|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/551 |
27.10.2023 |
Achoimre ar an gCinneadh ón gCoimisiún
an 5 Meán Fómhair 2023
a bhaineann le cinneadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925
(Cásanna DMA. 100017 – Microsoft – Online Social Networking Services; DMA.100023 – Microsoft – Number-independent Interpersonal Communications Services; DMA.100026 – Microsoft – Operating System)
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi uimhir dhoiciméid C(2023) 6106 final)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
(C/2023/551)
An 5 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . I gcomhréir le forálacha Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925, leis seo foilsíonn an Coimisiún ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas maidir le cosaint a rún tráchtála.
1. RÉAMHRÁ
|
(1) |
Leis an gCinneadh Ainmniúcháin (‘an Cinneadh’) ainmnítear Microsoft mar gheatóir de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925 (‘an Gníomh um Margaí Digiteacha’) agus liostaítear ann na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn Microsoft agus ar tairseach thábhachtach iad ina n–aonar d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(2) |
Ar bhonn na faisnéise atá san fhógra ó Microsoft, (2) de bhun Airteagal 3(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, agus tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin, leis an gCinneadh ainmnítear Microsoft mar gheatóir agus liostaítear ann na croísheirbhísí ardáin seo a leanas arb ionann iad agus tairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh:
|
|
(3) |
Sa bhreis ar an dá chroísheirbhís ardáin sin, suitear sa Chinneadh freisin go gcomhlíonann Microsoft na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil leis na ceithre chroísheirbhís ardáin seo a leanas, ar chuir Microsoft argóintí isteach ina leith chun na toimhdí a leagtar síos sa Ghníomh um Margaí Digiteacha a bhréagnú:
|
|
(4) |
Maidir le Microsoft Bing, Microsoft Edge, agus Microsoft Advertising, tagraíonn an Cinneadh do chinneadh ar leith, arna ghlacadh ar an dáta céanna leis an gCinneadh seo, lenar tionscnaíodh imscrúdú margaidh i gcás gach ceann acu. I dtaca leis na trí chroísheirbhís ardáin sin, measann an Coimisiún gur chuir Microsoft argóintí isteach a bhfuil bunús leordhóthanach leo agus a tharraingíonn amhras go follasach ar an toimhde a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Leis na himscrúduithe margaidh, de bhun Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, déanfar measúnú breise ar na hargóintí a chuir Microsoft in iúl ina dtarraingítear amhras ar na toimhdí a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(5) |
Maidir le Outlook.com, sa Chinneadh glactar leis an bhfrisnéis toisc go dtarraingíonn na hargóintí arna gcur isteach ag Microsoft amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, agus toisc go léiríonn siad freisin nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha comhlíonta. |
2. NÓS IMEACHTA
|
(6) |
An 3 Iúil 2023, de bhun Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, den Ghníomh um Margaí Digiteacha, thug Microsoft fógra don Choimisiún go gcomhlíonann sé na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil leis na croísheirbhísí ardáin seo a leanas: (i) a chóras oibriúcháin, Windows PC OS; (ii) a inneall cuardaigh ar líne, Bing, (iii) a bhrabhsálaí gréasáin, Edge; (iv) a sheirbhísí fógraíochta ar líne, Microsoft Advertising; (v) a NIICS, Outlook.com; agus (vi) a sheirbhís líonraithe shóisialta ar líne, LinkedIn. |
|
(7) |
Leis an bhfógra uaidh, agus de bhun Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, chuir Microsoft argóintí i láthair ina ndearna sé iarracht a léiriú nach gcomhlíonann a inneall cuardaigh ar líne Bing, a bhrabhsálaí gréasáin Edge, a sheirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft Advertising, agus a NIICS Outlook.com na ceanglais a liostaítear in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, cé go gcomhlíonann na croísheirbhísí ardáin sin na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(8) |
An 26 Iúil 2023, sheol an Coimisiún litir chuig Microsoft maidir le fógra Microsoft, inar leag sé amach a réamhthuairimí maidir leis an measúnú ar an bhfógra. |
|
(9) |
An 2 Lúnasa 2023, chuir Microsoft barúlacha i scríbhinn isteach mar fhreagairt ar litir an Choimisiúin an 26 Iúil 2023. |
3. CREAT DLÍTHIÚIL
|
(10) |
Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha leagtar síos tacar de chritéir oibiachtúla atá sainithe go cúng chun ardán mór ar líne a cháiliú mar gheatóir. Tá ainmniú le déanamh i ndáil le croísheirbhís ardáin amháin nó níos mó ná sin a sholáthraíonn an gnóthas atá ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Maidir le seirbhís arna soláthar ag gnóthas, chun a chinneadh an chroísheirbhís ardáin í a chomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ní mór an tseirbhís sin a cháiliú agus a theorannú mar réamhchéim. Maidir le croísheirbhísí ardáin a cháiliú agus a theorannú, is critéar ábhartha í an chríoch dá n–úsáideann úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó nó an dá chineál úsáideoirí an tseirbhís. |
