European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1176

4.12.2023

Caingean arna tabhairt an 17 Deireadh Fómhair 2023 – Mendes v EUIPO – Actial Farmaceutica (STREPTOCOCCUS THERMOPHILUS DSM24731)

(Cás T-1039/23)

(C/2023/1176)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mendes SA (Lugano, an Eilvéis) (ionadaí: M. Cavattoni, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Actial Farmaceutica Srl (an Róimh, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘STREPTOCOCCUS THERMOPHILUS DSM24731’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 12 869 152

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Lúnasa 2023 i gCás 2247/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

glacadh lena chaingean;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí na costais agus na táillí a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;

Sárú ar cheart maoine an iarratasóra;

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1176/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)