|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/956 |
27.11.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 22 Lúnasa 2023 – Societa Italiana Lastre SpA v Agora
(Cás C-537/23, Societa Italiana Lastre)
(C/2023/956)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Societa Italiana Lastre SpA (SIL)
Cosantóir: Agora SARL
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
Nuair atá clásal dlínse neamhshiméadraí nach dtugtar an fhéidearthacht cúirt a roghnú atá inniúil faoi rialacha an ghnáth-dhlí ach atá difriúil ón gcúirt arna hainmniú sa chlásal sin ach do cheann amháin de na páirtithe agus nuair a áitíonn an páirtí eile go bhfuil an clásal mídhleathach toisc go bhfuil sé ró-mhíchruinn agus/nó go bhfuil sé claonta, ar cheart an cheist sin a chinneadh i gcomhréir le rialacha neamhspleácha arna ngabháil ó Airteagal 25(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia (1) agus cuspóir na hintuarthachta agus na deimhneachta dlíthiúla a shaothraítear leis an Rialachán sin, nó ar cheart é a chinneadh trí dhlí an Bhallstáit atá ainmnithe leis an gclásal a chur i bhfeidhm? I bhfocail eile, an mbaineann sé le bailíocht shubstainteach an chlásail, de réir bhrí na forála sin? Nó ar cheart léiriú dian a dhéanamh ar bhailíocht shubstainteach an chlásail agus ar cheart a mheas nach mbaineann sé ach leis na forais neamhbhailíochta ábhartha, lena n-áirítear, go príomha, calaois, earráid, meabhlaireacht, foréigean agus éagumas? |
|
2. |
Má tá an cheist maidir le míchruinneas nó claonadh an chlásail le cinneadh i gcomhréir le rialacha neamhspleácha, an gcaithfear Airteagal 25(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia a léiriú sa chaoi gur cheart nó nár cheart clásal a chur i bhfeidhm má cheadaítear leis do pháirtí amháin imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte céanna nó os comhair aon chúirt eile atá inniúil faoin ngnáth-dhlí? |
|
3. |
Más coinníoll substainteach í neamhshiméadracht an chlásail, conas ba cheart léiriú a dhéanamh ar Airteagal 25(1) de Rialachán an Bhruiséil I, go háirithe maidir leis an riachtanas dul ar iontaoibh dhlí Stáit na cúirte a ainmníodh i gcás ina bhfuil roinnt cúirteanna ainmnithe sa chlásal, nó i gcás ina n-ainmnítear cúirt amháin sa chlásal ach go bhforáiltear don bhféidearthacht ag ceann de na páirtithe cúirt eile a roghnú ach i gcás nár feidhmíodh an rogha sin go nuige sin ar an dáta ina dtógtar an tsaincheist os comhair cúirte:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 12 Nollaig 2012, maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus trachtála (IO 2012, L 351, lch. 1)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/956/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)