Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1303 |
11.12.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Deireadh Fómhair 2023 – Contorno Textil v EUIPO – Harmont & Blaine (GILBERT TECKEL)
(Cás T-773/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear broc-chú ón taobh, GILBERT TECKEL - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear broc-chú ón taobh - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil)
(C/2023/1303)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Contorno Textil, SL (Almedinilla, an Spáinn) (ionadaithe: E. Sugrañes Coca agus C. Sotomayor Garcia, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Stoyanova-Valchanova agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Harmont & Blaine SpA (Caivano, an Iodáil) (ionadaí: A. Mascetti, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí athrú agus, mar mhalairt air sin, go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 372/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Contorno Textil, SL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Harmont & Blaine SpA a íoc. |
3) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1303/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)