European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/880

8.12.2023

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle

(COM(2023) 240 final — 2023/0138 (COD))

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air

(COM(2023) 241 final — 2023/0137 (CNS))

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát

(COM(2023) 242 final — 2023/0136 (NLE))

(C/2023/880)

Rapóirtéir:

Javier DOZ ORRIT

Comhrapóirtéir:

Luca JAHIER

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.6.2023

Bunús dlí

Airteagail 121(6), 121(126) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

8.9.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

21.9.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

581

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

175/3/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na gnéithe dearfacha éagsúla den phacáiste reachtach atá beartaithe: creat rialachais eacnamaíoch níos simplí agus níos trédhearcaí, laghdú suntasach ar an gclaonadh comh-thimthriallach, méadú ar an úinéireacht náisiúnta agus forfheidhmiú níos láidre, conair fhioscach dhifreálaithe agus níos saincheaptha ag gach Ballstát ar leith, bunaithe ar chreat comhchoiteann bainistíochta riosca.

1.2.

Ar an ábhar sin, táimid á iarraidh go gcuirfear tús go beo leis an gcaibidlíocht idir na comhreachtóirí chun athchóiriú comhaontaithe a bhaint amach maidir leis an gconair bhunúsach rialachais eacnamaíoch agus fhioscaigh sin roimh dheireadh na bliana reatha agus go gcuirfear chun feidhme é roimh na chéad toghcháin Eorpacha eile. Maidir leis an margadh fiachais freisin, beidh ríthábhacht ag baint le creat fadtéarmach láidir cothrom in-fhorfheidhmithe intuartha.

1.3.

Tá CESE den tuairim, más rud é go gcuirfear d’oibleagáid ar aon Bhallstát a bhfuil easnamh buiséid os cionn 3 % aige an t-easnamh sin a laghdú ar ráta 0,5 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ar an meán in aghaidh na bliana, gur dócha gur beartais fhioscacha róshriantacha a bheidh mar thoradh air, ach amháin in imthosca eisceachtúla, tráth a bhféadfadh dúshláin a bheith roimh na geilleagair. Dá bhrí sin, in áit an cheanglais sin, molann CESE rud éigin a bheifí in ann a chur in oiriúint níos fearr do chúinsí ar leith na mBallstát, rud a mbeifí in ann inbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach a áirithiú leis.

1.4.

Tá CESE á iarraidh go gcaithfear le hinfheistíocht phoiblí mar chás ar leith – ó thaobh an aistrithe ghlais agus na cosanta de, ar a laghad – agus cinneadh á dhéanamh ar cheart tús a chur le haon nós imeachta um easnamh iomarcach. Chuirfeadh sé sin ar chumas na mBallstát uile tabhairt faoin infheistíocht phoiblí a bheidh ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí comhchoiteanna a luaitear sa phacáiste reachtach atá beartaithe.

1.5.

Tá CESE den tuairim gur cheart do Bhallstáit an Aontais, in am trátha, agus faoi 2026 ar a dhéanaí, teacht ar chomhaontú maidir le hacmhainn bhuiséadach de chuid an Aontais a bhunú. Leis sin, d’fhéadfaí cuid ar a laghad de na riachtanais infheistíochta le haghaidh tosaíochtaí comhchoiteanna a shásamh agus an spás fioscach a fhágáil ag na Ballstáit chun costais fhioscacha na n-aistrithe éagsúla nach gcáilíonn mar infheistíocht a shásamh. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh ísealioncaim agus na gnólachtaí beaga chun go mbeadh ar a gcumas na costais a íoc a bhaineann leis na beartais riachtanacha chun maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus chun oiriúnú a dhéanamh dó, cuir i gcás praghsanna níos airde ar charbón.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go nglacfar sainmhíniú ar infheistíocht phoiblí trína méadófar an caiteachas poiblí incháilithe nach caiteachas poiblí reatha é chun go mbeidh níos mó ná foirmiú caipitil sheasta i gceist leis agus go mbeidh foirmiú caipitil nádúrtha agus daonna san áireamh ann, rud a d’éascódh an infheistíocht phoiblí i gcuspóirí glasa agus sóisialta, i gcomhréir leis an treoir a thug an Coimisiún Eorpach do na Ballstáit maidir lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a dhréachtú. Is trí na pleananna sin a chuirtear an Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaidh na comhreachtóirí grinnscrúdú breise, sula nglacfar an Rialachán nua maidir le modheolaíocht na hanailíse ar inbhuanaitheacht an fhiachais, d’fhonn iarmhairtí uathoibríocha na mbeartas déine nach rabhthas ag súil leo a sheachaint. Thar aon rud eile, ní mór tionchar sóisialta na mbeart a bheartófar sa deireadh a chur san áireamh.

1.8.

Measann CESE nár cheart smachtbhannaí faoin Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a chur i bhfeidhm go huathoibríoch, bunaithe ar na tíortha a bheith roinnte ina gcatagóirí de réir an chóimheasa fiachais phoiblí.

1.9.

