|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/859 |
8.12.2023 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an beartas comhtháthaithe: i dtreo beartas comhtháthaithe 2.0
(Tústuairim)
(C/2023/859)
|
Rapóirtéir: |
María del Carmen BARRERA CHAMORRO |
|
Comhrapóirtéir: |
David SVENTEK |
|
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 18.4.2023 Litir ó Mercedes CABALLERO FERNÁNDEZ, an tArdrúnaí, an Aireacht Airgeadais agus Státseirbhíse |
|
Bunús dlí |
Airteagal 34 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
20.9.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
581 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
163/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á chur i bhfios go láidir go bhfuil an bunphrionsabal a leagtar síos sa bheartas comhtháthaithe, is é sin ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, láidir agus bailí i gcónaí, agus go bhfuil comhpháirtithe na sochaí sibhialta réidh chun leanúint de bheith ag obair i dtreo an phrionsabail sin trí bheartas láidir infheistíochta de chuid an Aontais. Ní mór prionsabal an bheartais a chosaint, in ainneoin na lochtanna a bhaineann leis. |
|
1.2. |
Ba mhian le CESE a chur i bhfios go bhféadfadh an neamhionannas deiseanna dochar a dhéanamh don fhás fadtéarmach agus don iomaíochas ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór an beartas comhtháthaithe a éagsúlú agus a dhéanamh níos solúbtha chun go mbeifear in ann aird níos mó a thabhairt ar dhaoine, go háirithe na daoine is leochailí, agus aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar an neamhionannas deiseanna atá os comhair roinnt mhaith daoine. |
|
1.3. |
Creideann CESE gur cheart raon na n-ionstraimí agus na gcineálacha cur chuige a leathnú, a nuachóiriú nó a athbhreithniú chun beartas comhtháthaithe atá láidir, éifeachtach, solúbtha agus athnuaite a fhorbairt. Leis an mbeartas sin, ba cheart díriú níos mó ar acmhainneacht, naisc idir-réigiúnacha, éifeachtacht na dtorthaí agus deiseanna a chruthú do na tairbhithe, agus dul níos faide ná infheistíochtaí amháin. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór:
|
|
1.4. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cuspóirí an chomhtháthaithe a bhaint amach chun idirghníomhaíocht idir beartais chothrománacha an Aontais agus an beartas comhtháthaithe a chur chun cinn, d’fhonn borradh a chur faoi éifeachtacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an cóineasú réigiúnach a bhaint amach, trí bhíthin bearta limistéarbhunaithe agus i gcomhréir le cuspóirí bunúsacha an Aontais. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht idir beartais náisiúnta agus an beartas comhtháthaithe a áirithiú. |
|
1.5. |
Creideann CESE gur cheart idirdhealú níos mó a dhéanamh idir an t-éagsúlú agus an speisialtóireacht sna réimsí seo a leanas: tacaíocht airgeadais, socruithe tacaíochta, bainistiú buiséid, cuspóirí agus infheistíocht. Chun speisialtóireacht níos fearr a bhaint amach i réimse an bheartais chomhtháthaithe, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar gach leibhéal sna Ballstáit rannpháirteach trí chomhaontuithe comhair iomchuí, ós rud é gur uirlis chumhachtach í an rannpháirtíocht sin chun beartais agus cistí a cheapadh agus a chur in oiriúint don dearcadh áitiúil agus réigiúnach. |
|
1.6. |
Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a iarraidh ar Bhallstáit agus ar réigiúin an Aontais ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, ar an mbealach is forleithne agus is éifeachtaí is féidir, agus an beartas comhtháthaithe á cheapadh agus faireachán á dhéanamh ar na héifeachtaí atá aige. D’fhéadfadh an rannpháirtíocht sin cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú ar an daonlathas, tríd an gcomhlíontacht le beartais an Aontais a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE gur iarr Rialtas na Spáinne go gcuirfí tústuairim le chéile maidir le hionstraim níos éifeachtaí a chruthú lenar féidir feabhas a chur ar an mbeartas comhtháthaithe d’fhonn cóineasú a bhaint amach idir réigiúin na hEorpa. |
|
1.7. |
