|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/437 |
23.10.2023 |
Conclúidí ón gComhairle
maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
(C/2023/437)
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
|
1. |
CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé caighdeáin dea-rialachais chánach, lena n-áirítear i réimse an chánachais chothroim agus na trédhearcachta cánach agus chomhrac na calaoise cánach, na n-imghabhála cánach agus na seachanta cánach a chur chun cinn agus a neartú, ar leibhéal an Aontais agus ar fud an domhain araon; |
|
2. |
IS MÓR AICI obair na Meithle um an gCód Iompair agus a cuid Cathaoirleach agus iad ag rannchuidiú le comhlíonadh an tsainordaithe agus na gcuspóirí, mar a léirítear sa Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó (‘an Mheitheal um an gCód Iompair’), le 25 bliana anuas; |
|
3. |
IS MÓR AICI an comhar táirgiúil leanúnach i ndáil le cúrsaí cánach idir an Mheitheal um an gCód Iompair agus formhór na ndlínsí ar fud an domhain; |
|
4. |
IS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn atá déanta sna dlínsí ábhartha trí bhíthin na gcéimeanna gníomhacha a tugadh faoi na spriocdhátaí a comhaontaíodh agus na gealltanais nua a tugadh le go réiteofar na heasnaimh a shainaithin an Mheitheal um an gCód Iompair; |
|
5. |
IS OTH LÉI go ndearna an Fóram Domhanda roinnt dlínsí a íosghrádú i ndáil lena rátáil ar mhalartú faisnéise arna iarraidh sin, nó nach raibh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh; |
|
6. |
IS OTH LÉI go bhfuil roinnt dlínsí fós nach gcomhoibríonn chun críoch cánach agus gur theip ar roinnt dlínsí a ngealltanais i leith na Meithle um an gCód Iompair a chomhlíonadh maidir le ceanglais maidir le substaintí eacnamaíocha faoi chritéar 2.2 nó maidir leis an athchóiriú ar chórais chánach dhíobhálacha faoi chritéar 2.1; IARRANN SÍ ar na dlínsí sin oibriú leis an Meitheal um an gCód Iompair chun na saincheisteanna atá fós ann a réiteach; |
|
7. |
IS OTH LÉI nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an Tuirc le Ballstát amháin maidir le huathmhalartú faisnéise éifeachtach; IARRANN SÍ AN ATHUAIR ar an Tuirc tús a chur leis na caidrimh maidir le huathmhalartú faisnéise le Ballstát amháin atá fós gan réiteach agus na ceanglais a leagtar amach sna conclúidí ó Chomhairle Ecofin an 22 Feabhra 2021, an 5 Deireadh Fómhair 2021, an 24 Feabhra 2022, an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus an 14 Feabhra 2023 a chomhlíonadh ina n-iomláine; ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur coinníoll é uathmhalartú éifeachtach faisnéise leis na Ballstáit uile chun go mbeidh critéar 1.1 de liosta an Aontais á chomhlíonadh ag an Tuirc; IARRANN SÍ ar an Meitheal an Chomhairle a chur ar an eolas maidir lena bhfuil ag titim amach i ndáil leis sin agus leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach i gcás nach bhfuil aon dul chun cinn déanta; |
|
8. |
FORMHEASANN SÍ an Tuarascáil ón Meitheal um an gCód Iompair a leagtar amach in 13650/23; |
|
9. |
FORMHEASANN SÍ dá réir sin liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach (‘liosta an Aontais’) a leagtar amach in Iarscríbhinn I; |
|
10. |
FORMHUINÍONN SÍ staid na himeartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun caighdeáin dea-rialachais chánach a chur chun feidhme. |
IARSCRÍBHINN I
Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
1. Samó Mheiriceá
Ní chuireann Samó Mheiriceá aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil siad ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, níl gealltanas tugtha aige na híoschaighdeáin maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (íoschaighdeáin BEPS) a chur i bhfeidhm ná níl gealltanas tugtha aige go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.