Tá CESE suite de gur cheart gur faoi stiúir na rialtas náisiúnta a bheadh ‘an chonair theicniúil’ ar an gcéad dul síos, faoi réir thuairim na gcomhlachtaí fioscacha náisiúnta neamhspleácha. Ag céim a dó, ba cheart an chonair sin a bheith ina toradh ar idirphlé teicniúil leis an gCoimisiún Eorpach, chun an úinéireacht náisiúnta ar an bpróiseas a neartú.

1.10.

Tá CESE ag iarraidh an athuair go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach sa rialachán atá beartaithe, agus go gceanglófaí nósanna imeachta comhairliúcháin buana struchtúrtha a bheith ann ag céimeanna éagsúla den chreat nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart páirt a thabhairt freisin do CESE agus do Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) san idirphlé ar an Seimeastar Eorpach.

1.11.

Tá ról tábhachtach ag na parlaimintí náisiúnta agus ag Parlaimint na hEorpa, ina réimse gníomhaíochta faoi seach, i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, i dtaca leis an gcuntasacht dhaonlathach a neartú.

2.   Cúlra

2.1.

An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún tograí reachtacha, eadhon dhá rialachán agus treoir amháin, chun na rialacha i dtaca le rialachas eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú, agus é luaite mar phríomhchuspóir go ndéanfaí an inbhuanaitheacht fiachais a neartú agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn trí bhíthin an athchóirithe agus na hinfheistíochta. Chuige sin, féachann na tograí leis an gcreat rialachais eacnamaíoch a dhéanamh níos simplí agus níos trédhearcaí, agus leis an úinéireacht náisiúnta agus an forfheidhmiú a neartú.

2.2.

Na rialacha atá beartaithe maidir leis an rialachas eacnamaíoch, bheidís leabaithe sa Seimeastar Eorpach. I gcomhthéacs sin chomhordú an bheartais fhioscaigh, eacnamaíoch agus fostaíochta, bheadh ar gach Ballstát plean struchtúrach fioscach náisiúnta meántéarmach a thíolacadh ina leagfaí amach, do na chéad cheithre bliana eile ar a laghad, plean fioscach agus plean infheistíochta an Bhallstáit, maille lena phlean maidir le hathchóirithe. Chuirfí tús leis an bpróiseas nuair a d’fhormhuineodh an Chomhairle an plean tar éis moladh a fháil ón gCoimisiún, agus faoi choinníollacha áirithe chuirfí trí bliana breise leis an gclár i gcás ina n-iarrfadh an Ballstát sin.

2.3.

Dhéanfadh gach Ballstát achoimre ar an mbeartas fioscach atá aige sa phlean struchtúrach fioscach, bunaithe ar éabhlóid an phríomhchaiteachais phoiblí ghlain arna mhaoiniú go náisiúnta ar feadh ré an chláir. Bheadh ar na Ballstáit a shonrú sna pleananna struchtúracha fioscacha mar a d’fhorbrófaí an príomhchaiteachas poiblí glan i gcaitheamh thréimhse an phlean struchtúraigh fhioscaigh agus shaineodh an fhorbairt sin conair choigeartaithe an bheartais fhioscaigh d’fhonn an ceanglas a chomhlíonadh maidir leis an airgeadas poiblí a choinneáil fónta.

2.4.

Na Ballstáit a bhfuil a gcóimheas fiachais phoiblí faoi bhun 60 % de OTI agus a n-easnamh buiséid níos lú ná 3 % de OTI, bheadh orthu conair a gcaiteachais phoiblí ghlain a shocrú chun go mbeadh dhá cheanglas á gcomhlíonadh: ar an gcéad dul síos, gurb é an toradh a bheadh air, faoi dheireadh thréimhse coigeartaithe a bplean struchtúraigh fhioscaigh, go dtabharfaí an phríomhchothromaíocht struchtúrach a bheadh sonraithe ag an gCoimisiún dóibh bunaithe ar a chreat anailíse siúd ar inbhuanaitheacht an fhiachais. Ar an dara dul síos, go mbeidh a n-easnamh buiséadach ginearálta faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI agus, de réir réamhaisnéisí an Choimisiúin, go meastar go bhfanfaidh sé amhlaidh ar feadh na 10 mbliana tar éis dheireadh thréimhse choigeartúcháin an phlean struchtúraigh fhioscaigh gan aon bhearta beartais breise.

2.5.

I gcás na mBallstát a bhfuil fiachas poiblí os cionn 60 % de OTI acu nó easnamh ginearálta buiséid os cionn 3 % de OTI, mholfadh an Coimisiún ‘conair theicniúil’, mar a thugtar uirthi, roimh ré, is é sin, conair le haghaidh phríomhchaiteachas poiblí glan an Bhallstáit do thréimhse choigeartúcháin an phlean struchtúraigh fhioscaigh. Níor mhór ceanglais áirithe a chomhlíonadh sa chonair theicniúil sin maidir leis an gcóimheas fiachais phoiblí a chur ar ‘chonair shochreidte síos’ (arna measúnú i gcomhthéacs na hanailíse ar inbhuanaitheacht fhiachas an Choimisiúin), an t-easnamh a thabhairt faoi bhun 3 % agus fás an phríomhchaiteachais phoiblí ghlain faoi bhun fhás meántéarmach an aschuir a thuartar.

2.6.

