|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1212 |
29.11.2023 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
lena leasaítear na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, a mhéid a bhaineann leis an tréimhse cur i bhfeidhm
(C/2023/1212)
(1)
Tá na Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (1) (‘na Treoirlínte’) le dul in éag ag deireadh 2023.
(2)
Chun intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, le linn a bheith ag ullmhú do nuashonrú féideartha ar na Treoirlínte, is gá agus is iomchuí síneadh ama a chur leis an tréimhse ar lena linn a bheidh siad le cur i bhfeidhm ar feadh 2 bhliain.
(3)
Ag féachaint don mhéid thuas, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 135 de na Treoirlínte:|
‘135. |
Cuirfidh an Coimisiún na treoirlínte sin i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2014 go dtí an 31 Nollaig 2025’. |
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1). arna leasú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le síneadh ama a chur leis na Treoirlínte agus maidir le leasuithe na dTreoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach do 2014-2020, Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn, Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020, Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, Teachtaireacht maidir leis na critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá státchabhair chun tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn, Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat do státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta agus Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach (IO C 224, 8.7.2020, lch. 2).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1212/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)