European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/495

6.11.2023

Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) arna taisceadh an 4 Iúil 2023 – Arvato Finance BV v MI

(Cás C-409/23, Arvato Finance)

(C/2023/495)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Arvato Finance BV

Cosantóir: MI

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuimsítear ús mainneachtana agus costais sheachbhreithiúnacha faoi chostais iomlána an chreidmheasa don tomhaltóir de réir bhrí Airteagal 3(g) den Treoir maidir le creidmheas le haghaidh tomhaltóirí (1) agus an gcaithfear iad a chur san áireamh sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil conarthaí creidmheasa ‘saor ó ús agus táillí eile’ nó an conradh creidmheasa é ‘nach mbaineann ach mionchostais leo’, de réir bhrí Airteagal 2(2)(f) den Treoir maidir le creidmheas le haghaidh tomhaltóirí?

2.

An ndéantar difear don fhreagra ar an gcéad cheist, má dhéantar an t-ús mainneachtana agus na costais sheachbhreithiúnacha a thabhú de réir dlí nó i gcomhréir le conradh? An ndéantar difear – i gcás a bhaineann le hús mainneachtana nó costais sheachbhreithiúnacha arna leagan síos i gconradh – má tá an t-ús agus na costais sin níos airde ná an méid atá dlite de réir dlí in éagmais an chonartha sin?


(1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/495/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)