European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/585

7.11.2023

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006  (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/585)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Uimhir thagartha an Chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 7309

31 Deireadh Fómhair 2023

Trí-ocsaíd chróimiam

Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0

Volta Energy Solutions Hungary Kft, Váci út 76, HU-1133, Búdaipeist, an Ungáir

REACH/23/26/0/R1

Foirmliú tionsclaíoch de thuaslagán trí-ocsaíde cróimiam atá faoi bhun 0,1 % tiúchan w/w le haghaidh éighníomhú scragall copair a úsáidtear i monarú Cadhnraí Ian Litiam (LiB) le haghaidh mótarfheithiclí

10 Eanáir 2032

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol mar gheall ar úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/585/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)