|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/964 |
27.11.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 21 Meán Fómhair 2023 – Mio AB, Mio e-handel AB, Mio Försäljning AB v Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag
(Cás C-580/23, Mio agus páirtithe eile)
(C/2023/964)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Mio AB, Mio e-handel AB, Mio Försäljning AB
Cosantóirí: Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
Sa mheasúnú faoi chosaint fhorleathan an chóipchirt a bheith tuillte ag ábhar ealaíne feidhmí mar shaothar de réir bhrí Airteagal 2 go dtí 4 de Rialachán 2001/29/CE (1), conas is cóir an scrúdú a dhéanamh – agus cad iad na cúinsí a chaithfear nó ba cheart a chur san áireamh – maidir leis an gceist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl? Ina leith sin, baineann an cheist go háirithe ar cheart go mbeadh scrúdú na húrnuachta dírithe ar chúinsí a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach agus míniú an údair ar na roghanna cearta a rinne sé i gcruthú an ábhair nó na cúinsí maidir leis an ábhar féin agus toradh deiridh an phróisis chruthaithigh agus an é go gcuirtear cuspóir ealaíonta in iúl leis an ábhar féin. |
|
2. |
Don fhreagra ar Cheist 1 agus an cheist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:
|
|
3. |
Conas ba cheart measúnú na cosúlachta a dhéanamh – agus cad é an chosúlacht atá ag teastáil – sa mheasúnú faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, nach mór a bhronnadh ar an údar de réir Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29/CE? Ina leith sin, iarrtar go háirithe leis an gceist ar cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar so-aitheantacht an tsaothair san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach nó an gcruthaítear an t-imprisean ginearálta céanna a chruthaítear leis an saothar leis an ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach, nó cad eile ar ar cheart go mbeadh an measúnú dírithe? |
|
4. |
Maidir leis an bhfreagra ar Cheist 3 agus an cheist faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:
|
(1) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/964/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)