European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1190

24.11.2023

FÓGRA ón gCOIMISIÚN

Ceisteanna agus freagraí maidir le cur chun feidhme forálacha nua de chuid an Aontais i ndáil le lipéadú fíona tar éis an leasaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(C/2023/1190)

Soláthraítear leis an doiciméad seo freagraí teicniúla ar cheisteanna a fuair ranna an Choimisiúin, agus a pléadh le saineolaithe ó Bhallstáit, i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le fíonta a lipéadú a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear ‘Rialachán CEM leasaithe’ anseo feasta).

Beartaítear leis an doiciméad seo cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta agus do ghnólachtaí le cur i bhfeidhm na reachtaíochta seo de chuid an Aontais. Níl ach Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.

Clár Ábhar

Ceisteanna Ginearálta 1
Liosta na gComhábhar 4
Dearbhú Cothúcháin 7
Lipéadú Leictreonach 9

Ceisteanna Ginearálta

1)   Cad é an gaol idir Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le lipéadú liosta na gcomhábhar agus an dearbhú cothúcháin?

Sonraítear le hAirteagal 118 de Rialachán CEM maidir le hinfheidhmeacht na rialacha cothrománacha go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (dá ngairtear ‘Rialachán FBT’ anseo feasta) maidir le lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona, mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán CEM. Fágtar leis sin, in éagmais rialacha sonracha leagtha síos sa reachtaíocht fíona earnála, beidh feidhm ag na rialacha ginearálta maidir le lipéadú agus cur i láthair, mar a leagtar síos i Rialachán FBT. Ar an gcaoi chéanna, tá an riail chéanna in Airteagal 1 de Rialachán FBT, lena bhforáiltear go bhfuil feidhm ag Rialachán FBT gan dochar do na ceanglais maidir le lipéadú dá bhforáiltear i bhforálacha sonracha an Aontais, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le bianna áirithe.

Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis an dearbhú cothúcháin, tá feidhm ag forálacha FBT, go háirithe na forálacha ábhartha Airteagail 30 go 35 de Rialachán FBT, ach amháin an riail shonrach a shainmhínítear i Rialachán CEM leasaithe lena gceadaítear teorainn luach an fhuinnimh a chur leis an dearbhú cothúcháin ar an bpacáiste nó ar an lipéad agus soláthar an dearbhaithe cothúcháin iomláin trí mheán leictreonach.

A mhéid a bhaineann le liosta na gcomhábhar, tá feidhm ag rialacha FBT freisin, go háirithe na forálacha ábhartha in Airteagail 18, 20, 21(1) agus 22 agus Iarscríbhinní VI go VIII, ach amháin na rialacha sonracha a leagtar síos i Rialachán CEM leasaithe lena gceadaítear liosta na gcomhábhar a chur i láthair trí mheán leictreonach, agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 (4) ón gCoimisiún, go háirithe Airteagal 40 (cur i láthair ar an lipéad), Airteagal 41 (lipéadú substaintí ailléirgineacha), Airteagal 48a (sonrú comhábhar fíona agus an téarma atá le húsáid) agus Iarscríbhinn I (téarmaí le haghaidh substaintí ailléirgineacha).

2)   Conas ba cheart an fhaisnéis éigeantach nua a chur i láthair ar an lipéad?

Mar shonraí éigeantacha a leagtar síos in Airteagal 119 de Rialachán CEM leasaithe, ní mór an dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar a chur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 40(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, i.e., i réimse radhairc céanna an choimeádáin leis na sonraí éigeantacha eile, a bheith inléite go comhuaineach gan gá an coimeádán a chas, i gcarachtair dhoscriosta agus ní mór iad a bheith indealaithe go soiléir ón téacs nó grafaicí atá timpeall orthu.

I gcás ina gcuirtear an fhaisnéis éigeantach uile i láthair ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá curtha i gceangal leis, is iad seo a leanas na sonraí éigeantacha atá le bheith sa réimse radhairc céanna dá bhrí sin: i) ainmniúchán chatagóir an táirge fíniúna (lena n-áirítear, más ábhartha, an téarma ‘díalcólaithe’/‘díalcólaithe go pointe áirithe’) in éineacht leis an eisceacht dá ndéantar foráil in Airteagal 119(2) de Rialachán CEM le haghaidh fíonta áirithe ag a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint; ii) an téarma ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) nó tásc geografach faoi chosaint (TGFC) agus a hainm, le haghaidh fíonta ag a bhfuil ATFC/TGFC; iii) an neart alcóil iarbhír de réir toirte; iv) tásc na bunáitíochta; v) ainm an bhuidéalaithe nó, le haghaidh catagóirí táirge áirithe (4, 5, 6, 7), ainm an táirgeora nó an díoltóra, de réir mar is ábhartha; vi) an glanmhéid; vii) an méid siúcra i gcás catagóirí fíonta súilíneacha (4, 5, 6, 7); viii) an dearbhú cothúcháin; ix) an liosta comhábhar; x) an dáta íosta marthanachta le haghaidh táirgí fíniúna ar a ndearnadh cóireáil díalcólúcháin.

I gcás ina sholáthraítear an dearbhú cothúcháin agus/nó liosta na gcomhábhar trí mheán leictreonach, ní mór an nasc (cód QR nó a leithéid) chuig an dearbhú cothúcháin agus/nó chuig liosta na gcomhábhar a chur i láthair ar an lipéad sa réimse radhairc céanna leis na sonraí éigeantacha eile.

I gcás ina sholáthraítear an dearbhú cothúcháin iomlán trí mheán leictreonach, ní mór an luach fuinnimh atá le cur ar taispeáint ar an bpacáiste nó ar an lipéad a chur i láthair sa réimse radhairc céanna leis na sonraí éigeantacha eile.

I gcás ina sholáthraítear liosta iomlán na gcomhábhar trí mheán leictreonach, ní mór na substaintí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a chur i láthair ar an bpacáiste nó ar an lipéad, ach ní gá go bhfuil siad sa réimse radhairc céanna le faisnéis éigeantach eile (tá feidhm ag maolú Airteagal 40(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33).

Tá feidhm freisin ag an maolú le haghaidh sonraí éigeantacha áirithe a bheith lasmuigh den réimse radhairc céanna a leagtar síos in Airteagal 40(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le tásc an allmhaireora, na huimhreach luchtóige, agus an dáta íosmharthanachta (i gcás fíonta díalcólaithe).

3)   Ag dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha lipéadaithe nua, cé acu na fíonta ag cén chéim margaíochta nach mór dóibh dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar a thaispeáint? E.g., fíon in umar/i gceaig/i mbairillí nó fíon buidéalaithe amháin?

