![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/909 |
22.11.2023 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid
(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2023/909)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
Uimhir thagartha an Chinnidh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
C(2023) 7339 |
15 Samhain 2023 |
Trí-ocsaíd chróimiam Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0 |
Ideal Standard Vidima AD, 53 Marin Popov Street, 5400, Sevlievo, an Bhulgáir |
REACH/23/21/0 |
Leictreaphlátáil cineálacha éagsúla foshraitheanna a bhaineann úsáid as trí-ocsaíd chróimiam chun dromchlaí feidhmiúla a bhaint amach lena mbaineann marthanacht ard agus a bhfuil cuma gheal nó neamhlonrach ar dhath an airgid i gcomhar feidhmeanna sláintíochta |
31 Nollaig 2028 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol mar gheall ar úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
Ideal Standard Produktions-GmbH, Röntgenstraße 9, 54516 Wittlich, an Ghearmáin |
REACH/23/21/1 |
||||||
Ideal Standard Vidima AD, 53 Marin Popov Street, 5400, Sevlievo, an Bhulgáir |
REACH/23/21/2 |
Eitseáil ábhair phlaistigh le trí-ocsaíd chróimiam mar chéim réamhchóireála le haghaidh próisis leictreaphlátála i gcomhar feidhmeanna sláintíochta |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/909/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)