|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1106 |
4.12.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD), Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Lineas – Concessões de Transportes SGPS SA (C-207/22), Global Roads Investimentos SGPS Lda (C-267/22), NOS-SGPS SA (C-290/22) v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cásanna Uamtha C-207/22, C-267/22 agus C-290/22 (1), Lineas – Concessões de Transportes agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht ar an earnáil airgeadais san Aontas Eorpach - Treoir Uimh. 2013/36/UE - Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 - Bunaíocht airgeadais - Coincheap - Gnóthas arb é an gnó atá aige leasanna cothromais a fháil)
(C/2023/1106)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Na cúirteanna a rinne an tarchur
Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD), Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Lineas – Concessões de Transportes SGPS SA (C-207/22), Global Roads Investimentos SGPS Lda (C-267/22), NOS-SGPS SA (C-290/22)
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 3(1)(22) de Threoir 2003/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, agus Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
gnóthas arb é an gnó atá aige leasanna cothromais a fháil i gcuideachtaí nach bhfuil i mbun gnó san earnáil airgeadais, ní thagann sé faoin gcoincheap ‘bunaíocht airgeadais’ de réir bhrí na Treorach sin agus an Rialacháin sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1106/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)