Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1262 |
28.11.2023 |
Glao ar thograí 2024 — EAC/A07/2023
Clár Erasmus+
(C/2023/1262)
1. Réamhrá agus Cuspóirí
Tá an glao seo ar thograí bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt (1) (dá ngairtear ‘Rialachán Erasmus+’ anseo feasta), agus ar Chlár Oibre Bliantúil 2024 Erasmus+ (C(2023)6157). Cumhdaíonn an Clár Erasmus+ an tréimhse 2021 go 2027. Liostaítear cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár Erasmus+ in Airteagal 3 de Rialachán Erasmus+.
2. Gníomhartha
Cumhdaítear leis an nglao seo ar thograí na gníomhartha seo a leanas de chuid Chlár Erasmus+:
|
Príomhghníomh 1 – Soghluaisteacht foghlama daoine aonair:
|
|
Príomhghníomh 2 – Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí
|
|
Príomhghníomh 3 – Tacaíocht don fhorbairt beartas agus don chomhar
|
|
Gníomhartha Jean Monnet:
|
3. Incháilitheacht
Féadfaidh aon chomhlacht príobháideach nó poiblí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt iarratas a chur isteach ar mhaoiniú laistigh den Chlár Erasmus+. Ina theannta sin, féadfaidh grúpaí daoine óga atá gníomhach san obair don óige, ach nach gá gur i gcomhthéacs eagraíocht óige atá an obair sin á déanamh, iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh soghluaisteacht foghlama daoine óga agus oibrithe don óige, le haghaidh gníomhaíochtaí óige agus le haghaidh Ghníomh um Chuimsiú DiscoverEU.
Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhartha uile Chlár Erasmus+ (2):
— |
27 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus tíortha agus críocha thar lear, |
— |
tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár:
|
Ina theannta sin, tá gníomhartha áirithe de chuid Chlár Erasmus+ oscailte d’eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.
Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ 2024 chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na módúlachtaí maidir le rannpháirtíocht.
4. Buiséad agus fad na dtionscadal
Tá buiséad measta EUR 3 681,76 milliún curtha i leataobh don ghlao seo ar thograí:
Oideachas agus Oiliúint: |
EUR |
3 256,61 milliún |
An óige: |
EUR |
336,28 milliún |
Spórt: |
EUR |
63,12 milliún |
Jean Monnet: |
EUR |
25,75 milliún |
An buiséad iomlán atá curtha i leataobh don ghlao ar thograí, chomh maith le cionroinnt an bhuiséid sin, tugtar le fios é i gClár Oibre Bliantúil 2024 Erasmus+, a glacadh an 18 Meán Fómhair 2023, agus féadfar é a mhodhnú faoi réir leasú a dhéanamh ar Chlár Oibre Bliantúil Erasmus+. Iarrtar ar iarratasóirí féideartha breathnú go rialta ar Chlár Oibre Bliantúil Erasmus+ agus ar na leasuithe a dhéantar air, a fhoilsítear ar:
|
https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/annual-work-programmes_ga |
Is éagsúil leibhéil na ndeontas a bhronntar agus fad na dtionscadal, ag brath ar thosca amhail an cineál tionscadail, an cineál iarratasóra atá incháilithe, agus líon na gcomhpháirtithe lena mbaineann.
An obair a dhéanann saorálaithe faoi ghníomh ar leith, féadfaidh na tairbhithe costais as an obair sin a dhearbhú ar bhonn na gcostas aonaid a údarófar agus a shaineofar i gcomhréir le Cinneadh (2019)2646 ón gCoimisiún. Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ chun treoracha mionsonraithe a fháil maidir le hincháilitheacht chostais an tsaorálaí.
5. An sprioc-am le hiarratais a chur isteach
Is ag am na Bruiséile a shocraítear na sprioc-amanna ar fad leis na hiarratais a shonraítear thíos a chur isteach.
Príomhghníomh 1 |
|
Soghluaisteacht daoine i réimse an ardoideachais |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Soghluaisteacht daoine aonair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, i réimse an oideachais scoile agus i réimse an oideachais aosaigh |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Soghluaisteacht idirnáisiúnta lena mbaineann tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Creidiúnú Erasmus sa ghairmoideachais agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile agus san oideachas aosach |
1 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 |
Creidiúnú Erasmus i réimse na hóige |
1 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 |
Soghluaisteacht daoine i réimse na hóige |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Soghluaisteacht daoine i réimse na hóige |
1 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 |
Gníomh Cuimsithe DiscoverEU |
20 Feabhra 2024 ar 12:00 |
Malartuithe fíorúla sa réimse ardoideachais agus óige |
25 Aibreán 2024 ar 17:00 |
Príomhghníomh 2 |
|
Comhpháirtíochtaí comhair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, seachas iad siúd a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha isteach |
5 Márta 2024 ar 12:00 |
Comhpháirtíochtaí comhair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha isteach |
5 Márta 2024 ar 17:00 |
Comhpháirtíochtaí comhair i réimse an spóirt |
5 Márta 2024 ar 17:00 |
Comhpháirtíochtaí comhair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, seachas iad siúd a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha isteach |
1 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 |
Comhpháirtíochtaí mionscála i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige |
5 Márta 2024 ar 12:00 |
Comhpháirtíochtaí mionscála i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige |
1 Deireadh Fómhair 2024 ar 12:00 |
Comhpháirtíochtaí mionscála i réimse an spóirt |
5 Márta 2024 ar 17:00 |
Ionaid Barr Feabhais Gairme |
7 Bealtaine 2024 ar 17:00 |
Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ |
6 Meitheamh 2024 ar 17:00 |
Gníomh Erasmus Mundus |
15 Feabhra 2024 ar 17:00 |
Comhghuaillíochtaí don Nuálaíocht |
7 Márta 2024 ar 17:00 |
Fothú acmhainneachta i réimse an Ardoideachais |
8 Feabhra 2024 ar 17:00 |
Fothú acmhainneachta i réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna |
29 Feabhra 2024 ar 17:00 |
Fothú acmhainneachta i réimse na hÓige |
6 Márta 2024 ar 17:00 |
Fothú acmhainneachta i réimse an Spóirt |
5 Márta 2024 ar 17:00 |
Imeachtaí Spóirt Seachbhrabúsacha Eorpacha |
5 Márta 2024 ar 17:00 |
Príomhghníomh 3 |
|
Óige na hEorpa le Chéile |
7 Márta 2024 ar 17:00 |
Gníomhartha agus Líonraí Jean Monnet |
1 Feabhra 2024 ar 17:00 |
Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ chun treoracha mionsonraithe a fháil maidir le hiarratais a chur isteach.
6. Sonraí iomlána
Tá coinníollacha mionsonraithe an ghlao seo ar thograí, tosaíochtaí san áireamh, le fáil i dTreoirleabhar Chlár Erasmus+ 2024 ag an seoladh idirlín seo a leanas:
|
http://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/programme-guide |
Tá Treoirleabhar Chlár Erasmus+ ina dhlúthchuid den ghlao seo ar thograí agus tá feidhm iomlán maidir leis an nglao seo ag na coinníollacha rannpháirtíochta agus cistithe a shonraítear ann.
(1) IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.
(2) Tá gníomhaíochtaí Jean Monnet oscailte d’eagraíochtaí ar fud an domhain.
(3) Faoi réir shíniú na gComhaontuithe Comhlachais déthaobhacha
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1262/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)