|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/619 |
13.11.2023 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 28 Meán Fómhair 2023 — Ryanair DAC v an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Fraince, Ríocht na Sualainne, SAS AB
(Cás C-320/21 P) (1)
(Achomharc - Státchabhair - Airteagal 107(2)(b) CFAE - Margadh aeriompair na Sualainne - Cabhair arna deonú ag Ríocht na Sualainne d’aerlíne le linn phaindéim COVID-19 - Creat sealadach maidir le bearta Státchabhrach - Ráthaíocht Stáit do shaoráid chreidmheasa imrothlach - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan agóidí a dhéanamh - Cabhair atá ceaptha chun an damáiste a bhain d’íospartach aonair a shlánú - Prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe - Saoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar)
(C/2023/619)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Ryanair DAC (ionadaithe: V. Blanc, F. C. Laprévote, E. Vahida, avocats, I. G. Metaxas Maranghidis, dikigoros, agus S. Rating, abogado, agus ina dhiaidh sin ag V. Blanc, F. C. Laprévote, E. Vahida, avocats, I. G. Metaxas Maranghidis, dikigoros, D. Pérez de Lamo agus S. Rating, abogados)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, S. Noë agus F. Tomat, Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, P. Dodeller, A. Ferrand agus N. Vincent, Gníomhairí, agus ina dhiaidh sin ag A.-L. Desjonquères agus N. Vincent, Gníomhairí, agus ar deireadh ag A.-L. Desjonquères, Gníomhaire), Ríocht na Sualainne (ionadaithe: O. Simonsson, H. Eklinder, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus A. Runeskjöld, Gníomhairí, agus ina dhiaidh sin ag O. Simonsson, H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, M. Salborn Hodgson, R. Shahsavan Eriksson, H. Shev agus A. Runeskjöld, Gníomhairí), SAS AB (ionadaithe: A. Lundmark agus F. Sjövall, advokater)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don achomharc; |
|
2. |
Ordaítear do Ryanair DAC a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus SAS AB a íoc; |
|
3. |
Ordaítear do Phoblacht na Fraince agus do Ríocht na Sualainne a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/619/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)