Tá CESE suite de nach mór don bheartas comhtháthaithe fanacht mar phríomhbheartas infheistíochta an Aontais chun tacú le beartas réigiúnach na hEorpa maidir le hoiriúnú do chuspóirí aeráide, d’fhonn sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach, mar aon le haistriú a mbeidh tionchar dearfach aige ó thaobh poist chobhsaí ardcháilíochta a chruthú. A bhuí le NextGenerationEU, tá méadú suntasach (thart ar 0,7 % de OTI an Aontais) tagtha ar acmhainneacht fhioscach an Aontais. Fágann sin gur féidir roinnt gníomhaíochtaí nuálacha a fhorbairt tuilleadh, amhail an tionscnamh maidir le hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha (I-3), an t-aistriú cóir nó cur chuige scothfhorbartha maidir le hinfheistíocht chríochach chomhtháite lena n-urramaítear an prionsabal ‘áitbhunaithe’, i measc nithe eile. Moltar go láidir a áirithiú go mbeidh ról ag an mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo sna réimsí sin. |
|
1.8. |
Creideann CESE gur cheart don bheartas comhtháthaithe infheistíochtaí digiteacha a neartú i gcláir atá ann cheana arb é is aidhm dóibh an deighilt dhigiteach a dhúnadh, ós rud é go bhfuil rioscaí ag baint leis an aistriú digiteach go gcruthófaí bearnaí sóisialta agus críochacha, agus go n-imreofaí tionchar ar an margadh saothair i ngeall ar an uathoibriú, an intleacht shaorga, agus an éagothroime maidir le rochtain ar sheirbhísí digiteacha agus scileanna digiteacha na n-oibrithe agus na ngnólachtaí. |
|
1.9. |
Measann CESE nach mór don bheartas comhtháthaithe a áirithiú go ndáilfear na tairbhí a bhaineann leis an digiteáil ar bhonn éifeachtach agus cothrom, ós rud é go n-éilítear le teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn go mbeidh níos mó scileanna ag na hoibrithe agus ag an daonra atá ag dul in aois, rud a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh a bheith páirteach sa mhargadh saothair. Tá sé ríthábhachtach rochtain ar oiliúint agus ar athoiliúint a áirithiú chun a chinntiú go leanfaidh na réigiúin de bheith ag forbairt. |
|
1.10. |
Measann CESE go bhfuil sé fíorthábhachtach an beartas comhtháthaithe a chuíchóiriú do thairbhithe trí shimpliú agus solúbthacht a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na gcistí ar cheart iad a úsáid chun a chuspóirí a bhaint amach. Maidir le cistí an Aontais agus cistí náisiúnta a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, is gá a áirithiú go mbeidh rialacha soiléire simplí ann ina leith, rialacha a leagfar síos in aon rialachán amháin. Ag an am céanna, ní mór acmhainneacht riaracháin na ngníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla agus na sochaí sibhialta a fheabhsú. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Tá an comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach fréamhaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus tá sé ar cheann de chuspóirí an bheartais chomhtháthaithe. I ngeall ar an bpaindéim agus ar an ngéarchéim bhoilscithe reatha, cuireadh bac ar na cuspóirí sin a bhaint amach. Níor sáraíodh éifeachtaí na paindéime go fóill agus is í is cúis leis an gcúlú eacnamaíoch is mó ó bhí 1945 ann, rud a chuir moill ar luas an chóineasaithe, óir bhí tionchar diúltach níos mó ag an bpaindéim ar réigiúin bheagfhorbartha. Tá na héifeachtaí diúltacha sin ó thaobh an chomhtháthaithe de níos measa fós mar gheall ar an ngéarchéim a d’eascair as an gcogadh san Úcráin agus ar na dúshláin a bhaineann leis an éigeandáil aeráide. |
|
2.2. |
Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050 (1). Sa tuarascáil sin, tagtar ar an gconclúid gur cheart infheistíochtaí a dhíriú ar na deiseanna fáis a ghabhann leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun éagothromaíochtaí nua a sheachaint. |
|
2.3. |
Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Tá sé á thabhairt dá aire freisin go bhfuil an tsochaí shibhialta faoi ghannionadaíocht in obair an Ghrúpa Ardleibhéil sin agus iarrann sé ar an gCoimisiún a bheith níos rannpháirtí. |
|
2.4. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil an bunphrionsabal a leagtar síos sa bheartas comhtháthaithe, is é sin ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, cruinn agus bailí i gcónaí, agus go bhfuil comhpháirtithe na sochaí sibhialta réidh chun leanúint de bheith ag obair i dtreo an phrionsabail sin. |
