|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1142 |
4.12.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Deireadh Fómhair 2023 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún (TAROM; COVID-19)
(Cás T-332/21) (1)
(Státchabhair - Margadh aeriompair na Rómáine - Cabhair arna deonú ag an Rómáin do TAROM i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 - Ráthaíocht Stáit ar iasachtaí - Cinneadh gan agóid a dhéanamh - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Damáiste suntasach ar sheasamh an iarratasóra ar an margadh ábhartha - Inghlacthacht - Cabhair chun aon damáiste a shlánú de dheasca teagmhas eisceachtúil - Measúnú ar an damáiste - Nasc cúisíoch - Deacracht airgeadais a bhí ag an íocaí cheana - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Saoirse bunaíochta - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(C/2023/1142)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rating agus I. G. Metaxas Maranghidis, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, V. Bottka agus L. Nicolae, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2020) 6910 final ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2020 maidir le státchabhair SA.56810 (2020/N) – an Rómáin – Cabhair do TAROM ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1142/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)