Beag beann ar chóimheas fiachais an Bhallstáit agus ar chomhardú a bhuiséid phoiblí, dhéanfadh gach Ballstát sraith athchóirithe agus infheistíochtaí a mholadh ina phlean struchtúrach fioscach freisin, agus léireodh sé mar a thabharfaí aghaidh ar an moladh tírshonrach arna eisiúint ag an gComhairle do gach Ballstát i gcomhréir leis na Treoirlínte Eacnamaíocha Ginearálta agus na Treoirlínte Fostaíochta agus aon mholtaí arna n-eisiúint faoin ngéag choisctheach nó faoin ngéag cheartaitheach den Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Leis an athchóiriú agus an infheistíocht atá beartaithe, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar ‘tosaíochtaí comhchoiteanna’ an Aontais agus ba cheart ailíniú a dhéanamh leis an méid atá beartaithe de réir phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit.

2.7.

Féadfaidh Ballstát a iarraidh go gcuirfear síneadh suas le trí bliana le tréimhse choigeartaithe a phlean struchtúraigh fhioscaigh ach athchóirithe agus infheistíocht phoiblí a mholadh a ndéanfaidh sé cás ar a son, go gcuirfidís leis an bhfás, go dtacóidís leis an inbhuanaitheacht fhioscach agus gur infheistíocht phoiblí bhreise arna maoiniú go náisiúnta a bheadh mar thoradh orthu, de bhreis ar na cuspóirí thuasluaite a shaothrú.

2.8.

Áirítear athchóiriú ar ‘géag/gné cheartaitheach’ na rialacha fioscacha, mar a thugtar uirthi, sna tograí reachtacha freisin. Ní mheasfaí cóimheas fiachais phoiblí os cionn 60 % ina fhiachas ‘iomarcach’ faoi na tograí sin seachas i gcás ina raibh an glanchaiteachas poiblí ag imeacht ón gconair a leagadh amach i bplean struchtúrach fioscach formhuinithe an Bhallstáit. Faoin oibríochtú sin tá sé i gceist a oiread atá riail fhioscach an fhiachais phoiblí á comhlíonadh ag Ballstát a nascadh le creat anailíse an Choimisiúin ar inbhuanaitheacht an fhiachais. I gcás easnamh buiséid os cionn 3 % de OTI, theastódh ceartú 0,5 % de OTI in aghaidh na bliana, seachas i gcúinsí a bhain go sonrach leis an mBallstát nó leis an Aontas agus a thabharfadh bonn cirt le clásail éalaithe a ghníomhachtú.

2.9.

Ba cheart do na Ballstáit a dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme a bplean struchúraigh fhioscaigh a thíolacadh faoi lár mhí Aibreáin gach bliain in ionad na bpleananna náisiúnta bliantúla um chobhsaíocht, um chóineasú agus um athchóiriú.

2.10.

Ní mholtar sa phacáiste reachtach aon athruithe maidir leis an ngné choisctheach nó cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis trína gcuirfí go mór le ról Pharlaimint na hEorpa nó na bparlaimintí náisiúnta, gan trácht ar chur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Os a choinne sin, déantar ról feabhsaithe a thabhairt isteach d’institiúidí náisiúnta neamhspleácha fioscacha (‘comhairlí fioscacha’) trína dtabharfaí a dtuairim neamhspleách maidir leis an gconair ghlanchaiteachais phoiblí a leagtar amach ina phlean struchtúrach fioscach a bheith á comhlíonadh ag Ballstát, agus sa chás nach bhfuil, cén fáth.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tagann an t-athchóiriú fioscach atá beartaithe ag pointe cinniúnach tráth a bhfuil an tAontas ag déileáil le tionchair na ngéarchéimeanna suntasacha atá tite amach le déanaí. Leis an bhfreagairt stóinseach eacnamaíoch ar phaindéim COVID-19, rud a éascaíodh le gníomhachtú chlásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, tháinig méadú ar chóimheas an fhiachais phoiblí sna Ballstáit uile, nach mór. Meastar, áfach, gurb í an fhreagairt sin cuid mhór den chúis a bhí leis an téarnamh eacnamaíoch a bhí an-sciobtha agus an-láidir agus léiríodh dá toradh ceann de na srianta a bhaineann leis na rialacha reatha, is é sin nach bhfeileann siad do láimhseáil na suaití móra. I bhfianaise na ndúshlán atá romhainn, is dócha go mbeidh na suaití sin ina normáltacht nua.

3.2.

De dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéime fuinnimh a d’eascair as, tugadh rátaí boilscithe ar an bhfód arís nach bhfacthas leis na blianta fada, agus cruthaíodh ábhair imní freisin maidir leis an gcaoi ar cheart don Aontas a chumas cosanta a threisiú. D’imigh an beartas airgeadaíochta ar fud an domhain ón seasamh réidh a bhí ann le roinnt blianta. Léirigh an cogadh agus an ghéarchéim fuinnimh go soiléir freisin nach mór don Eoraip athmhachnamh a dhéanamh ar conas slándáil fuinnimh a bhaint amach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise sa mheántéarma agus san fhadtéarma, a mbeadh méideanna móra infheistíochta poiblí ag teastáil ina leith chun an infheistíocht phríobháideach a chruinniú isteach.

3.3.