|
2.5. |
Is fíor go mbreathnaítear ar an mbeartas comhtháthaithe in amanna mar bheartas athdháilte agus nach dtuigtear i gcónaí na torthaí a bhaineann leis. Tá an scéal níos measa fós i ngeall ar a mharthanaí atá na héagothromaíochtaí, na deacrachtaí a bhaineann le cabhair a thabhairt do réigiúin áirithe i ngaistí forbartha agus nach bhfuil roinnt réigiún in ann breith suas, fiú le tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe. |
|
2.6. |
Chun cuspóirí an chomhtháthaithe a bhaint amach, ní mór idirghníomhaíocht a chothú idir beartais chothrománacha an Aontais agus an beartas comhtháthaithe, d’fhonn borradh a chur faoi éifeachtacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an cóineasú réigiúnach a bhaint amach, trí bhíthin bearta limistéarbhunaithe, i gcomhréir le cuspóirí bunúsacha an Aontais. Mar an gcéanna, tá sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht idir beartais náisiúnta agus an beartas comhtháthaithe a áirithiú. Chun dul chun cinn a bhaint amach trí straitéisí forbartha ar an leibhéal críochach, tá ríthábhacht ag baint leis an mbealach ina ndéantar tosaíochtaí an Aontais a mhiondealú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. |
|
2.7. |
Leis an úsáid a baineadh le déanaí as an tacaíocht a chuirtear ar fáil tríd an mbeartas comhtháthaithe chun bearta géarchéime a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an tsolúbthacht mhéadaithe a ceadaíodh, ardaítear ceisteanna faoin gcothromaíocht cheart idir cuspóirí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha an bheartais. Ní féidir, laistigh de na beartais náisiúnta, an ról maidir leis an bhforbairt réigiúnach agus an cóineasú náisiúnta a chur chun cinn a chur de chúram ar an mbeartas comhtháthaithe amháin. |
|
2.8. |
Is gá bealaí a lorg chun an beartas comhtháthaithe a athdhearadh i gcomhthéacs na Samhla Fáis Eorpaí, agus na ndúshlán atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, ós rud é go gcuireann an dearcadh go bhfuil an beartas comhtháthaithe éirithe níos casta bac ar éifeachtacht an bheartais chéanna. Áirítear ar na príomhdhúshláin atá ann an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, an ghéarchéim bhoilscithe, athruithe déimeagrafacha, an athléimneacht shóisialta, an digiteáil agus an nuálaíocht, agus geilleagar Eorpach iomaíoch a chomhdhlúthú, i bhfianaise an neamhspleáchais straitéisigh atá ag teastáil i ngeall ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Cé gur soiléir dearfach an rannchuidiú a dhéanann an beartas comhtháthaithe mar atá sé faoi láthair, is próiseas céimnitheach é próiseas an chóineasaithe réigiúnaigh go fóill. Tá sé á shamhlú ag CESE go bhféadfadh beartas comhtháthaithe a bheith ann amach anseo ina gcomhcheanglaítear ar bhealach cothrom na riachtanais maidir le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus dlús a chur leis an bhfás agus leis an bhforbairt. Ón taobh cuimsitheach agus comparáideach de, is rudaí iad sin atá tábhachtach freisin don Aontas ina iomláine. Is gá, dá bhrí sin, critéir feidhmíochta an bheartais chomhtháthaithe a neartú tuilleadh trí chur chuige níos beaichte maidir le tosaíochtaí forbartha réigiúnaí, trí chritéir bhunaithe a chomhlíonadh agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as cineálacha tacaíochta feidhmíochtbhunaithe (ionstraimí airgeadais). Molann CESE go gcuirfí san áireamh na garspriocanna agus na spriocanna atá i bhfeidhm faoi láthair mar chuid de phleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. |
|
3.2. |
Tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh an gcomhtháthú sóisialta, go háirithe i bhfianaise treochtaí déimeagrafacha, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus an ghá atá le scileanna nua nó feabhsaithe dá bharr. Tá cuid mhór de dhaonra an Aontais i mbaol na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta. Is fíor sin go minic sna réigiúin is boichte, ach freisin i gceirtleáin uirbeacha shaibhre agus ina gceantair máguaird. Ina theannta sin, tá ráta na dífhostaíochta i measc na hóige agus na bochtaineachta i measc leanaí ard go fóill ar fud an Aontais. |
