European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1096

22.11.2023

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11160 — CARRIER / VIESSMANN CLIMATE SOLUTIONS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1096)

1.   

An 13 Samhain 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Carrier Global Corporation (‘Carrier’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Viessmann Climate Solutions SE (‘Viessmann’, an Ghearmáin), faoi rialú Viessmann Group GmbH & Co KG.

Gheobhaidh Carrier rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Viessmann ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Carrier gníomhach i monarú agus dáileadh réiteach téimh, aerála, aerchóirithe, cuisniúcháin agus dóiteáin agus slándála i mbreis agus 160 tír, ar fud an domhain,

Is gnó faoi úinéireacht teaghlaigh é Viessmann atá gníomhach i bhforbairt, táirgeadh, díolachán agus seirbhísiú táirgí, comhpháirteanna córais agus gabhálais do théamh, fuarú agus rialú aeráide foirgneamh.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11160 — CARRIER / VIESSMANN CLIMATE SOLUTIONS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1096/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)