Mar thoradh ar an bpaindéim, ar an gcogadh, agus ar uaillmhianta aeráide an Aontais, agus mar thoradh freisin ar thionscnaimh bheartais amhail Inflation Reduction Act na Stát Aontaithe, tá athmhachnamh á dhéanamh ar na slabhraí soláthair domhanda a mbíonn samhail eacnamaíoch an Aontais, agus a bheartas tionsclaíoch, ag brath orthu agus ar cheart a bheith á dtreorú ag an ‘uathriail straitéiseach oscailte’ mar choincheap anois. Tá Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais le haghaidh Ré na Glan-nialasachta tíolactha ag an gCoimisiún. Meastar gurb ionann na riachtanais bhreise chistiúcháin phoiblí i réimse na haeráide agus na cosanta amháin agus 1 % de OTI in aghaidh na bliana (1). Creideann CESE gur sócmhainní comhchoiteanna Eorpacha iad fuinneamh, sláinte, bia, agus an tslándáil gheopholaitiúil agus chosanta agus gur cheart na dúshláin bhunúsacha sin agus na haistrithe gaolmhara a chur san áireamh sa rialachas eacnamaíoch agus sna rialacha fioscacha a ghabhann leis.

3.4.

Luaitear na haistrithe sin go léir mar ‘thosaíochtaí comhchoiteanna’ san athchóiriú atá beartaithe. Ceist ábhartha is ea an tslí ar féidir agus ar cheart na haistrithe éagsúla a mhaoiniú, ionas go ndéanfar bunús an mhargaidh aonair a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt don fhás inbhuanaithe. Ba cheart tosaíochtaí comhchoiteanna a mhaoiniú trí chistí comhchoiteanna, i bpáirt ar a laghad, seachas breis úsáide a bhaint as an státchabhair dóibh, bunaithe ar spás fioscach gach Ballstáit, rud a bhainfeadh an bonn den mhargadh aonair agus de chomhtháthú agus chóineasú an Aontais Eorpaigh.

3.5.

Tá CESE go láidir den tuairim go dtugann an creat rialachais eacnamaíoch atá beartaithe deis chun idirdhealú agus saincheapadh a dhéanamh maidir le conair choigeartaithe fhioscaigh gach Ballstáit ar leith, agus creat comhchoiteann rioscabhunaithe a leanúint chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht a fhiachais phoiblí. Ba cheart, i roinnt cásanna, go gcuirfeadh an méid sin stop leis an gcás ina mbeadh an beartas fioscach ag díriú ar an bhfiachas poiblí a laghdú go róthapa agus ar feadh tréimhse rófhada, go háirithe i bhfianaise na ndifríochtaí móra i gcóimheasa fiachais phoiblí tar éis na ngéarchéimeanna deireanacha.

3.6.

Is geal le CESE freisin gurb é an glanchaiteachas poiblí an príomhtháscaire atá á mholadh lena saineofar conair an bheartais fhioscaigh náisiúnta, arb athróg é, murab ionann agus an comhardú struchtúrach a bhíodh ann, a thagann faoi rialú díreach na rialtas agus ar cheart dó faireachas buiséadach iltaobhach an Aontais a shimpliú agus a dhéanamh níos trédhearcaí.

3.7.

Faoi na rialacha atá beartaithe, beidh sé i gceist an faireachas buiséadach iltaobhach agus na nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chomhordú níos dlúithe trí na gníomhaíochtaí beartais riachtanacha chun na moltaí a bhfaighidh na Ballstáit i gcás gach ceann díobh a chomhlíonadh a bheith á n-ionchorprú agus á gcoigeartú in aon phlean náisiúnta amháin, an plean struchtúrach fioscach. Ba cheart, i bprionsabal, go ndéanfaí na sineirgí idir cosc míchothromaíochtaí fioscacha agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha eile agus a gceartú a uasmhéadú.

3.8.

Trí dheis a thabhairt do na Ballstáit a bpleananna struchtúracha fioscacha féin a chur ar bun agus na beartais fhioscacha, eacnamaíocha agus struchtúracha ar feadh tréimhse roinnt blianta a chomhcheangal i bpleananna comhleanúnacha, ba cheart úinéireacht náisiúnta na bpleananna sin a neartú agus bheifí ag súil go ndéanfaí iad a chomhlíonadh níos fearr.

3.9.

Mar sin féin, beidh an baol ann i gcónaí gur déine fhioscach a bheadh roimh roinnt Ballstát, is é sin go mbeidh orthu coigilteas buiséid a dhéanamh tráth a mbeadh a ngeilleagair ag moilliú, nó i gcúlú eacnamaíoch, mar gheall ar an gceanglas go gcoinneoidís a n-easnaimh bhuiséadacha ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcónaí seachas i dtráthanna ‘eisceachtúla’, agus sa chás go sáraítear an luach tagartha sin, fiú le linn thréimhse choigeartúcháin plean struchtúraigh fhioscaigh, go ndéanfaidís a n-easnamh buiséadach a laghdú 0,5 % de OTI in aghaidh na bliana. Níl sé réasúnach ach oiread go mbeadh sé d’oibleagáid ar thíortha a bhfuil a bhfiachas poiblí faoi bhun 60 % de OTI agus a n-easnamh poiblí os cionn 3 % de, ar chúiseanna in alt na huaire, é a laghdú ar ráta den sórt sin. Tá an riosca céanna ann mar gheall ar an gceanglas go gcaithfeadh na Ballstáit a bhfuil cóimheas fiachais phoiblí os cionn 60 % acu an cóimheas sin a bheith laghdaithe cheana féin acu faoi dheireadh an phlean struchtúraigh fhioscaigh.

