun cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach.

22.

Molann CnaR freisin don Choimisiún Eorpach cuimhneamh ar an mbuiséadú rannpháirtíochta a thabhairt isteach sa chéad bheartas comhtháthaithe eile: d’fhéadfaí 1 % d’imchlúdach na gclár réigiúnach a chaitheamh ar an mbuiséadú rannpháirtíochta d’fhonn úinéireacht na saoránach a mhéadú agus beartais an Aontais a dhéanamh ní b’fheiceálaí i measc mhuintir na hEorpa.

An Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú, COM(2023) 338 final, an Bhruiséil, 20.6.2023.

(2)  REPowerEU, FAST CARE agus Gníomh mar thaca le Táirgeadh Lóin Airm.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1331/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)