|
3.3. |
Ba mhian le CESE a chur i bhfios go bhféadfadh an neamhionannas deiseanna dochar a dhéanamh don fhás fadtéarmach agus don iomaíochas ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór aird níos mó a thabhairt ar dhaoine agus ar an neamhionannas deiseanna atá os comhair cuid mhór daoine, i gcomhréir leis an uaillmhian maidir leis an Aontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus gan aon duine a fhágáil ar lár. |
|
3.4. |
Mar sin, is gá cur chuige atá níos doimhne agus níos dírithe ar an tsochaí a ghlacadh laistigh den bheartas comhtháthaithe, chun aghaidh níos mionsonraithe a thabhairt ar éagothromaíochtaí agus ar dhúshláin chríochacha, eacnamaíocha agus shóisialta. Ní hamháin go bhfuil éagothromaíochtaí ann idir na Ballstáit agus a réigiúin, ach freisin idir réigiúin, cathracha, limistéir shonracha de na limistéir sin agus ceantair thuaithe. Ba cheart don bheartas comhtháthaithe díriú níos mó ar chineálacha áirithe críoch atá faoi bhun leibhéal NUTS2. Ní mór gach Ballstát agus réigiún a chumhdach mar ábhar tosaíochta agus béim ar leith a leagan ar na Ballstáit nó ar na réigiúin is mó atá thíos leis na héagothromaíochtaí. Creideann CESE freisin gur cheart don bheartas comhtháthaithe díriú níos mó ar riachtanais agus deiseanna cineálacha áirithe daoine agus grúpaí sóisialta. |
|
3.4.1. |
Ba cheart idirdhealú níos mó a dhéanamh idir an t-éagsúlú agus an speisialtóireacht mhéadaithe sin sna réimsí seo a leanas: tacaíocht airgeadais, socruithe tacaíochta, bainistiú buiséid, cuspóirí agus infheistíocht. Ag an am céanna, ba cheart an cur chuige céanna a leanúint go córasach a mhéid a bhaineann le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus, i bhfianaise na speisialtóireachta méadaithe sin, ba cheart idirdhealú níos mó a dhéanamh eatarthu. |
|
3.5. |
Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a iarraidh ar Bhallstáit agus ar réigiúin an Aontais ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, ar an mbealach is forleithne agus is éifeachtaí is féidir, agus an beartas comhtháthaithe á cheapadh agus faireachán á dhéanamh ar na héifeachtaí atá aige. Cuideoidh an cuimsiú sin freisin le tomhas a dhéanamh ar a mhéid a baineadh cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe amach, ar cuspóirí iad nár cheart a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla amháin, ach ar tháscairí cáilíochta freisin (chun an fhorbairt a thomhas chomh maith leis an bhfás). |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Leagtar béim san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú gur dúshláin mhóra iad an t-athrú aeráide, an t-aistriú digiteach agus claochluithe teicneolaíochta, an brú ar an daonlathas, athruithe sa gheilleagar domhanda agus treochtaí déimeagrafacha, a bhfuil dlúthnasc eatarthu agus a théann i bhfeidhm ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais. Ní mór don bheartas comhtháthaithe a áirithiú go mbeidh an dá aistriú cóir do chách agus cothrom do na réigiúin uile. |
|
4.2. |
Aontaíonn CESE leis an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú ina luaitear go mbeidh sé ríthábhachtach poist nua ardcháilíochta a chruthú, dálaí maithe oibre a chosaint agus rochtain chuimsitheach ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chinntiú a mhéid a bhaineann le scileanna glasa chun aistriú atá cóir go sóisialta agus rathúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú do na críocha uile. |
|
4.3. |
Ba cheart don bheartas comhtháthaithe díriú ar níos mó infheistíochtaí a spreagadh san fhuinneamh inbhuanaithe, sa chomhshaol, in éifeachtúlacht acmhainní, san oiriúnú don athrú aeráide, sa mhaolú ar an athrú aeráide agus sa tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, d’fhonn sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach. Faoi na cistí téarnaimh agus athléimneachta, cuireadh maoiniú ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar roinnt mhaith de na saincheisteanna sin. Tá sé tábhachtach leanúint d’infheistíocht a dhéanamh sna beartais sin trí úsáid a bhaint as na cláir agus na straitéisí uile atá ar fáil, amhail straitéisí macrairéigiúnacha agus idir-réigiúnacha. |