3.10.

Sin an fáth a n-easaontaíonn CESE leis an tagarmharc coigeartaithe easnaimh de 0,5 % de OTI in aghaidh na bliana a chur i bhfeidhm go meicniúil – gan beann ar an táscaire fiachais ná aon imthosca náisiúnta sonracha, amhail an dul chun cinn i dtaca leis na tosaíochtaí comhchoiteanna glasa agus sóisialta a chomhlíonadh. Mar ‘réiteach amháin a oireann do chách’, téann sé i gcoinne loighic creata athchóirithe den sórt sin. B’fhearr le CESE go gceadófaí a thuilleadh solúbthachta chun caibidlíocht ar leith a dhéanamh le gach rialtas lena mbaineann, d’fhonn inbhuanaitheacht fiachais níos daingne agus níos fadtéarmaí a áirithiú.

3.11.

Faoin gcomhaontú nua maidir le rialacha fioscacha an Aontais, beidh cothromaíocht le baint amach idir an fás inbhuanaithe agus an chobhsaíocht. Ós rud é go bhfágann dálaí struchtúracha sa gheilleagar go bhfuil teorainn leis an bhfás agus gur ar an bhfás a bhraitheann an chobhsaíocht, tá CESE den tuairim nach mór tosaíocht a thabhairt do spreagthaigh fáis inbhuanaithe chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

3.12.

Is oth le CESE, ainneoin go n-aithnítear a thábhachtaí atá an infheistíocht phoiblí, go bhfuil dhá bheart coimirce sa chreat faireachais fhioscaigh atá beartaithe a chuirfidh brú suntasach ar na Ballstáit i gcónaí chun cur leis an gcoigilteas fioscach agus a bpleananna struchtúracha fioscacha á gcur chun feidhme acu, go háirithe sa chuid lánroghnach dá mbuiséad, lena n-áirítear infheistíocht phoiblí. Bheadh ar na Ballstáit uile a nglanchaiteachas poiblí a bhainistiú chun go bhféadfaí, faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a thuar go bhfanfadh an t-iarmhéid buiséid ginearálta (an t-iarmhéid ceannlíne) faoi bhun 3 % de OTI sa tréimhse 10 mbliana ina dhiaidh sin, gan aon bhearta beartais breise fiú. Ina theannta sin, i gcás na mBallstát a bhfuil cóimheas fiachais phoiblí os cionn 60 % de OTI acu nó easnamh buiséid ar mó é ná 3 % de OTI, níor mhór fás faoi bhun an fháis mheántéarmaigh aschuir (mheasta) a theacht ar an nglanchaiteachas poiblí.

3.13.

Is é an t-aon cheanglas maidir le leibhéil infheistíochta poiblí atá sa chreat atá beartaithe go ndéanfaí iarratas ar shíneadh le pleananna struchtúracha fioscacha Ballstát a fhormheas i gcás Ballstáit a léireodh, inter alia, maidir le leibhéal foriomlán na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta i gcaitheamh shaolré an phlean struchtúraigh fhioscaigh, go mbeadh sé níos airde, tar éis dóibh a bplean a chur chun feidhme, ná an leibhéal meántéarmach sa tréimhse roimh an bplean struchtúrach fioscach. Ós rud é nach mar sciar de OTI a thomhaistear infheistíocht phoiblí faoin gcritéar sin, ní chinnteodh an ceanglas sin fiú go ndéanfaí méid na hinfheistíochta poiblí a mhéadú i gcomhréir leis an ngeilleagar, go háirithe le linn tréimhsí fáis mhall.

3.14.

Fágann na breithnithe sin ceisteanna oscailte maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh an cumas agus na dreasachtaí ag rialtais chun an ráta riachtanach infheistíochta breise a chothú chun tosaíochtaí beartais eile a chomhlíonadh, amhail an t-aistriú cóir chuig samhail eacnamaíoch aeráidneodrach agus cóineasú sóisialta aníos, agus tosaíochtaí eile amhail an chosaint. Sin an fáth a bhfuil modhanna difriúla á moladh ag CESE chun infheistíochtaí poiblí a neartú: a) go gcaithfí a shonrú sa chonair theicniúil go laghdófar an t-easnamh rialtais nó go bhfanfaidh sé ar chonair inchreidte síos i dtreo an luach tagartha 3 % de OTI, agus go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma agus, ag an am céanna, go bhfanfaidh an infheistíocht phoiblí mar sciar de OTI ar leibhéal níos airde le linn na tréimhse coigeartúcháin i gcomparáid le tús an phlean struchtúraigh fhioscaigh; b) i gcás na mBallstát sin a bheidh faoi réir tagarmharc coigeartaithe easnaimh de 0,5 % de OTI, má choinnítear é, go gceadófaí dóibh na hinfheistíochtaí poiblí lena bhfeabhsaítear an fás nó an téarnamh a fhágáil as an ríomh; c) i gcás Ballstáit a bhfuil pleananna infheistíochta á moladh acu trína bhfeabhsófar an fás nó an téarnamh gur cheart síneadh ar an tréimhse choigeartúcháin a dheonú.

