|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1126 |
4.12.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin a taisceadh an 3 Lúnasa 2023 – X v Russmedia Digital SRL, Inform Media Press SRL
(Cás C-492/23, Russmedia Digital agus Inform Media Press)
(C/2023/1126)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóirí: Russmedia Digital SRL, Inform Media Press SRL
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil feidhm ag Airteagail 12 go 14 de Threoir 2000/31/CE (1) freisin maidir le soláthraí seirbhíse faisnéise den chineál stórála-óstála a chuireann suíomh ar fáil d’úsáideoirí inar féidir fógraí saor in aisce nó fógraí íoctha a fhoilsiú agus a mhaíonn gur ról teicniúil amháin atá acu i bhfoilsiú fógraí na n-úsáideoirí (an t-ardán a chur ar fáil), ach a thugann le fios, trí choinníollacha ginearálta úsáide an tsuímh, nach n-éilíonn sé ceart úinéireachta ar an ábhar a sholáthraítear nó a fhoilsítear, a uaslódáiltear nó a tharchuirtear, agus an ceart chun an t-ábhar a úsáid á choinneáil, lena n-áirítear cóipeáil, dáileadh, tarchur, foilsiú, macasamhlú, modhnú, aistriú, a shannadh do chomhpháirtithe agus é a bhaint ag am ar bith, fiú gan chúis a bheith ag teastáil chun é sin a dhéanamh? |
|
2) |
An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagail 2(4), 4(7) agus (11), 5(1)(f), 6(1)(a), 7, 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 (2) agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é an rialaitheoir sonraí pearsanta é, a fhíorú roimh fhoilsiú fógráin an bhfuil céannacht idir an duine a fhoilsíonn an fógra agus úinéir na sonraí pearsanta dá dtagraíonn an fógra? |
|
3) |
An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagail 2(4), 4(7) agus (11), 5(1)(f), 6(1)(a), 7, 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é an rialaitheoir sonraí pearsanta é, inneachar na bhfógraí a sheolann úsáideoirí a sheiceáil roimh ré, chun iad siúd a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach nó a d’fhéadfadh cur isteach ar shaol príobháideach agus teaghlaigh duine a eisiamh? |
|
4) |
An gceanglaítear, faoi léiriú Airteagal 5(1)(b) agus (f), Airteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE, ar sholáthraí seirbhíse faisnéise de chineál stórála-óstála den sórt sin, arb é rialaitheoir na sonraí pearsanta é, cosaintí a chur i bhfeidhm chun macasamhlú agus athdháileadh ábhar na bhfógraí a fhoilsítear a chosc nó a theorannú? |
(1) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1126/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)