|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1300 |
11.12.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Deireadh Fómhair 2023 – Productos Ibéricos Calderón y Ramos v EUIPO – Hijos de Rivera (ESTRELLA DE CASTILLA)
(Cás T-384/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ESTRELLA DE CASTILLA - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh Estrella Galicia - Foras coibhneasta le diúltú - Damáiste do chlú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(C/2023/1300)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Productos Ibéricos Calderón y Ramos, SL (Guijuelo, an Spáinn) (ionadaí: J. Erdozain López, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Hijos de Rivera, SA (La Corogne, an Spáinn) (ionadaithe: I. Pascual de Quinto Santos-Suárez agus B. Ganso Carpintero, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Aibreán 2022 (Cás R 1576/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Ibéricos Calderón y Ramos, SL na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1300/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)