![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1174 |
4.12.2023 |
Caingean arna tabhairt an 16 Deireadh Fómhair 2023 – Mendes v EUIPO – Actial Farmaceutica (BIFIDOBACTERIUM LONGUM DSM24736)
(Cás T-1035/23)
(C/2023/1174)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Mendes SA (Lugano, an Eilvéis) (ionadaí: M. Cavattoni, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Actial Farmaceutica Srl (an Róimh, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BIFIDOBACTERIUM LONGUM DSM24736’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 12 869 053
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Lúnasa 2023 i gCás R 1287/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
seasamh lena chaingean; |
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle; |
— |
Sárú ar cheart maoine an iarratasóra; |
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1174/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)