2. Angaíle
Níl rátáil ‘mórchomhlíontach’ ar a laghad ag Angaíle ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin. Éascaíonn Angaíle struchtúir agus socruithe amach ón gcósta chomh maith atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch ós rud é nach ndéanann sé gach gníomhaíocht is gá chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas maidir le substaintí faoi chritéar 2.2 a áirithiú.
3. Antigua agus Barbúda
Níl rátáil ‘mórchomhlíontach’ ar a laghad ag Antigua agus Barbúda ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin.
4. Na Bahámaí
Éascaíonn na Bahámaí struchtúir agus socruithe amach ón gcósta atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch ós rud é nach ndéanann siad gach gníomhaíocht is gá chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas maidir le substaintí faoi chritéar 2.2 a áirithiú.
5. An Bheilís
Níl rátáil ‘mórchomhlíontach’ ar a laghad ag an mBeilís ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin.
Thug an Bheilís gealltanas chomh maith aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Fhóraim Dhomhanda maidir le huathmhalartú faisnéise in am trátha, chun go mbainfear amach an rátáil ‘i bhfeidhm, ach feabhas ag teastáil’ ar a laghad maidir le príomhcheanglais 1 agus 2 i dtuarascáil athbhreithnithe piaraí an Fhóraim Dhomhanda i bhfómhar 2024.
6. Fidsí
Ní comhalta í Fidsí den Fhóram Domhanda, níor shínigh sí ná níor dhaingnigh sí an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha aici (cuideachtaí onnmhairiúcháin, dreasacht na dteicneolaíochtaí cumarsáide ioncaim, ráta lamháltais cánach do cheanncheathrú réigiúnach nó domhanda), níl sí ina comhalta den Chreat Cuimsitheach ná níor chuir sí íoschaighdeáin BEPS i bhfeidhm agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill aici.
7. Guam
Ní chuireann Guam aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil sé ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, níl gealltanas tugtha aige íoschaighdeáin BEPS a chur i bhfeidhm ná níl gealltanas tugtha aige go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.
8. Oileáin Palau
Ní chuireann Oileáin Palau aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill acu.
9. Panama
Níl rátáil ‘mórchomhlíontach’ ar a laghad ag Panama ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin, tá córas díolúine díobhálach maidir le hioncaim ó fhoinsí eachtracha aige, agus níl na saincheisteanna sin réitithe go fóill aige.
10. Cónaidhm na Rúise
Tá córas cánach fabhrach díobhálach ag Cónaidhm na Rúise (cuideachtaí sealbhaíochta idirnáisiúnta) agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aici.
11. Samó
Tá córas cánach fabhrach díobhálach ag Samó (gnó amach ón gcósta) agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.
12. Na Séiséil
Níl rátáil ‘mórchomhlíontach’ ar a laghad ag na Séiséil ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin.
13. Oileán na Tríonóide agus Tobága
Níl rátáil ‘mór-chomhlíontach’ ar a laghad ag Oileán na Tríonóide agus Tobága ón bhFóram Domhanda i ndáil le faisnéis a mhalartú arna iarraidh sin, níor shínigh sé ná níor dhaingnigh sé Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha aige (criosanna saorthrádála), ní chuireann sé íoschaighdeán BEPS maidir le tuairisciú de réir tíre chun feidhme agus níl na saincheisteanna sin réitithe aige go fóill.
Tá gealltanas tugtha ag Oileán na Tríonóide agus Tobága freisin aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Fhóraim Dhomhanda maidir le huathmalartú faisnéise (critéar 1.1) in am trátha, chun go mbainfear amach rátáil ‘i bhfeidhm, ach feabhas ag teastáil’, ar a laghad, i gcás phríomhcheanglais 1 agus 2 i dtuarascáil athbhreithnithe piaraí an Fhóraim Dhomhanda i bhfómhar 2024.
14. Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos
Éascaíonn Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos struchtúir agus socruithe amach ón gcósta atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch ós rud é nach ndéanann siad gach gníomhaíocht is gá chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas maidir le substaintí faoi chritéar 2.2 a áirithiú.
15. Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe
Ní chuireann Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe aon uathmhalartú faisnéise airgeadais i bhfeidhm, níor shínigh siad ná níor dhaingnigh siad, lena n-áirítear tríd an dlínse a bhfuil siad ag brath uirthi, an Coinbhinsiún Iltaobhach ECFE maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach arna leasú, tá córais chánach fhabhracha dhíobhálacha acu (clár forbartha eacnamaíche, cuideachtaí díolmhaithe, gníomh rialála ionaid baincéireachta idirnáisiúnta), níl gealltanas tugtha acu íoschaighdeáin BEPS a chur i bhfeidhm ná níl gealltanas tugtha acu go dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin.
16. Vanuatú
Éascaíonn Vanuatú struchtúir agus socruithe amach ón gcósta atá dírithe ar bhrabúis a mhealladh gan fíorshubstaint eacnamaíoch, agus níl an tsaincheist sin réitithe go fóill aige.
Tá Vanuatú ag fanacht le hathbhreithniú forlíontach ón bhFóram Domhanda i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin.
IARSCRÍBHINN II
Staid na himeartha maidir leis an gcomhar leis an Aontas i ndáil le gealltanais a thug dlínsí comhoibríocha chun prionsabail an dea-rialachais cánach a chur chun feidhme
1. Trédhearcacht
1.1 Uathmhalartú faisnéise
Meastar go ndéanfaidh an dlínse seo a leanas faisnéis a mhalartú go héifeachtach leis na 27 mBallstát uile de réir na hamlíne dá dtagraítear i mír 6 de na Conclúidí ón gComhairle an 22 Feabhra 2021, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 24 Feabhra 2022, mír 4 de na Conclúidí ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus mír 7 de na Conclúidí ón gComhairle an 14 Feabhra 2023:
|
|
An Tuirc |
Thug na dlínsí seo a leanas gealltanas aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Fhóraim Dhomhanda maidir le huathmhalartú faisnéise in am trátha, chun go mbainfear amach an rátáil ‘i bhfeidhm, ach feabhas ag teastáil’ ar a laghad maidir le príomhcheanglais 1 agus 2 i dtuarascáil athbhreithnithe piaraí an Fhóraim Dhomhanda i bhfómhar 2024:
|
|
Arúba, Cósta Ríce, Cúrasó agus Iosrael |
1.2 Comhaltas san Fhóram Domhanda agus rátáil shásúil i ndáil le malartú faisnéise arna iarraidh sin
Tá na dlínsí seo a leanas ag fanacht ar athbhreithniú forlíontach ón bhFóram Domhanda:
|
|
An Bhotsuáin, Ógh-Oileáin na Breataine agus Doiminice |
2. Cánachas Cothrom
2.1 Córais chánach dhíobhálacha atá ann
Maidir leis na dlínsí seo a leanas, a thug gealltanas a gcórais díolúine dhíobhálacha maidir le hioncaim ó fhoinsí eachtracha a leasú nó a dhíothú faoi dheireadh 2022, agus a léirigh go ndearnadh dul chun cinn nithiúil leis na hathchóirithe sin in 2022, tugadh cead dóibh, go dtí deireadh 2023, a reachtaíocht maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le gnóthachain chaipitiúla a oiriúnú:
|
|
Hong Cong agus an Mhalaeisia |
Thug na dlínsí seo a leanas gealltanas a gcórais chánach fhabhracha dhíobhálacha a leasú nó a dhíothú faoi raon feidhme an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha faoin 31 Nollaig 2023:
|
|
An Albáin (dreasachtaí tionsclaíocha), an Airméin (limistéir eacnamaíocha saor in aisce agus tionscadail teicneolaíochta faisnéise) agus Eswatini (crios eacnamaíoch speisialta) |
3. Creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a chosc
3.2 Cur chur chun feidhme íoschaighdeán CbCR (Gníomhaíocht 13 an Chreata Chuimsithigh um BEPS)
Thug an dlínse seo a leanas gealltanas íoschaighdeán CbCR a chur chun feidhme agus caidreamh malartaithe CbCR le Ballstáit uile an Aontais a ghníomhachtú de réir an spriocdháta a comhaontaíodh (faoin 31 Lúnasa 2024):
|
|
An Vítneam |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/437/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)