Mar riail ghinearálta, ní mór feidhm a bheith ag na sonraí éigeantacha nua sin maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh ón dáta chur i bhfeidhm féin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2117, i.e., 8 Nollaig 2023. Mar sin féin, féadfar fíonta a ‘táirgeadh’ roimh an dáta sin a chur ar an margadh fós agus na ceanglais maidir le lipéadú a raibh infheidhme roimh 8 Nollaig 2023 a chomhlíonadh, go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

I gcomhréir le Rialachán FBT, Airteagal 2, ciallaíonn ‘faisnéis shainordaitheach bhia’ na sonraí is gá a sholáthar don tomhaltóir deiridh; tá feidhm aige sin gan beann ar an gcoimeádán lena margaítear an bia. Tá feidhm ag an bhforáil seo freisin maidir le fíon. Freagracht na n-oibreoirí sa slabhra soláthair maidir le lipéadú agus cur i láthair, soláthraítear le hAirteagal 8 den FBT í, agus i mír 7 go háirithe.

4)   Cathain is féidir fíon a mheas a bheith táirgthe?

De réir reachtaíocht an Aontais, ní chuimsíonn táirgeadh fíona coipeadh alcólach amháin ach d’fhéadfaí cur chun feidhme roinnt cleachtais fhíoneolaíocha a áireamh freisin. Déantar le hAirteagal 80 de Rialachán CEM tagairt do chleachtais fhíoneolaíocha atá le húsáid ‘i dtáirgeadh agus i gcaomhnú na dtáirgí a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII’, agus sonraítear leis a thuilleadh nach n-úsáidtear cleachtais fhíoneolaíocha ach chun fíonóireacht cheart, caomhnú ceart, nó feabhsú ceart an táirge a áirithiú. Déantar le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 (5) ón gCoimisiún an nasc céanna le táirgeadh agus caomhnú in Airteagal 1 (raon feidhme) agus Airteagal 3 (cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe).

Sa chomhthéacs seo, meastar go bhfuil táirge fíniúna ‘táirgthe’ nuair a bhaineann sé na saintréithe agus na ceanglais amach mar a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn VII de Rialachán CEM don chatagóir fíona lena mbaineann, lena n-áirítear trí chleachtais fhíoneolaíocha údaraithe a chur chun feidhme, nuair is ábhartha, bunaithe ar na rialacha a leagtar síos in Airteagal 80 agus Iarscríbhinn VIII den Rialachán sin.

Mar shampla, ciallaíonn ‘Fíon’ (catagóir 1) an táirge a fhaightear go heisiach ó choipeadh alcólach iomlán nó páirteach fíonchaor úr, cibé acu atá siad brúite nó nach bhfuil, nó d’úrfhíon fíonchaor. Ina theannta sin, ní mór gur bhain fíon an neart alcóil agus cion aigéid is gá amach, mar a leagtar amach i bpointe (1) de Chuid II d’Iarscríbhinn VII de Rialachán CEM.

I gcás ‘fíon súilíneach’ (catagóir 4) nuair a tháirgtear tríd an dara coipeadh alcólach, ní féidir é a mheas mar ‘táirgthe’ ach tar éis tharlú an dara coipeadh, agus go dtí gur bhain an táirge a choinníollacha nirt alcóil agus brú barrachais amach mar a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn VII de Rialachán CEM. Fíonóireacht shimplí na mbunfhíonta nó ullmhú an cuvée roimh 8 Nollaig 2023, ní bheadh siad ina n-údar díolúine a thabhairt ó lipéadú cothúcháin.

Tar éis táirgthe, de réir Airteagal 80 de Rialachán CEM, is féidir cleachtais fhíoneolaíocha eile a chur chun feidhme, chun críocha caomhnaithe chirt agus feabhsaithe chirt táirge fíniúna a áirithiú.

5)   Conas a d’fhíorófaí na rialacha lipéadaithe, maidir leis an ‘táirgthe’ go háirithe?

Luíonn forfheidhmiú na rialacha lipéadaithe fíona laistigh d’inniúlacht údaráis na mBallstát.

Ní mór, i bprionsabal, na fíonta uile intíre nó allmhairithe a chuirfear ar mhargadh an Aontais tar éis 8 Nollaig 2023, na ceanglais nua maidir le lipéadú a chomhlíonadh. Mar sin féin, féadfar fíonta a táirgeadh roimh 8 Nollaig 2023 (le haghaidh ‘táirgthe’ féach Ceist 4) a chur ar an margadh fós i gcomhréir le ceanglais maidir le lipéadú is infheidhme roimh an dáta sin, go dtí go mbeidh na stoic ídithe. A mhéid a bhaineann le fíonta allmhairithe, fíonta a allmhairítear roimh an dáta sin, meastar go bhfuil siad táirgthe roimhe sin agus dá bhrí sin tá siad incháilithe don díolúine seo.

Liosta na gComhábhar

6)   Cén fhoirm ba cheart a bheith ar an liosta comhábhar?

Tá feidhm ag rialacha ginearálta Rialachán FBT maidir le foirm liosta na gcomhábhar a chur i láthair, toisc nach sainítear aon riail shonrach le haghaidh fíona. Sainítear na rialacha sin in Airteagail 18 go 22 de FBT (féach an freagra ar Cheist 1). Maidir le cur i láthair an liosta:

Beidh ceannteideal ina bhfuil an focal ‘comhábhair’ roimh liosta na gcomhábhar.

Taispeánfar leis an liosta comhábhar in ord íslitheach de réir meáchain, mar a taifeadadh iad tráth a n-úsáide agus an bia á mhonarú. Féadfar na comhábhair ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe a liostú in ord eile i ndiaidh na gcomhábhar eile.

Déanfar comhábhair a ainmniú lena n-ainm sonrach, leis na heisceachtaí dá ndéantar foráil i Rialachán FBT agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 (e.g., ‘fíonchaora’ lena ndéantar tagairt don amhábhar).

7)   An bealach chun ainm a chur ar na breiseáin agus na háiseanna próiseála a úsáidtear i dtáirgeadh fíona? Ar cheart breiseáin a chur i láthair in éineacht lena bhfeidhm theicneolaíoch?

I gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn VII de Rialachán FBT, ní mór ainmniú na mbreiseán i liosta na gcomhábhar a dhéanamh de réir ainm a gcatagóire feidhmiúla, agus a n-ainm sonrach nó, más iomchuí, an E-uimhir ina dhiaidh sin. Ní bhunaítear leis na forálacha maidir le lipéadú fíona aon cheanglas tuilleadh chur i láthair ina leith sin.

Sainaithnítear i dTábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 liosta iomlán na mbreiseán agus na n-áiseanna próiseála is féidir a úsáid i dtáirgeadh fíona, grúpáiltear i gcatagóirí feidhmiúla ábhartha iad (Rialtáin aigéadachta, Leasaithigh/Frithocsaídeoirí, Oibreáin chobhsaitheacha, etc.) agus soláthraítear leis na téarma atá le húsáid chun ainm a thabhairt ar na catagóirí feidhmiúla agus na substaintí atá le liostú i liosta na gcomhábhar, atá le cur i láthair trí na hainmneacha sonraithe (colún 1) nó, de rogha air sin, E-uimhreacha na mbreiseán (colún 2).