3.15.

Thairis sin, i bhfianaise na bearna san infheistíocht phoiblí, go háirithe, a bhí ag roinnt Ballstát sna 2010idí, agus a mhéid a bhfuil tábhacht leis an infheistíocht phoiblí chun stoc caipitil tháirgiúil a fhorbairt, rud a dhéanann difear d’fhás meántéarmach an aschuir, d’fhéadfadh roinnt Ballstát a bheith sáinnithe i bhfáinne fí trína bhfásann a nglanchaiteachas poiblí, lena n-áirítear infheistíocht, ar ráta níos moille mar gheall ar an mbearna infheistíochta a bhí ann roimhe sin. Ba mhó an t-ábhar imní an méid sin a luaithe a thiocfaidh deireadh le Next Generation EU.

3.16.

Beidh gá le hinfheistíocht phoiblí bhreise freisin, chun an bhearna infheistíochta sa bhonneagar sóisialta a dhúnadh, rud atá riachtanach chun caipiteal daonna ar feadh an tsaoil a fhorbairt. Caithfear infheistíocht sna réimsí sin a chothú go ceann na mblianta fada i bhfianaise uaillmhian an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus na ndúshlán amhail daonra atá ag dul in aois, cé nach iad na réimsí sin amháin fiú a luaitear i dtosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais.

3.17.

I bhfianaise an mhéid thuas, measann CESE gur den riachtanas go ndíreoidh institiúidí Eorpacha gan mhoill ar an díospóireacht maidir lena n-acmhainneacht fhioscach féin a chruthú agus a n-acmhainní buiséadacha a mhéadú os cionn an 1,1 % de OTI atá ann faoi láthair, chun earraí coiteanna Eorpacha a mhaoiniú le hinfheistíochtaí inbhuanaithe: na gealltanais ag eascairt as uathriail straitéiseach oscailte a fhorbairt agus a chur chun feidhme, borradh a chur faoi tháirgiúlacht agus iomaíochas gnólachtaí Eorpacha, aistrithe córa glasa agus digiteacha, lánpháirtiú agus oiliúint oibrithe nua, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, etc (2). Sa tréimhse i ndiaidh 2026 – deireadh an Chiste Téarnaimh agus Athléimneachta – ní mór ionstraimí infheistíochta comhchoiteanna láidre agus buana a bheith i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach. Ba cheart a chur san áireamh freisin go neartófar ról idirnáisiúnta ár n-airgeadra chomhchoitinn agus go n-ísleofar ráta úis an fhiachais Eorpaigh ach margadh fiachais euro a chomhdhlúthú. Tarraingíonn CESE aird ar an tuairim ó BCE (3) a eisíodh le déanaí ina meabhraítear an gá atá le buanacmhainn fhioscach de mhéid leordhóthanach san fhadtéarma.

3.18.

Creideann CESE, d’ainneoin na loighce a bhaineann le hinbhuanaitheacht an fhiachais fhadtéarmaigh, go bhfuil gá lena thuilleadh cothromaíochta idir an méid sin agus an infheistíocht inbhuanaitheachta ná mar atá ar fáil sa phacáiste reachtach atá ann. Más amhlaidh nach ann inniu d’aon spás polaitiúil le haghaidh ‘rialacha órga’ na hinfheistíochta, ní mór roghanna eile a aimsiú i léiriú difriúil ar fhiachas a bheidh nasctha le hinfheistíocht san athrú struchtúrach agus in aistrithe córa, i réimse na slándála agus na cosanta, lena chur i mbeagán focal – i dtosaíochtaí an Aontais, ar léiriú é a bheidh éagsúil le fiachas a eascraíonn as caiteachais phoiblí eile. Ní mór cuspóir agus cáilíocht an fhiachais a chur san áireamh agus conairí náisiúnta á gcomhaontú don laghdú fiachais.

3.19.

Cé gur dea-chleachtas é, i bprionsabal, maoláin a fhorbairt chun go mbeifear in ann tacaíocht láidir a thabhairt don bheartas fioscach le linn suaitheadh geilleagair, ní léir conas an rogha is fearr is féidir a dhéanamh idir an riachtanas sin agus díriú ar dhúshláin phráinneacha beartais eile. Is ábhar imní ar leith é sin toisc nach bhfuil an luach tagartha de 3 % de OTI don easnamh buiséid lena gcuirtear treo an bheartais i bhfabhar coigiltis fhioscaigh bunaithe ar aon fhoras teoiriciúil chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a shainiú.

3.20.