|
4.4. |
Creideann CESE go mbeidh géarghá le dlús a chur le sineirgí laistigh den Sásra um Aistriú Cóir ina iomláine amach anseo. Dá bhrí sin, tá CESE suite de nach mór don bheartas comhtháthaithe fanacht mar phríomhbheartas infheistíochta an Aontais chun tacú le beartas réigiúnach na hEorpa maidir le hoiriúnú do chuspóirí aeráide. Leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, ba cheart a áirithiú go mbeidh na hinfheistíochtaí go hiomlán ar aon dul le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. |
|
4.5. |
Tá rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sna pleananna críochacha um aistriú cóir an-íseal i bhformhór na mBallstát, mar a luaigh CESE sa tuairim uaidh SOC/718, ‘An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh’ (2). Cuireann CESE i bhfios sa tuairim sin freisin gur cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht den sórt sin a spreagadh agus nach mór torthaí agus maoiniú na bpleananna a dhíriú ar thosaíocht a thabhairt do phoist chobhsaí agus ardcháilíochta a chruthú i gceantair áitiúla shonracha. Tacaíonn CESE le prionsabal na comhpháirtíochta i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe, agus é á áirithiú aige ag an am céanna go ndéanfar cuntasacht agus úinéireacht dhaonlathach a chur chun cinn tuilleadh amach anseo, rud atá ríthábhachtach chun infheistíocht ardcháilíochta a fheabhsú. |
|
4.6. |
Ní mór don bheartas comhtháthaithe infheistíochtaí digiteacha a neartú i gcláir reatha arb é is aidhm dóibh an deighilt dhigiteach a dhúnadh, ós rud é go bhfuil rioscaí ag baint leis an aistriú digiteach go gcruthófaí bearnaí sóisialta agus críochacha, agus go n-imreofaí tionchar ar an margadh saothair i ngeall ar an uathoibriú, an intleacht shaorga, agus an éagothroime maidir le rochtain ar sheirbhísí digiteacha agus scileanna digiteacha na n-oibrithe. Ní mór rochtain ar ghlúin nua teicneolaíochtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí, don earnáil phoiblí agus do dhaoine. |
|
4.7. |
Go sonrach, ba cheart feabhas a chur ar an tacaíocht don digiteáil i ngnólachtaí agus san earnáil phoiblí, tríd an rochtain ar ríomhsheirbhísí rialtais agus sláinte a éascú, mar aon le scileanna digiteacha na ndaoine a mhéadú agus forbairt leathanbhanda a chothú i réigiúin iargúlta agus thuaithe, ionas nach bhfágfar aon réigiún san Aontas ar lár. |
|
4.8. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áiritheofar leis an mbeartas comhtháthaithe go ndáilfear na tairbhí a bhaineann leis an digiteáil ar bhonn éifeachtach agus cothrom, ós rud é go n-éilítear le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn go mbeidh níos mó cáilíochtaí ag na hoibrithe agus ag an daonra atá ag dul in aois, rud a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh a bheith páirteach sa mhargadh saothair. Beidh tábhacht ar leith leis an rochtain ar oiliúint agus ar athoiliúint chun riachtanais post agus tasc nuachruthaithe a chomhlíonadh, d’fhonn a áirithiú go mbeidh na réigiúin in ann tuilleadh forbartha a dhéanamh i gcomhréir leis an athrú teicneolaíoch, mar aon le leas a bhaint as na tairbhí a ghabhann leis an athrú sin. |
|
4.9. |
Sa chomhthéacs sin, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachórais nuálaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus an timpeallacht ghnó a chur chun cinn agus a neartú, scileanna a fhorbairt sa taighde agus sa nuálaíocht, agus forbairt agus úsáid nuálaíochtaí thar theorainneacha a áirithiú. Tá éagsúlacht mhór ann maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh na nuálaíochta de sna réigiúin. Is lú i bhfad an dul chun cinn sin sna réigiúin bheagfhorbartha ná i réigiúin scothfhorbartha, rud a chuireann bac ar a n-acmhainneacht chóineasaithe. Ina theannta sin, ba mhaith le CESE a chur i bhfios go bhfuil réigiúin mheánioncaim ann atá i ngaistí forbartha faoi láthair, ar réigiúin iad nach féidir leo eolas agus scileanna a fhorbairt chun dul san iomaíocht sa gheilleagar domhanda. |
|
4.10. |
