European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1235

21.12.2023

P9_TA(2023)0212

Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Ildikó Gáll-Pelcz

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir le hainmniú Ildikó Gáll-Pelcz mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0126/2023 – 2023/0803(NLE))

(Comhairliúchán)

(C/2023/1235)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0126/2023),

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0197/2023),

A.

de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 3 Aibreán 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Ildikó Gáll-Pelcz a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Ildikó Gáll-Pelcz, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Ildikó Gáll-Pelcz chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuichi;

C.

de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Ildiko Gáll-Pelcz ina dhiaidh sin an 24 Bealtaine 2023, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Ildikó Gáll-Pelcz ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1235/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)