Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/915 |
13.11.2023 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(C/2023/915)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
‘Дунавска равнина’
PGI-BG-A1538-AM02
Dáta na teachtaireachta: 6 Iúil 2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
Leasú le hAcht Formheasa Uimh. RD 18 — 1/10.3.2017
Tá iarratas curtha isteach ag na táirgeoirí, via Comhlachas Réigiúnach Fíniúna agus Fíona na Mara Duibhe, chun Sangiovese a áireamh sa tsonraíocht táirge, le haghaidh táirgeadh fíonta rosé amháin, agus Gergana, le haghaidh táirgeadh fíonta geala, sa liosta de chineálacha fíonchaoire a cheadaítear maidir le táirgeadh fíona le fíon TGFC ‘Дунавска равнина / Dunavska Ravnina’.
Bíonn an-fháilte roimh na fíonta Sangiovese agus Gergana ag an margadh agus tá éileamh méadaithe ann. Is cineál Bulgárach é Gergana atá le fáil i limistéar Machaire na Danóibe amháin. Bíonn saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha an-mhaith sna fíonta. Cuirfear feabhas ar íomhá ‘Дунавска равнина / Dunavska Ravnina’ (TGFC) agus leathnófar an teacht tráchtála atá aige ach iad a áireamh i sonraíocht an táisc gheografaigh sin. Déanann an leasú difear do phointe 5 ‘Cineálacha fíonchaoire údaraithe le haghaidh fíon TGFC ‘Дунавска равнина / Dunavska Ravnina’ den tsonraíocht táirge agus do roinn 7 ‘Príomhchineál(acha) fíonchaoire’ den doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Дунавска равнина
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC — Tásc geografach faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíonta geala
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Neart alcóil iarbhír — íosmhéid 10 % de réir toirte.
Méid iomlán siúcra:
— |
le haghaidh fíonta tirime — suas le 4 g/l, nó suas le 9 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna sloinneadh mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 2 ghram faoi bhun an mhéid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leath-thirime — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta tirime, ach nach mó ná 12 g/l, nó 18 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna chur in iúl mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 10 ghram níos lú ná an méid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leathmhilse — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta leath-thirime, ach nach mó ná 45 g/l; |
— |
le haghaidh fíonta milse — níos mó ná 45 g/l. |
— |
Aigéadacht iomlán a léirítear mar aigéad tartarach — íosmhéid 4 g/l. |
— |
Aigéadacht luaineach a léirítear mar aigéad aicéiteach — nach mó ná 13,3 meq. |
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán — nach mó ná 200 mg/l. |
— |
Eastósc saor ó shiúcra — íosmhéid 16 g/l. |
Soiléireacht — is ceadmhach é leacht soiléir, méid beag dríodair dhaite a leanann as an teacht chun cineáil faidréiseach i mbuidéil.
Dath — tuí buí agus imreacha glasa.
Dea-bholadh agus blas — dea-bholadh casta le ceannas ag torthaí citris agus ruainníní luibheanna, féir úir agus bláthanna fiáine. Bíonn an blas úr, le haigéadacht chothrom, comhchuí le hiarbhlas fada.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4 g/l, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
2. Rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Neart alcóil iarbhír — íosmhéid 10 % de réir toirte.
Méid iomlán siúcra:
— |
le haghaidh fíonta tirime — suas go 4 g/l, nó suas go 9 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna chur in iúl mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 2 ghram níos lú ná an méid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leath-thirime — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta tirime, ach nach mó ná 12 g/l, nó 18 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna chur in iúl mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 10 ghram níos lú ná an méid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leathmhilse — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta leath-thirime, ach nach mó ná 45 g/l; |
— |
le haghaidh fíonta milse — níos mó ná 45 g/l. |
— |
Aigéadacht iomlán a shloinntear mar aigéad tartarach — íosmhéid 4 g/l. |
— |
Aigéadacht luaineach a léirítear mar aigéad aicéiteach — nach mó ná 13,3 meq. |
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán — nach mó ná 200 mg/l. |
— |
Eastósc saor ó shiúcra — íosmhéid 16 g/l. |
Soiléireacht — is ceadmhach é leacht soiléir, méid beag dríodair dhaite a leanann as an teacht chun cineáil faidréiseach i mbuidéil.
Dath — bándearg láidir.
Dea-bholadh agus blas — torthaí foraoise dearga agus torthaí cloiche is mó sa dhea-bholadh. Tá an blas bog, le struchtúr cruinn agus blasanna blasta de sméar dhubh agus de shilíní aibí. Bíonn an t-iarbhlas láidir, beagán searbh, agus úire chumhachtach.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4 g/l, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,3 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
3. Fíonta dearga
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Neart alcóil iarbhír — íosmhéid 10 % de réir toirte.
