European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/502

6.11.2023

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáíl) an 26 Iúil 2023 – A agus páirtithe eile v Ministero dell’Economia e delle Finanze agus páirtithe eile.

(Cás C-483/23, T Trust)

(C/2023/502)

Lingua processuale: l’italiano

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: A, B, C, D, T

Cosantóirí: Ministero dell’Economia e delle Finanze, Comitato di Sicurezza Finanziaria, Agenzia del Demanio

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (1) a léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhféadfar an beart reoite a ghlacadh freisin i gcás maoine nó acmhainní a chuireann an socraitheoir a ainmnítear in Iarscríbhinn I den Rialachán (duine ainmnithe nó duine liostaithe) ar iontaobhas, atá le meas mar an duine lena mbaineann an mhaoin nó na hacmhainní?

2)

[I] gcás freagra diúltach: an gcaithfear Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhféadfar an beart reoite a ghlacadh freisin i gcás maoine nó acmhainní a chuireann an socraitheoir a ainmnítear in Iarscríbhinn I den Rialachán (duine ainmnithe nó duine liostaithe) ar iontaobhas, atá le meas mar ábhar a bhaineann leis an duine lena mbaineann an mhaoin nó na hacmhainní?

3)

[I] gcás freagra diúltach: an gcaithfear Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhféadfar an beart reoite a ghlacadh freisin i gcás maoine nó acmhainní a chuireann an socraitheoir a ainmnítear in Iarscríbhinn I den Rialachán (duine ainmnithe nó duine liostaithe) ar iontaobhas, atá le meas mar an duine a rialaíonn an mhaoin nó na hacmhainní?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/502/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)