Is fiú aird ar leith a thabhairt ar na catagóirí de dhaoine ina bhfuil na rátaí fostaíochta is ísle (mná, daoine óga, inimircigh, daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais bainte amach acu). Ní mór cláir shonracha oiliúna, athoiliúna agus tacaíochta a chur ar fáil ar an láthair do na daoine sin. Anuas air sin, ba cheart iarrachtaí nuálaíochta a dhíriú ar na catagóirí oibrithe sin, i bhfianaise na dteicneolaíochtaí nua agus na saintréithe a bhaineann leo. |
|
4.11. |
Maidir leis an ngné dhaonna agus shóisialta den bheartas comhtháthaithe, tá béim á leagan ag CESE ar thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine cumasacha. Is gá tallann a chothú sna réigiúin, go háirithe ós rud é go bhfuil aistriú déimeagrafach mór ar bun san Aontas. Is mó an gá atá leis sin i réigiúin ina bhfuil laghdú ag teacht ar an lucht saothair agus ina bhfuil sciar íseal de dhaoine a bhfuil oideachas treasach bainte amach acu, mar aon le réigiúin atá thíos le himirce daoine óga. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don bheartas comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta. |
|
4.12. |
Beidh tionchar ag aosú an daonra agus laghdú ar an daonra ar fhormhór na réigiún, go háirithe réigiúin tuaithe agus réigiúin bheagfhorbartha. Faoi 2050, tiocfaidh laghdú 35 mhilliún duine ar an daonra in aois oibre. Beidh ar na réigiúin atá thíos leis an laghdú atá tagtha ar a ndaonra in aois oibre rannpháirtíocht na ngrúpaí atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a mhéadú agus borradh a chur faoin táirgiúlacht trí infheistíochtaí agus athchóirithe a dhéanamh sa mhargadh saothair agus sa chóras oideachais. |
|
4.13. |
D’fhonn feabhas a chur ar an acmhainneacht nuálaíochta, ba cheart scileanna agus inniúlachtaí na n-oibrithe a bheith comhsheasmhach le riachtanais na ngeilleagar atá ag athrú. Ní mór infheistíochtaí ar gach leibhéal agus rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ardcháilíochta, lena n-áirítear uas-sciliú, athsciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil do chách, a bheith ag gabháil le hathchóirithe ar na córais oideachais agus oiliúna. Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga agus i leanaí chun fás fadtéarmach á áirithiú. Ní mór ról lárnach a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le cuidiú le bearta fothaithe acmhainneachta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus foréigiúnach. |
|
4.14. |
Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht na margaí saothair trasteorann a mhéadú, ar margaí iad atá an-tearcfhorbartha mar gheall ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin. Chun an méid sin a bhaint amach, tá sé fíorthábhachtach feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann ar gach leibhéal rialachais. Ní mór a áirithiú leis an mbeartas comhtháthaithe go mbeidh gach réigiún in ann aghaidh a thabhairt ar ghanntanais oibrithe oilte. |
|
4.15. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an comhar trasteorann agus idir-réigiúnach a neartú, go háirithe chun bonneagar iarnróid atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhorbairt i limistéir teorann agus chun teorainneacha oscailte idir na Ballstáit a chothabháil go comhsheasmhach. Ní mór gach iarracht a dhéanamh chun an tábhacht a bhaineann leis an margadh aonair a chosaint, ós rud é go bhfuil sé i gcroílár an tionscadail Eorpaigh. |
5. tacú le beartas comhtháthaithe lena dtugtar aghaidh ar riachtanais níos sonraí
|
5.1. |
Cé go gcuireann an beartas comhtháthaithe deiseanna ar fáil chun díriú ar infheistíochtaí trí bhainistíocht chomhroinnte, trí phrionsabal na comhpháirtíochta, tríd an gclársceidealú agus trí ionstraimí críochacha éagsúla, creideann CESE gur gá speisialtóireacht níos mó a dhéanamh ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil do limistéir chríochacha, do riachtanais agus do ghrúpaí sonracha. Ní mór cineálacha cur chuige áitbhunaithe a neartú a mhéid a bhaineann le cistiúchán chun tacaíocht níos saincheaptha a chur ar fáil lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais forbartha shonracha daoine agus ceantar áitiúil, chomh maith le héifeachtaí an aistrithe ghlais agus dhigitigh, an athraithe dhéimeagrafaigh agus suaití eile. |
