![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/633 |
13.11.2023 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 28 Meán Fómhair 2023 — QI, QJ, QL, QM, QN, QP, QQ, QT, QU, QW, QX, v QK, QO, QR, QS, QV, an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-262/22 P) (1)
(Achomharc - Caingean maidir le damáistí - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Athstruchtúrú fhiachas poiblí na Gréige - Rannpháirtíocht na hearnála príobháidí - Malartú éigeantach bannaí Stáit arna rialú ag dlí na Gréige - Clásail chomhghníomhaíochta - Gníomhachtú - Damáiste a bhaineann le laghdú ar aghaidhluach na mbannaí rialtais a malartaíodh - Prionsabal na comhréireachta)
(C/2023/633)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: QI, QJ, QL, QM, QN, QP, QQ, QT, QU, QW, QX, (ionadaithe: A. Pappas agus S. Pappas, avocats,)
Páirtithe eile sna himeachtaí: QK, QO, QR, QS, QV, an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Biz agus S. Delaude, Gníomhairí), an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (ionadaithe: M. Szablewska agus G. Várhelyi, Gníomhairí), an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Bauerschmidt, K. Pavlaki agus A. Westerhof Löfflerová, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don achomharc; |
2. |
Ordaítear do QI, QJ, QL, QM, QN, QP, QQ, QT, QU, QW agus QX a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a íoc. |
3. |
Ordaítear don Chomhairle Eorpach agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin arna dtabhú i gcomhthéacs an achomhairc seo a íoc |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/633/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)