|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/430 |
20.10.2023 |
FÓGRA FAOI IONSTRAIM NA GINÉIVE DE CHOMHAONTÚ LIOSPÓIN
Foilsiú na hiontrála ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ sa Chlár Idirnáisiúnta um Shonrúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1753
(C/2023/430)
An 27 Meán Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin (1), thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) fógra don Aontas Eorpach faoin iontráil seo a leanas sa Chlár Idirnáisiúnta:
|
|
Ainm: ‘زيت زيتون تبرسق / Huile d’Olive Téboursouk’ |
|
|
An cineál táirge: Ola olóige |
|
|
Tír thionscnaimh: An Túinéis |
Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chosaint an ainm laistigh de chríoch an Aontais, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1753ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ar na forais a leagtar amach ann. Féadfar cur i gcoinne a thaisceadh leis an gCoimisiún, laistigh de 4 mhí féilire ón lá atá inniu ann, ag:
|
|
AGRI-GEOGRAPHICAL-INDICATIONS@ec.europa.eu |
Féadfar féachaint ar an bhfógra sa Chlár Idirnáisiúnta atá ag EDMI ag an nasc seo a leanas:
|
|
Lisbon Express (wipo.int) |
(1) Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, IO L 271 an 24.10.2019, lch. 15
(2) Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, IO L 271 an 24.10. 2019, lch. 1
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/430/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)