|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/965 |
27.11.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Vestre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Skatteministeriet v Lomoco Development ApS, Holm Invest Aalborg A/S, I/S Nordre Strandvej Sæby agus Strandkanten Sæby ApS
(Cás C-594/23, Lomoco Development agus páirtithe eile)
(C/2023/965)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
An chúirt a rinne an tarchur
Vestre Landsret
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Skatteministeriet
Cosantóirí: Lomoco Development ApS, Holm Invest Aalborg A/S, I/S Nordre Strandvej Sæby agus Strandkanten Sæby ApS
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 135(1)(j) i gcomhar le hAirteagal 12(1)(a) agus (2) ar thaobh amháin, agus le hAirteagal 135(1)(k) i gcomhar le hAirteagal 12(1)(b) agus (3) ar an taobh eile, de Threoir 2006/112 (1) do Bhallstát, in imthosca amhail iad siúd sna príomhimeachtaí, a mheas gur díol talún foirgníochta atá faoi réir CBL é soláthar talún ar tógadh bonn réamhtheilgthe air tráth an tsoláthair, agus nach dtógtar foirgneamh cónaithe air ach amháin ina dhiaidh sin ag úinéirí eile?
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/965/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)