|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1188 |
21.11.2023 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine
(C/2023/1188)
1. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 9 Márta 2023, ghlac an Coimisiún a Theachtaireacht maidir leis an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (an ‘Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe’). (1) |
|
2. |
Sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, maidir le hionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus leis na héifeachtaí díreacha nó indíreacha a bhain leis, lena n-áirítear na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas Eorpach (AE) nó a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla, (‘an ghéarchéim atá ann faoi láthair’), mheas an Coimisiún gur cruthaíodh éiginnteachtaí suntasacha eacnamaíocha, gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair agus gur tháinig méaduithe móra eisceachtúla ar phraghsanna, méaduithe nach raibh coinne leo, go háirithe ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ach ar phraghsanna ábhar ionchuir agus amhábhar agus earraí príomhúla eile freisin. Na héifeachtaí sin a glacadh le chéile, ba iad ba chúis le suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar i ngach Ballstát ar fud raon leathan earnálacha eacnamaíocha. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gurb iomchuí na critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar bhearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun an suaitheadh tromchúiseach sin a leigheas agus é sin a dhéanamh leis na bearta eisceachtúla a bhfuil tuairisc orthu sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe. |
|
3. |
Cé nach bhfuil deireadh tagtha le hionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá athléimneacht léirithe ag an staid eacnamaíoch san Aontas ar an iomlán in aghaidh na suaití móra a d’fhulaing sí. Mar sin féin, tugtar faoi deara i Réamhaisnéis an Fhómhair ón gCoimisiún (2) nach bhfuil an borradh céanna faoi gheilleagar an Aontais agus gur ar éigean a d’fhás sé sa chéad trí ráithe de 2023. Tá fás eacnamaíoch níos ísle ná mar a tuaradh i Réamhaisnéis an tSamhraidh agus tá sé níos ísle fós ná an fás a tuaradh i Réamhaisnéis an Earraigh. Maidir le 2024, meastar i gcónaí go dtiocfaidh fás ar OTI an Aontais, ach beidh an fás sin faoi bhun an phoitéinsil fós agus beidh sé níos ísle ná an ráta a raibh coinne leis sa samhradh. Tháinig feabhas ar an staid ghinearálta sna margaí fuinnimh ó 2022 i leith, tháinig laghdú ar phraghsanna gáis agus leictreachais, agus tháinig laghdú ar an riosca maidir le slándáil an tsoláthair, agus é sin a bhuí freisin leis na tionscnaimh iomadúla a chuir an tAontas i bhfeidhm chun an ghéarchéim fuinnimh a chomhrac. |
|
4. |
Cé go bhfuil rioscaí ginearálta ann fós maidir le soláthairtí fuinnimh, measann an Coimisiún gur féidir deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta eisceachtúla a leagtar amach sa Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe agus atá bunaithe ar Airteagal 107(3)(b) CFAE chun suaitheadh tromchúiseach a leigheas, agus an riosca de shaobhadh a eascraíonn as na bearta eisceachtúla sin á chur san áireamh freisin. Go háirithe, chinn an Coimisiún gan leasú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile le ranna 2.2, 2.3 agus 2.7 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2023. |
|
5. |
Mar sin féin, tugtar faoi deara i Réamhaisnéis an Fhómhair maidir leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair gur riosca é fós agus go bhfuil sí fós ina cúis éiginnteachta. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le forbairt soláthairtí fuinnimh agus praghsanna fuinnimh le linn thréimhse théimh an gheimhridh i bhfianaise leochaileacht leantach na margaí fuinnimh. Le heachtraí luaineachta sa mhargadh a tharla le déanaí, mar shampla i ndiaidh na bhforbairtí sa Mheánoirthear agus na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar mhargaí fuinnimh domhanda, léirítear go bhfuil na margaí fós leochaileach agus go bhféadfadh an eagla roimh ghanntanas frithghníomhartha móra a spreagadh agus iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna a bheith ag baint leo. Chun a chur ar chumas na mBallstát na bearta tacaíochta atá ann cheana a choinneáil ar bun le linn na tréimhse sin ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí sonracha sin agus ar a dtionchar ar gheilleagair na mBallstát, chinn an Coimisiún, maidir le deireadh a chur de réir a chéile le ranna 2.1 agus 2.4 