|
5.2. |
Measann CESE gur cheart raon na n-ionstraimí agus na gcineálacha cur chuige a leathnú, a nuachóiriú nó a athbhreithniú chun díriú níos mó ar acmhainneacht, naisc idir-réigiúnacha agus deiseanna a chruthú do na saoránaigh, agus dul níos faide ná infheistíochtaí amháin. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
5.3. |
Sa chomhthéacs reatha, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí aghaidh, leis an mbeartas comhtháthaithe, ar an deighilt idir ceantair uirbeacha agus thuaithe, trí na naisc eatarthu agus ról na gcathracha, na mbailte agus na sráidbhailte a neartú. Is gá, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar ról na gcathracha móra agus a gceantar uirbeach, chomh maith le ról na gcathracha meánmhéide, mar spreagthaí ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta don fhorbairt eacnamaíoch. Chuige sin, ba cheart infheistíochtaí i gcaipiteal daonna ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil a mhéadú. |
|
5.4. |
Tá CESE den tuairim nach mbainfear an cóineasú amach ach amháin tríd an athléimneacht a mhéadú, ní hamháin i réigiúin bheagfhorbartha agus fhorimeallacha, ach sna réigiúin uile a chumhdaítear le hAirteagal 174 CFAE freisin, trí gheilleagair na réigiún sin a éagsúlú chun go mbeidh siad in ann an aimsir a sheasamh. Ciallaíonn sé sin gur gá feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear ábhair imní na réigiún is forimeallaí agus na limistéar feidhme trasteorann san áireamh i ngníomhaíochtaí uile an bheartais chomhtháthaithe. |
|
5.5. |
Measann CESE gur gá beartas comhtháthaithe 2.0 a ghlacadh lena n-áirítear príomhghnéithe amhail bainistíocht chomhroinnte, cur chuige réigiúnach, réamh-mhaoiniú agus rátaí cómhaoinithe. Ní leor infheistíocht amháin. Tá struchtúir láidre rialachais agus meascán iomchuí de bheartais a bhaineann leas as sineirgí leis na páirtithe leasmhara go léir ag teastáil ó gach réigiún. Ní mór cur chuige ón mbun aníos a ghlacadh. Dá bhrí sin, is minic nach mór athchóirithe saincheaptha agus beartais a théann chun tairbhe na saoránach a bheith ag gabháil le hinfheistíochtaí. |
|
5.6. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach ról níos lárnaí a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, don tsochaí shibhialta agus do na gníomhaithe uile ar an leibhéal áitiúil chun éifeachtacht phrionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a neartú sa bheartas comhtháthaithe. D’fhéadfadh sé sin cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú ar an daonlathas, tríd an gcomhlíontacht le beartais an Aontais a mhéadú. |
|
5.7. |
Measann CESE go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeifear in ann an beartas comhtháthaithe a chuíchóiriú do thairbhithe trí shimpliú agus solúbthacht a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na gcistí ar cheart iad a úsáid chun a chuspóirí a bhaint amach. Is gá a áirithiú go mbeidh rialacha soiléire simplí ann maidir le cistí an Aontais agus cistí náisiúnta, go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus dhíláraithe, agus go leagfar síos iad in aon rialachán amháin. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór acmhainneacht riaracháin na riarachán réigiúnach agus áitiúil agus chomhpháirtithe na sochaí sibhialta a neartú chun a áirithiú go gcaithfear na Cistí Comhtháthaithe ar bhealach éifeachtach lena nginfear breisluach. |
|
5.8. |
A mhéid a bhaineann le dea-chleachtais, le bearta beartais éifeachtacha agus leis an gcistiú sonrach arna chur chun feidhme faoi láthair faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, measann CESE gur cheart iad a fheidhmiú i gcónaí faoin mbeartas comhtháthaithe nua. Ba cheart breathnú ar mhaoiniú na gcuideachtaí móra freisin mar thoisc atá tábhachtach don chóineasú. |
An Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2023.
An tUachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) COM(2022) 34 final.
(2) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh’ (tuairim féintionscnaimh) (IO C 146, 27.4.2023, lch. 4).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/859/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)