European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1135

4.12.2023

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 18 Deireadh Fómhair 2023 – Clariant agus Clariant International v an Coimisiún

(Cás T-590/20) (1)

(Iomaíocht - Cairtéil - Margadh eitiléine - Cinneadh lena ndeimhnítear sárú ar Airteagal 101 CFAE - Comhordú eiliminte den phraghas ceannaigh - Nós imeachta socraíochta - Fíneáil - Méid bunúsach na fíneála a choigeartú - Mír 37 de na Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú - Sárú leantach - Mír 28 de na Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú - Dlínse neamhtheoranta - Frithéileamh ar mhéadú ar mhéid na fíneála)

(C/2023/1135)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Clariant AG (Muttenz, an Eilvéis), Clariant International AG (Muttenz) (ionadaithe: F. Montag agus M. Dreher, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Boitos, I. Rogalski agus J. Szczodrowski, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, go príomha, go gcuirfí Cinneadh C(2020) 4817 final ón gCoimisiún an 14 Iúil 2020, a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 CFAE (AT.40410 – Eitiléin) ar neamhní go páirteach agus mar mhalairt air sin, le laghdú ar mhéid na fíneála a forchuireadh orthu ‘go comhpháirteach agus go leithleach’ sa chinneadh sin. Tá méadú ar an bhfíneáil á lorg ag an gCoimisiún Eorpach arís.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Diúltaítear don fhrithéileamh ón gCoimisiúin Eorpach.

3)

Ordaítear do Clariant AG agus do Clariant International AG a gcostais féin a íoc, chomh maith le 90 % de na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún.

4)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach 10 % dá chostais féin a íoc.


(1)   IO C 399, 23.11.2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1135/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)