European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1155

4.12.2023

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2023 – BEI v an tSiria

(Cás T-469/22) (1)

(Clásal eadrána - Comhaontú iasachta maidir le tionscadal chun an córas dáileacháin leictreachais a threisiú i dtríú tír - Neamh-chomhlíonadh an chomhaontaithe - Aisíocaíocht réamhshuimeanna - Ús mainneachtana - Nós imeachta mainneachtana)

(C/2023/1155)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: T. Gilliams, R. Stuart agus F. Oxangoiti Briones, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Arts agus E. Paredis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Poblacht Arabach na Siria

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) go n-ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria an suim de EUR 28 777 508,71, mar aon le hús, a íoc don Aontas Eorpach, a ndéanann sé ionadaíocht air, de bhun Chomhaontú Iasachta Uimh. 20948 maidir le tionscadal chun an córas dáileacháin leictreachais a threisiú sa tSiria (‘an comhaontú iasachta’).

An chuid oibríochtúil

1)

Ordaítear do Phoblacht Arabach na Siria an suim de EUR 28 777 508,71, lena léirítear an príomhshuim agus ús conarthach agus ús mainneachtana dlite an 30 Meitheamh 2022, a aisíoc don Aontas Eorpach, a ndéanann an Banc Eorpach Infheistíochta ionadaíocht air.

2)

Dearbhaítear nach mór ús mainneachtana a bheith ar an suim de EUR 27 388 963,40, lena gcuimsítear an príomhshuim arna ríomh i gcomhréir leis an modh dá bhforáiltear in Airteagal 3.02 de Chomhaontú Iasachta Uimh. 20948 maidir le tionscadal chun an córas dáileacháin leictreachais a threisiú sa tSiria idir an BEI agus Poblacht Arabach na Siria an 5 Feabhra 2001 agus arna leasú le litreacha an 3 Deireadh Fómhair 2003, an 28 Feabhra 2006, an 9 Bealtaine agus an 8 Deireadh Fómhair 2007, le feidhm ón 30 Meitheamh 2022 agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta.

3)

Órdaítear do Phoblacht Arabach na Siria na costais a íoc.


(1)   IO C 359, 19.9.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1155/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)