Ní hamháin go mbíonn baint ag cobhsaíocht airgeadais tíre lena conairí caiteachais phoiblí, agus gur cheart go gcuirfeadh sí leis an bhfás, ach braitheann sí cuid mhór ar a leordhóthanaí atá a hioncam cánach agus ar chothroime na cánach. Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na rialtais náisiúnta cothroime na cánach a chur chun cinn mar ábhar práinne ar fud an Aontais, trína háireamh sna critéir le haghaidh coinníollacht mhaicreacnamaíoch ar dtús, trí ghníomhaíocht pholaitiúil éifeachtach i gcoinne iomaíocht chánach éagórach a chur chun cinn agus trí spreagadh a thabhairt do chur chun feidhme éifeachtach na n-ionstraimí riachtanacha uile chun comhrac a chur ar an gcalaois chánach agus ar sheachaint cánach, ar sciúradh airgid agus úsáid éillitheach acmhainní poiblí.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Ós rud é gurb iad an margadh aonair agus geilleagar sóisialta margaidh an Aontais Eorpaigh an dá bhuntáiste is mó atá ag an Aontas, measann CESE gur cheart seiceáil ar iomaíochas na bhfiontar maidir le cinnteoireacht, cruthú fostaíochta agus dálaí oibre níos fearr a chur san áireamh sna pleananna struchtúracha fioscacha, mar aon le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus comhtháthú sóisialta. Is é an creat rialála agus fioscach a chaithfidh a bheith ina thaca d’iomaíochas idirnáisiúnta thionsclaíocht an Aontais agus do chumas an Aontais an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn go héifeachtach. Tacaíonn CESE le coincheap iomaíochais atá bunaithe ar tháirgiúlacht fheabhsaithe, a bhfuil nuálaíocht theicneolaíoch, oiliúint agus cáilíochtaí oibrithe agus a ndea-dhálaí oibre, agus urraim d’inbhuanaitheacht an chomhshaoil, mar bhonn taca leis (4).

4.2.

Aithníonn CESE go bhfuil tosaíochtaí sóisialta amhail cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta luaite go sainráite ar liosta na dtosaíochtaí coiteanna nach mór a bheith mar bhonn eolais do na pleananna struchtúracha fioscacha. Ós rud é go raibh tionchar an-tromchúiseach ag cláir um choigeartú ar an gcomhtháthú sóisialta le déanaí, tá CESE den tuairim gur cheart tionchar sóisialta agus gné shóisialta na mbeart sna cláir sin a chur san áireamh sna pleananna struchtúracha fioscacha nuair a bheidh laghdú fiachais agus coigeartú fioscach á mbreithniú. I ndáil leis an méid sin, molann CESE go ndéanfar an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Sóisialta a chur chun feidhme mar chuid den chóras athchóirithe comhordaithe beartais faoin Seimeastar Eorpach, rud ba cheart a bheith ina chomhlánú ar na próisis agus na huirlisí faireacháin atá ann cheana, agus an cóineasú sóisialta aníos a éascú sa tslí sin (5).

4.3.

Cé go bhfuil an úinéireacht náisiúnta a mhéadú luaite ag an gCoimisiún mar cheann de spriocanna an athchóirithe atá beartaithe, tá CESE in aiféala go bhfuil sé fágtha faoi na Ballstáit aige a mhéid a bheadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta a chuirfí san áireamh sna pleananna fioscacha struchtúracha. Dar le CESE, ba cheart na pleananna struchtúracha fioscacha a bheith ag tuairisciú ar an gcaoi a rinneadh comhairliúcháin chobhsaí agus struchtúrtha leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí agus ar cibé ceann de thorthaí na gcomhairliúchán sin a breithníodh sa phlean, agus san athbhreithniú agus sa mheastóireacht air. Leis na rialacháin nua, ba cheart léiriú dlíthiúil a thabhairt ar na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 14 Márta 2023, inar cuireadh i bhfios go láidir gur cheart go bhféachfadh na Ballstáit leis na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith páirteach go córasach ar bhealach tráthúil agus fóinteach ag gach céim den Seimeastar Eorpach agus den timthriall ceaptha beartas, ós rud é go bhfuil an méid sin ríthábhachtach chun an beartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta a chomhordú agus a chur chun feidhme go rathúil.

4.4.

Tá CESE á iarraidh an athuair go ndéanfar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag céimeanna éagsúla den Seimeastar Eorpach a rialáil le rialachán Eorpach (6) lena leagfar síos na cearta, na prionsabail, agus na príomhthréithe ba cheart a bheith mar bhunús leis, mar a achoimríodh sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (7). Ba cheart an oibleagáid sin a áireamh sa Rialachán atá beartaithe (COM(2023) 240 final): ar an gcéad dul síos, in Airteagal 26 lena leasaítear an tagairt chineálach do rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta. Ba cheart rialacha beachta a chur le hAirteagail 11 agus 12 (ábhar agus ceanglas an phlean struchtúraigh fhioscaigh mheántéarmaigh náisiúnta), Airteagal 14 (athbhreithniú ar an bplean náisiúnta) agus Airteagal 15 (measúnú an Choimisiúin Eorpaigh ar na pleananna).

4.5.

Ba cheart páirt a thabhairt freisin do CESE agus CnaR in idirphlé an tSeimeastair Eorpaigh ar leibhéal an Aontais (Airteagal 26); níl aon údar lena n-éagmais ós rud é go luaitear sa phacáiste reachtach coistí teicniúla eile nach bhfuil chomh hábhartha céanna sa Chonradh.

4.6.