In Airteagal 48a(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 déantar foráil maidir leis an rogha chun breiseáin a léiriú faoi na catagóirí ‘rialtáin aigéadachta’ agus ‘oibreáin chobhsaitheacha’ atá comhchosúil nó inionadaithe go frithpháirteach trí úsáid a bhaint as an abairt ‘…agus/nó istigh ann’, mar aon le trí bhreiseán ar a mhéad, i gcás ina ceann amháin acu ar laghad sa táirge deiridh.

8)   An é nach bhfuil ach breiseáin agus áiseanna próiseála ailléirgineacha le sonrú i liosta na gcomhábhar?

Meastar gur comhábhar iad na breiseáin bia i gcomhréir leis an sainmhíniú ginearálta ‘comhábhar’, mar a dhéantar foráil i Rialachán FBT (Airteagal 2(2)(f)), agus dá bhrí sin is dlúthchuid liosta na gcomhábhar iad breiseáin uile a úsáidtear i dtáirgeadh fíona. I gcomhréir le hAirteagal 20(b) de Rialachán FBT, ní gá breiseáin bia agus einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála a áireamh i liosta na gcomhábhar. Mar sin féin, déantar foráil in Airteagal 9(1)(c) den Rialachán céanna maidir le tásc éigeantach aon chomhábhar nó áis phróiseála ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí agus a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge agus atá fós sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe.

Leagtar amach na breiseáin agus na háiseanna próiseála uile a cheadaítear i dtáirgeadh fíona san Aontais i dTábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934.

Mar achoimre, breiseáin agus áiseanna próiseála uile ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí agus a úsáidtear i dtáirgeadh an fhíona lipéadaithe agus atá fós sa táirge críochnaithe, ní mór iad a bheith i liosta na gcomhábhar.

9)   Conas déileáil le substaintí ailléirgineacha sa lipéad?

Na substaintí uile ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí atá sa táirge críochnaithe, ní mór iad a shonrú ar an lipéad. Tá dhá fhéidearthacht ann maidir lena gcur i láthair ar an lipéad:

a)

I gcás ina gcuirtear an liosta comhábhar i láthair ar an lipéad, ní mór na substaintí uile ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a shonrú mar chomhábhair sa liosta comhábhar. Ní mór ainm na substainte nó ainm an táirge a chur i dtábhacht trí chlóchur a fhéadfar a idirdhealú go soiléir ón gcuid eile de liosta na gcomhábhar, mar shampla tríd an gcló, an stíl nó dath an chúlra, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán FBT.

b)

I gcás ina gcuirtear liosta na gcomhábhar i láthair trí mheán leictreonach, ní mór na substaintí uile ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a shonrú ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá curtha i gceangal leis. Ní mór na focail ‘ina bhfuil’ a bheith roimh a gcur i láthair, agus taispeánfar ainm na substainte comhfhreagraí / na substaintí comhfhreagracha nó an táirge chomhfhreagraigh / na dtáirgí comhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 41, le Airteagal 48a(4) agus le hIarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33. I gcás den sórt sin, ba cheart do liosta iomlán na gcomhábhar a chuirtear i láthair trí mheán leictreonach na rialacha céanna a chomhlíonadh mar a dtugtar tuairisc air i mír a).

10)   Má thugtar liosta comhábhar ina bhfuil substaintí ailléirgineacha ar an lipéad, an féidir faisnéis na hailléirgine a athshonrú i bhfoirm ‘ina bhfuil...’ nó trí phicteagram a úsáid?

Níor cheart an fhaisnéis maidir le substaintí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a athshonrú, gan dochar d’fhorálacha an Aontais atá ann cheana atá infheidhme maidir le bianna sonracha (6). Ceanglaítear le Rialachán FBT go sainráite nach mór faisnéis maidir le substaintí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a shonrú i liosta na gcomhábhar. In éagmais liosta comhábhar, ní mór na focail ‘ina bhfuil’ a bheith i sonrú na substaintí den sórt sin agus ainm na substainte nó ainm an táirge ina dhiaidh.

Le haghaidh fíona, tá úsáid picteagraim, mar phíosa roghnach faisnéise a ghabhann leis na sonraí éigeantacha faoi thagairt, an t-aon athshonrú féideartha atá fós ann, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

11)   Cad iad na rialacha le haghaidh substaintí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a shonrú sa lipéad?

Déantar foráil in Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir leis na téarmaí nach mór a úsáid chun substaintí nó táirgí áirithe is cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a lipéadú, dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán FBT, a mhéid a bhaineann le suilfítí, uibheacha agus táirgí ubh-bhunaithe agus bainne agus táirgí bainnebhunaithe. Liostaítear na téarmaí i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán céanna.

Ba cheart leanúint de na téarmaí sin a úsáid freisin i liosta na gcomhábhar ar chúiseanna comhsheasmhachta agus ag cur san áireamh go bhfuil cur amach ag tomhaltóirí orthu.

Déantar tagairt le hAirteagal 48a(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 do na substaintí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí, seachas iad sin a liostaítear in Airteagal 41, toisc nach gcumhdaítear substaintí ailléirgineacha aitheanta áirithe le hAirteagal 41. Sna cásanna an-teoranta sin, ní mór na substaintí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí a liostú i gcomhréir lena n-ainm sonrach, mar a leagtar amach i gcolún 1 de Thábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 (e.g., ‘próitéin chruithneachta’).

12)   Ar cheart na substaintí a úsáid le haghaidh saibhrithe a shonrú i liosta na gcomhábhar?

Ba cheart, meastar gur comhábhair iad na substaintí a úsáid le haghaidh saibhrithe de réir bhrí Airteagal 2(2)(f) de Rialachán FBT a mhéid a chuirtear isteach le linn an mhonaraithe iad agus atá siad sa táirge deiridh, fiú i bhfoirm athraithe, agus dá bhrí sin ba cheart iad a shonrú i liosta na gcomhábhar.

13)   Conas siúcra le haghaidh saibhrithe a lua i liosta na gcomhábhar?

Tugtar tuairisc ar phróisis agus substaintí saibhrithe údaraithe i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII de Rialachán CEM. I gcomhréir leis na rialacha a shainmhínítear le haghaidh liosta na gcomhábhar i gcomhair táirgí fíniúna in Airteagal 48a(2) de Rialachán (AE) 2019/33, is féidir an téarma ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’ a chur in ionad úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nó is féidir iad a grúpáil le chéile agus a bheith i liosta na gcomhábhar mar ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’ amháin. Ní mór siúcrós, an tsubstaint eile a cheadaítear le haghaidh saibhrithe, a liostú ar leithligh. Ceadaítear le Cuid B d’Iarscríbhinn VII de Rialachán FBT ‘cineálacha uile siúcróis’ a ainmniú leis an ainm ‘siúcra’, cé nach bhfuil an t-ainmniúchán sin éigeantach.

14)   An gá giostaí a liostú mar chomhábhair?