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, é sin a chur siar go dtí an 30 Meitheamh 2024, chun na coimircí riachtanacha agus an t-am a chur ar fáil chun na bearta riachtanacha a chur chun feidhme ó thaobh riaracháin de. Leis an bhfadú sin, beidh méadú comhréireach ar na huasmhéideanna cabhrach faoi roinn 2.1. chun tréimhse théimh an gheimhridh a chumhdach go sonrach. Ar an mbealach sin, beidh na Ballstáit réidh, le linn na tréimhse éiginnteachta méadaithe agus luaineacht an mhargaidh sin, chun tacaíocht a chur ar fáil do na gnóthais a ndéantar difear dóibh agus é sin a dhéanamh go tapa i gcás ina mbeidh gá leis an gcabhair sin agus chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. |
|
6. |
Cé go measann an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh gá le fad a chur le tréimhse na scéimeanna atá ann cheana, go ginearálta níor cheart go mbeadh gá le bearta tacaíochta iomlán nua chun an tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2024 a chumhdach. Mar sin féin, má mheasann na Ballstáit go bhfuil gá le scéimeanna cabhrach breise faoi ranna 2.1 agus/nó 2.4 den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na ceanglais atá ann cheana a leagtar síos sna ranna sin, lena n-áirítear pointe 61(d) lena gceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann údar cuí a thabhairt go rachaidh an chabhair chun tairbhe do ghnóthais a ndéanann an ghéarchéim reatha difear dóibh agus do na gnóthais sin amháin. |
|
7. |
Measann an Coimisiún nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na ranna den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe arb é is aidhm dóibh tacú leis an aistriú chuig geilleagar glan-nialasach (i.e. ranna 2.5, 2.6 agus 2.8 de), ranna atá bunaithe ar Airteagal 107(3)(c) CFAE, ós rud é go leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2025. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh an leasú seo difear do na ranna sin. |
2. LEASUITHE AR AN GCREAT SEALADACH GÉARCHÉIME AGUS AISTRITHE
|
8. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 61(a):
(*1) Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh sula ndeonaíodh cabhair nua faoin roinn seo, ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann." (*2) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i)." (*3) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).’ " |
|
9. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 61(c):
(*4) Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tharla an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024.’ " |
|
10. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 62(a):
(*5) Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh roimh chabhair nua a dheonú faoin roinn seo, ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann." (*6) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i)." (*7) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).’ " |
|
11. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 63:
|
|
12. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 72(a):
(*8) De mhaolú air sin, nuair nach ndeonaítear an chabhair ach tar éis fíorú ex post ar dhoiciméadacht tacaíochta an tairbhí agus nuair a chinneann na Ballstáit gan an fhéidearthacht a chur san áireamh réamhíocaíochtaí a dheonú i gcomhréir le pointe 74, féadfar cabhair a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2024 ar choinníoll go n-urramófaí an tréimhse incháilithe mar a shainítear i bpointe 72(e).’ " |
|
13. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 72(b):
(*9) Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tharla an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024." (*10) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i)." (*11) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g)." |
|
14. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 72(c):
|
|
15. |
Laistigh d’Airteagal 72(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘t’:
|
|
16. |
Tugtar isteach an pointe 73(e) seo a leanas:
|
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat Sealadach Géarchéime um bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine (IO C 101, 17.3.2023, lch. 3).
(2) Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa, Fómhar 2023, Geilleagar na hEorpa - Páipéar Institiúideach, 258, ar fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/4139ef72-9eb3-4fad-a116-ee87979f4d35_en?filename=ip258_en_0.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1188/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)