D’fhonn úinéireacht náisiúnta na ngealltanas sna pleananna struchtúracha fioscach a neartú, tá ról lárnach ag na parlaimintí náisiúnta agus ag Parlaimint na hEorpa araon, ina réimsí gníomhaíochta féin, i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gcuntasacht dhaonlathach a neartú. Ba chuidiú é freisin dul i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le forbairt na bpleananna struchtúracha fioscacha agus faireachán a dhéanamh orthu.

4.7.

Cé gur cheart aird ar leith a thabhairt ar infheistíocht phoiblí agus an creat rialachais eacnamaíoch atá ann faoi láthair á athchóiriú, ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir freisin gur cheart, faoin gcreat rialachais eacnamaíoch, go dtabharfaí an spás fioscach do na Ballstáit le haghaidh caiteachas reatha a theastaíonn chun leas a bhaint as úsáid an chaipitil phoiblí a thógfar trí bhíthin infheistíocht phoiblí.

4.8.

Sula ndéanfar an Rialachán nua a fhaomhadh, ba cheart don chomhreachtóir grinnscrúdú breise a dhéanamh ar mhodheolaíocht na hanailíse ar inbhuanaitheacht an fhiachais, chun nárbh ann d’aon iarmhairtí uathoibríocha neamhbheartaithe ag eascairt as beartais déine nua. I bhfianaise na gcostas breise féideartha ag deireadh a bpleananna struchtúracha fioscacha (mar shampla, na costais a bheadh le híoc ag pobal atá ag dul in aois), níor cheart gur ar chostas an chaiteachais shóisialta (e.g. réimse na sláinte, an oideachais, na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh nó na bpinsean) a dhéanfaí aon chomhdhlúthú fioscach a áireamh ar an ‘réiteach ab éasca’. Tá sé ríthábhachtach caiteachas den sórt sin a choimirciú agus a ráthú ar bhealach inbhuanaithe fadtéarmach. Tagann CESE leis an tuairim ó BCE sa mhéid gur cheart an macasamhlú, an intuarthacht, agus an trédhearcacht, a áirithiú leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais, agus gur cheart í a shainiú i gcomhairle agus i gcomhar leis na Ballstáit.

4.9.

Níor cheart smachtbhannaí faoin Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a chur i bhfeidhm go huathoibríoch, bunaithe ar thíortha a roinnt ina gcatagóirí de réir an chóimheasa fiachais phoiblí amháin. Mar thoradh ar roinnt den sórt sin agus smachtbhannaí airgeadais nó smachtbhannaí clú a chur i bhfeidhm, is féidir go méadófar costas an fhiachais, rud a chuireann leis an bhfadhb a beartaíodh a réiteach leis an nós imeachta. Molann CESE gur cheart dreasú dearfach a chur le comhlíonadh na spriocanna agus na n-athchóirithe maidir le laghdú fiachais, agus samhail na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a leanúint, rud a fhágann go mbeidh fáil ar chuid de chistí an Aontais ag brath ar spriocanna ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean struchtúrach fioscach a bheith á gcomhlíonadh ag an mBallstát lena mbaineann.

4.10.

Maidir leis an ‘conair theicniúil’, tuigimid an ‘réasúnaíocht’ chasta a bhaineann leis an togra ón gCoimisiún chun teacht ar chomhréiteach idir na tuairimí an-difriúil atá ag na Ballstáit maidir leis an bpróiseas chun measúnú a dhéanamh ar phríomhcheanglais an rialacháin a bheith á gcomhlíonadh acu. Mar sin féin, agus dolúbthacht thairis sin á ceistiú aige agus an gá le húinéireacht a neartú á chur san áireamh, tá CESE den tuairim gur cheart conair den sórt sin a bheith i lámha na rialtas náisiúnta ar an gcéad dul síos, faoi réir thuairim chomhlachtaí fioscacha náisiúnta neamhspleácha agus, ar an dara dul síos, gur cheart í a bheith mar thoradh ar idirphlé teicniúil leis an gCoimisiún, i bhfianaise pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a bheith á gcur i láthair.

An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Bruegel Policy Brief 10/23 (Aibreán 2023); Jeromin Zettelmeyer agus údair eile: The longer-term fiscal challenges facing the European Union.

(2)  San alt European public goods (Buti, Coloccia y Messori (CEPR, 09/06/2023)) a foilsíodh le déanaí, sainaithnítear sé réimse beartais (an t-aistriú digiteach, an t-aistriú éiceolaíoch agus fuinneamh, an t-aistriú sóisialta, amhábhair, an tslándáil agus an chosaint, agus an tsláinte) a fhreagraíonn do na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas, agus inar cheart earraí coiteanna Eorpacha a roghnú agus a mhaoiniú.

(3)  Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Iúil 2023 maidir le togra le haghaidh athchóiriú ar an rialachas eacnamaíoch san Aontas (CON/2023/20) (IO C 290, 18.8.2023, lch. 17).

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Seiceáil ar iomaíochas chun geilleagar níos láidre agus níos athléimní a thógáil san Aontas’ (Tústuairim) (IO C 100, 16.3.2023, lch. 76).

(5)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 58).

(6)  Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ‘Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Cad a oibríonn agus cad nach n-oibríonn?’ (IO C 323, 26.8.2022, lch. 1) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (tuairim féintionscnaimh) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 1).

(7)  Airteagal 18(4)(q) de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/880/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)