European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1234

21.12.2023

P9_TA(2023)0211

Socrú le Poblacht na hÍoslainne maidir le modúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an tSocraithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (18125/2013 – C9-0008/2023 – 2013/0425(NLE))

(Toiliú)

(C/2023/1234)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (18125/2013),

ag féachaint don dréachtsocrú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (18123/2013),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 74 agus Airteagal 78(1) agus (2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0008/2023),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0175/2023),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an tSocraithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na hÍoslainne.

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1234/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)