Méid iomlán siúcra:
— |
le haghaidh fíonta tirime — suas le 4 g/l, nó suas le 9 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna sloinneadh mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 2 ghram faoi bhun an mhéid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leath-thirime — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta tirime, ach nach mó ná 12 g/l, nó 18 g/l ar choinníoll nach bhfuil an aigéadacht iomlán, arna sloinneadh mar ghraim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir, níos mó ná 10 ghram faoi bhun an mhéid siúcra iarmharaigh; |
— |
le haghaidh fíonta leathmhilse — níos mó ná na huasluachanna le haghaidh fíonta leath-thirime, ach nach mó ná 45 g/l; |
— |
le haghaidh fíonta milse — níos mó ná 45 g/l. |
— |
Aigéadacht iomlán a léirítear mar aigéad tartarach — íosmhéid 4 g/l. |
— |
Aigéadacht luaineach a léirítear mar aigéad aicéiteach — nach mó ná 15 meq. |
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán — nach mó ná 150 mg/l. |
— |
Eastósc saor ó shiúcra — íosmhéid 20 g/l. |
Soiléireacht — leacht soiléir, is ceadmhach méid beag dríodair dhaite a eascraíonn as an teacht chun cineáil faidréiseach i mbuidéil.
Dath — dath an rúibín.
Dea-bholadh agus blas — dea-bholaithe lena n-áirítear torthaí dearga agus dubha na foraoise, prúnaí, spíosraí, fanaile agus cnónna. Tá an blas cothrom agus súmhar, le tainniní boga agus úire thorthaíoch.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
10 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
4 g/l, arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
15 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíocha fhíor-riachtanacha
1. Táirgeacht
Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh
Is ionann an táirgeacht uasta ó 100 kg fíonchaor agus 70 l.
5.2. Uastáirgeacht
13 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
1. |
Tá an limistéar críochaithe le haghaidh táirgeadh fíona a bhfuil TGFC ‘Дунавска равнина / Dunavska Ravnina’ aige laistigh de theorainneacha na gceantar seo a leanas: |
Réigiún Montana: Berkovitsa, Boychinovtsi, Brusartsi, Chiprovtsi, Georgi Damyanovo, Yakimovo, Lom, Medkovets, Montana, Valchedram agus Varshets.
Réigiún Vidin: Belogradchik, Boynitsa, Bregovo, Chuprene, Gramada, Kula, Makresh, Novo Selo, Ruzhintsi, Vidin agus Dimovo.
Réigiún Vratsa: Byala Slatina, Borovan, Hayredin, Kozloduy, Krivodol, Mezdra, Miziya, Oryahovo, Roman agus Vratsa.
Réigiún Gabrovo: Gabrovo, Sevlievo agus Dryanovo.
Réigiún Lovech: Letnitsa, Lovech, Lukovit, Troyan, Ugarchin agus Yablanitsa.
Réigiún Pleven: Belene, Cherven Bryag, D. Mitropoliya, Dolni Dabnik, Gulyantsi, Iskar, Knezha, Levski, Nikopol, Pleven agus Pordim.
Réigiún Veliko Tarnovo: Gorna Oryahovitsa, Lyaskovets, Pavlikeni, Polski Trambesh, Strazhitsa, Suhindol, Svishtov, Veliko Tarnovo, Zlataritsa Agus Elena.
Réigiún Razgrad: Tsar Kaloyan, Isperih, Kubrat, Loznitsa, Razgrad agus Zavet.
Réigiún Ruse: Byala, Borovo, Tsenovo, Ivanovo, Ruse, Vetovo, Dve Mogili agus Slivo Pole.
Réigiún Silistra: Glavinitsa, Tutrakan, Alfatar, Dulovo, Kaynardzha, Silistra agus Sitovo.
Réigiún Targovishte: Omurtag, Opaka, Popovo agus Targovishte.
Dobrich Réigiún: Balchik, General Toshevo, Kavarna, Shabla, Dobrich, Krushari agus Tervel.
Réigiún Shumen: Hitrino, Kaolinovo, Kaspichan, Novi Pazar, Shumen, Smyadovo, Veliki Preslav, Varbitsa, Venets agus Nikola Kozlevo.
Réigiún Varna: Aksakovo, Avren, Beloslav, Byala, Devnya, Dolni Chiflik, Dalgopol, Provadiya, Suvorovo, Varna, Vetrino agus Valchidol.
Réigiún Sofia: Botevgrad agus Pravets.
Tá na dúichí seo a leanas a liostaítear de réir bardais, eisiata ón limistéar críochaithe:
Bardas Belogradchik: sráidbhailte Granichak, Prauzhda, Salash agus Stakevtsi.
