|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1263 |
29.11.2023 |
Glao ar thograí 2024 — EAC/A11/2023
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
(C/2023/1263)
1. Réamhrá agus cuspóirí
Tá an glao seo ar thograí bunaithe ar Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (1), agus ar Chlár Oibre Bliantúil 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (C(2023)5902) chomh maith. Clúdaíonn Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh an tréimhse 2021 go 2027. Liostaítear cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh in Airteagal 3 den Rialachán.
2. Gníomhaíochtaí
Clúdaíonn an glao seo ar thograí na gníomhaíochtaí seo a leanas de chuid chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:
|
— |
Tionscadail Saorálaíochta, |
|
— |
Foirne Saorálaíochta i Réimsí Ardtosaíochta, |
|
— |
Tionscadail Dlúthpháirtíochta, |
|
— |
Marc Cáilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí saorálaíochta dlúthpháirtíochta, |
|
— |
Marc Cáilíochta le haghaidh saorálaíocht i réimse na cabhrach daonnúla, |
|
— |
Saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. |
3. Incháilitheacht
Féadfaidh aon eintiteas poiblí nó príobháideach, bíodh sé neamhbhrabúsach nó brabúsach, áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, cur isteach ar chistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ina theannta sin, féadfaidh grúpaí daoine óga atá cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh Tionscadail Dlúthpháirtíochta.
Féadfaidh na tíortha seo a leanas (2) páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí uile an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:
|
— |
na 27 mBallstát den Aontas Eorpach agus na Tíortha agus na Críocha Thar Lear de chuid an Aontais, |
|
— |
tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár:
|
Ina theannta sin, is féidir le heintitis atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh.
Féach Treoir 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le haghaidh tuilleadh mionsonraí maidir le módúlachtaí na rannpháirtíochta.
4. Buiséad agus fad na dTionscadal
Meastar gurb é EUR 145 000 000 an buiséad iomlán atá curtha in áirithe don ghlao seo ar thograí.
An buiséad iomlán atá curtha in áirithe don ghlao ar thograí, chomh maith lena athroinnt, léirítear é i gClár Oibre Bliantúil 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a glacadh an 05 Meán Fómhair 2023, agus féadfar é a mhodhnú faoi réir leasú ar Chlár Oibre Bliantúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Iarrtar ar iarratasóirí féideartha dul i gcomhairle go rialta le Cláir Oibre Bhliantúla an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a leasuithe, a fhoilsítear ar: https://europa.eu/youth/solidarity/organisations/reference-documents-resources.
Braitheann na deontais a bhronntar agus fad na dtionscadal ar fhachtóirí amhail cineál an tionscadail agus cineál na n-iarratasóirí incháilithe.
5. Sprioc-am maidir le hIarratais a chur isteach
Tagann deireadh leis an sprioc-am maidir le tíolacadh na n-iarratas a shonraítear thíos ar 12.00 (nóin), am na Bruiséile.
|
Tionscadail Saorálaíochta |
an 20 Feabhra 2024 |
|
(babhta roghnach) an 1 Deireadh Fómhair 2024 |
|
|
Tionscadail Dlúthpháirtíochta |
an 20 Feabhra 2024 |
|
(babhta roghnach) an 7 Bealtaine 2024 |
|
|
an 1 Deireadh Fómhair 2024 |
Tagann deireadh leis an sprioc-am maidir le tíolacadh na n-iarratas a shonraítear thíos ar 17.00, am na Bruiséile.
|
Foirne Saorálaíochta i Réimsí Ardtosaíochta |
an 8 Feabhra 2024 |
|
Saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil |
an 16 Aibreán 2024 |
Is féidir iarratais ar na Marcanna Cáilíochta a chur isteach ar bhonn leanúnach.
Féach Treoir 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le haghaidh treoracha mionsonraithe maidir le hiarratais a chur isteach.
6. Mionsonraí iomlána
Tá coinníollacha mionsonraithe an ghlao seo ar thograí, lena n-áirítear tosaíochtaí, le fáil i dTreoirleabhar 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ag an seoladh idirlín seo a leanas: https://europa.eu/youth/solidarity/organisations/calls-for-proposals
Tá Treoirleabhar 2024 de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ina dhlúthchuid den ghlao seo ar thograí agus tá feidhm iomlán ag na coinníollacha rannpháirtíochta agus cistiúcháin a léirítear ann maidir leis an nglao seo.
(1) IO L 202, 8.6.2021, lch. 32.
(2) Eintitis atá bunaithe go dleathach agus daoine atá ina gcónaí go dleathach sna tíortha sin.
(3) Faoi réir shíniú na gComhaontuithe Comhlachais déthaobhacha.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1263/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)