|
(11) |
De réir Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, tá an Coimisiún le gnóthas a ainmniú mar gheatóir má chomhlíonann an gnóthas na trí cheanglas charnacha seo a leanas: (a) tá tionchar mór aige ar an margadh inmheánach; (b) soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin ar tairseach thábhachtach é le haghaidh úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh; agus (c) tá suíomh daingnithe marthanach aige ina chuid oibríochtaí nó tá sé intuartha go mbeidh suíomh den sórt sin aige go luath. Le hAirteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha leagtar síos toimhde go gcomhlíontar na ceanglais sin i gcás ina gcomhlíontar tairseacha cainníochtúla áirithe, is iad sin láimhdeachas nó caipitliú margaidh na cuideachta chomh maith le líon úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó croísheirbhís ardáin ar leith i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha. |
|
(12) |
De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, gnóthas a chomhlíonann na tairseacha uile a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, féadfaidh sé, lena fhógra, argóintí a chur i láthair chun a léiriú nach gcomhlíonann sé, go heisceachtúil, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha mar gheall ar na himthosca ina n–oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, cé go gcomhlíonann sé na tairseacha sin uile. Leis an dara fomhír d’Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún diúltú do na hargóintí a chuirtear isteach mura bhfuil bunús leordhóthanach leo toisc nach dtarraingíonn siad amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. I gcodarsnacht leis sin, má mheasann an Coimisiún go bhfuil an fhianaise a chuirtear isteach leordhóthanach chun a léiriú nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, féadfaidh sé glacadh leis an bhfrisnéis agus imscrúdú margaidh a thionscain de bhun Airteagal 17(3), nó gan an t–imscrúdú sin a thionscain. |
|
(13) |
Nuair nach gcomhlíonann gnóthas tairseacha cainníochtúla Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ach comhlíonann sé critéir Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ainmneoidh an Coimisiún an gnóthas sin mar gheatóir i ndáil leis an gcroísheirbhís ardáin shonrach de bhun Airteagal 3(8) den Ghníomh um Margaí Digiteacha tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 17 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
4. MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN
|
(14) |
Tar éis do Microsoft fógra a thabhairt agus tar éis an fhreagra ar an litir ón gCoimisiún dar dáta an 26 Iúil 2023, bunaítear leis an gCinneadh gur croísheirbhísí ardáin iad an dá sheirbhís seo a leanas ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2 den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus gur tairseach thábhachtach iad ina n–aonar d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha:
|
|
(15) |
I ndáil le Windows PC OS, suitear sa Chinneadh, i gcomhréir le haithris (14) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, nár cheart teorannú Windows PC OS mar chroísheirbhís ardáin a bheith teoranta do na tacair teagaisc ar leith x86 agus x64 arna bhforbairt ag Intel, ach gur cheart é a bheith neodrach ó thaobh próiseálaí de. Is amhlaidh atá toisc gur cosúil, leis dá leagan de Windows PC OS a bhaineann go sonrach le próiseálaí agus atá á gcur ar fáil ag Microsoft faoi láthair, go gcumasaítear úsáid agus soláthar na bhfeidhmchlár bogearraí céanna, agus go gcuirtear ar fáil na gnéithe agus na seirbhísí teicneolaíochta céanna nó gnéithe agus seirbhísí teicneolaíochta comhchosúla d’úsáideoirí deiridh agus d’úsáideoirí gnó. |
|
(16) |
Thairis sin, i gcomhréir le tuairimí Microsoft, measann an Coimisiún go n–áirítear le córas oibriúcháin na croísheirbhíse ardáin Windows PC OS an dá chóras oibriúcháin atá suiteáilte go díreach ar ríomhairí pearsanta chomh maith leis na córais oibriúcháin a chuirtear ar fáil mar réiteach DaaS. Go deimhin, is seirbhísí bogearraí néalríomhaireachta iad AVD agus Windows 365 araon lena gcumasaítear Windows PC OS a úsáid sa timpeallacht néalríomhaireachta. Dá réir sin, agus i gcomhréir le haighneacht Microsoft, Windows PC OS a chuirtear ar fáil trí réitigh AVD agus Windows 365 faoi seach, tagann sé faoin sainmhíniú ar ‘córais oibriúcháin’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(10) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(17) |