Bardas Chiprovtsi: sráidbhailte Martinovo agus Prevala.
Bardas Georgi Damyanovo: sráidbhailte Dalgi Del agus Kopilovtsi.
Bardas Berkovitsa: sráidbhaile Chereshovitsa.
Bardas Varshets: sráidbhailte Gorna Bela Rechka, Gorno Ozirovo agus Dolno Ozirovo.
Bardas Vratsa: sráidbhaile Lyutadzhik.
Bardas Botevgrad: sráidbhailte Gurkovo, Kraevo, Radotina agus Trudovets.
Bardas Pravets: sráidbhaile Razliv.
Bardas Troyan: sráidbhailte Balkanets, Beli Osam, Golyama Zhelyazna, Gumoshtnik, Dobrodan, Oreshak, Staro Selo, Terziysko, Cherni Osam, Chiflik agus Shipkovo.
Bardas Lovech: sráidbhailte Stefanovo, Malinovo agus Balgarene.
Bardas Sevlievo: sráidbhailte Boazat, Valevtsi, Voynishka, Dyalak, Kravenik, Kupen, Mlechevo, Selishte, Stokite, Tabashka, Ugorelets agus Shopite.
Bardas Gabrovo: sráidbhailte Balanite, Boycheta, Boriki, Zhaltesh, Zeleno Darvo, Malusha, Orlovtsi, Potok, Charkovo agus Chernevtsi.
Bardas Veliko Tarnovo: sráidbhailte Voynezha, Voneshta Voda, Vaglevtsi, Kladni Dyal, Osenarite agus Raykovtsi.
Bardas Elena: sráidbhailte Bebrovo, Beykovtsi, Buynovtsi, Valchovtsi, Ganev Dol, Gramatitsi, Debeli Rat, Drenta, Ivanivanovtsi, Ignatovtsi, Kamenari, Kolari, Konstantin, Kostel, Maryan, Miykovtsi, Palitsi, Popska, Ruhovtsi, Svetoslavtsi, Todyuvtsi agus Chakali.
Bardas Zlataritsa: sráidbhailte Dedintsi, Dalgi Pripek, Ravnovo, Razsoha agus Rosno.
Bardas Strazhitsa: sráidbhailte Vodno, Zhelezartsi agus Kavlak.
Bardas Popovo: sráidbhailte Dolna Kabda, Konak agus Marchino.
Bardas Targovishte: sráidbhailte Bozhurka, Bratovo, Gorna Kabda, Koprets, Paydushko, Presiyan, Prolaz, Tarnovtsa, Tsvetnitsa agus Cherkovna.
Bardasacht Omurtag: sráidbhailte Belomortsi, Velikdenche, Verentsi, Gorna Hubavka, Gorsko Selo, Dolna Hubavka, Zelena Morava, Zmeyno, Iliyno, Kamburovo, Kozma Prezviter, Krasnoseltsi, Panayot Hitovo, Panichino, Petrino, Ptichevo agus Stanets.
Bardas Varbitsa: sráidbhaile Tushovitsa.
Bardas Smyadovo: sráidbhaile Rish.
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
Aligote |
|
Aheloy |
|
Bouket |
|
Viognier |
|
Gamay Noir |
|
Gamay Fréaux |
|
Gergana |
|
Grand Noir |
|
Gamza — Kadarka |
|
Dimiat — Smederevka |
|
Dunavska Gamza |
|
Evmolpia — Trakiiski Mavrud |
|
Cabernet Sauvignon |
|
Cabernet Franc |
|
Kamtchiya |
|
Carmenère |
|
Colombard |
|
Cot — Malbec |
|
Kuklenski Mavrud |
|
Mavrud |
|
Marselan |
|
Melnik 82 |
|
Melnishki Rubin |
|
Merlot |
|
Misket Varnenski — Muskat Varnenski |
|
Misket Vrachanski — Vrachanski Misket |
|
Misket Kailashki |
|
Misket Markovski |
|
Misket Sandanski — Muskat Sandanski |
|
Misket Sungurlarski |
|
Misket Cherven — Brezovski Misket |
|
Misket Cherven — Karlovski Misket |
|
Misket Cherven — Cherven Misket |
|
Muscat Ottonel |
|
Müller-Thurgau |
|
Orfei |
|
Pamid |
|
Petit Verdot |
|
Pinot Gris |
|
Plevenski Kolorit |
|
Pomoriiski Biser |
|
Ranna Melnishka Loza — Melnik 55 |
|
Rheinriesling — Nemski Rizling |
|
Rheinriesling — Rizling |
|
Rkatsiteli — Rikat |
|
Rubin |
|
Roussanne |
|
Sangiovese |
|
Cinsaut |
|
Septemvriiski Rubin |
|
Sylvaner |
|
Syrah — Shiraz |
|
Sauvignon Blanc |
|
Sungurlarski Biser |
|
Tamyanka — Moskatelo |
|
Tamyanka — Moscato Bianco |
|
Tamyanka — Muscat Blanc à Petits Grains |
|
Tamyanka — Temenuga |
|
Trakiiska Slava |
|
Fetyaska Alba — Fetyaska Byala |
|
Fetyaska Regala |
|
Furmint |
|
Harslevelut — Lipovina |
|
Hebros |
|
Chernomorski Brilyant |
|
Chernomorski Eleksir |
|