Ní gá giostaí a úsáidtear le haghaidh táirgeadh fíona a liostú mar chomhábhair. I gcomhréir le Tábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, úsáidtear mar áiseanna próiseála iad. I gcomhréir le hAirteagal 20(b)(ii) de Rialachán FBT, ní gá breiseáin a úsáidtear mar áiseanna próiseála a áireamh i liosta na gcomhábhar. Comhpháirteanna eile nó codanna giostaí a úsáidtear le feidhmeanna sainiúla i dtáirgeadh fíona, meastar gur áiseanna próiseála iad freisin agus dá bhrí sin thagann siad faoin díolúine chéanna. Is é an t-aon chomhpháirt ghiosta nach mór a lua i liosta na gcomhábhar é mannapróitéin ghiosta toisc go n-úsáidtear mar bhreiseán é mar a leagtar amach i dTábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934.

15)   Má shonraítear na roghanna malartacha uile i ngrúpa na rialtán aigéadachta agus na n-oibreán cobhsaitheach sa lipéadú, an bhfuil ord ar leith ann ina shonrófar iad?

Níl. Is é an t-aon cheanglas amháin maidir le hord taispeántais na gcomhábhar iad ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 18(1), i gcomhar le Cuid A d’Iarscríbhinn VII de Rialachán FBT. Ina theannta sin, ní gá comhábhair uile ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe ord ar leith a leanúint de bhun phointe 6 de Chuid A d’Iarscríbhinn VII de Rialachán FBT.

16)   Ar cheart go leanfadh sonrú an gháis pacáistíochta na téarmaí ‘buidéalaithe in atmaisféar cosanta’ nó ‘d’fhéadfadh buidéalú a tharlú in atmaisféar cosanta’ nó, de rogha air sin, ar cheart roghanna malartacha ar ghás pacáistíochta féideartha a liostú?

Luaitear go soiléir in Airteagal 48a(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, ‘ féadfar an sonra sonrach “Buidéalaithe in atmaisféar cosanta” nó “D’fhéadfadh buidéalú a tharlú in atmaisféar cosanta” a chur in ionad shonrú na mbreiseán a thagann faoin gcatagóir “gáis phacáistíochta” sa liosta comhábhar’ . Má úsáidtear ceann de na sonraí sonracha sin, ní gá na gáis shonracha a úsáidtear a liostú ar leithligh i liosta na gcomhábhar ná sa bhreis ar an sonra sonrach. Ní mór an tagairt do gháis phacáistíochta a thaispeántar leis na sonraí sonracha thuasluaite, i gcás ina n-úsáidtear í, sa réimse radhairc céanna le liosta na gcomhábhar.

I gcás ina sonraítear na gáis phacáistíochta i liosta na gcomhábhar (i.e., mura n-úsáidtear an sonra sonrach), ba cheart iad a chur i láthair agus na rialacha céanna le haon bhreiseán eile á leanúint acu (i.e., catagóir fheidhmiúil, agus an t-ainm nó, más iomchuí, E-uimhir ina diaidh).

17)   Má úsáidtear roghanna malartacha ar ghás pacáistíochta, an bhfuil ord sonrach ann inar gá na gáis phacáistíochta a shonrú?

Ní cheadaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 gáis phacáistíochta mhalartacha a liostú. Ba cheart an gás pacáistíochta sonrach a úsáidtear a chur i láthair i liosta na gcomhábhar lena ainm sonrach nó ba cheart ceann de na sonraí sonracha seo a leanas a chur ina ionad ‘Buidéalaithe in atmaisféar cosanta’ ‘D’fhéadfadh buidéalú a tharlú in atmaisféar cosanta’.

18)   Conas ba cheart príomh-chomhábhar an fhíona a shonrú ar an lipéad? De réir an tsainmhínithe, déantar fíon as fíonchaora iomlána nó brúite nó as úrfhíon fíonchaor. Is táirge idirmheánach nádúrtha é úrfhíon fíonchaor a dhéantar go díreach as fíonchaora. Cad iad na cásanna, dá bhrí sin, inar cheart úrfhíon a shonrú mar chomhábhar agus cad iad na cásanna inar cheart fíonchaora a shonrú mar chomhábhar?

Mar a leanann sé ó Airteagal 48a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, is féidir sonrú na n-amhábhar arb iad ‘an príomh-chomhábhar’ fíona a dhéanamh trí cé acu go beacht fíonchaora, fíonchaora brúite agus/nó úrfhíon fíonchaor a úsáideadh a liostú, nó tríd an téarma amháin ‘fíonchaora’ a chur ina n-ionad uile. Cuirtear simpliú féideartha ar fáil leis an bhforáil d’oibreoirí, gur féidir leo a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach.

Dearbhú Cothúcháin

19)   Cad í an fhoirm chun an dearbhú cothúcháin a chur i láthair? Ar cheart í a bheith ina tábla, nó an bhfuil foirmeacha féideartha eile ann?

Rialaítear cur i láthair an dearbhaithe cothúcháin in Airteagal 34 de Rialachán FBT.

Más leor an spás atá ann dó sin, ní mór an dearbhú cothúcháin a chur i láthair i bhformáid tábla agus na huimhreacha ailínithe ann. Mura leor an spás atá ann do chur i láthair i bhfoirm tábla, féadfar formáid líneach a úsáid. I gcás ina soláthraítear an dearbhú cothúcháin trí mheán leictreonach, ba cheart an dearbhú cothúcháin a chur i láthair i bhformáid tábla i gcónaí agus na huimhreacha ailínithe ann, toisc nach mbeadh feidhm ag na teorainneacha spáis.

Sainmhínítear ord chur i láthair eilimintí éagsúla an dearbhaithe cothúcháin in Iarscríbhinn XV de Rialachán FBT. Le haghaidh eilimintí éigeantacha, bheadh an t-ord sin: Fuinneamh, Saill (ar sáitheáin de…); Carbaihiodráit (ar siúcraí de…); Próitéin, Salann. Nó, i bhformáid tháblach:

Image 1

Tá rialacha sonracha ann freisin le haghaidh ord na n-eilimintí eile a fhéadfar a chur leis an dearbhú cothúcháin de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán FBT (e.g., polóil) ach níl siad sin éigeantach.

I cás ina bhfuil ábhar an dearbhaithe cothúcháin ar an bpacáiste nó ar an lipéad teoranta don luach fuinnimh, i.e., i gcásanna ina soláthraítear an dearbhú cothúcháin iomlán trí mheán leictreonach, ceadaítear leis an mír (4) nua d’Airteagal 119 de Rialachán CEM leasaithe go sainráite an luach fuinnimh a shloinneadh trí úsáid na siombaile ‘E’ agus an luach ina diaidh.

20)   Déantar foráil le Rialachán FBT - cé is moite den luach fuinnimh - maidir le dearbhú na méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéiní agus salann. Mura bhfuil aon chion i bhfíon (e.g., le haghaidh saille nó saill sháithithe) an gá an cion a thaispeáint trí ‘0’ nó an é go simplí nach bhfuil aon ghá saill a thaispeáint ar an lipéad?