Maidir le seirbhís líonraithe shóisialta ar líne Microsoft, LinkedIn, meastar sa Chinneadh ar dtús, d’ainneoin na tuairime ó Microsoft, agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, gur seirbhís ar leith í an tseirbhís fógraíochta ar líne LinkedIn Marketing Solutions i gcomparáid leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne LinkedIn. Ar an dara dul síos, maidir le comhaireamh na n–úsáideoirí deiridh, meastar sa Chinneadh gur cheart gach úsáideoir deiridh a chuaigh i dteagmháil leis an tseirbhís, agus ní hamháin na húsáideoirí sin a bhí logáilte isteach, a chomhaireamh agus dá bhrí sin, meastar go gcomhlíonann LinkedIn an tairseach úsáideora deiridh a leagtar síos in Airteagal 3(2)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(18) |
Maidir le hinneall cuardaigh ar líne Microsoft, Bing, brabhsálaí gréasáin Microsoft, Edge, agus seirbhís fógraíochta ar líne Microsoft, Microsoft Advertising, meastar sa Chinneadh go gcomhlíonann siad, faoi seach, na sainmhínithe ar innill chuardaigh ar líne in Airteagal 2(2)(b) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ar bhrabhsálaithe gréasáin in Airteagal 2(2)(g) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, agus ar sheirbhísí fógraíochta ar líne in Airteagal 2(2)(j) den Ghníomh um Margaí Digiteacha; agus go gcomhlíonann gach ceann acu na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Mar sin féin, áitíonn Microsoft nach gcomhlíonann na croísheirbhísí ardáin sin na ceanglais in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha mar gheall ar a scála níos lú i gcomparáid le gníomhaíochtaí foriomlána a gcroísheirbhíse ardáin faoi seach agus, go háirithe, maidir leis an bpríomh-inneall cuardaigh Google Search i gcás Bing, an príomhbhrabhsálaí gréasáin Google Chrome i gcás Edge, agus seirbhísí fógraíochta ar líne eile ar nós seirbhísí fógraíochta Google agus Meta i gcás Microsoft Advertising. I gcás na dtrí chroísheirbhís ardáin sin, tagraíonn an Cinneadh do chinneadh ar leith a glacadh ar an dáta céanna leis an gCinneadh seo lenar tionscnaíodh imscrúdú margaidh ós rud é go bhfuil argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo curtha i láthair ag Microsoft ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
|
(19) |
Thairis sin, d’áitigh Microsoft gur cheart a sheirbhís fógraíochta ar líne Microsoft Advertising a theorannú mar sheirbhís ar leith, atá éagsúil leis an tseirbhís fógraíochta eile ar líne de chuid Microsoft, LinkedIn Marketing Solutions. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag Microsoft, meastar sa Chinneadh gurb ionann LinkedIn Marketing Solutions agus seirbhís fógraíochta ar líne ar leith ó thaobh tráchtála agus eagraíochta de, a fhreastalaíonn ar bhonn úsáideoirí difriúil ó Microsoft Advertising. |
|
(20) |
Maidir le NIICS Microsoft, Outlook.com, glactar le frisnéis Microsoft sa Chinneadh agus ní liostaítear í sa Chinneadh mar chroísheirbhís ardáin atá ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Is amhlaidh atá ar na cúiseanna seo a leanas: (i) tá Outlook.com cumraithe ag Microsoft agus tá sé á sholáthar aige faoi láthair ar chaighdeáin oscailte a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh teachtaireachtaí a mhalartú go héifeachtach le húsáideoirí eile Outlook.com, agus comhthacaítear leis sin a thuilleadh leis na sonraí a sholáthraíonn Microsoft (ní bhaineann ach céatadán beag de na teachtaireachtaí a mhalartaítear ar Outlook.com le cumarsáid ina mbíonn an seoltóir agus an faighteoir ina n–úsáideoirí deiridh nó ina n–úsáideoirí gnó de chuid Outlook.com); agus (ii) i gcumraíocht Outlook.com atá ann faoi láthair, níl aon smacht ag Microsoft ar oibríochtaí úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó Outlook.com, rud a chuirfeadh ar a chumas dó na húsáideoirí deiridh nó na húsáideoirí gnó sin a dhéanamh spleách ar Outlook.com chun teacht ar a chéile. |
|
(21) |
Tá na torthaí sa Chinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún tráth an Chinnidh. Má thagann aon athrú substaintiúil ar aon cheann de na fíorais ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe, nó má tá an Cinneadh seo bunaithe ar fhaisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, féadfaidh an Coimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an gCinneadh nó an Cinneadh a leasú de bhun Airteagal 4(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. |
5. CONCLÚID
|
(22) |
Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, leis an gCinneadh ainmnítear Microsoft mar gheatóir i ndáil le (i) córas oibriúcháin Microsoft, Windows PC OS; agus (ii) seirbhís líonraithe shóisialta ar líne Microsoft, LinkedIn. |
|
(23) |
Ar deireadh, sa Chinneadh glactar leis na hargóintí frisnéise a tharraing Microsoft anuas i ndáil lena NIICS, Outlook.com. |
(1) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1).
(2) Fógra an 3 Iúil 2023 arna thabhairt de bhun Airteagal 3(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/551/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)