Chardonnay |
|
Chenin — Chenin Blanc |
|
Shiroka Melnishka Loza — Melnik |
|
Ugni Blanc — Claret |
|
Ugni Blanc — Sent Emilion |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Дунавска равнина / Dunavska Ravnina
Tá na fíonghoirt a cuireadh sa limistéar táirgthe críochaithe le haghaidh TGFC ‘Дунавска равнина / Dunavska Ravnina’ lonnaithe ar Mhachaire na Danóibe i gcuid thuaidh na Bulgáire. Tá an machaire seo suite idir an Danóib ó thuaidh, fánaí na sléibhte Stara Planina ó dheas, ag síneadh chuig Abhainn Timok san iarthar agus an Mhuir Dhubh san oirthear. Tá an chuid is mó den mhachaire ag airde idir 100 agus 250 méadar, ag ardú go dtí idir 300 agus 400 méadar sna cnoic Predbalkan. Tá machairí ísle, cnoic agus ardchláir i dtír-raon Mhachaire na Danóibe. Tá an aeráid mheasartha ilchríochach agus tionchar uirthi ag oscailteacht shuntasach an limistéir soir ó thuaidh agus an tír-raon sách réidh. Bíonn an mheánteocht bhliantúil idir 10-12,2 °C i gcodanna éagsúla den mhachaire. Bíonn na geimhrí fuar ach i bhfad níos éadroime sa chuid thoir, mar gheall ar thionchar aeráide na Mara Duibhe agus na héagsúlachtaí teochta nach mbíonn chomh suntasach céanna. Le linn na séasúr eile, bíonn aermhaiseanna muirí ón iarthar agus ón iarthuaisceart den chuid is mó. Bíonn na samhraí te agus tirim. Is ionann meánteocht laethúil na míosa is teo idir 21,5 agus 24,0 C. Tá an raon teochta bliantúil is airde ag Machaire na Danóibe (25 °C). Tá an mhéanbháisteach bhliantúil idir 450 mm agus 650 mm. Sa chuid is mó de Mhachaire na Danóibe, cruthaíodh na hithreacha ar bhonn lóis, agus fásra steipe agus steip foraoise ann den chuid is mó. A bheag nó a mhór is iad seornaiseom (carbónáit, tipiciúil, láiste agus podslaithe) agus ithreacha liath foraoise na hithreacha a forbraíodh. Tá dea-bholadh casta ag na fíonta geala le ceannas ag torthaí citris agus ruainníní luibheanna, féar úr agus bláthanna fiáine. Bíonn an blas úr agus comhchuí, le haigéadacht chothrom agus iarbhlas fada.
Sna fíonta rosé, bíonn dea-bholaithe de thorthaí foraoise dearga agus torthaí cloiche chun tosaigh. Tá an blas bog, le struchtúr cruinn agus blasanna blasta de sméar dhubh agus de shilíní aibí. Bíonn an t-iarbhlas láidir, beagán searbh, agus úire chumhachtach.
Sna fíonta dearga, bíonn torthaí dearga agus dubha na foraoise, prúnaí, spíosraí, fanaile agus cnónna i measc na ndea-bholaithe. Tá an blas cothrom agus súmhar, le tainniní boga agus úire thorthaíoch. Is leis na gnéithe seo a leanas a chinntear sainiúlacht agus cáilíochtaí saintréitheacha na bhfíonta a tháirgtear: an aeráid measartha ilchríochach lena samhraí teo tirime; an tír-raon de mhachairí ísle, cnoic agus ardchláir; na hithreacha seornaiseoim (carbónáit, tipiciúil, láiste agus podslaithe) agus ithreacha liath foraoise a cruthaíodh ar bhonn lóis; agus na teorainneacha arna bhforchur leis an toisc dhaonna.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Дунавска равнина
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar an tásc geografach a úsáid le haghaidh fíonta a dhéantar trí chumasc ar choinníoll go ndéantar 85 % de na fíonchaora a úsáidtear a tháirgeadh sa limistéar a ainmnítear ar an lipéad.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://eavw.com/updocs/1323061686662190_Specifikacia.Dunavska.ravnina.2023.pdf
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/915/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)