Déantar foráil le hAirteagal 34(5) de Rialachán FBT maidir leis na gcásanna ina bhfuil luach diomaibhseach fuinnimh nó méid diomaibhseach cothaithigh nó cothaitheach i dtáirge, féadfar ráiteas, amhail ‘Méideanna diomaibhseacha … ann’ a chur in ionad na faisnéise maidir leis na heilimintí sin agus sonrófar an ráiteas sin i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin.

Ina mhalairt de chás, ní mór na heilimintí éigeantacha uile a shonrú san ord a shonraítear in Airteagal 34 de Rialachán FBT, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil luachanna nialasacha ina gcion.

21)   An bhfuil gá le haon chomhpháirt eile seachas saill, sáitheáin, carbaihiodráit, siúcraí, próitéin agus salann sa dearbhú cothúcháin?

I gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Rialachán FBT, ní mór an luach fuinnimh agus na méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéine agus salainn a áireamh sa dearbhú cothúcháin sainordaitheach. I gcomhréir le hAirteagal 30(2) den Rialachán céanna, féadfar an t-ábhar sainordaitheach a fhorlíonadh le sonrú méideanna ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, i gcás inarb ábhartha: monai-neamhsháitheáin; polai-neamhsháitheáin; polóil; stáirse; snáithín; aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus atá ann i méideanna suntasacha, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII den Rialachán céanna.

22)   Conas a shocraítear luachanna na n-eilimintí éagsúla cothúcháin? An gá anailís a dhéanamh le haghaidh gach fíon agus gach buaint, nó an féidir luachanna a ríomh (e.g., le haghaidh calraí trí bhíthin an chion alcóil agus an tsiúcra iarmharaigh)?

A mhéid a bhaineann le lipéadú luachanna an dearbhaithe cothúcháin, tá feidhm ag na hairteagail ábhartha de Rialachán FBT.

Go sonrach, i gcomhréir le Airteagal 31 (ríomh), is meánluachanna iad na luachanna sa dearbhú cothúcháin, bunaithe ar: a) anailís an mhonaróra ar an mbia; b) meánluachanna aitheanta nó iarbhír na gcomhábhar a úsáidtear; nó c) sonraí atá bunaithe go ginearálta agus a nglactar go ginearálta leo.

Ní mór an luach fuinnimh a ríomh agus na fachtóirí coinbhéartachta dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn XIV de Rialachán FBT á n-úsáid a shloinntear i gciligiúil (kJ) agus cileacalraí (kcal), na ciligiúil á sonrú sa chéad áit agus cileacalraí sa dara áit, dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn XV den Rialachán sin.

Ní mór luachanna fuinnimh agus luachanna cothúcháin a shloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml (Airteagal 32(2) de Rialachán FBT).

23)   Mar gheall ar chineál táirgthe fíona, d’fhéadfadh baisceanna aonair a bheith éagsúil óna chéile. Cad é an teorainn lamháltais le haghaidh na difríochta idir an fhaisnéis ar an lipéad agus cion iarbhír fuinnimh agus cothúcháin an fhíona?

Is ionann na lamháltais le haghaidh dhearbhú cothúcháin an fhíona agus a shainmhínítear i Rialachán FBT, lena sonraítear gur cheart an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach a lipéadú mar an ‘meánluach’ a shainmhínítear mar an luach is fearr a léiríonn méid an chothaithigh a bhfuil i mbia ar leith, agus a léiríonn lamháltais maidir le hathraitheacht nádúrtha táirgí bia, athraitheacht shéasúrach, patrúin tomhaltais agus fachtóirí eile, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héagsúlacht an luacha iarbhír (féach pointe 13 d’Iarscríbhinn I de Rialachán FBT).

D’eisigh ranna an Choimisiúin Treoirdhoiciméad (7) d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le lamháltais a shocrú le haghaidh luachanna cothúcháin a dhearbhaítear ar lipéad. D’eisigh ranna an Choimisiúin tábla achoimre (8) freisin lena dtugtar forbhreathnú ar na luachanna lamháltais éagsúla atá sa treoirdhoiciméad.

Luaitear sa Treoirdhoiciméad ba cheart d’oibreoirí gnó bia gníomhú de mheon macánta chun ardleibhéal cruinnis an dearbhaithe cothúcháin a áirithiú. Go sonrach, ba cheart do luachanna dearbhaithe neastachán ar na meánluachanna thar bhaisceanna iomadúla a léiriú agus níor cheart iad a bheith bunaithe ag ceachtar foircneach de raon lamháltais sainithe.

Chun an neart alcóil a shonrú, áfach, tá feidhm ag na rialacha maidir le lamháltas in Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

24)   Cad iad na lamháltais idir na luachanna a thaispeántar ar an lipéad agus cion iarbhír an fhíona, i gcás inar féidir go n-athróidh na luachanna taispeánta le linn na mblianta ina dtugtar an fíon chun cineáil?

I gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Rialachán FBT, ní mór an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach sa bhia mar a dhíoltar é a bheidh sa luach fuinnimh agus i méideanna na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5), ag cur san áireamh na lamháltais dá dtagraítear sa cheist roimhe seo.

25)   Cén mhéid ba cheart a bheith sna carachtair?

Na rialacha ginearálta maidir le cur i láthair sonraí éigeantacha táirgí fíniúna dá dtagraítear in Airteagal 119 de Rialachán CEM, sainítear iad in Airteagal 40 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33. I gcomhréir le Airteagal 40(3), ní mór méid charachtair na sonraí éigeantacha sin, lena n-áirítear na carachtair a úsáidtear chun an dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar a chur i láthair, a bheith cothrom le nó níos mó ná 1,2 mm gan beann ar fhormáid na gcarachtar a úsáidtear.

Lipéadú Leictreonach

26)   An mbeidh córas/bogearraí sonracha sainordaitheach le haghaidh faisnéis a sholáthar trí mheán leictreonach? An féidir an fhaisnéis iomlán chothúcháin a sholáthraítear trí mheán leictreonach agus a shonraítear ar an bpacáiste a dhéanamh trí na cóid 2T nach bhfuil chomh coitianta?

Ní shonraítear le Rialachán CEM leasaithe cén meán leictreonach ba cheart a úsáid chun an dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar seachlipéid a sholáthar, ná ní shonraítear leis aon chineál leictreonach sonrach rochtana ar fhaisnéis den sórt sin. Is é an t-aon choinníoll amháin a leagtar amach i Rialachán CEM leasaithe maidir le feidhmiú an mheáin leictreonaigh nach féidir leis an gcóras atá le húsáid sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú. Níl cumhachtú comhfhreagrach ag an gCoimisiún chun tuilleadh rialacha maidir le e-lipéadú nó le meáin leictreonacha sonracha atá le húsáid a shainmhíniú.

Is féidir i bprionsabal soláthar faisnéise a dhéanamh trí aon mheán leictreonach, meán lipéadaithe leictreonaigh nó meán e-lipéadaithe atá inrochtana don phobal trí bharrachód d’aon chineál (QR, 2T seachas QR, 1T, slis) lena sholáthraítear nasc le faisnéis ar líne, ar féidir a aisghabháil trí uirlisí rochtana uilíche (i.e. fón cliste).

Ba cheart do thaispeáint an naisc leis an bhfaisnéis leictreonach ar an bpacáiste nó ar an lipéad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a liostaítear in Airteagail 12 agus 13 de Rialachán FBT le haghaidh chur i láthair na sonraí sainordaitheacha. Is é sin, ní mór dó a bheith go díreach ar an bpacáiste nó ar an lipéad, marcáilte in áit feiceálach ar bhealach lena mbeidh sé sofheicthe, soléite agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Níor cheart le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air.

Thairis sin, ba cheart dó rochtain éasca, dhíreach agus uilíoch ar an bhfaisnéis a sholáthar, ar bhealach atá inchomparáide le láithreacht na sonraí ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá curtha i gceangal leis. Ní chomhlíonann soláthar meáin rochtana an-speisialaithe nó neamhchoitianta chuig faisnéis aidhmeanna e-lipéadaithe agus ba chosúil go mbeadh siad míchuí mar uirlis tacaíochta le haghaidh faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí.

27)   An féidir an dearbhú cothúcháin iomlán agus liosta na gcomhábhar atá le fáil trí mheán leictreonach a dhéanamh trí chód QR ar an lipéad fíona, lena nascfar le lipéad leictreonach ina bhfuil an dearbhú iomlán agus liosta na gcomhábhar?

Foráiltear le Rialachán CEM leasaithe gur féidir an dearbhú cothúcháin agus liosta na gcomhábhar a sholáthar ‘trí mheán leictreonach a bheidh sainaitheanta ar an bpacáiste nó ar lipéad atá curtha i gceangal leis’. Is deimhin gur modh féideartha amháin iad na cóid QR chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí, ar an lipéad nó ar an bpacáiste, ar an bhfaisnéis leictreonach dá dtagraítear thuas.

28)   An féidir cód QR a chur leis mar ‘greamán’ breise, chomh maith leis an lipéad buidéil bunaidh nó an gá gur cuid de lipéad bunaidh na dtáirgeoirí é?

Foráiltear le fógra ón gCoimisiún maidir le ceisteanna agus freagraí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán FBT (9), roinn 2.2, ‘ nár cheart gur féidir lipéid a bhaint go héasca so chaoi is go gcuirfí infhaighteacht nó inrochtaineacht na faisnéise sainordaithí bia don tomhaltóir i gcontúirt ’.

Ina theannta sin, tríd an bhfaisnéis shonrach atá ábhartha do liosta na gcomhábhar agus tríd an dearbhú cothúcháin a sholáthar trí mheán leictreonach, ní fhágtar go bhfuil an fhaisnéis ábhartha saor ón gceanglas a bheith curtha i láthair i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, gan beann ar cibé acu an mbeadh an cód QR ina ghreamán nó nach mbeadh. Go sonrach, ní mór a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 40(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, go bhfuil an fhaisnéis atá ábhartha don liosta comhábhar agus don dearbhú cothúcháin, ar sonraí éigeantacha iad (Airteagal 119 den Rialachán CEM leasaithe), sa réimse céanna radhairc leis na sonraí éigeantacha eile agus go bhfuil siad inléite go comhuaineach gan gá an coimeádán a chasadh, go bhfuil siad curtha i láthair i gcarachtair dhoscriosta agus go bhfuil siad indealaithe go soiléir ón téacs nó ó na grafaicí atá timpeall orthu.

29)   An mbaineann aon sonraíochtaí dearaidh leis an dearbhú cothúcháin agus an léiriú leictreonach air, nó an féidir an dearadh a shaincheapadh?

Is iad na rialacha maidir leis an dearbhú cothúcháin a chur i láthair na rialacha atá sainithe in Airteagal 34 den Rialachán FIC, mar a thuairiscítear freisin sa roinn thuas, go háirithe i gCeist 19 (féach freisin roinn 3 d’fhógra an Choimisiúin maidir le ceisteanna agus freagraí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialachán FIC8). Tá feidhm ag na rialacha sin maidir leis an dearbhú cothúcháin, cibé acu go bhfuil sé curtha i láthair ar an lipéad fisiceach nó ar mhodh leictreonach.

30)   An féidir an ‘lipéad leictreonach’ ar a thaispeántar an dearbhú cothúcháin iomlán agus an liosta comhábhar a nascadh, trí chód QR nó modh comhchosúil, le leathanach baile an táirgeora mar chuid dá shuíomh gréasáin?

Ní féidir. Foráiltear le hAirteagal 119(5) den Rialachán CEM leasaithe nach dtaispeánfar an fhaisnéis faoin dearbhú cothúcháin iomlán ná an liosta comhábhar le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta, agus nach ndéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú. I dtuairim sheirbhísí an Choimisiúin, ní cosúil go gcomhlíonann cur i láthair na faisnéise éigeantaí sin mar chuid de shuíomh gréasáin an táirgeora na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 119(5), toisc go mbítear ag súil go tipiciúil go mbeadh faisnéis tráchtála atá ábhartha le haghaidh margaíochta agus/nó díolacháin ar shuíomh gréasáin táirgeora fíona. Ina theannta sin, is gnách go rianaíonn suíomhanna gréasáin faisnéis faoi na húsáideoirí.

Ba cheart go soláthródh an meán/an t-ardán leictreonach ar a chuirtear an fhaisnéis na ráthaíochtaí céanna leis na ráthaíochtaí atá i bhfeidhm nuair a thaispeántar an fhaisnéis ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá curtha i gceangal leis i ndáil le hinléiteacht, cobhsaíocht, iontaofacht, marthanacht, agus cruinneas na faisnéis le linn shaolré iomlán an táirge. Is cosúil go mbeadh amhras maidir leis na gnéithe sin a ráthú dá gcuirfí an fhaisnéis i suíomh gréasáin táirgeora a d’fhéadfaí a mhodhnú go héasca uair ar bith, fiú nuair atá an táirge ar an margadh cheana.

31)   An bhféadann monaróirí cóid QR breise a shonrú ar lipéid seachas cóid ar ‘meán leictreonach’ iad ar a thaispeántar faisnéis mhargaíochta?

Tá soláthar faisnéise saorálaí breise ar an lipéad, amhail cód QR breise, rialaithe le hAirteagal 118 den Rialachán CEM, nach bhféadfar lipéadú táirgí fíniúna a fhorlíonadh le haon sonraí breise dá réir ach má chomhlíonann na sonraí ceanglais an Rialachán FIC.

Sonraítear le hAirteagal 36(2) den Rialachán FIC maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn saorálach, nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir léi; ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi; agus beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha. Leagtar síos in Airteagal 37 den Rialachán FIC nach dtaispeánfar an fhaisnéis sin chun aimhleas an spáis atá ar fáil le haghaidh faisnéise bia sainordaithí.

Aon úsáid a bhaintear as cóid QR breise, níor cheart go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir nó go gcuirfí mearbhall orthu léi agus ba cheart nach mbainfí aon spás léi ón spás atá ar fáil le haghaidh sonraí éigeantacha, lena n-áireofaí na cóid a sholáthraíonn rochtain ar fhaisnéis éigeantach trí mheán leictreonach.

32)   An féidir cód QR singil amháin a dhéanamh, a fheidhmeoidh ról an chód EAN agus a mbeidh sonraí sainordaitheacha air freisin, amhail an liosta comhábhar agus na luachanna cothúcháin?

Níor cheart é a bheith mar an mbreithniú is mó maidir le cur i láthair faisnéise cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sí éigeantach, ach cé chuige a dhírítear an fhaisnéis sin agus cad is cuspóir do na píosaí difriúla faisnéise.

I gcás na faisnéise lipéadaithe éigeantaí a chuirtear ar fáil trí mheán leictreonach (an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin), is é an spriocphobal na tomhaltóirí, ar cheart go mbeidís in ann rochtain láithreach a fháil ar fhaisnéis atá cruinn agus nach gcuireann ar míthreoir iad. Níl an fhaisnéis EAN dírithe ar na tomhaltóirí, ach chun oibreoirí (monaróirí, díoltóirí, soláthróirí) a éascú chun na hearraí a aithint agus chun oibríochtaí margaíochta a éascú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Ní eisiatar úsáid cód QR singil amháin má áirithítear leis, agus é á scanadh, díthiomsú soiléir idir an fhaisnéis atá dírithe ar na tomhaltóirí agus ar na hoibreoirí tráchtála, faoi seach. I bhfocail eile, ba cheart go gcuirfeadh sé cosc ar nochtadh tomhaltóirí don fhaisnéis atá neamhábhartha dóibh agus an cód singil á scanadh.

33)   An gcomhlíonfaí an ceanglas sin le seoladh suímh ghréasáin priontáilte ar an lipéad áit a bhféadfadh an tomhaltóir an fhaisnéis ábhartha a aimsiú?

Ní féidir a mheas go gcomhlíonfadh seoladh suímh ghréasáin ann féin agus é priontáilte ar an lipéad na hoibleagáidí lipéadaithe maidir le sonraí éigeantacha a sholáthar trí mheán leictreonach. De réir an tsainmhínithe, ní mór an fhaisnéis ábhartha a bheith inrochtana go díreach trí chód meaisín-inléite a sholáthraíonn rochtain dhíreach ar an bhfaisnéis ábhartha. Ní mór meaisín rochtana uilíche, amhail fón cliste, a bheith in ann an cód ar an lipéad a léamh/a scanadh agus an t-úsáideoir a threorú láithreach chuig an bhfaisnéis ábhartha.

34)   An féidir go mbeadh faisnéis bhreise, trí mheán leictreonach, ar an suíomh gréasáin céanna, ag gabháil le lipéid fíonta difriúla ón táirgeoir céanna, nó ar cheart nasc suímh ghréasáin ar leithligh a bheith ag gabháil le gach cineál fíona?

Féadfar faisnéis shainordaitheach (liosta comhábhar, dearbhú cothúcháin) maidir le fíonta difriúla a chuirtear ar fáil trí mheán leictreonach, a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna, ach ba cheart nasc gach lipéid áirithe treoir a thabhairt chuig taispeáint faisnéise sonraí le haghaidh baisce amháin nó roinnt baisceanna de tháirge fíona tagartha aonair, ar bhealach atá idirdhealaithe go soiléir agus rochtain shimplí á tabhairt do thomhaltóirí ar an bhfaisnéis cheart, agus an fhéidearthacht go gcuirfí ar míthreoir iad á seachaint, ar an mbealach ceannann céanna a dhéanann lipéad páipéir aonair táirge bia sonrach amháin a shainaithint.

35)   Maidir le ‘bailiú sonraí,’ ba mhaith linn a fháil amach cibé acu an bhféadfadh toiliú an ábhar sonraí an bailiúchán sonraí a dhéanamh dlisteanach.

Sonraítear sa Rialachán CEM leasaithe nach dtaispeánfar an fhaisnéis faoin dearbhú cothúcháin iomlán ná an liosta comhábhar le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta, agus nach ndéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú. Níl aon eisceacht ar an riail sin, agus dá bhrí sin ní cheadaítear léi toiliú úsáideora a iarraidh maidir le cibé acu an féidir nó nach féidir a gcuid sonraí a rianú. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh rochtain dhíreach ag tomhaltóirí/úsáideoirí ar fhaisnéis éigeantach agus gan aon chéimeanna idirmheánacha ag gabháil leis, amhail aon fhoirmeacha nó iarratais á gcomhlánú, nó dul trí shuíomhanna gréasáin idirmheánacha. Tá coinne ag seirbhísí an Choimisiúin leis go dtógfaidh an cód, nuair a bheidh sé léite/scanta, an t-úsáideoir láithreach agus ar bhealach díreach chuig an bhfaisnéis lipéadaithe éigeantach.

36)   Cad é léirmhíniú an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcoincheap ‘chun críoch margaíochta’? Cá mhéad ar féidir éileamh a chur san áireamh sa lipéad leictreonach (e.g. maidir le hinbhuanaitheacht, tionscnamh an táirge, nó deimhniú, etc.) a mheas mar fhaisnéis roghnach le háireamh go dlisteanach sa lipéad? Agus cén uair ar féidir an t-éileamh sin a mheas mar ‘margaíocht’ ina áit sin?

Tagraítear in Airteagal 119(5)(b) den Rialachán CEM leasaithe d’fhaisnéis atá ceaptha chun críoch díolachán nó margaíochta’. Ba cheart é sin a léirmhíniú mar an bhfaisnéis éigeantach a chur i láthair i dtimpeallacht neodrach lena n-áirithítear nach ndírítear aird an léitheora ar cheannach an táirge a chothú, cibé acu go díreach (e.g. trí naisc le suíomh gréasáin, cur chun cinn, ionaid díolacháin a shonrú, etc.) nó go hindíreach (e.g. trí mheán dearaí lena mbaineann tarraingteacht amhairc nó fuaime, frásaí nó ráitis a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach don tomhaltóir, teanga tráchtála nó straitéisí tráchtála eile arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar iompraíocht agus chinneadh ceannaigh tomhaltóirí).

Tá soláthar faisnéise saorálaí breise ar an lipéad, (lipéid leictreonacha san áireamh) rialaithe le hAirteagal 118 den Rialachán CEM, nach bhféadfar lipéadú táirgí fíniúna a fhorlíonadh le haon sonraí breise dá réir ach má chomhlíonann na sonraí ceanglais an Rialachán FIC. Go sonrach, sonraítear le hAirteagal 36(2) den Rialachán FIC maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn saorálach, nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir léi; dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin; ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi; agus beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha. Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 37 den Rialachán FIC nach dtaispeánfar an fhaisnéis sin chun aimhleas an spáis atá ar fáil le haghaidh faisnéise bia sainordaithí.

37)   Dá gcuirfí nasc le suíomh gréasáin ríomhthráchtála de chuid fíonlainne san áireamh ar lipéad an measfaí mar chríoch margaíochta é?

Meastar cur san áireamh suíomh gréasáin ríomhthráchtála nó suíomh gréasáin fíonlainne, gan amhras mar ‘chríoch margaíochta’.

38)   Cén chaoi ar cheart an fhaisnéis arna soláthar trí mheán leictreonach a shainaithint ar an lipéad chun eolas a thabhairt maidir le hábhar an mheáin leictreonaigh? An féidir an cód QR a shainaithint le siombail (e.g., an litir ‘e’ agus é ceaptha mar ‘eolas do thomhaltóirí’) nó an ceart go ndéanfaí tagairt shainráite leis trí mheán focal don fhaisnéis shainordaitheach a dtreoraíonn an cód QR chuici? An mbeadh foclaíocht ina ualach rómhór agus an bhfuil riosca ann go ndéanfadh sé an margadh inmheánach a dheighilt?

Foráiltear le hAirteagal 13(1) de Rialachán FIC, go ndéanfar faisnéis shainordaitheach bhia a mharcáil in áit fheiceálach chun go mbeidh sé sofheicthe, inléite gan dua, agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. Ní dhéanfar le haon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó le haon ábhar idirghabhálach eile é a fholú ná a chlúdach, ná ní bhainfidh an t-ábhar sin ón ainm ná ní chuirfidh sé isteach air.’ Mura bhfuil aon tagairt shoiléir ar an lipéad maidir le hábhar na faisnéise arna soláthar trí mheán leictreonach, is ar éigean is féidir le tomhaltóirí nádúr na faisnéise (éigeantach nó neamhéigeantach) atá sa nasc a léirmhíniú nó a thuiscint. Is féidir é sin a mheas mar fhaisnéis shainordaitheach a bheith ceilte, neamhfheiceálach agus deacair a fheiceáil.

Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh cur i láthair chód QR soiléir le haghaidh tomhaltóirí maidir lena ábhar i.e. an fhaisnéis éigeantach a chuirtear i láthair trí mheán leictreonach. Ní leor téarmaí nó siombail ilchineálacha (amhail ‘e’) chun ceanglais na forála a chomhlíonadh. I gcás inarb amhlaidh gurb é an fhaisnéis a chuirtear ar fáil trí mheán leictreonach (sainaitheanta ag e.g., cód QR) ina liosta comhábhar, ní mór ceannteideal, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán FIC, a úsáid ar an mbealach céanna leis an gcleachtas reatha a úsáidtear le haghaidh na lipéad páipéir le haghaidh bia eile (i.e. an focal ‘comhábhair’ a bheith ann).

Le haghaidh na dtéarmaí atá á n-úsáid, tá a gcóras friotail faoi réir na rialacha céanna leis na sonraí éigeantacha eile dá dtagraítear in Airteagal 119 den Rialachán CEM, i.e. na rialacha atá sainnithe mar lex specialis in Airteagal 121 den Rialachán CEM.

39)   Cén chaoi a bhforáiltear cén t-eintiteas ar cheart a bheith freagrach as a áirithiú nach mbailítear nó nach rianaítear sonraí úsáideora, nó nach gcuirtear an fhaisnéis i láthair le faisnéis eile lena mbaineann críocha tráchtála nó margaíochta?

Tagraíonn na forálacha in Airteagal 119(4) agus (5) den Rialachán CEM leasaithe lena mbunaítear na ceanglais is infheidhme i gcásanna ina chuirtear an dearbhú cothúcháin agus an liosta comhábhar ar fáil trí mheán leictreonach do dhá shonra lipéadaithe éigeantach, mar a shainmhínítear in Airteagal 119(1) den Rialachán CEM.

Tagraíonn Airteagal 90(a) den Rialachán CEM leasaithe do na seiceálacha agus na pionóis a bhaineann le rialacha margaíochta. Foráiltear le Mír 1 den Airteagal sin le haghaidh fhreagrachtaí Ballstát maidir le táirgí a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 119(1) den Rialachán CEM, nach bhfuil lipéadaithe i gcomhréir leis an Rialachán. Tagraítear i Mír 3 den Airteagal céanna do na seiceálacha atá le déanamh ag Ballstáit le fíorú cibé acu an gcloíonn táirgí áirithe, lena n-áirítear fíon, leis na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán CEM.

Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh údaráis chéanna na mBallstát atá freagrach as lipéadú agus cur i láthair táirgí fíniúna a rialú agus a lipéadú rialú ar chomhlíonadh na bhforálacha atá luaite thuas.

40)   An bhfuil an ceart ag an tomhaltóir rochtain a fháil ar leathanach lamairne an chód QR ar feadh tréimhse fhada? An ndéanfaidh an Coimisiún moladh maidir le cé chomh fada is ar cheart an cód QR a bheith ar fáil tar éis an fíon a dhíol?

Ceanglaítear le hAirteagal 12 den Rialachán FIC nach mór go mbeadh faisnéis bhia shainordaitheach ar fáil, agus go mbeadh sé inrochtana go héasca le haghaidh gach bia. Ba cheart an fhaisnéis shainordaitheach arna soláthar trí mheán leictreonach (e.g. cód QR) a bheith in-rochtana ar bhealach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis arna soláthar ar lipéad fisiceach, i.e., ba cheart í a bheith ar fáil ar a laghad ar feadh na tréimhse ama a mbeifí ag súil go bhfanfadh catagóir shonrach táirge fíona oiriúnach le hól i ngnáthriocht stórála lena haghaidh, le rochtain tomhaltóirí ar an bhfaisnéis shainordaitheach a áirithiú uair ar bith le linn shaolré measta an táirge. Chuige sin, is é an t-oibreoir gnó atá freagrach as an bhfaisnéis bhia, atá freagrach freisin as an bhfaisnéis a bheith ann agus í a bheith cruinn, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán FIC. Ina theannta sin, tá oibreoirí gnó freagrach as athruithe bia a dhéanann siad ar fhaisnéis bhia a ghabhann le bia de bhun Airteagal 8(4) den Rialachán FIC.


(1)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.L_.2021.435.01.0262.01.ENG

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32013R1308&qid=1697529611776

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=celex%3A32011R1169

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).

https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_del/2019/33/oj

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin ina bhféadfar an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fíoneolaíochta údaraithe agus le srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an gcéatadán íosta alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú chomhaid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/ALL/?uri=CELEX:32019R0934

(6)  Fógra ón gCoimisiún an 13 Iúil 2017 a bhaineann le soláthar na faisnéise maidir le substaintí nó táirgí ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingtí mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO C 428, 13.12.2017, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52017XC1213(01)

(7)  https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-10/labelling_nutrition-vitamins_minerals-guidance_tolerances_1212_en.pdf

(8)  https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-10/labelling_nutrition-vitamins_minerals-guidance_tolerances_summary_table_012013_en.pdf

(9)  Fógra ón gCoimisiún maidir le ceisteanna agus freagraí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO C 196, 8.6.2018, lch. 1).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A52018XC0608%2801%29


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1190/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)